“Ní'l Sadhbh ag magadh fé aon-ne' acht
fúithi féin, a Sheagháin,” ars' an sagart.
“Acht an truagh gan smacht do chur ar a
leithéid, dá mb'fhéidir é. Agus anois do
chuimhnighim air, ní dócha go raghadh Diarmuid
suas chomh dána go tigh Shéadna, d'á fhiafraighe
dhe cad do cheap sé 'dheunamh i gcomhair na
Máirte, muna mbeidheadh go raibh ceart nó
teideal éigin aige.” “Agus feuch féin, a
athair,” arsa Seaghán, “caide an saghas
freagra thug Séadna air. 'Ní'l aon fhonn
pósta orm', ars' eisean, 'agus ní bheidh go
fóill'; díreach fé mar a déarfadh sé, 'ní
'lim ollamh fós ar an ngeallamhaint úd do
choimhlíonadh.'”
“Am basa, a Sheagháin,” ars' an sagart,
“ní deirim ná go bhfuil an ceart agat.
Tá sé ar naisg aici agus is mór an truagh é.”
Síle. Omhais' omhais' ómhaise! Feuch air
sin mar obair! Caidé an donas a bhí ag
baint a meabhrach díobh? Dar ndó' tá a
fhios ag an saoghal go ndéarfadh sé an méid
sin cainte agus gan aon gheallamhaint do bheith
air. Ba dheas an bheirt iad! Caidé an
díoghbháil dom acht an sagart féin.
Cáit. Is dó' feuch, a Shíle, a chuid ní raibh
aon eolas acu ar rún Shéadna, ná aon
choinne ar bith acu le n-a leithéid. Dá
mbeidheadh, b'fhéidir go dtuigfidís an sgeul
chomh maith agus thuigimíd-ne é. Acht cionnus
'fhéadfadh aon-ne' cuimhneamh air? Níor
innis sé d'aon-ne' beó é. Níor thrácht sé
amach as a bheul air le haon-ne' d'ár mhair
riamh ó'n gcéad lá go dtí an lá bhí an uair
sin ann. Ar thugais fé ndeara a chruinne
agus a fheabhas do choimeád sé é ó'n uile dhuine
d'ár labhair leis? Bhíos ag faire ar an
sgéal, agus bhínn d'á cheapadh ó am go ham go
sleamhnóchadh focal éigin uaidh do leigfeadh
amach é; acht níor shleamhnaigh aon smiug ba
lugha uaidh. Ní raibh aon nídh eile d'á chosg
air Máire Ghearra do phósadh acht an rún a
bhí aige i n-a aigneadh féin. Ní raibh eolas
ar bith ag an sagart ná ag Seaghán Ciotach
ar an rún sain. Bhí sé leathta ar fuaid
na dúithche ag Saidhbh gur gheall sé í féin do
phósadh. Ní raibh aon-ne' ag bréagnughadh
an sgéil sin. Cionnus 'fhéadfadh aon-ne' a
rádh ná go mb'fhéidir go raibh rud éigin i
bhfuirm fírinne sa' sgéal? Ceapaim féin
ná féadfadh Seaghán Ciotach agus an sagart a
n-aigneadh do shocrughadh ar aon rud eile
acht air seo, nár bh'fhuláir nó go raibh an
gheallamhaint ann.
Síle. Agus d'ár ndó' ba mhór an eugcóir
é, a Cháit.
Cáit. Ba mhór gan amhras, acht caidé an
leigheas a bhí air?
Síle. Ba dhó' liom gur cheart do dhaoinibh
feuchaint reompa agus gan an eugcóir do
dheunamh.
Cáit. Am basa, a Shíle, bad cheart. Acht
ní fhágann sain ná gur minic do crochadh
duine 'san eugcóir agus gan leigheas ag aon-
ne' air.
Gobnuit. D'airigheas-sa gur crochadh
duine mar sin gan eugcóir thiar i n-aice an
Rátha Mhóir, fad' ó, nuair bhriseadar na
Buachaillí Bána an cóisde agus mharbhadar an
fear a bhí 'n-a ghárda air.
Nóra. Cad ba ghádh dhóibh é mharbhadh, a
Ghobnuit?
Gob. Is amhlaidh do cheapadar go raibh
páipeur ag fear an chóisde, agus gach aon-ne'
bhí 'n-a cheann ar Bhuachaillíbh Bána go raibh
a ainm sa' pháipeur sain, agus nuair do raghadh
an cóisde go Tráigh Lí, go gcurfaidhe armáil
amach, agus aon fhear go raibh a ainm sa'
pháipeur, go mbéarfaidhe air agus go
grochfaidhe é. Is é rud do bheartuigheadar
'ná teacht roimis an gcóisde agus an páipeur
do bhaint amach ar ais nó ar éigin.
Nuair 'iarradar an páipeur, is é rud do
dhin an fear a bhí 'n-a ghárda 'ná caitheamh
leó. Bhí arm teineadh acu sain chomh maith
agus bhí aige sin, agus do chaitheadar leis, agus do
thuit sé marbh ar an mbóthar.
Ar maidin lá ar n-a bhárach, do bhuail
amach ar an mbóthar seanduine bocht a bhíodh
ag aoghaireacht i gcomhgar na háite, agus nuair
chonnaic sé an duine marbh, do stad sé ag
feuchaint air agus sgárd 'n-a shúilibh. Le n-a
linn sin do tháinig an t-arm dearg suas
agus do rugadh ar an seanduine bocht, agus do
cuireadh suas croch láithreach chum a chrochta.
Síle. Agus cad chuige é chrochadh gan
chúis?
Gob. Am basa, a Shíle, ba chuma leó súd
cia'cu bhí cúis chuige nó ná raibh. Seanduine
bocht simplidhe, dob' eadh é, gan pheacadh.
D'iarr sé an sagart do thabhairt chuige agus do
tugadh. Nuair bhí a fhaoisidin déanta aige,
agus iad d'á bhreith suas chum na croiche, bhí sé
ag tuitim i gceann a chos le sgannradh. Ní
fhéadfadh sé siubhal ná seasamh. Annsain
do labhair an sagart leis agus dubhairt sé,
“Ní fiú dhuit a leithéid sin d'eagla bheith
ort,” ars' eisean. “Ní túisge do sgarfaidh
anam le colainn agat ar an gcroich' ná bheidh
aoibhneas na bhFlaitheas agat láithreach.”
“An ndeireann tú liom é?” ars' an
seanduine bocht.
“Deirim gan amhras,” ars' an sagart.
“Tá Iosa Críost agus Muire a Mháthair annsúd
thuas ag feitheamh leat.”
Tháinig neart agus misneach láithreach dó.
“Druididh amach uaim,” ars' eisean leó.
Chuir sé an dréimire suas de, gan
congnamh, agus do crochadh é. Bhí sé ceithre
fichid.
Cáit. Ba dheas an gníomh é! Dá
bhfaghainn lom ortha, do chrochfainn iad mar
chrochfainn madraidhe uilc. Na cladhairí
gránda! An seanduine bocht! Agus a fhios
acu ná raibh sé agus ná féadfadh sé bheith
ciontach. Nár chóir go mbeidheadh náire
ortha?
Gob. Náire! 'Dhe ca bhfios dóibh siúd cad
do bhain le náire? Bhídís ag lámhach agus ag
crochadh na ndaoine ins gach aon bhall an
uair sin. nach 'in é an fear sin thíos i
Magh Chromdha do bhuail aníos Gort na Lice
maidean Domhnaigh ar muin a chapaill agus a
ghunna ar a bhéalaibh aige, agus nuair chonnaic
sé an duine bocht i n-aice an tuir ar a
ghlúnaibh ag rádh na coróineach Muire, do
sgaoil an pileur tríd!
Cáit. Am basa, a Ghobnuit, is fíor dhuit.
Do dhin sé mar sin é. Bhíos i Magh Cromdha
lá i n-éinfheacht le Nell agus thaisbeán sí dhom
é, agus am briathar, nuair chonnac é, gur
chorruigh mo chuid fola. Bhí sé annsúd go
liath láidir ag siubhal na sráide, chomh dána
agus dá mbeadh ná beidheadh a leithéid déanta
aige. Do theip orm gan nimh mo shúl do
chur 'n-a láimh dheis. Thug sé fé ndeara mé
ag feuchaint ar an láimh agus d'iompuigh dath
gorm ar an mbitheamhnach.
B'é b'fhada liom go rabhas as a radharc,
geallaim dhuit é.
Síle. Cia hé féin, a Cháit?
Cáit. 'Dhe an sean-chladhaire sin thíos
Dochtúir de Faoite.
Síle. Agus cad 'n-a thaobh nár crochadh é?
Gob. 'Seadh go díreach! Cad 'n-a thaobh
nár crochadh é? Cad 'n-a thaobh nár crochadh
M'leachlainn? Níor crochadh. 'Siad na
Cárthaigh do crochadh, nuair dhearbhuigh
M'leachlainn ortha an gníomh do dhin sé
féin.
Cáit. Nach é Cormac Mac Cártha' do
lámhuigh Bob Hutchison, a Ghobnuit?
Gob. Is é, nuair sheasaimh M'leachlainn
Ua Dubhagáin ar an dtaobh thiar de, agus chuir
sé béal an ghunna le n-a dhrom agus dubhairt
sé, “lámhuigh é, a Chormaic,” ars' eisean,
“nó lámhfad-sa thusa!” Agus dar ndó' ní
raibh de na Cárthaigh ann acht Cormac. Ní
raibh Ceallachán ná Tadhg ann i n-aon chor,
agus do crochadh an triúr. Agus ní baoghal, a
Shíle, gur crochadh M'leachlainn.
Síle. 'S dó' go deimhin, ba dhóigh le duine
ort-sa, a Ghobnuit, gurab iad na daoine
ciontacha is mó théidheann saor agus gurab iad
na daoine macánta do crochtar. Do
crochadh an seanduine thiar i n-aice an Rátha
Mhóir, agus níor crochadh an mhuintir do chroch é.
Do crochadh na Cárthaigh, agus níor crochadh
M'leachlainn. Níor crochadh Dochtúir de
Faoite.
Gob. Ar airighis riamh, a Shíle, cad
dubhairt sean-Sheón Léadar leis an bhfear
oibre?
“Duine macánta is eadh mise,” ars' an
fear oibre.
“Duine macánta!” arsa Seón. “Imthigh
uaim, a dhuine mhacánta!” ars' eisean. “Ní
dheunfadh duine macánta mo ghnó-sa i n-aon
chor.”
(leanfar de seo.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11