Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Baoigheallach Beadaide.

Title
An Baoigheallach Beadaide.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó Baoighill, Conn
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An Baoigheallach Beadaide.



I. Bhí ann, i bhfad ó shoin, i mBéal na
Cruite, i dtuaisceart na Ros i gConndae
Dhúin na nGall, sean-bhean de na Baoi-


L. 12


gheallaigh', agus gan aici acht aon mhac amháin,
a bhí 'n-a ghaisgeadhach láidir, agus bhí grádh mór
aici air.



2. Bhí bruidhean comhgarach d'á n-áit chomh-
nuidhe, agus oidhche amháin Shamhna, bhí an fear
óg amuigh ag cuideachta, mar is é sin gnás
na tíre; tháinig sé le taobh na bruidhne, agus
casadh fear de'n druing bhig amuigh roimhe.



3. “Maiseadh,” ar sé, “caithfidh tú dul
síar go Connachta linn anocht, le cailín óg
dóigheamhail atá le pósadh ar thighearna
talaimh i mbárach do thabhairt go Béal na
Cruite.”



4. Chuir so iongantas mór ar an Bhaoi-
gheallach óg, acht ní raibh dul uadh aige.
Ars' eisean. “Tá an siubhal fada agus an
bealach antráchtach, agus ní maith liom mo
mháthair bhocht do bheith léithi féin leitheid na
hoidhche anocht.”



5. Ars' iadsan, “Ní bhéidh an t-arán, atá
leis an teinidh d'á chruadhughadh ag do
mháthair, réidh go rabhmuid ar ais.”



6. Do ghluais siad leo go lúthgháireach go
huile, acht an Baoigheallach óg ag smuai-
neadh ar a shean-mháthair go brónach léithi
féin i mBéal na Cruite. I n-aimsir ghirr,
bhí iad i n-áit chomhnuidhe an chailín óig.



7. Bhí siad i ndáil óil agus aoibhnis, agus
campal mór daoine ann. Bhí eagla orra
d'ionnsaighe isteach, acht d'oibrigh siad a
gcuid draoidheachta go tréan. So mar bhí:
bhí sguab leó déanta de fhraoch Sliabh na
Ros. Chaith siad ar an chailín óg é, agus níor
luaithe bhí so déanta 'na thuit sí 'n-a cnap
'n-a codladh. An mhuintir eile go lúth-
gháireach ag ól agus ag damhsa do phort a bhí
sean-phíobaire 'bhualadh suas go haigeanta.



8. Thóg siad an cailín óg leó, go raibh
siad comhgarach do Bhéal na Cruite. Ann-
sin mheas an Baoigheallach óg go raibh an
t-am aige-sean le hí chur tamall ar a
chúlaibh. Thoiligh an chuideachta dhó so. Nuair
bhí siad fá ghiobhta d'á áit chomhnuidhe, meas
an Baoigheallach go dtais'eanfadh sé a chuid
gaisgeadhacht' dóibhthe (dóibh), agus léim sé síos
agus an óg-bhean leis. Níor thúisge rinne sé
so 'ná ghearr sé an chroch chéasta ar an
talamh i n-a raibh siad 'n-a seasamh. Chuir
so fearg mhór ar an tsluagh sídhe, agus d'oibhrigh
siad a gcuid geasróga go héifeachtach, agus
thug tamall troda do'n Bhaoigheallach. Ba
mhaith a mhaise dhó-san. Thug sé comhrac
láidir do'n druing bhig, agus choinnigh an óg-
bhean. Rinne siad easgoin nimhe dithi (di);
acht sin agus uile, ní bhfuair siad buaidh air.
Annsin rinne siad bodhar balbh í, agus ar
imtheacht, ar siad:



9. “A Bhaoigheallaigh bheadaidhe, díolfaidh
tú go daor ar son na hoibre so le ham!”



10. Bhí iongantas mór ar a mháthair
nuair tháinic, is óg-bhean leis ins an chosamh-
lacht i n-a raibh sí so. D'innis sé a sgéal
ó thús go deireadh, agus go deimhin, deimhin, bhí
brón mór ar an tsean-bhean (-mhnaoi); acht
thug siad modh agus urraim do'n chailín go
bliadhain an t-am sin.



11. Oidhche Shamhna tar a éis so, bhí sé ag
siubhal comhgarach do'n bhruidhin, agus chuala sé
fear aca d'á rádh: “Dá mbéadh deoch as an
chorn so ag an chailin óg Chonnachtach, do
bhéadh sí chomh slán folláin deagh-chroicneach
agus bhí sí riamh.”



12. Ghlac an Baoigheallach uchdach, léim
isteach, sgiob an corn leis, thug na bhaile
é. D'ibh an cailin óg deoch as, agus bhí sí
slán folláin.



13. I n-aimsir ghirr, thug sé leis í go
Connachtaibh, go tigh a muinntire. Bhí lúth-
gháir iongantach rómpa, agus thug siad í mar
mhnaoi do'n Bhaoigheallach óg. Pósadh iad
agus rinneadh banais seacht n-oidhche. Thearainn
siad go Béal na Cruite. Rinne comhnuidhe
ann. Thóg teaghlach mór mac agus thug fogh-
luim dhóibh; go ndearna siad fear dlighidh
d'fhear aca, fear leighis d'fhear eile, oide
sgoile d'fhear eile, captaoin luinge d'
fhear eile, agus fear talaimh d'fhear eile, go
bhfuil a dtreabh so ann go dtí an lá indiu.



Conn Ó Baoighill.


L. 13


NOTES.



This story is sent from Iniskeragh Island, Arranmore,
Co. Donegal, by Mr. Cornelius Boyle, teacher, through
Rev. James J. Brennan, C.C., Arranmore. Mr. Boyle
has been stimulated by Dr. Hyde's lecture on Folk-lore
to set about collecting the folk-lore of the locality. We
urge all our readers never to lose an opportunity of com-
mitting to paper whatever folk-lore they may be able to
collect, even if there is no immediate prospect of having
it printed. We use the word folk-lore in its widest sense,
including not only wonder-tales, but verses, religious or
profane, proverbs, riddles, children's rhymes, charms, &c.,
also stories with reference to places or persons or note, or
the traditional versions of historical events — in fact all
manner of popular tradition.



Baoigheallach, a person of the surname O Baoighill,
O'Boyle in English. The name is also given to a district
in Co. Donegal, called the barony of Boylagh in English.
O Baoighill was in former times chief of a territory called
the Three Tuatha. Beadaidhe, conceited.



1. Ann, pronounced ionn in Tír Chonaill, and often
written inn in older Irish. Béal na Cruite, English, “Bel
cruit.” Na Rosa, the Rosses, or wooded promontories,
the part of the mainland adjoining Arranmore Island ad
separated from the rest of the barrony of Boylagh By Gaoth
Barra, the Gweebarra river.



2. An drong bheag, the “the little folk,” the fairies, an
sluagh sidhe.



3. Dóigheamhail, handsome.



4. Note Ulster aspiration instead of eclipsis after prep.
and article. Uadh or uadha, also uaidh or uaidhe, from him
or it. Ní raibh dul uadh aighe, he had no escape from.
Antráthach, hard to travel(?), from trácht, act of
travelling.



5. Go rabhmuid, subjunctive for future, usual after go,
“till we be.”



7. Dáil óil agus aoibhnis, a meeting of drinking and
merry-making. Dáil, a meeting in preparation foe a
wedding. Campal, a company. Cnap, a knob or lump.
Aigeanta, spirited, from aigneadh. It sometimes means
pensive. “Ba mhinic leis bheith aigeanta, 's níor mhinic
leis bheith ráidhteach.”



8. Ar a chúlaibh, behind him on horseback. Giobhta,
in other places giota, a piece, a bit. Fá g. d'a áite ch.,
within a short distance of his dwelling-place. Tais'ean
also said in parts of Munster, for taisbean, show.
Ghearr sé an ch. ch., he mad the sign of the Cross, lit.,
cut the Cros of Passion. Geasróg, a spell. Eifeachtach,
effective, powerful. Ba mhaith a mhaise dhó, he was equal
to the occasion, lit., good was its handsomeness for him,
he did it handsomely. Choinnigh, book-Irish chongaibh,
Kept. Easgoin nimhe, usually nathair nimhe, a (poisonous)
serpent. Acht sin agus uile, nevertheless.



10. Modh, honour; urraim, respect.



12. Uchdach, courage. Ibh = Ól, drink.



13. Thearnainn, came away, tearnaim, I get off,
escape, etc. Teaghlach (pr. teaghlach), household, family.
Go ndearna, go bhfuil; this “go,” describing the
sequence of events, is characteristic of Irish narrative prose.
A dtreabh, their prosperity, lit., their tribe.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services