Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 74


Séadna



(Ar leanamhaint)



Nóra. Cogar, a Pheg. Dar ndóigh ní
raibh ceangal ar Shéadna gan pósadh.



Peg. Is dócha, a Nóra, go raibh ceangal
air gan an eugcóir do dhéanamh.



Nóra. Ní hé sin a thuig Máire Ghearra
uaidh acht go raibh ceangal fé leith i lathair
Dé air, mar bheidheadh móid mhná riaghalta
nó bhráthar.



Peg. Cá bhfios duit-se ná dhomh-sa ná
gur chuir sé móid nó ceangal de'n
tsórd sain air féin, sul a ndeachaidh
se chum cainte léi an lá úd?



Nóra. Is mar sin do thuig Máire an
sgeul, pé i nÉirinn. é.



Peg. Tá an ceart agat, a Nóra. Bhí sí
ag caint le máthair Mhicil cúpla lá 'na
dhiaidh sin, agus seo mar adubhairt sí léi:



“A Shiobhán,” ar sisi, “nach mór an ion-
gnadh nár innis Séadna dhuit an lá fé
dheireadh go raibh sé 'na Chéile Dé, agus gan
bheith d'ár gcur i mudha mar bhí?



Síle. Caidé an rud Céile Dé, a Pheg?
D'ar ndoigh ní fhéadfadh duine bheith 'na chéile
ag Dia. Moladh 's buidheachas leis!



Cáit. Ó, go deimhin, a Pheg, d'airigheas
mo dhaid mór d'á rádh go raibh daoine ann
fad' ó agus ná pósfaidís aon bhean, mar go
mbídís pósta ag Dia na Glóire féin, agus sin
é ainm a thug sé ortha, Céile Dé.



Síle. Airiú, — moladh go deó' le Dia, -
c'onnus 'fhéadfaidís bheith pósta mar sin?
Dar ndóigh ní pósadh é sin.



Cáit. Muna mbeidís pósta, c'onnus
tabharfaidhe “céile” ortha? Nach fear pósta
nó bean phósta “céile”? Nach eadh, a Pheg?



Peg. 'Seadh, gan amhras.



Síle. Agus, a Pheg, airiú, c'onnus 'fhéad-
fadh fear bheith pósta ag Dia? Dar ndóigh,
ní fhéadfadh fear bheith pósta acht ag mnaoi.
Ar airigh aon'ne riamh a leithéid?



Gob. Aililiú, a Shíle, nach geur-chúiseach
atáir! Airiú, cia dubhairt leat-sa ná
féadfadh fear bheith pósta acht ag mnaoi?



Síle. Dubhairt Peg liom é an lá fé
dheireadh, agus í ag múnadh na seacht Sácra-
imínt dom. Agus feuch nár innisis an
méid sin dom, a Pheg, go mbíodh daoine ann
fad' ó, agus iad pósta ag Dia an uile chomhacht!



Cáit. Do bhíodh, mhaise. D'airigheas-sa
mo dhaid mór d'á rádh seacht n-uaire. Ní
headh, acht seacht n-uaire déag ar fhichid.



Síle. Ó go deimhin is furuisde do Cháit
ní Bhuachalla caint do dhéanamh. Ní hé gach
aon-ne' go bhfuil athair mór aige. Bhí athair
mór agam-sa leis, tamall, acht do cailleadh
é. Rug an t-eugcruas chum siubhail é.
Slán beó mar a n-innstear é.



Cáit. Éist, a Shíle, a chuid! Feuch anois!
Níor chuimhnigheas orm féin go raibh an focal
ráidhte agam. Ó mhaise, níor theip an
tuathal riamh orm! Éist, a Shíle, a chuid,
maith an cailín! Is cuimhin liom-sa do dhaid
mór go dian-mhaith. Bhí árd-chion agam air.



Peg. Do bhí, a Cháit, agus árd-chion aige-sean
ort-sa. Is mó an cion a bhí aige ort 'ná
bhí aige ar aon-ne' eile ar an dtaobh amuigh
de Shíle féin. Is cuimhin liom go maith,
nuair bhítheá annso, agus nuair chuireadh sé Síle
ar ghlúin leis, ná bíodh sí sásta, agus ná
faghthaoi suidhe suaimhnis uaithi, d'á óige í, go
gcurthaoi thusa ar an nglúin eile. Annsain
ní fheacaís riamh acht an spórt a bhíodh aige,
agus é dh'a leigint air bheith ag míogarnaigh, agus
sibh-se ag iarraidh bheith ag pógadh a céile
a-gan 'fhios do.



Gob. Ó, am briathar, a Pheg, gur thug sí
póg do Cháit anois!



Síle. Tabharfad, agus póg eile. Feuch!



Gob. Ó, am basa, raid leat iad, a n'ghean
ó!



Nóra. Níor innisis dúinn fós, a Pheg,
c'onnus bheidheadh duine 'na Chéile Dé.



Peg. Cad deireadh do dhaid mór, a Cháit?



Cáit. Deireadh sé gurab amhlaidh thugaidís
an grádh céadna do Dhia a thugann an fear
d'á mhnaoi.



Peg. Sin é díreach é.



Síle. Am briathar féin, a Pheg, nach le


L. 75


grádh do Dhia, — moladh go deó leis, — acht le
heagla an Fhir Dhuibh do rin' Séadna Céile
Dé dhe féin.



Peg. Ní raibh an Fear Dubh le teacht go
mbeidheadh na trí bliadhna déag caithte, agus ní
raibh bac air í phósadh 'san am gcéadna.



Síle. Nach 'in é adeirim? Nuair thiocfadh
sé, b'fhéidir go mbéarfadh sé an bheirt leis.



Gob. Agus ná taisbeanfadh sain, a Shíle,
gur le grádh do Mháire Ghearra féin ná
pósfadh sé í?



Peg. Go díreach a Ghobnuit. Agus má
thug sé suas do Dhia an grádh bhí aige dhi-si,
nuair ná féadfadh sé é thabhairt di féin gan
í 'chur ar chumas an Fhir Dhuibh, nach 'in é
díreach an rud do dhéanfadh Céile Dé dhe,
fé mar adubhairt do shean-athair, a Cháit?



Gob. Is dócha é.



Peg. Ní dócha acht deimhin, a Ghobnuit.
Acht má's eadh, ní deirim gur thuig Máire
Ghearra an taobh sain de'n sgeul. Dá
dtuigeadh, ní dócha go ndéarfadh sí an méid
úd le máthair Mhicil. “Nach mór an
iongnadh,” ar sisi, “nár innis sé dhuit gur
Chéile Dé é, agus gan bheith d'ár gcur i
mudha?”



“Ní dubhairt sé focal ar domhan liom, a
bhean uasal,” arsa Siobhán, “acht gur shaoire
dhuit an bás budh dhona d'á bhfuair daon-
naidhe riamh 'ná é féin dod' phósadh.”



“Bhí sé thiar ag an dtigh againn, tá cúpla
lá ó shin ann, — an lá úd a bhí Miceal thiar,
agus dubhairt sé liom féin go raibh ceangal
air i láthair Dé gan pósadh choidhche. Feuch
anois, tu, a Shiobhán,” ar sisi, “tar fhearaibh
an domhain mhóir bhraonaigh, cia chuimhneóchadh
go mbeidheadh ceangal de'n tsórd sain ar
Shéadna? Ní raibh a leithéid d'iongnadh orm
ó'n lá rugadh me. Geallaim duit,” ar
sisi, “gur osgail se mo shúile dhom. An
fear sain go ndeirid daoine ná fuil aon
chreideamh aige, agus a leithéid sin de cheangal
air i láthair Dé, agus mise go bhfuil ainm an
chreidimh go léir orm ag briseadh mo chroidhe
ag iarraidh teacht idir é agus Dia. Nach deas
an obair í sin, a Shiobhán? Ní fheadar 'n
tsaoghal ná 'n domhan le chéile cad do bhain
dom, nó cad do dhall me, nó cad do chaoch
suas m'aigneadh agus m'intinn, agus a rádh go
ndéanfainn a leithéid. Cad déarfaid na
comharsain?”



“Ná bíodh ceist ort, a bhean uasal, mar
ghioll ar an dtaobh sain de'n sgeul. Tá
sé socair cheana aco gurab é Séadna féin
do chuaidh siar dod' iarraidh agus gur dhiúltighis
láithreach é, agus annsain gur imthigh an fear
bocht as a mheabhair” arsa Siobhán.



“Aililiú!” arsa Máire, “nach gairid a
mhoill ortha é shocrughadh. Cad deir Séadna
leis an socrughadh sain?” ars' isi.



“Focal amach as a bheul,” arsa Siobhán.
“Agus geallaim duit nach baoghal go
gcuirfidh aon-ne' aon cheist air. Nó má
chuireann agus go bhfeuchfaidh seisean ins na
súilibh air, bain an chluas díom má chuireann
sé an dara ceist.”



“Is é duine is eugsamhlaighe d'ár bhuail
riamh umam,” ars' isi. “Bhíos i bhfad sul ar
fhéadas a dhéanamh amach cia aco droch-dhuine
é nó duine foghanta. An chéad uair do
chonnac an fheuchaint úd, do cheapas go raibh
an tAidhbheirseóir — fiar na Croise idir sinn
agus é! — istigh 'na croidhe, i dtreó nár mhaith
liom bualadh uime ar a mbóthar na focal
do labhairt leis. Acht do bhíos oidhche ag
teacht a-bhaile ó'n sráid, agus ag gabháil i leith
an Bóthar Leathan dom, do tháinig iarracht
de luige orm, agus do shuidheas ar chloich i lúib
de chlaidhe an bhóthair. Do thuit mo chodladh
orm, agus nuair dhúisigheas, bhí an taom beag
imthighthe, acht bhí sé i n-am mharbh na hoidhche.
Phreabas im' shuidhe agus thugas aghaidh ar an
mbaile, agus geallaim duit ná raibh aon
mhairbhitighe ins na cosaibh agam. Oidhche
bhreaghdha spéir-ghealaighe dob' eadh í. Nuair
bhíos, mar déarfá, fiche slat ó'n gcrosaire,
cia gheabhadh aníos Bóthar na Bró, acht
Seaghán na Gealaighe, an ropaire bitheamhnaigh.



Síle. Cia 'rbh' é sin, a Pheg?



Peg. Sprid dob' eadh é, bhíodh d'á thais-


L. 76


beánadh féin annsúd, agus bhíodh sé ag marbhadh
na ndaoine.



“Nuair chonnac é,” ars' isi, “do cheapas
láithreach go rabhas réidh. Le n-a linn sin,
d'airigheas an duine ag siubhal im' dhiaidh.
D'fheuchas thar mo ghualainn. Cia bheidheadh
ann acht Séadna, agus a dhá shúil ar dearg-
lasadh, agus sgian ar tarrang aige, sgian
choise duibhe. Do ghluais sé tharm amach agus
thug sé aghaidh ar an sprid. Le n-a linn
sin, do chonnac splannc lasrach, agus láithreach
'na dhiaidh sin do chonnac Séadna ar an áit,
agus é ina aonar.



“'Seadh, a Mháire,” ars' eisean, “do
chuadhais as go maith anocht. Do chonnac ag
gabháil i leith thu agus do bhí a iongnadh orm cad
do bheir amuigh chomh déidheanach thu. Do
leanas tu le heagla na háite seo. Téanam
ort anois, go bhfeicead isteach a-bhaile thu.'



“Ní raibh ionnam labhairt, agus is ar éigin
do bhí ionnam siubhal. Níor sgar se liom
nó gur fhág sé siar ag dorus m'athar me.
Ó'n lá sain go dtí an lá atá indiu ann,
níor airigh aon-ne', óg nó aosda, focal amach
as a bheul mar gheall ar an ngnó. Ar
maidin lá ar n-a bhárach, do fuaradh ag an
gcrosaire, mar déarfá, oiread mo dhá dhorn
de chnapóig ghlóthaighe, agus sgian choise duibhe
sáithte innti. Agus ní deirim go bhfeacaidh
aon-ne' Seaghán na Gealaighe ó shoin ins an
áit. Cheapas gur mhór an obair do Shéadna
a anam féin do chur sa' chontabhairt sin ar
mo shon-sa, agus tháinig uarraim mhór agam
dó.



“Go deimhin, a Shiobhán, ní fhéadfainn a
innisint duit caidé an chuma ar a raibh m'
aigneadh ó'n oidhche sin go dtí an lá úd do
chuaidh sé siar d'á innisint dom go raibh
ceangal éigin idir é féin agus Dia, agus nár bh'
fhéidir dó pósadh. Thuigeas annsain gur
dócha gur bh'é an ceangal sain thug an
buaidh dho ar an sprid. D'airighinn riamh,
daoine bhíodh tabhartha suas mar sin ar fad
do Dhia, go mbíodh buaidh aco ar an An-sprid.
Nuair 'innis sé dhom go raibh ceangal i
láthair Dé air gan pósadh choidhche, do ghlacas
i láthair De an ceangal céadna. Agus
feuch, a Shiobhán, — ní túisge ghlacas 'ná
cheapas gur sgar pé droich-ní bhí im' aigneadh
liom ar an neómat sain. Chonnacaís féin
an chuma ina rabhas an lá úd d'iarras ort
beart áirithe do dhéanamh dom. Nuair
chuimhnighim air anois, ceapaim im' aigneadh
nach fuláir nó bhíos as mo meabhair rud
éigin. Pé rud do bhí orm, tá sé imthighthe
glan, — buidheachas mór le Dia na glóire
dh'á chionn!'



“Ámén, a Thighearna!” arsa Siobhán.



Síle. AGus cogar, a Pheg. Nach greann-
mhar an ainm ar sprid 'Seaghán na Geal-
aighe?' An amhlaidh ná feictí é acht le
solus na gealaighe?



Peg. Oidhche spéir-ghealaighe dob'eadh an
oidhche do chonnaic Máire Ghearra é.



Síle. Sin é díreach é. Agus má 'seadh,
cad 'na thaobh gur tugadh Seaghán na Gealaighe
air, agus go bhfeictí é nuair ná bíodh an ghealach
'na suidhe i n-aon chor.



Peg. Duine saoghalta dob' eadh ar dtúis
é, agus bitheamhnach dob' eadh é. Agus is amhlaidh
do bhíodh sé amuigh ist-oidhche ag goid, le
solus na gealaighe. Seaghán dob' ainm dó,
agus tugadh Seaghán na Gealaighe mar leas-
ainm air, as an ngoid. Bhíodh sé i mBóthar
na Bró isd-oidhche, ag faire ar dhaoinibh bhíodh
ag gabháil an bhóthair déidheanach 'san oidhche,
agus d'á robáil. Fé dheireadh, do mhairbh sé
duine ann, oidhche dhorcha, agus fé cheann tamaill,
duine eile. Annsain do thán'adar a
ndaoine muinteardha sain, agus chuadar i
bhfolach i n-aice an bhóthair, agus nuair bhí sé
amach go maith 'san oidhche, d'imthigh duine aco
amach ar an mbóthar, agus do leig sé air bheith
ar meisge. Bhí Seaghán ag faire leis, agus
nuair chonnaic sé an fear meisge, dar leis
féin, do léim se amach agus do thug faoi.
Annsain do léimeadar go léir amach agus do
marbhadh Seaghán na Gealaighe. Agus as


L. 77


sain amach do chítí an sprid i mBóthar na
Bró, agus do lean “Seaghán na Gealaighe”
de'n sprid, mar ainm air.



(leanfar de seo.)



Tar éis na díleann, fá mar leughtar,
Níor mhair puinn de'n chineadh dhaonna
Nár bháith neart na tuile tréine,
Acht Naoi 's a chlann, Sem, Ham, 's Iaphétus.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services