Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rannaigheachd.

Title
Rannaigheachd.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

RANNAIGHEACHD



Tharla idir an Athair Pádraig Ua hIarfhlatha
ó Bhaile Mhúirne agus Eoghan an Mhéirín Mac
Cárthaigh ó Chiarraighe, do casad ar a chéile
Lá i Maghchromdha:



An tAthair Pádraig.



A ghéag de'n Charthach-fhuil cheannais ba
chabharta i ngníomh,
Céad "dé bheatha" go baile Maghchromdha
linn!



Mo léan ná mairid na flatha bhíodh thall
sa' tír
Do dhéanfadh carabhas againn, gan do-
fhulaing, mí.



Eoghan an Mhéirín.



A shéimh-fhir chailce de'n aicme nár chrom a
gcinn,
Ba léigheannta lannmhar, 's ba dheachduighthe
i bhfoghlaim ghrinn,
An t-éag ní heagal go dtagad go trom i
n-aois,
An péarla ó dhearcas i bpearsain mo
chrobhaire ghroidhe.



Ba mhinic a shamhail súd de rannaigheacd
d'á déanamh ag daoinibh ag freagairt a chéile,
ní sa' tsean-aimsir acht le linn na sean-
daoine atá beó 'n-ár measg indiu. Tharla
seanfhear agus fear óg i bhfochair a chéile lá i
n-áit éigin i dTír Chonaill. Thug an fear
óg masladh ar an sean-fhear fá shean-éadach
caithte do bheith uime, agus d'fhreagair an sean-
duine tré rannaigheachd é mar leanas:



Fuirigh go fóill, 's na labhair go hain-
bhéasach,
Má 's duit is chóir bheith ag ól go
haibhéarach;
A bhuinneáin óig de phór na (mban?)
méirdreach,
Ná buin go fóill lem' shórt sa' tsean-
éadach.
Ní móide gur bhain a thuilleadh.



Pádraig Ua Cruadhlaoigh de mhuintir
Chonnartha na Gaedhilge i Maghchromdha agus
Seaghán Mac a' Bháird ins na Ceallaibh
Beaga, is uatha fuaramar na ranna thuas.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services