Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Séadna



(Ar leanamhaint)



Nóra. Ba dhóigh liom gur mhór an truagh
iad do chur ó chéile.



Cáit. Éist do bhéal, a Nóra! Nár mhó
'ná sain de thruagh iad do phósadh agus sgéal
mar bhí sé.



Nóra. Mhaise, Dia linn, a Cháit! Is dócha
gur fíor dhuit é. Ba thruagh an sgéal é
mar sin nó mar siúd. Is truagh chráidhte
nár fheuch sé roimis.



Cáit. Stad go fóill, a Nóra. Ní déar-
fainn-se go raibh an sgéal chomh holc sain ar
fad. Bhí an tseóid úd faghálta ag Séadna,
agus an bhuadhairt mhór imthighthe as a chroidhe.
Bhí a chrónán ar siubhal aige chomh haedhearach
agus bhí riamh. Má bhíodar na trí bliadhna
déag ag gluaiseacht ar cos-i-n-áirde, bhí
aon tsólás amháin aige. Nuair thiocfadh an
lá déidheanach, ní bheidheadh thíos leis acht é
féin. Agus i dtaobh Mháire Ghearra, cea-
paim gur chuaidh sí as go dian-mhaith.
Cionnus bheidheadh an sgéal aici dá ndeineadh
Séadna mar dhéanfadh an Pinsinéir Buidhe?
Níor dhein. Acht nuair d'innis sé dhi go raibh
ceangal i láthair Dé air gan pósadh choidhche,
tháinig oiread eile de chroidhe dhi. Badh dhóigh
leat gur seóid uasal éigin do bronnadh
uirthi sin leis. Bhí sí tar éis a admhála do
Shiobháin go raibh a croidhe dá shníomh le
buadhairt. Bhí an sníomh sain imthighthe. Badh


L. 101


dhóigh liom féin ná raibh aon rud dob'fhearr
do'n bheirt 'ná iad dá gcur ó chéile mar
cuireadh iad. Tá sé buailte isteach im'
aigneadh nach aon ní foghanta bhí dá dtabhairt
d'á chéile, agus pé rud do bhí d'á gcur ó chéile,
gur mar mhaithe leó féin do bhí sé.



Gob. Ní raibh aon rud d'á gcur ó chéile
acht ná déanfadh Séadna an éagcóir.



Cáit. Cad do chuir 'na chroidhe gan an
éagcóir do dhéanamh? Níor ghá'dh dho a inn-
sint d'aon ne' beó go raibh rún aige, ná
nach raibh. Ní raibh bac air í phósadh. Ní
raibh bac air a rádh leis féin. “Ca bhfios an
mairfinn na trí bliadhna déag féin? Ca
bhfios an dtiocfadh an Fear Dubh úd choidhche,
agus an sgannradh fuair sé nuair chuir sé an
bhúirr éagsamhlach úd as?” Ceapaim go
raibh rud éigin foghanta d'á spriocadh, agus
muna mbeidheadh go raibh, ná cuirfeadh sé i
n-aghaidh an chleamhnais chomh dian agus chomh
seasmhach. Agus féach tá rud eile sa'
sgéal. An fhaid do bhí an cleamhnas ar
siubhal, ní raibh acht buadhairt agus trioblóid
aignidh ar an uile dhuine go raibh aon lámh
aige ann, agus go mór mór ar Shéadna agus ar
Mháire Ghearra féin. Acht an uair bhí sé
curtha i leath-taoibh glan, tháinig oiread eile
de chroidhe do Mháire, agus tháinig a chrónán do
Shéadna. Is dóigh liom gur mhaith go léir an
bhail ortha nár leigeadh chum cinn é.



Síle. Ní ar Mhiceal ba bheart a bhuidhea-
chas do bheith ná deaghaidh sé chum cinn.



Gob. An n-airigheann sibh? Agus í tar éis a
rádha, tá tamall beag ó shoin ann, gur bh'é
Miceal agus a chuid tuathail fá ndeara an
cleamhnas do bhriseadh.



Síle. Dubhart na raibh aon mhaith ann
chum cleamhnais do dhéanamh, agus deirim anois
leis é. Acht ní fhágann sain ná gur dhein
sé a dhícheall air. Agus do dhein Siobhan a
dícheall air. Do theip sé ortha go léir
glan. Ní fheadar cad dubhairt Sadhbh, nuair
'airigh sí go raibh cleamhnas Mháire Ghearra
chomh briste le na cleamhnas féin.



Peg. Dubhairt sí rud greannmhar, mhaise.
Dubhairt sí gur bh'í féin do bhris é, agus aon
chleamhnas a bheidheadh d'á dhéanamh do
Shéadna, go mbrisfeadh sí ar an gcuma
gcéadna é, nuair ná pósfadh sé í féin.



Cáit. Gráin uirthi! Ní hag táiriughadh
uirthi é. Badh mhaith an sgéal a bheith de
thiubaiste uirthi é dh'á pósadh.



Nóra. Cuirfead geall ná déanfadh sé an
éagcóir uirthi sin, acht chomh beag agus dhéanfadh
sé ar Mháire Ghearra í.



Gob. Éist, a Nóra. Ní gá'dh dhuit an
geall saine do chur. Níor bhaoghal di. Ní
deirim go ndéanfadh an Pinsinéir Buidhe
féin an éagcóir sin ar Shaidhbh.



Cáit. Dá ndeineadh, is dócha go ndíolfadh
sé as. Badh mheasa dhó Sadhbh chuige 'ná an
dlighe.



Gob. Is dócha gurab amhlaidh do bheidheadh
deithneas air ag imtheacht an loch amach uaithi.



Cáit. Cad é an geit do bhainfeadh fear
na n-adharc aisti!



Gob. Am briathar mhóide, a Cháit, gurab
é mo thuairim ná maithfeadh sí puinn dó.
Má bhainfeadh sé geit aisti, go mbainfeadh
sí geit as. Dá bhfaghadh sí greim ar adhairc
air, nó ar mheigioll, ní déarfainn ná go
mb'fhearr leis bheith sgartha léi.



Nóra. Dhe agus cad bheidheadh ag an earball
d'á dhéanamh? Dá bhfaghadh sí priocadh nó
dhó ó'n iongain úd, ceapaim go dtiocfadh
liúgh aisti.



Gob. Am basa, a Nóra, is gearr go
mbeidh barr agat uaim. Níor chuimhnigheas
riamh ar an iongain. Bhíos d'á chuimhneamh
go mb'fhéidir go gcaithfeadh sí an t-uisge
te idir an dá shúil air.



Nóra. Airiú caidé an bheann a bheidheadh
aige siúd ar uisge te, agus a theó atá an áit
as a dtáinig sé?



Cáit. Tá buaidhte aici ort, a Ghobnait.



Gob. Tá glan. Ní déarfad a thuilleadh.



Síle. Is maith é sin. Badh ghearr go
mbeidheadh eagla ag teacht orm. Ba mhór
an truagh Séadna bocht, agus a leithéid d'áirithe
roimis amach.


L. 102


Gob. Ca bhfios duit-se, a Shíle, ar bh'
áirithe é?



Síle. Cionnus é sin, a Ghobnuit?



Gob. Ca bhfios duit ar tháinig sé choidhche?



Síle. Dhe nach air sin do dhein sé an
margadh?



Gob. B'fhéidir, mar a dubhairt Cáit ó
chianaibh, gur cuireadh sgannradh ro-mhór air,
nuair baineadh an bhúirr úd as, agus ná tiocfadh
sé arís ag éileamh a mhargaidh, le heagla go
mbainfidhe búirr eile as.



Síle. 'Gcloistí? Ar tháinig, a Pheg?



Peg. Fan leat go fóill, a Shíle a chuid, agus
beidh an sgéal go léir agat, díreach fé mar
thuit sé amach.



Mar adubhart ó chianaibh, nuair thuig
Sadhbh Dhiarmuda Léith go raibh cleamhnas
Mháire Ghearra briste, dubhairt sí le gach
aon-ne' gur bh' í féin do bhris é, agus gur bh' é
cúis gur bhris sí é, a bheith geallta ag
Séadna dhi go bpósfadh sé í féin. Níor
chuir aon neach 'na coinnibh. Bhí daoine do
chreid é, agus bhí daoine nár chreid é. Acht
pé aco chreideadar é nó nár chreideadar,
ní baoghal gur chuir aon-ne' chum an sgéil
d'áiteamh uirthi. Bhíodh sí coitcheannta d'á
mhaoidheamh gur bh'í féin an cailín do chuir-
feadh smacht ar ghiobstairíbh de shaghas Bháib'
an Leasa agus Nóra an Tóchair. Agus i dtaobh
Mháire Ghearra, go raibh iomad meas aici
uirthi féin chum a rádha go bpósfadh fear do
bhí geallta do mhnaoi eile.



Síle. Airiú nár bh' í an cuirptheach í!



Peg. Is amhlaidh mar bhí an sgéal aici, a
Shíle i ndeireadh barra, d'innis si an sgéal
ar an gcuma sain chomh minic, agus gan aon
duine ag cur 'na coinnibh, gur dóigh liom
gur chreid sí féin é fé dheireadh thiar thall.



Síle. Cionnus d'fhéadfadh sí a chreidea-
mhaint gur gheall sé í phósadh, agus nár thrácht
sé riamh léi air?



Peg. Ní'l aon tseó, a Shíle, acht a bhoige
agus a shaoráidighe chreidimíd an rud a thait-
neann linn uaireanta, go mór mór má
bhímíd chomh ceann-dána sain, nach fiú le
haon-ne' chomhairle ár leasa do thabhairt
dhúinn, agus dá dtugadh, ná glacfaimís uaidh í.



Gob. Go deimhin is dócha gurab 'in mar
d'imthigh ar Chonn Sheagháin Óig. Bhí sé ag
teacht a-bhaile ó'n sráid oidhche, agus d'fhan sé
ag ól i n-áit éigin, go raibh formhór na
hoidhche caithte. Annsain nuair bhí sé ag
déanamh ar an mbaile, bhí a eagla air go
mbeidheadh a mháthair a pléidh leis, i dtaobh í
'choimeád an oidhche go léir ar an dtinteán
ag feitheamh leis. Is é rud do dhein, ná a
leigint air go bhfeachaidh sé spioraid thíos
ar an mBóthar Leathan. Do chreid an
mháthair é, toisg an anma aedhearaigh do bheith
ar an áit. Ní raibh aon chomharsa theagadh
isteach 'na dhiaidh sin go ceann i bhfad, ná
cuireadh sí (d')fhéachaint ar Chonn an sgéal
d'innsint. B'é críoch an sgéil é go
dtáinig oiread sain sgannraidh ar Chonn
roimh an spioraid úd ná feacaidh sé riamh,
ná leigfeadh a eagla dho an Bóthar Leathan
do ghabháil tar éis na hoidhche 'thuigim, dá
bhfaghadh sé Éire air.



(Leanfar de seo.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services