Eoghan O Comhraidhe ó Dhún Atha cct. do Phádraig
O Néill, píobaire, ar mbriseadh a choise dhó i Luimneach,
um Nodlaigh 'san mbliadhain 1821.
1.
Go mbeannuighidh Críosd gan dearmad,
A Phádraig chneasda Ui Néill, duit;
Is aithreach linn go dearbhtha
Mar táir go lag fá phéin-bhruid.
Do bhláth-chos bhríoghmhar bharramhail
I mbeárnaibh treas ba léimneach
Bheith tláthach tinn gan tapa agad
'N-a chnámhthairt chlaimh go créimtheach.
2.
Crádh mo chroidhe fad mhairsead-sa
Mo ráib ghlan ghasda ghléigeal
Nár staon i gcoimheasgar catha cnuic
Ná i n-ár na bhflath ba thréine.
Ba fáilteach fíontach freasdalach
I dtábhairne, i dteach, 's i dtaosgadh,
Ní ghráidhfeadh choidhche an chreachaireacht,
Le stráic ná spreas ní léigfeadh.
3.
Is crádh go fíor i mBanba
Go bráth thú ar easbaidh réime;
Is cásmhar tríd gach ainnear gheal
Ó'n gClár go teach Cinn Léime,
Cia tá le píb do spreagadh dhóibh
Nó cláirseach cheart na dtéada?
Cia tráchtfas rinnce fada leó
Nó waltz go maiseach maordha.
4.
Ní fuláir nó is saighead do caitheadh leat
As áitreabh malluighthe éigin,
As lán-chnoc Fírinn' feargach,
Nó as árd-chnoc leabhair Gréine,
Ó Áine bhiodhgaigh bheartamhail,
Nó ó Ghráinne chleasaigh chréachdaigh,
Ós lár cnuic Dhruim an asail sin,
Nó ó bhán-bhrog bheag na féile.
5.
Gheabhair cáirdeas caoin is caradas
Gach seabhaic shultmhair shéanmhair,
Ó táir go fíor i n-ana-bhruid
'S do bhacard briste créimtheach;
Tá coileán gnaoi-ghlan geanamhail
Cois fairrge Malbae amuigh,
Is mo lámh dheas faoi, go gceapfaidh dhuit-se
Bata croise léir-mhaith.
6.
Má tá nach cuibhidh dhuit taiseal leis,
Go dearbhtha gheabhair péire,
Is lán-chos chruinn gan dearmad,
Is maide cuilinn craobh-ghlas,
Bíodh cána roighin de'n dair agad
Id' leabhair-ghlaic go gléasta;
'S gach cnápach críon nach cara leat,
Cuir t'aitheantas i gcéill dó.
7.
Ní fuláir duit bríste leathair d'fhagháil,
Is hata beannach béabhair,
Bláth-wig cíortha ceartuighthe
Go grathach cluthar caomh-ghlan;
Bíodh sár-bhosga aoibhinn airgid
I n'aice agad go séadmhar,
'S é lán de'n tsnaoisín fhaisionta
Thaisdealas tar Théitis.
8.
'N-a ndáil seo sgaoilim feasda leat
Wallet leabhair léir-ghlan,
Mála cruinn is satchel leat
Go fada fairsing taobh-gheal.
Mála an toill go dearbhtha
'S an preabaire caithréimeach,
Is mála binn na hasgaille
Ná dearmaid ar aon chor.
9.
Bíodh an mála beag, 's an reachdaire
'S an pocaide mar aon leo,
An mála mór, 's an balcaire,
An gasaire 's recéiver;
Mála an treill, 's an famaire,
'S an mangaire gan séanadh,
Go bláthmhar córach beartuighthe,
Go ceartuighthe led' thaobh-sa.
10.
Ag súd fám' láimh go dearbh dhuit,
Gan eagla roimh aon-ne',
Ughdearthás is ceannas ceart
Fá bhrathachaibh na héigse,
Chum siubhail go rábhach rathamhail
Tré chathair-phuirt na hÉireann,
Re súil do shláinte d'aiseag ort
'S cead beathadh is costais d'éileamh.
11.
Sin saor gach cóigeadh i bhfearann Luirc
Le taisdeal duit gan léanadh,
Is glaodhuigh go ciúin tais ceanamhail
Ar ghasraidh na féile;
Réidhfid siúd gach ceasnadh-bhruid
'S gach anachain d'ár chéas tú;
'S an té nach umhal chum freasdail ort,
Led' bhata croise pléasg é.
12.
Déan ar dtús go ceannasach
Ar Mh'Leachlainn chailce chéillidhe,
An cléireach cumhra carthanach
Tá i n-aice faithche Maighfhearta.
Is léir dó súd gach taisdealach
Ded' shamhail-se do shásamh,
Is mar dhéirc do gheabhair sovereigns
Is beatha shultmhar ráithe.
13.
Mar aon leis siúd go dearbhtha
Gheabhair fallaing chluthar shásda
De'n bhréid is dlúithe cneas d'ár fhigh
Mac preabaire an tsotháin thiar,
Is ní léigfidh tú chum taisdil uaidh,
An sagart fuinte fáilteach,
Gan saor-phas siubhail do thabhairt duit
Ar mheamram go bláthmhar.
14.
Léig do ghlún gan dearmad
Go talamh fút re buidheachas,
Is déan ar siubhal go barramhail
Cois garbh-chiumhaise Bhréachmhuighe;
Do théachd annsúd budh tairbheach,
Is taisdeal as go héasgaidh
Fá dhéin fir úir 'san bhaile fada
Fairsing sin Cill Fhéarach.
15.
Mo léan! 's annsúd do casfar leat
Na flatha fleadhach' fáilteach'
Nár aontuigh cumhangrach creachartha
Ná seasgaireacht na gcnápach;
Táid féiltach fiúntach freasdalach
Le tearmainn gach fánaigh;
Is leó caomhnadh clú agus caradas
na hEagailse is na ndámha.
16.
Ní spás leo súd do shamhail-se
'N-a n-aice istigh do ghnáthadh;
Is beir séanmhar súgadh searcamhail
Ag spreagadh port is dánta.
Beidh éadan buird ag cnagarnaigh
Fá leathan-torc id' láthair,
Is daor-phunch úr d'á sgaipeadh agad
Mar ghaise ag rith le fánaidh.
17.
D'éis caogad dlúith de sheachtmhainibh
Do chaitheadh aca fá léir-chion,
Déan ar siubhal do'n charn soir
Go barramhail treas-éadtrom;
Glaodhuigh gan smúit ar Pharthalón
Glac-gharbh Ó Cinnéididh,
Is muna dtéifidh siúd do leathracha
Le beath-uisge, bíom céasta.
18.
Atá fao'r-fhlaith fiúntach fearamhail
'San mbaile sin gan éalaing -
Géag-ghlan cumhra cabharthach,
Is seabhac suilt do'n éigse.
Gheabhair bhéarsa dlúth is caibidil
Fá thearmainn na mbéithe
Óm' ghlé-ghas, Ciumhsóg cathamhail,
'S is feara sin ná stéid-each.
19.
Atá céad fear ionnraic acfuinneach
Ded' charaid i gCill Chaoi istigh
Do bhéara cungnamh is cabhair dhuit
Fád' ghalar caithte claoidhte.
Léigh ar siubhal go barramhail,
Is ná stadtar leat de'n sgríb sin
Go dtéidhir ar lúth go leabhar-thigh
An tsagairt ghil Choimínigh.
20.
Do théachd annsúd go dearbhtha
Ní haithreach leat-sa choidhche,
Mar tá féile fiúntaighe is fearamhlachd
Is fairsinge 'san taoiseach.
Gheabhair éadach clúid is airgead
Is freasdal suilt gan chuimse,
Is géag ghlan úr de'n leathan-mhart
Chum smeara 'chur id' chaoil-speir.
21.
Sléachd go múinte maiseamhail
Do'n tsagart chliste chórach,
Is déan ar siubhal 'san mbealach soir
Do'n fhairrge gach comhgar.
Beidh caomh-chruit chiúil ag spreagaireacht
Le carabhas is cóisir
Go féasdach fiúntach freasdalac
Fád' thearmainn ag Joseph.
22.
Sin réidh an Mhumha fád' dhearbh-smachd,
Is gaibh-se tarsna tríthi
Ag éileamh clúid is caradais
Is ag glacaireacht do chíosa,
Bí séimh-ghlan súgach searcamhail
Le feara-choin na críche,
Acht séan fa chúig na fleasgacha
Is gach feannaire bocht cinnte.
23.
Ná taobhuigh sprionnlach spaice ar bith
Ná srathaire glac-mhaoidhteach;
Ná féach go ciúin ar bhrasaire
Ná ar ghrabaire dheas-chainteach;
Ná héisd le brútach beachduighthe
Ná le hairgtheach spad-bhruighneach,
Acht pléasg go dlúth 'san mbathas iad
Má thairgid bheith nimhneach.
24.
Aontuigh cóir is caradas
Na hEagailse is na saoithe;
Is gach n-aon thug miúl nó asal duit
Nó colpach nó caora,
Gabh buidheachas búdhach is beannachd air
I n-ainm neartmhar Íosa,
Is ná héiligh plúr ná garbh-mhin
Ná airgead ná im air.
(Ní críoch).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11