Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Proverbs - Ulster.

Title
Proverbs - Ulster.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Magfhionnlaoigh, Conall
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

PROVERBS — ULSTER



From Conall Mag Fhionnlaoigh, Glashy-
devitt, Commeen, Cloghan, Co. Donegal.



1. An treas lá de ghaoith adtuaidh
Bealach mór isteach go huaidh.



2. Ní measa creach i dtír 'ná maidin
chiuin Fhaoilleach.



3. Tuitim an charlomáin ar an tráthnóna
foghmhar.



4. Tuagh cheatha Dia Sathairn, ag cur go
Satharn arís.



5. Tuagh cheatha ar maidin, cith tráthnóna.



6. Is fearr suidhe ar an sgáth 'ná suidhe
ar an chlár fholamh.



7. Is daingean madadh ar a charn aoiligh
féin.



8. Cam díreach anród, is é an bealach
mór an aithghiorra.



9. Dréim le cúitiughadh mhilleas an
cearrbhach.



10. Fáinne fá'n mhéir, agus gan snáithe fá'n
tóin.



11. An chuid is fearr de'n dligheadh, bheith
seuntach.



12. Dhá dtrian gaoithe le crannaibh,
Dhá dtrian gréine le beannaibh,
Dhá dtrian síne le sléibhtibh.



13. Greim ar iarball easgainne.



14. Gach aon mar oiltear, agus an fhuiseóg
'san mhóinidh.



15. An áit i mbíonn spréidh, bíonn
tubaiste.



16. An tslighe cham chum an chaisleáin.



17. Aithghiorra an amadáin go Baile Átha
Cliath.



18. Ní bhfuair ceó sean-ghealaighe riamh
bás de'n tart.



19. Ní thig olc do'n tír, nach feirrde fear
éigin.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services