Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Diomoladh Phádraig Naofa

Title
Diomoladh Phádraig Naofa
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1713
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1983)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Treisi dúthchas ná oileamhain
ní cheileabh ort, a Phádruig,
gurbé do ghaolsa ré Gallaibh
tug a neartsa dar námhuid.



Gach aicme ariamh dhá ttáinig
ré dánacht ar hiath fuinigh
acht Goill amháin, a chléirigh,
nír léigis thart gan tuisleadh.



Is maith fuarais, a chléirigh,
gach béim dá ttugais oruinn,
anois tuigim 'na dheacair
gach ní dhá ndeachaidh thoruinn.



Colum Cille mac Féidhlim
do thréig sinn ort go suarach
's Bréunuinn Biorra mo dhianghrádh
maraon is Ciarán Cluana.


L. 68


Do sheachuin sinne Seanán
- uch ní luchán gan eire -
ré héud leatsa, a mhic léighinn,
agus naoimh Éirionn uile.



Rudhán do bheannuigh Lothra
dar liom níor chóir a thréigion
ar naomh nach bhféuchann oroinn
's sinn go ro-lom an-éigion.



Cainnioch caomh agus Caillín
dá madh áil linn gan a gcailleadh
dodhéindís dar ndídion
uiread ré dias Breathnach.



Moling agus Molais
bheith 'na n-easbhaidh is deacair
do thréig sinn inar ngábhadh
le héud le Pádruic Macha.



Éunna do bheannuigh Árainn
dá madh áil linn a ghlacadh
dobfhearr dhúinn dar saoradh
ná bheith taobhra ré Breathnach.



Ní cóir a dhearmad Brighid
ní dhlighfinn a bheith fa dheiriodh
mairg do thréig í ar Phádruic
do chuir ar námhuid a threise.



Treise etc.



NESSA NÍ SHÉAGHDHA

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services