Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Fhinn Mhic Cumhaill. Le Seachrán na Sál gCam. III.

Title
Eachtra Fhinn Mhic Cumhaill. Le Seachrán na Sál gCam. III.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O Cadhla, Seaghán
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA FHINN MHIC CUMHAILL
Le Seachrán na Sál gCam. — III.



(Ar n-a chur i sgríbhinn ag Seaghán O Cadhla).



18. D'imthigh sí agus fuair srian agus tháinig
amach ag doras an stábla agus do chroith í.
Tháinig chuici amach each caol donn, agus do
sháith a cheann isteach sa' tsrian. Do
ghlaoidh sí ar Fhionn, agus dubhairt sí leis,
“teacht i n-áirde air seo; go mbeurfadh
ar an ngaoith bheidheadh roimhe, agus nach mbeur-
fadh an ghaoth bheidheadh 'na dhiaidh air; agus go
dtaisbeánfadh sé dho cá bhfaigheadh an
leigheas.” Thug sí trí buidéil do, agus
dubhairt sí leis, “trí buidéil de'n uisge
bheathadh do thabhairt leis, do bhí i n-a leithéid
sin de thobar; agus go raibh gárda saigdiúirí
mór-thimcheall d'á fhaire, agus go raibh trí
trumpáin i mbarr an chrainn os a chionn
i n-áirde; agus go gcaithfeadh sé a chapall do
cheangal míle amach o'n tobar, agus dul de
léim ghlain isteach de dhruim na saighdiúirí;
go mbeidís 'na g-codladh, agus gan iad do
dhúiseacht. A trí buidéil a sháthadh sa'
tobar, agus teacht de léim ghlain amach i
ndruim a chapaill arís. Dá mbeidheadh sé


L. 183


de mhío-fhortún air iad do dhúiseacht, nach
bhfillfeadh sé 'na bheathaidh go bráth.” “Is
cuma liom,” arsa Fionn, “caidé an chríoch
do bheurfaidh mé; raghaidh mé d'á iarraidh,
a rogha agam bheith marbh nó beo.”



19. D'imthigh sé agus do cheangail a chapall
mar dubhradh leis, agus do chuaidh de léim de
dhruim na saighdiúirí go dtí an tobar. Do
sháith a thrí buidéil sa' tobar, agus do thóg léim
os a gcionn amach. Ar linn dul' d'á
ndruim do, do dhúisigh na trumpáin do bhí i
mbarr an chrainn. Do liúghadar agus do
bhéiceadar agus do dhúisigheadar na saighdiúirí.
Do bhí an codladh 'na súilibh, agus ní fhacadar
aon neach, chum go raibh am ag Fionn a
bheith druidthe uatha. Nuair do chonncadar
é, do lámhaigheadar 'na dhiaidh, agus níor aimsigh
aon aca é. Tháinig sé agus na trí buidéil
aige. “An dtugais leat iad?” arsa bean
Sheachráin. “Thugas,” arsa Fionn. “Níor
thugais,” ar sise, “mar nach raibh sé d'uain
agat.” “Seadh,” arsa Fionn, “ní bheidheam
d'á áiteamh ar a chéile, acht bain blaiseadh
as, agus má bhí maith riamh ann, tá sé anois
ann.” Tháinig sí agus do shín sí le chéile gach
aon chnámh leis, ina ionad féin. Fuair sí
buideul, agus do luigh ar é chuimilt. Fuair
sí an dara buideul. Sul a raibh a leath
caithte aici, dubhairt sí le Fionn go raibh
an leigheas ceart aige, agus gur ghaisgidheach
gach aon órlach de. Fuair an tríomhadh
buideul, agus isan am go raibh sé críochnuighthe
aici, do phreab Seachrán 'na sheasamh chomh
slán, chomh folláin, agus do bhí sé aon lá riamh
d'á shaoghal. D'árduigh sé leis Fionn agus an
Fhiann, agus thug banais seacht lá agus seacht
n-oidhche dhóibh. I gcionn an tseachtmhadh
láe, dubhairt Fionn gur mithid dóibh féin
bheith ag triall ar a mbaile, agus d'fhágadar
slán agus beannacht ag Seachrán, agus do ghluais-
eadar a bhaile.



20. Bhíodar ag siubhal cois na trágha, agus
do bhuail umpa bodaichín 'ga raibh culaidh
ghearr ghlas bhréide air, agus do bheannuigh
dhóibh, le Dia, agus le Muire, agus le Pádraig.
D'fhiafruigh d'Fhionn cad do b'ainm do, nó
cad as é, nó cia ar bh' é féin. D'fhreagair
Fionn, agus dubhairt gur bh'ainm do féin
Fionn Mac Cumhaill. “Is maith mar
thárla,” ars' an bodaichín; “rugadh mac
aréir dam, agus is é an tríomhadh mac é.
Rugadh uaim an dá mhac eile an oidhche thar
éis a m-breithe, agus do taibhreadh dam nach
bhfágfaidhe aon cheann agam díobh, chum go
dtugfadh Fionn Mac Cumhaill agus a chom-
thaidhe oidhche d'á fhaire.” Do dubhadh agus do
gormadh ag Fionn, agus dubhairt gur dheacair
dhóibh aon mhoill do déanamh anois, go
rabhadar i bhfad ó'n mbaile, agus gur mhithid
dóibh dul fá n-a dhéighin. Dubhairt an
bodaichín leis a leithsgeul do chur uaidh,
nach raibh aon chaoi aige gan an oidhche anocht
do thabhairt d'á fhaire, agus gluaiseacht leis
gan mhoill. Thángadar leis go dtí n-a thigh,
agus fuaradar proinn mhaith uaidh. Nuair
bhíodar thar éis a bproinne, do bhuail
Fionn amach ag feuchaint timcheall air, agus
do chonnaic sé ag déanamh air móirsheisear
spriosán mbeag nár bh' fhéidir leat a mheas
cad do dheunfá dhíobh. D'fhiafruigheadar d'
Fhionn ar theasduigh buachaillí uaidh. Du-
bhairt Fionn leó nár theasduigh, gur bh'
amhlaidh bhíodar féin ag triall ar a mbaile
anois; agus nach raibh biadh ná airgead aca,
agus nach raibh aon ghnó d'á thuilleadh muirighne
aige. Dubhradar leis nár bh' aon ualach
do iad féin, agus nach ndeunfaidís aon bhreis
chostais do, agus go bhfanfaidís 'na theannta.
“Seadh,” arsa Fionn, “ó tá sibh chomh fonn-
mhar chumh fanamhna, is deacair cur suas
daoibh; agus deallruigheann sibh go bhfuil
ceárd éigin agaibh, agus caidé an cheárd í?”
Dubhradar go raibh ceárd aca. D'fhiafruigh
sé de dhuine aca caide an cheárd do bhí
aige. Dubhairt sé gur bh' é féin Cluas le
hÉisteacht. D'fhiasruigh de'n dara fear,
caidé an cheárd do bhí aige. Dubhairt sé
gur bh' é féin Greim Teangmhála. D'fhiaf-
ruigh sé de'n tríomhadh fear, caidé an cheárd


L. 184


do bhí aige. Dubhairt sé gur bh' fhear é
féin do chuirfeadh rian na lachan ar an loch
indiu, do gheobhadh indé ann. D'fhiafruigh
sé de'n cheathramhadh fear, caidé an cheárd
do bhí aige. Dubhairt sé sin gur bh' fhear
é féin, do deunfadh long de lá na dhuirn
de mhaide bhog shoilighe. D'fhiafruigh sé
de'n chúigeadh fear, caidé an cheárd do bhí
aige. Dubhairt sé sin gur bh' an-dhrapa-
dóir é. D'fhiafruigh sé de'n tseiseadh fear,
caidé an cheárd do bhí aige. Dubhairt sé
gur bh' an-bhitheamhnach é. D'fhiafruigh sé
de'n tseachtmhadh fear, caidé an cheárd do
bhí aige. Dubhairt sé gur bh' árd-eunlathóir
é. “Is maith é sibh,” arsa Fionn, “agus
b'fhéidir go mbeidheadh gnó mo dhóthain agam
díbh i gcomhair na hoidhche.”



21. 'Nuair tháinig an oidhche, do ghlaoidh
an bodaichín isteach sa' phárlús ar Fhionn,
agus thug an leanbh do; agus dubhairt sé leis, é
sin do bheith aige do ar maidin, nó go
mbeidheadh a cheann aige ina ionad.
D'imthigh an bodaichín uaidh, agus d'fhág annsain
é. Do ghlaoidh Fionn isteach ar an móir-
sheisear spriosán, agus d'fhiafruigh sé, cá raibh
Greim Teangmhála. “Tháim annso,” arsa
Greim Teangmhála. Thug sé greim air
láimh an chliabháin do, agus dubhairt sé leis, an
leanbh do bhí annsoin do bheith aige ar
maidin. D'fhiafruigh Fionn arís, cá raibh
Cluas le hÉisteacht. “Táim annso,” arsa
Cluas le hÉisteacht. “Suidh annso,” arsa
Fionn, “le n'ais seo, agus ná leig d'aon rud
teacht air, gan fhios do.” Do shuidh, agus d'fhág
Fionn annsoin iad, agus do chuaidh sé chum
codlata. I dtuairim an dá uair deug
'san oidhche, — “Éist! Éist!” arsa Cluas
le hÉisteacht. “Cad leis go n-éistfead?”
arsa Greim Teangmhála. “Tá Fathach
Ó Dubhda ag cneadaigh 'na leabaidh sa'
Domhan Toir.” “Och!” arsa Greim Teang-
mhála, “bíodh an riabhal aige, má tá sé
chomh fada soin uainn.” “Éist! Éist!”
arsa Cluas le hÉisteacht arís i gceann
tamaill eile. “Cad leis go n-éistfead
anois?” arsa Greim Teangmhála. “D'éirigh
sé ar a leath-uillinn,” arsa Cluas le
hÉisteacht. “Och! is fada ó chontabhairt é
sin,” arsa Greim Teangmhála. I gceann
tamaill eile, “Éist! Éist!” arsa Cluas
le hÉisteacht. “Cad leis go n-éistfidh mé
anois?” arsa Greim Teangmhála. “Sin
é anuas an simné chugat é,” arsa Cluas
le hÉisteacht. Do sháith Fathach Ó Dubhda a
lámh anuas an simné, agus do chuir sé sa
leanbh do bhí sa' chliabhán í, agus d'árduigh leis
an simné amach é. “Seadh,” arsa Cluas
le hÉisteacht, “ní bheidh aon mhilleán orm-
sa; níor chuir an fathach aon chor de
nar innseas-sa dhuit é.” “Ní'l aon
tsásamh agam-sa le tabhairt uaim, leis,”
arsa Greim Teangmhála, “an rud 'ga dtug
sé greim domh-sa air — lámh an chliabháin -
tá sé agam-sa dhó.” Do chaitheadar araon
an chuid eile de'n oidhche ag argóint le chéile
nár chuma leo féin cia fá ndeara an
leanbh d'imtheacht. Tháinig Fionn ar maidin,
agus nuair fuair sé an leanbh imthighthe, do
dubhadh agus do gormadh aige, agus ní fheadair sé
cad do bhí aige le déanamh. Tháinig an
bodaichín isteach agus d'fhiafruigh sé dhíobh cá
raibh a leanbh. D'fhreagair Fionn, agus dubhairt
sé go raibh sé imthighthe. Dubhairt an
bodaichín leis nach leigfeadh sé aon mhac
máthar aca amach gan marbhadh. “Ná déan,”
arsa Fionn, “agus ná beir gairid orainn.
Tabhair dhúinn uain, agus b'fhéidir go bfaighmís
fós é.” “Seadh,” arsa Bodaichín, “má
ghnídheann sibh, bhéarfad-sa aimsir daoibh
chuige.”



22. Do ghlaoidh Fionn ar na spriosánaibh
chuige, agus d'fhiafruigh sé, “Cá raibh an fear
do chuirfeadh rian na lachan air an loch
indiu do gheobhad indé ann?” “Táim
annso,” ars' eisean. “An gcuirfir an
rian súd dam?” arsa Fionn. “Cuirfead
gan amhras,” ars' eisean. “Gluaisidh
oraibh,” arsa Fionn. D'imthigheadar, agus do


L. 185


chuir sé rian go dtángadar go bruach an
locha. “Tá sé imthighthe annsoin anonn,”
ars' an lorgaire. “Cá bhfuil an fear
úd,” arsa Fionn, “do dheunfadh long de
lán a dhuirn de mhaidhe bhog shoilighe?”
“Táim annso,” ars' eisean, “fagh an
tsoileach dam.” Fuaradar agus dob'air budh
ghiorra a mhoill an long do dhéanamh, agus iad
do thógáil anonn leis. Do thiomáin an
lorgaire leis ar an rian, chum go ndeaghaidh
sé fá bhun cúirte Fhathaigh Uí Dhubhda. “Tá
sé annsoin i n-áirde,” ars' an lorgaire ag
díriughadh a mhéire ar fhuinneóig i mbarr
na cúirte. Tá sé d'á oileamhain ag soigh
ghadhair.” “Cá bhfuil an drapadóir bhí
agam?” “Táim annso,” ars' an drapadóir.
“Cá bhfuil an bitheamhnach bhí agam,” arsa
Fionn arís. “Táim annso,” ars'an
bitheamhnach. “Tar annso,” ars' eisean
leis an drapadóir, “agus beir leat i n-áirde
an bitheamhnach ar do dhruim go dtí an
fhuinneóg; agus,” ars' eisean leis an
mbitheamhnach, “goid-se chugam anuas
an leanbh.” Tháinig sé ar dhruim an
drapadóra, agus is air ba ghiorra a mhoill
é bhreith suas. Bhí an leanbh óg i bpoll
na luaithe agus an tsogh ghadhair ag tál
air. Do bhí an bheirt eile ar fud an
tighe, agus iad ag imirt báire le camánaibh óir
agus le liathróid airgid. 'Nuair chuaidh an
bitheamhnach isteach, do phreab an tsogh
ghadhair 'na choinnibh as an bpoll. Do chaith
sé chuici smailc feóla, agus do luigh sí ar é
d'ithe. Fad do bhí sí d'á ithe, rug sé ar an
gceann ba shine aca ar fud an tighe, agus do
sgaoil sé chuca síos é. Do rinne sé ar
an dara ceann, agus do phreab an tsogh
ghadhair 'na choinnibh arís. Do chaith sé
smailc eile feóla chuici, agus do luigh sí ar é
d'ithe. Fad do bhí sí d'á ithe, do sgiob sé
an bheirt eile, agus do shín chuca síos iad
agus do phreab sé féin síos 'na ndiaidh.
Chum bóthair leo chomh tiugh agus do b'fhéidir
le n-a gcosaibh iad do bhreith chum
siubhail. Do rinneadar ar an luing, agus do
phreabadar isteach innti. 'Nuair bhí an
fheóil ithte ag an soigh ghadhair, do chuir sí
fiadh-sgread aisti, gur dhúisigh sí Fathach
Ó Dubhda, do bhí 'na chodladh i mball eile
de'n chúirt. 'Nuair chonnaic go raibh na
leinbh imthighthe, rug sé ar a ghunna. Do bhí
an mhuintir eile 'san am soin ag cur an
locha anall díobh. Do lámhaigh na ndiaidh.
D'fhiafruigh Fionn, cá raibh an t-eunlathóir
do bhí aige. Dubhairt an t-eunlathóir go
raibh sé annso. “Lámhaigh an Fathach úd,”
arsa Fionn leis. D'fhreagair sé go lámh-
fadh, agus go marbhóchadh, agus is dó do b'fhíor.
Thar éis é lámhach, do chonncadar Fathach
Ó Dubhda ag tuitim marbh. Do thiomáin-
eadar leo annsoin, agus níor stadadar cos
nó go dtángadar go dti an bodaichín. Do
bhí sé ámuigh rómpa ar tháirsigh an dorais.
'Nuair chonnaic chuige iad agus a thriúr mac
aca, do chuir sé na míle fáilte rómpa, agus
do rith 'na gcoinnibh. Do rinne ar Fhionn,
agus do luigh sé ar é dheochadh agus do phógadh, agus
d'árduigh leis isteach iad; agus do rinne
bainis seacht lá agus seacht n-oidhche dhóibh, agus
dubhairt le Fionn dá mbeidheadh aon chás
cruaidh go deo' air, é chur i n-umhail do.
Ar maidin an tseachtmhadh lae do bhíodar
ag ullmhughadh chum bóthair, agus d'fhágadar
slán agus beannacht ag an mbodaichín. 'Nuair
bhíodar tamall ó'n tigh, do ghlaoidh na
spriosáin ar Fhionn. “'Seadh anois, a
Finn,” ars' iad-san. “Éirigh-se a-bhaile
anois, agus ní'l aon rud eile le teacht bun os
cionn ort, agus beimíd-ne, leis, ag dul a
bhaile. Ní gádh ná riachtanas do chuir
sinn-ne ag iarraidh aimsire ort-sa, acht do
bhí a fhios ag Seachrán go mbainfeadh an
meud so dhuit, agus nach bhfeudfá gabháil tríd
gan ár gcungnamh-ne; agus do chuir sé sinne
id' dhiaidh chum tú bhreith thríd, agus chum a
leigint duit féin agus dod' fhearaibh dul a
bhaile slán, folláin.” Agus sin é mo
sgeul-sa. Má tá bréag ann, bíodh. Ní
bhfuaras-sa da mbarr acht bróga páipéir
agus gáirtéiridhe bainne reamhair, agus do bhíodar


L. 186


soin caithte agam ag gabháil bóthairín na
mbreug aníos.



CRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services