Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoineadh Airt Uí Laoghaire.

Title
Caoineadh Airt Uí Laoghaire.
Author(s)
ní Chonaill, Eibhlín Dubh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ua hAimhirgin, Osborn óg
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CAOINEADH AIRT Uí LAOGHAIRE.



Eibhlín Dubh ní Chonaill ro chan, ag
caoineadh Airt Uí Laoghaire .i. a Fear, do
lámhadh ar Inse Carraige an Ime le
feill-bheart Gall.



I.
Mo ghrádh go daingean tú!
Lá dá bhfeaca thu
Ag ceann tighe an mhargaidh,
Thug mo shúil aire dhuit,
Thug mo chroidhe taithneamh duit;
D'éaluigheas óm' athair leat
I bhfad ó Bhaile leat.



II.
Is dam nár bh'atuirseach.
Do chuiris gan dearmad
Párlús da ghealadh dham,
Rúmanna dá mbreacadh dham,
Bácús dá dheargadh dham,
Bríc dá gceapadh dham,
Rósta ar bhearaibh dam,
Mairt dá leagadh dham,
Cóir mhaith leapthan dam,
Codladh i gclúmh lachan dam,
Go dtigheadh an t-eadarshuth,
Nó tar 'éis dá dtaithneadh liom.



III.
Is cuimhin le m'agneadh,
an lá breágh earraigh úd,
Gur bhréagh thigeadh hata dhuit,
A's banda óir tarraingthe air.
Claidheamh chinn airgid — —
Lámh dheas chalma — —
Rompsáil bhagarthach — —
Fír-chritheagal
Ar námhaid chealgach, — —
Tu i gcóir chum falaracht',
'S each caol ceann-fhionn fút.
D'umhluighidís Sacsanaigh
Síos go talamh duit,
'S ní mar mhaith leat
Acht le haon chorp-eagla,
Gidh gur leó a cailleadh tu
A mhúirnín mh'anma.


L. 19


IV.
A mharcaigh na mbán-ghlac!
Is maith thigheadh biorán duit
Daingean faoi cháimbric,
A's hata faoi lása,
D'éis teacht duit tar sáile.
Glantaoi an tsráid duit,
A's ní le grádh dhuit,
Ach le han-chuid gráine ort.



V.
Mo chara thu go daingean!
A's 'nuair thiocfaid chugham abhaile
Conchubhar beag an cheana
A's Fear Ua Laoghire, an Leanbh,
Fiafróchaidh díom go tapaidh
Cár fhágbhas féin a n-athair.
'Neosad dóibh faoi mhairg
Gur fhágbhas i gCill na Martar.
Glaodhfaidh ar a n-athair,
'S ní bhéidh sé aca le freagairt.



VI.
Mo chara 's mo ghamhain tu!
Gaol Iarla Antroma
A's Bharraigh ó'n Amchoill*(?)
Is bragh thigheadh lann duit,
Hata faoi bhannda,
Bróg chaol Ghallda
A's culaidh de'n abhras
A sníomhthaoi thall duit.



VII.
Mo chara thu go daingean!
Níor chreideas riamh dod' mharbhadh,
Gur tháinig chugham do chapall,
'Sa srianta léi go talamh,
A's fuil do chroidhe ar a leacain
Siar go d'iallait ghreanta
I n-a mbítheá id' shuidhe 's id sheasamh.
Thugas léim go tapaidh,
An chéad léim ar an gcnaiste,
An dara léim ar an dtairsigh,
An tríomhadh léim ar do chapall.



VIII.
Do bhuaileas go luath mo bhasa,
'S do bhaineas as na reathaibh
Chomh maith agus bhí sé agam,
Go bhfuaras rómham tu marbh
Cois tuirín ísil aitinn,
Gan pápa gan easbog,
Gan cléireach gan sagart
Do léighfeadh ort an tsailm,
Acht seanbhean chríonna chaithte
Do leath ort beann dá falluing — —
Do chuid fola leat 'n-a sraithibh
'S níor fhanas le hí ghlanadh,
Acht í dh'ól suas lem' bhasaibh.



IX.
Mo ghrádh thu agus mo thaithneamh!
Éirigh suas id sheasamh,
A's tar liom féin a-bhaile,
Go gcuiream mairt dá leagadh,
Go nglaodham ar chóisir fharsing,
Go mbeidh againn ceól dá spreagadh,
Go gcóireóchadh duit-se leabadh
Faoi bhrataibh míne geala,
Faoi chuiteanna' breaghdha breaca,
A chuirfidh teas tréd bhallaibh
I n-ionad an fhuachta ghlacais.



***



X.
Mo chara go buan tu!
Ná creid-se uatha
An cogar a fuarais,
'Ná'n sgéal fear fuatha
Gur a chodhladh do chuadhas-sa.
Níor throm suan dam,
Acht bhí na leinbh ró-bhuadhartha
'S do theastuigheas-sa uatha
Dá gcur chum suaimhnis.



XI.
A dhaoine, na héistidh
Le racaireacht éithigh.
Ní'l aoin-bhean i n-Éirinn
Do shínfeadh a taobh leis —
Do bhéaradh trí laogh dho —


L. 20


Rá raghadh le craochaibh
I ndiaidh Airt Uí Laoghaire
Atá annso traochta
O mhaidin indé agam.



XII.
A Mhuirisín, léan ort!
Fuil do chroidhe d'éag leat!
Do shúile da gcaochadh!
Do ghlúine da raobadh!
Do mharbhais mo laogh-sa,
'S gan aoin-fhear i n-Éirinn
A ghreadfadh na p'léis leat.



XIII.
Mo chara thu 's mo shearc!
Och! éirigh suas chugham, 'Airt,
Léim go luath ar t'each;
Éirigh go Maghchromtha isteach,
'S go hInsegíleach budh dheas:
Buidéal fíona id ghlaic,
Mar a mbíodh i rúm do dhaid.



XIV.
M'fhada-chreach leun-ghuirt,
A mharcaigh na réidh-ghlac,
Na raibhas-sa taobh leat,
'Nuair lámhadh na p'léir leat.
Mo chreach ghéar-chúiseach
Ná rabhas ar do chúlaibh
'Nuair lámhadh an púdar,
Go ngeabhainn é im chum deas,
Nó i mbeinn mo ghúna,
'S go léigfinn cead siubhail leat,
Ó's tu b'fhearr leigint chúcha.



XV.
Mo chara thu 's mo shearc-mhaoin!
Is gránna an chóir í seo a chím
le cur anois ar ghaisgidheach — —
Comhra agus caipín!
Ar chróbhaire an deagh-chroidhe!
A bhíodh ag iasgaireacht ar ghlaisidhibh
Agus ag ó ar hallaidhibh,
I bhfarradh mná na ngeal-chíoch.
Och! mo mhíle mearaidhe
Mar chaillis do thathuighe!



XVI.
Greadadh chugat agus díth!
A Mhuiris ghránna an fhill,
A bhain díom féin mo thigheas,
Athair mo leanbh gan aois,
Dís aca ag siubhal an tighe
'S an tríomhadh duine aca istigh im chlí
'S ní dócha go gcuirfead díom!



XVII.
Mo ghrádh thu 'gus mo thaithneamh!
'Nuair ghabhais amach an geata
D'fhillis tar n-ais go tapaidh.
Do phógais do dhís leanbh,
Do phógais mis ar bharra baise
Dubhraois, “A Eibhlín! éirigh id sheasamh
Go luaimneach a's go tapaidh.
Táim-se ag fágbháil an bhaile,
'S ní móide go deó go gcasfainn.”
Ní rinneas ded chaint acht magadh:
Bhítheá dá rádh liom go minic cheana.



XVIII.
Mo chara thu 's mo chuid!
A mharcaigh an chlaidhimh ghil
Éirigh suas anois.
Cuir umat do chulaidh
Éadaigh uasail ghlain.
Cuir ort do bhéabhar dubh.
Tarruing do laimhnidhe umat.
Siúd í i n-áirde t'fhuip.
Sin í do láir amuigh.
Buail an bóthar caol úd soir,
Mar a maolóchaidh rómhat an sruth,
Mar a n-umhlóchaid rómhat mná 's fir,
Má tá a mbéasa féin aco,
'S is baoghalach liom ná fuil anois.



XIX.
Mo ghrádh thu 'gus mo chumann!
'S ní hé a bhfuair bás ded chineadh,
'Ná bás thriúir chloinne,
'Ná Domhnall mór ua Chonaill,
'Ná Conall a bháthaigh an tuille,
'Ná bean na sé mbliadhan bhfichead
Do chuaidh anonn tar uisge,


L. 21


Ag cáireasuigheacht le righthibh,
Ní hiad go léir atá agam
Le huchlán cléibh da ngairm,
Acht Art Ua Laoghaire an oinigh,
Art na gruaige finne,
Art an bhuadha 's an mhisnigh,
Marcach na lárach doinne,
Dhá bhaint aréir dá bhonnaibh
Ar inse Charraig' an Ime — —
Nár mhairidh sí a hainm 'ná a sloinneadh!



XX.
Mo ghrádh thu is mo mhúirnín!
Dá dtéidheadh mo ghlaodh chun cinn
Go Doire Fhionáin mór leath 'stíor,
'S go Ceapluing na n-ubhall mbuidhe,
'S iomdha marcach éadtrom groidhe
'S bean hainciarsúra bháin gan timheal
A bheidheadh annso ghan mhoill
Ag gol os cionn do chinn,
A Airt Uí Laoghaire an ghrinn.



XXI.
Mo ghrádh thu agus mo rún!
Táid do stácaidhe ar a mbonn,
Táid do bha buidhe dá gcrúidh,
'S ar mo chroidhe atá do chumha,
Ná leighisfeadh cúige Mumhan,
'Ná Gaibhnidhe Oileáin na bhFionn,
Go dtiocfaidh Art Ua Laoghaire chugham,
Ní sgaipfidh air mo chumha,
Ná leighisfeadh cúige Mumhan,
'Ná Gaibhnidhe Oileáin na bhFionn,
Go dtiocfaidh Art Ua Laoghaire chugham,
Ní sgaipfidh air mo chumha,
Atá i lár mo chroidhe dá bhrúidh,
Dúnta suas go dlúth,
Mar bheidheadh glas a bheidheadh ar thrúnc,
'S go raghadh an eochair i mugha.



XXII.
Mo ghrádh 's mo laogh thu!
A Airt Uí Laoghaire
Mhic Chonchubhair, mhic Céadaigh,
Mhic Laoisigh Uí Laoghaire,
Aniar ó'n nGaortha,
'S anoir ó'n gCaol-chnoc,
Mar a bhfásaid caora
A's cnóa buidhe ar ghéagaibh,
A's ubhla 'n-a slaodaibh
'N-a n-am féinig.
Cár bh'iongnadh le haoin-ne
Dá lasadh Uibh Laoghaire
Agus Béal-Átha'n-Ghaorthaigh
'S an Guagán naomhtha,
I ndiaidh mharcaigh na réidh-ghlac
An fiaguidhe gan traochadh,
Do theagadh chugam d'aon-rith
Ó'n nGreanaigh ar saothar,
'Nuair stadaidís caol-choin
Ó! a mharcaigh na gclaon-rosg,
Cad d'imthigh aréir ort?
Óir do shaoileas féinig
Na mairbheóchaidh an saoghal tu
'Nuair cheannuigheas duit éideadh.



XXIII.
Mo ghrádh 's mo rún tu!
'S mo ghrádh mo cholúr geal!
Gidh ná tánag-sa chughat-sa
'S ná tánag-sa chughat-sa
'S nár thugas mo thriúr liom,
Níor chúis náire súd liom,
Mar bhíodar i gcumhangracht,
I seómraidhibh dúnta,
'S i gcomhranaibh cumhanga,
I gcodladh gan músgailt.
Muna mbeidheadh an bolgach,
A's an bás dorcha,
'S an fiabhras spotuighthe,
Bheidheadh an marc-shluagh borb sain
'S a srianta dá gcróthadh aca,
Ag déanamh fothraim,
Ag teacht dod shochraid,
A Airt an bhrollaigh ghil.



XXIV.
Mo ghrádh thu 'gus mo thaithneamh!
Gaol an mharc-shluaigh ghairbh,
A bhíodh ar thaobh an ghleanna,
Mar a mbainteá asta casadh,
Dá mbreith isteach do'n halla,
Mar a mbíodh bórd ar leathadh,
Faobhar da chur ar sgeanaibh
Muic-fheoil rósta dhá gearradh,
'S caoir-fheóil ná coimhreóchfaidhe a
heasna,
Mara mbíodh coirce crathach


L. 22


A bhainfeadh rith as eachaibh
Capaill ghruagacha sheanga
'S buachaillidhe 'n-a n-aice
Ná bainfidhe díol as a leabaidh
'Na as fosuigheacht a gcapall,
Dá bhfanaidís ann seachtmhain.



XXV.
Mo chara 's mo laogh thu!
'Seo aisling trem néallaibh
Do rinneadh aréir dam
Ar leabaidh im aonar — —
Gur chríon an Gaortha — —
Gur thuit ar gcúirt aolda — —
Nár fhan friotal id chaol-choin,
'Ná binneas id éanaibh,
'Nuair fuaradh thu traochta
Ar lár an tsléibhe amuigh,
Gan sagart gan cléireach,
Acht sean-bhean aosta
Do leath beann dá bhréid ort,
'Nuair fuaidheadh do'n chré thu
A Airt Uí Laoghaire,
'S do chuid fola 'n-a slaodaibh
I mbrollach do léine.



XXVI.
Mo ghradh 's mo rún tu!
Is breágh thigheadh súd duit,
Stoca chúig gcúl duit,
Buatais go glúin ort,
Carolín cúinneach,
A's fuip go lúthmhar
Ar ghillín shugach,— —
'S iomdha innir mhodh'ail mhúinte
Bhíodh ag féachaint fá chúl ort.



XXVII.
Ní bheidh cadhp ar bhathas mo chinn
Ná léine chneis lem thaoibh
Ná bróg ar thracht mo bhuinn
Ná trasgán ar fuaid mo thighe,
Ná srian leis an láir nduinn,
Ná caithfidh mé le dlighe,
A's raghad anonn tar tuinn,
Ag comhrádh leis an rígh,
'S muna gcuirfidh ionnam suim,
Fillfead tar n-ais arís
Ar bhodach na fola duibhe,
A bhain díom féin mo bhuidhean.



XXVIII.
A mhná beaga dubha an mhuilinn,
Gabhaim-se leath-sgeal libh-se — —
Bhíobhair go léir ag sileadh.



XXIX.
Greadadh croidhe cruaidh ort,
A Sheagháin mhic Uaithne,
Már breab a bhí uait-se,
Nár tháinig fám thuairim.
Do thabharfainn duit mórchuid,
Macha dem bhuaibh duit,
Caoirigh ag breith uan duit,
Capall groidhe gruagach,
Dheanfadh tu fuadach
De dhruim na ruadh-chnoc
Lá do chruadhtain;
Nó culaidh an duine uasail
Gidh gur mhór an truagh liom
Í fheicsint thuas ort,
A bhuidichín mhílaigh!



XXX.
A mharcaigh na mbán-ghlac,
Ó leagadh do lámh leat,
Éirigh go dtí Bálding,
An spealairín gránna,
An fear caol-spágach,
Agus bain de sásamh
I n-ionad do lárach
Agus úsáid do ghrádh ghil.
Gan a sheisear 'n-a mbláth air!
Gan dochar do Mháire
Agus ní le gradh dhi.



XXXI.
Stadaidh anois d' bhur ngol,
A mhná na súl bhfliuch mbog,
Go bhfuighbhidh Art Ua Laoghaire deoch


L. 23


Roimh é dhul isteach 'sa sgoil,
Ní hag foghlaim léighinn 'ná port
Acht ag iomchar cré agus cloch.



The above caoineadh is taken from a MS.
by Father O'Leary, P.P., Castlelyons. It
is not quite complete, for there are a few
rainn wanting here and there. I have been
able to procure some from a member of
the Gaelic Leagure her, Diarmuid Ua
Ríoghbhardáin.



On page 6, after the rann ending
“I n-ionad an fhuachta fhlacais,”



should come an account of the sister's
arrival from Cork. The sister, in her
lament charges the wife with faithlessness
or indifference, as shown by her falling
asleep.



(a)
“Mo chara 's mo laogh thu!
Deineadh aisling aréir dam
'Sa chathair im aonar,
Gur thuit an chúirt aolmhar,
Agus an caisleáinín néata,
Go mbímís ag pléireacht,
'Nár leanbhaidh i n-aoinfheacht.



(b)
Mo chara 's mo stór tu!
Is iomdha bruinneall modh'ail modhmhar
Ó Chorcaigh go hEóchaill,
Go dtabharfá macha breágh bó dhi,
Ná raghadh a chodladh 'n-a seómra,
Lá do thórraimh.”



This explains the wife's defence of her
conduct in the lines —



Mo chara go buan tu!
Na creid-se uatha, &c.



The last rann but one should conclude
thus —



Gan dochar do Mháire
Agus ní le grádh dhi,
Acht 'sí mo mháthair
Thug leabaidh 'n-a lár di
Ar feadh trí ráithe.



Eibhlin's sister Máire was married to
Balding.



The conclusion —



“Roimh é dhul isteach 'sa sgoil —”



evidently refers to the past glories of
Kilcrea Abbey, where Arthur O'Leary's
tomb is still to be seen. But earlier in the
poem(page 4)we find



“'Neósad dóibh faoi mhairg
Gur fhágbhas i gCill na Martar.”



This seems inconsistent, but Diarmaid Ua
Ríoghbhardáin tells me that his father had a
rann or two describing the removal of the
body from Cill na Martar to Kilcres,
where it now rests. Unfortunately, his
father cannot now call them to mind. I
believe that there are still some persons in
the neighbourhood of Macroom who re-
member the whole poem.



Osborn óg Ua hAimhirgin,
Corcach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services