Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caspar Zeuss.

Title
Caspar Zeuss.
Author(s)
Flemming, John - Seághan Pléimion,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CASPAR ZEUSS



I gcuimhne cheanamhail ar chaspar
Zeuss, ard-ollamh na suadh do bhun-
aitigh fialus na n-eireannach agus na mbre-
athnach le cheile agus le lucht aitreibh' na
frainnce, na heasbainne, etc., 'san tsean-
aimsir; agus do chruthuigh go cinnte gaol
canamhan na ndrong ud le teangthaibh
uile na hind-eorpa.



Im' óige do léigh mé aisdeóireacht do
sgríobh file dar bh' ainm Plautus i n-a raibh
agallamh idir dís: duine aca ag labhairt
Laidne, agus an neach eile i dteangain neamh-
aithnid éigin. Do saoileadh an tráth sin go
mbudh hí teanga na Phoenicia an t-urlabhra
coimhightheach úd; agus is beag nár chaill mé mo
chiall ag iarraidh Gaedhilge do dhéanamh
dhe, mar do rinne tuilleadh dem' chomhar-
sanaibh, dar leó féin. Acht ní ráinig liom-
sa a mheas gur thuig mé é. Níor mar sin
do dhaoinibh eile; adubhradar d'aon-bheul go
mbudh hí so teanga na dúithche thiar-thuaidh ó


L. 13


Thír Thairngire, agus nach raibh dócamhal ar bith
d' Éireannach í do thuigsin. Do chuala mé
duine dhíobh ag innsin cionnus do tugadh an
t-ainm Peak of Teneriffe. “Ar mbeith,” ar
sé, “do luing ó Thíor nó ó Shíodon ag gabháil
de'n oileán i n-a bhfuil an stuaic úd, do bhí
sruth tintidhe ag rith anuas re n-a sleasaibh;
'Feuch peuc teineadh roimhe!' ar maraidhe
d'fhoirinn an árthaigh.”



Dob' é an ceann feadhna Vallancey go
sonnradhach do chuir an seachrán so ar siubhal
i nÉirinn, acht do bhí an lucht léighinn againn
féin ag cuidiughadh leis. Ga dtáim ris?
Ar feadh dhá chéad bliadhan roimhe sin i
nÉirinn do bhí drong ainbhfeasach ag craobh-
sgaoileadh an díomhaoinis so ós árd. Dob'
eól dóibh so an fialus do bhí ag an nGaedhilg
le teangthaibh na Phoenicia, na hÉigipte, le
teangthaibh gacha rainn de 'n domhan bhraonach
acht le canamhain na mBreathnach amháin.
Acht le fine na mBreathnach ná le n-a
gcanamhain ní raibh gaol ná comhfhogus aca;
agus do bhí na Breathnaigh chomh hullamh céadna
ag seunadh a ngaoil le muintir na hÉireann.
Is fíor, ó am go ham, go raibh duine géar-
intinneach thall nó i bhfus ag lorg créad do
bhí i seansgríbhnibh Éireann, agus créad an
gaol do bhí ag an nGaedhilg le teangthaibh
eile na cruinne. Budh dhíobh so Leibnitz
Eadbhard Lhwyd, Samuel Johnson, Éamonn
de Búrca, acht ní raibh fear le freagra do
thabhairt orra; agus do theip sé mar an
gcéadna ar lucht an fhír-eólais Bopp
Pictet, etc., so do rádh go cinnte.



Fá dheoidh d'éirigh Caspar Zeuss, agus d'fhuas-
gail sé na ceasda úd; do tharraing sé as
an tuinn-ar-bogha i n-a rabhadar dá mbas-
gadh na hollamhain Ceilteacha; agus ní ar
theangthaibh na gCeilteach amháin do thug sé
solus i ndorchadas; do bhí teangtha eile na
hEorpa fá'n dubh-neul céadna. Atá fós
iliomad focal agus modh labhartha 'san nGaedhilg
ar nach bhfuil eolas cinnte; acht do thais-
bean Zeuss an bealach chum an eólais so
d'fhaghbháil, agus déanfaid sgríbhneóiridhe an
IRISLEABHAIR, i ngearr-shuim de bhliadh-
naibh, na dócamhail so uile do réiteach.



Seaghán Plémion.
Baile Átha Cliath,
Lughnasadh, 1895.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services