Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Prize Competition.

Title
Prize Competition.
Author(s)
Ua Fodhlugha, Diarmuid,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 24


PRIZE COMPETITION



CUIRIMÍS LE CHÉILE.



“Is i dteanntá' a chéile is treise sinn,”
adeir an sean-fhocal, agus is ro-mhaith oireas
an sean-fhocal so do lucht chosanta na
Gaedhilge indiu … Má's fonn linn an
rath bheith ar ár saothar, caithfimíd cur le
chéile go hathchomair agus dá ríribh ar son na
Gaedhilge, mar tá sí ag dul i laighead go
tapaidh i ngach áird d'Éirinn. Tá an t-aos
óg mar éirighid suas dhá gcur ar sgoil, agus é
dhá dhingeadh isteach 'na gcluasaibh nach fuil
faice le fagháil ins an tsaoghal so gan
léigheann acht an t-anacar. Agus cia an
saghas léighinn? Ní mór ná gur cuma leis
an “gClár Léighinn” cia an saghas, acht
amháin nach foghlamaid teanga a sinsear.
Is beag acu chloiseas focal ar sgoil i dtaobh
na Gaedhilge, agus, nídh nach iongnadh,
measaid a n-urmhór nach fuil innti acht cuid
de'n ghátar agus de'n aindeise. Is oth liom a
rádh gurab annamh chíd siad deagh-shompla
leath amuigh de'n sgoil féin. Nior chualadhas
seanmóir as Gaedhilg im' pharáisde dhúthchais
féin le hocht mbliadhnaibh, gidh go bhfuil
mórán ann nach tuigeann acht Gaedhilg ar
leithshlighe, agus go bhfeudfadh an sagart
paráisde seanmóir do thabhairt uaidh as
Gaedhilg, dá mbadh mhaith leis é.



Tá a lán slighthe ar ar bh' fhéidir maitheas
na Gaedhilge do chur ar aghaidh. Is é roinn
is mo de na slighthibh seo an méud atá i n-ár
gcumas féin do dheunamh gan cabhair o lucht
airgid ná ó'n gceannsal. An dara roinn, a
bhfeudfamaoid do dheunamh le fagháltas
airgid againn; agus an treas roinn, an
meud conganta budh chóir dúinn fhagháil ó
n-ár mballaibh feise agus an úsáid do
dheunfamaois de. Ní 'l amhrus ná gurab í
ar n-acfuinn féin cos is treise fúinn. Seo
cuid dár cheart dúinn do dheunamh, anois
go mór-mhór, ó 's dearbh dhúinn go bhfuil
an spioraid fíor-Ghaedhealach ar fud na
hÉireann.



1. A chur i n-iúl do leithéidibh an tsagairt
seo áirighthe, gidh nach maith linn bheith ag
baint le n-a ngnó-san, nach taithnigheann
linn tarcuisne bheith dhá thabhairt do'n
Ghaedhilg.



2. Connradh na Gaedhilge do leathnughadh.
Ní ro-dheacair sin do dheunamh, de bhrígh gur
beag paráisde i nÉirinn i n-a bhfuil an
Ghaedhilg dá labhairt, nach fuil beirt nó
triúr ann de dhaoinibh creideamhnacha do
bheuradh congnamh sluaigh dhúinn. Dá
dtéigheadh beirt chumanntóiridhe i dteannta'
a chéile ag caitheamh a saoire ins na háitibh
sin, b'fhéidir dóibh craobh nó dhó do chur ar bun
'san tseachtmhain, act sgeula do chur rómpa
tamall roimh-ré, agus ughdarthás do bheith acu
le taisbeáint ón gComhairle i nÁth Cliath.



3. Sinn do labhairt as Gaedhilg i ngach
áit dá mbeimid, agus an meud againn atá ar
bheagán di, an beagán sin féin do labhairt.



4. A chur i dtuigsin do na daoinibh, agus sinn
féin dhá thuigsin, gur suarach agus gur támáilte
an rud ár dteanga dhúthchais do bheith i
n-ainbhfios orainn. Dá dtuigeadh na daoine
é sin i gceart, do bheidheadh an báire linn.


L. 25


5. Abhráin Ghaedhilge do chlóbhualadh agus do
chur amach, agus beagán focal leó dhá iarraidh
ar an léightheóir rogha do thabhairt dóibh
roimh abhránaibh Sacs-bheurla.



6. Ainm coithcheann do chur amach ar gach
rud nua, mar rinne an tAthair Ua Laoghaire
i dtaobh rothaidheachta.



7. Ar gcás do chraobhsgaoileadh trés na
páipeuraibh nuaidheachta, agus sgeula do chur
chuca ar gach nídh dá ndeuntar ar son na
Gaedhilge.



8. Gaedhilgeoiridhe aosda do thaighdeadh
amach, agus sgeulta do chur síos focal ar
fhocal ó n-a mbeulaibh.



9. A rádh le Gaedhilgeóiribh go mb'
fhearrde a bpáisdí teagasg agus deagh-chomhrádh
do chlos i dteangain a n-aithreach. Ní choisg-
feadh sin iad ar aon saghas eile léighinn
d'fhoghlaim, acht do mheudóchadh sé a meabhair,
a n-inntleacht, agus a gcráibhtheacht.



10. Ní hé amháin gur ceart dúinn labhairt
as Gaedhilg de ghnáth, acht í labhairt i gceart.
Ní lugha orm aon nídh chlos 'ná “spota” ar
“ball”, “puínte” ar “rinn”, agus mar sin dóibh.



Dá ndeunamaois mar seo thuas agus dá
bhfaghmaois ar gcáirde go léir do bhrosdu-
ghadh chum na hoibre, do bheidheadh airgead
ar ndóthain le fagháil againn. B' fhéidir
linn annsain leabhair sho-léighte agus ár
sgríbhne ársadha do chur amach saor,
comórtais Ghaedhilge do bheith againn, agus ceud
nídh eile do dheunamh nach gádh áireamh.



Budh mhithid dár mballaibh Feise iad féin
do chorrughadh mar chách. Is é mo dhóchas nach
cian go mbeidh siad ar fad ag éileamh a
cirt do'n Ghaedhilg d'aon réim amháin i
n-ainm fear nÉireann. Acht leanamaois-
ne ar ár n-aghaidh, agus caithfidh an ceannsal agus
an Clár Léighinn géilleadh dhúinn dá n-
aimhdheóin.



Cuirimís le chéile mar seo, agus go leagaidh
Dia an rath ar ár saothar.



Diarmuid Ó Fodhlugha.



Connradh na Gaedhilge,
Beul-Feirsde.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services