Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceisteanna. Continued.

Title
Ceisteanna. Continued.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Laoide, Seosamh
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CEISTEANNA



Continued.



18.
Chúig sgata glaisíneach ag buaint adhmaid
an-chaoil;
An méid a bhainidís do fhágaidís, agus an méid
ná bainidís thugaidís leo.



F. Géanna bheadh ag priucadh clumhach
díobh féin.



19.
Chidhim chugham aniar
Trí capaill, trí sriain,
Trí pillínidhe óir,
Agus trí pócadáin fiaidh.



F. Trí sgamaill.



20.
Fear fada dubh
'Na sheasamh 'sa tsruth,
Gan focal 'na phus
Acht Dodaidhe Ó Duid.



F. Deatach ag imtheacht as
seiminé.



21.
Nead fuiseoige ar sliabh
I bpoillín dian daingean docht,
Faoi bhun an chúilín chasda chraobhaigh;
'S a ' bhfuil aon mhac ríogh i nÉirinn do
réidhteochadh mo cheist?



F. Circín struiceach do dhein nead
i súil an duine do fuair bás
ar an sliabh.



22.
Abhlín buidhe beárrtha
I lár na tuinne báine.



F. An t-im 'sa bhláthaigh.



23.
Soightheach gan tóin gan cheann, 's é lán
do fheoil duine.



F. Méaracán tailliúra.


L. 172


24.
Tá tigh agamsa, agus ní gheobhainn féin slighe
go deo ann,
Agus ní'l fear insa' domhan chóimhreomhadh a
chuid fuinneog air.



F. Méaracán.



25.
Tá botháinín annso thiar
Go raghadh na céadta ann
Agus ní bhfaghainnse slighe ann
Ná leath mo chod' éadaigh.



F. Cruiceog bheach.



26.
Deatach 'sa ghleann, 's gan aon teine ann.



F. Bualtrach bó.



27.
Sin é suas m'athair mór agus a chaipín air.



F. Deatach.



28.
Chuadhas amach 'dir dhá chrann,
Agus thána' isteach 'dir dhá abhainn.



F. Duine bheadh ag dul amach le dhá
mhuga go dtí an tobar agus ag teacht
thar n-ais le huisge.



29.
Méisín chúmtha chámtha;
A béal fúithe agus a tóin i n-áirde.



F. Sliogán báirnigh.



30.
Bean fhada ghléigeal,
Agus crios dá taobh fhéinig.



F. Punann coirce.



31.
Sin é 'sa chúinne
Agus dhá chéad súil air.



F. Corcáinín anbhruithe.



32.
Caora dhubh agus lomradh bán uirrthi.



F. Greidiol.



33.
Ainmhidhe beag dubh (no Seanduine beag),
agus a thigh ar a ghualainn aige.



F. Seilmide.



NOTAIDHE.



18. D'airigheas "glaisínig" i n-ionad "glaisíneach."
Is dócha gurab é rud is bun dó "glaise" .i. srothán.



19. Pócadáin = beagles.



20. Is dócha go bhfuil baint ag "Dodaidhe O Duid"
leis an bhfocal Ultach úd "toit" .i. deatach. Samh-
laighthear dam gurab é focal is bun leis "* dod" =
toit. Cmh. "Duibhín O Duibh" dar bun "dubh."
21. Circín struiceach .i. fuiseog.
22. Abhlín = abhaillín no ubhaillín.



29. Cámtha .i. cúmtha, agus athrughadh gotha dá chur ann.



Féadtar a thabhairt fá ndeara gur léir "ceithre
shine," "trí lá," agus c. I n-aghaidh "ceithre sinidhe," "trí
sriain," agus c. Cionnus é sin? A leithéid feo, is cead-
aightheach an uimhir uathaidh do chur i ndiaidh trí, ceathair,
cúig, no sé ins an chanamhaint agus 'nuair chuirtear is eadh
análaighthear an consonadh tosaigh. Ní análuighthear
consonadh tosaigh na huimhreach iolraidh.



Is é deirim i ndeireadh na dála nár bhauil riamh
umam aon cheist ba dheise clódh agus cuma 'ná na cinn seo
.i. 10, 19 agus 20. Is beag nach ionann tomhas no miosúr
do'n 10°ceann agus do'n 19° ceann, agus ceapaim na faghtar
é acht amháin i gceisteannaibh.



Seosamh Laoide.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services