Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Fhalartha Ghorm. II.

Title
An Fhalartha Ghorm. II.
Author(s)
Mac Sheaghain Bhuidhe, Diarmuid,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


L. 123


AN FALARTHA GHORM. — II.
DONNCHADH UA MURCHUDHA AN PHUISIN, CCT.



Ag Freagra Dhiarmuda.



M'atuirse! is doiligh liom cloisdin do phionóise,
Gan charaid, gan chothrom, gan chosdas, gan díol-
chomharsain;
'S mar bharr ar gach ndonas, d'éis cogaidh is tionóisge,
An Fhalartha Ghorm d'á stolladh le fionnógaibh.



Níor chleachdais ag sochraid doiligh, ná ag tigh tórraimh,
Ag Aifreann phobail, ag tobar, ná i dtionólaibh,
Gan capall mear socair go brosduightheach, bonnógach,
Dod' ghlacadh 'n-a bhfochair ag toghthaibh gach paróiste.



A chara mo chogair, 's a shoirbh-fhir chineolta,
Ní fada go gcloisfir na gothanna thaitneochas riot.
Seasaimh go fortaill, is cothuigh go haimhdheonach,
'S mar chaithis an solas, ná coigil an mion-órlach.



Freagra Dhiarmuda ar Dhonnchadh.



Cé cian me dubhach le cumha 's le heasbaidh dhaoine,
'S an phian-so am' ghlúin gur mhúch gur mhairbh m'intinn,
Budh thighearnas liúm, dar liúm, i measg na tíre
Dá bhfeudfainn siubhal ár lúth ná seasamh díreach.



Triath córach Sleacht' Eoghain ó Mhuisire i gcéin
'S an cliaith-leoghan go Flóndras nach d'imthigh d'a éis;
An Fhiann leointé tá leo-san ag feitheamh gach lae,
'S sia dhóibh-sean an t-órlach 'ná an choinneal go léir.



Cé liath leointe mo shórt-sa gan fuinneamh go tréith,
'S an t-Iarla óg-so dom' fhóirithin nach bhfeicfinn a réim,
D'imthigh m'óige a súil leo-san, go bhfeicfinn a réim,
'S is sia fós liom a t-órlach 'na an choinneal go léir



A fhiail-fhir chumainn, trem' chuileasg tá ag dios-
bóireacht,
'S gur ciach leat ise gan mise uirthi i dtionólaibh,
A cliabh níor loimeadh 's níor hitheadh le fionnógaibh,
Acht fiacha 's fiolair d'a giobadh go honórach.



Freagra Sheaghain mhic Chormaic.



.i. Fear leath-shúile, .í. Registrar na Cúirte.



Dia led' ghlúin, a rúin, 's a shearc na saoithe,
Do phian-sa liúm is pudhair, a chara dhiograis;
Tá an tIarla chughainn ó Lúndoin fhairsing, fhíonmhair,
Is feudfam siubhal 's a long ag teacht cum tíre.



Is daingean, is doiligh, is doirbh, 's is maith chaoinfeas
Gach pearsa ded' sgolaibh, d'ar bhronnais do dheagh-
chroidhe-se,
A dteachtaire dochair d'éis cogaidh is neat-náimhde,
Agus t'Fhalartha Ghorm d'a stolladh ag gach maistín
toir.



Clagaidh bhur gcosa, cé follus nach reathaidhe sibh,
Chum Aifrinn phobail, no ag sochraid deagh-dhaoine;
Seasmhaidh go fortaill, tá an fhortacht i ngar díbh-se,
'S is gairid go cloisfeam nach ollamh gan marcaigheacht
sibh.


L. 124


Dá dtagadh anoir Donnchadh i gcothrom 's i gceart tíre,
Lucht capaill do bhronnadh bheadh ortha so i nglain-
Chrích Luirc;
A chara mo chogair, d'éis cogaidh dhod' ghlain-chíp-se,
Ar eachaibh go fortaill dob' fhollus tu ag pras-raínnce e



Ceangal.
Is ciach 's is tuirinn dod 'fhuirinn ar feadh Fódla,
A ghliadhaire shultmhair, budh mhinic i dtionólaibh,
Le cian nach bhfeicid do chuileasg i dtigh an óla,
Acht fiacha is fiolair d'á giobadh agus fionnóga.



NOTES AND VOCABULARY.



pionós, penance. tobar, a holy well, here
bonnóg, a leap, bonn, the sole.
toghtha, sing. and pl. chosen, the chosen ones.
cineólta for cineálta, kindly.
cothuigh, sustain (thyself here). Cothughadh, sustenance.
Mar chaithis an choinnel, caith an t-órlach, proverb,
"as you have spent the candle, spend the (remaining)
inch." It is not worth while giving up so near the end.
Triath Sleachda Eoghain, the lord of the race of Eoghan
Mór, son of Ailill Olom. Donnchadh Mac Carthaigh,
called Earl of Clancarty, whose story is a matter of
history.
Muisire, in East Cork.
Cuileasg, a horse, cailleasg, O'R.
clagaim, I cause to rattle; clagarnach, a rattling
noise, such as the battering of hail or heavy rain on a
flat surface.
cíp, other instances desirable.
pras = bras, active, vigorous.
tuirinn, apparently akin to tuireadh, a lament.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services