Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuireamh le hAogán Ó Raithile

Title
Tuireamh le hAogán Ó Raithile
Author(s)
Ó Rathaille, Aogán,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1724
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1983)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TUIREAMH SHEÁIN DE FUÍT AGUS SHÍLE BRÚN



Osnadh bróin do bhreoigh mo chlíteach,
Tuirse chléibh ar Ghaelaibh timpeall,
Athnuadh deor sa chóige Mhuimhnigh,
Seán san bhfeart gan preab is Síle.



Seán geal gasta mac an Fhuítigh,
Ubhall óir is pór na ríthe,
Géagán cumhra is crú na saoithe
Mac Ustáis ba chráifeach croígheal.



Dob é an Seán so grá na tíre,
Coroineal uasal fuadrach fíochmhar,
Do rug bua go buan ar naímhdibh,
Saoi nár mheata in am chatha is choimhscair.
Flaith ba casmhail le Samson gníomhrach,
Seabhac álainn láidir líofa,
Rí is Cú Chulainn na gConallach ngroímhear
Is coinneal sholais do bhochtaibh na tíre.



Gráinne chruithneacht gan chogal ná claoine,
Carabúncail an túir nárbh íseal,
Oscar na rua an t-uasal groígheal,
Flaith gan ainimh gan masla ná míghreann.



Tarbh tána an thráigh cois taoide
Marcach muirneach lúfar brínirt
Cura den Fhéinn ag traochadh bíobha
Leoghan lochail, ceann cosnaimh is rífhlaith.



Port le muir an cura mhaímse,
Géag fíneamhna is planda díreach,
Réalta lasmhar fear faire na críche,
Nár lig namhaid ag creachadh ar a mhuintir.


L. 114


Ó dh'éag ríchú d'fhíorchrú Muimhneach
Atá clár sneachta le sleasaibh na ríochta,
Atá an talamh gan tartha go síorchlamh
Is atá an ghrian gan rian gan soilse.



Atáid na tonna fá stoirm go scaoilteach,
Tonn Tuaighe ar buaireamh 's a síorghol,
Tonn Rúraí go dúchroíoch díoltach,
Tonn Tóime dá fhógra go fíochmhar.



É ' dhul fá bhéal lice is díth liom
'S a chéile cailce in' aice sínte,
Fionntslat na mBrúnach dob aoirde
'S an bhánchnis de Chárth-fhuil na Laoi theas.



Bréag ní raicim go bradach im laoithibh.
Do chínn 'na hallaibh gasradh ag rince,
Ceol dá chantain is marcra ar bísrith,
Beoir gan dochma dá bronnadh ar na saoithibh.



Fíon is eascraibh glana dá líonadh
Is beathuisce búidhmhear cumhra bríomhar
Is iasc glan bruite na toinne dá choimhdeacht
Is feolmhach cearca ná scairteadh an t-aoileach.



Dob é Seán ceann tána a bhuíne,
Lámh chosantach na n-oirbheart ríoga,
Lámh thréan dob fhéile le saoithibh,
Lámh fhuadrach den chuaine b'aoirde.



Ceann céille teann é sa choimhscar,
Ceann do bheartadh go gasta gach ní maith,
Ceann geal fionn ceart cumtha díreach,
Ceann deas stuama is suandreach naoimhar.



An tan do chuala guais ar chríochaibh,
'S mná sí ' screadaigh 'n aice na gcoillte
D'aithníos féin ar ghéim na taoide
Go raibh Seán ar lár fá líogaibh.


L. 115


D'aithníos dlúth ar liúireadh Chlíona
'S ar bhuanghol trua tuirseach Aoife
'S ar bhrúchtaigh na dtonntach go nimhneach
Gur éag seabhac is ceann na bhFuíteach.



An tan do mhair an fhlaith so ríomhaim,
Do bhí cró-Mhars mór 'na ghnaoi sin.
Rí na ngaisce níorbh annamh dá choimhdeacht
'S do bhí bua ná luaim sa dlí aige.



Créad an fáth nár chás liom Síle
An mhuirneach Bhrúnach mhúinte mhínchnis,
An t-áilleagán álainn shámhdhreach aoibhinn
Na rosc uasal snuaghlas ríoga,



Ná brághad báine ar scáil an lítis,
Na sróna gile gan chaime ná críne,
Na gruaige buidhe go troithibh ar síorchrith,
Na ngruanna ndearg trí samhaltar mínchailc,



Na teangan binne ba bhinne ná binnchruit
An bheoil bhig bhalsaim - níor shearbh a fuighle.
A fiacla gearra 'na mbeartaibh mar íbhir
A bráid mar eala 's a pearsa ba soilseach.



Gile na gile an bhroinneal so b'aoirde,
Ucht leoin aice 's gan ribe de theimheal air.
A com ba chaol 's a méara míne
Troithe teanna, dlícheannas na ríochta.



Mo chumha mo chiach mo phian mo dhaoirse,
Mo lá bróin an sceol so scríobhaim,
Mo phúir mo thubaist mo dhonas mo dhíthchreach,
Seán geal marbh gan aiseag 's a bhrídeach.



Crá mo scart an eala thaoibhgheal,
Síol na leon ó bhordaibh Laoi theas,
Do bheith marbh gan aiseag fá líogaibh
Do chumha a fir 's a mic mhaith chríonna.


L. 116


Feartlaoi



A sháimhleac ghraí mo dhíth mar táid so fút,
Ardfhlaith fíochmhar ríoga dáilteach úr,
'S a chláirseach bhinn ón Laoi dob álainn gnúis,
Seán de Fuít is Síle brágheal Brún.



PÁDRAIG Ó FIANNACHTA



Coláiste Phádraig, Má Nuad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services