Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rudimenta Physionomae

Title
Rudimenta Physionomae
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac Niocaill, G.
Composition Date
1583
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1963)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Dá raibh gné ghlass nó bhuidhe ar neach is comharrdha sin gan a
sháith bherbhfa d'fhagháil do dhuine; agus dá raibh sé beg maille fri sin,
is comharrdha sin ar a nádúir do bheith uiresbhadhach aige. Máisedh,
seachuin cumann na ndaoineadh nglas agus mbuidhe, óir bídh siad mailíssech
ina cumann.



Ittem, dá raibh neach dot fhéchain a bhfad agus uamhan air romhad
agus é dod dhercadh go menic agus osnadhach éignech aige agus togra dhér fá
n-a shúilibh, tuig gurab ro-inmhuin leis-sin thú, agus go bhfuil egla air
romhad; agus dá nderna a chontrárrdha sin, is formadach taithírech
atá ort.



Sechain agus caomhain tú ar gach uile dhuine mí-amhunturach agá mbíd
boill uiresbhadhacha aige ass a thosach.



In té imorro roinnes risin méid mhedhónaigh maille re súilibh dubha
agus re folt dubh agus re haghaidh chruinn, issé is messardha agus is ferr
intaobhtha ann. Item, is maith gile agus duibhe agus deirge go haontadhach
messarrdha maille re corp iomshlán agus re suidhiughadh comhthrom agus re cend
inmhedhónach idir a bheith beg agus mór, agus begán briathur do rádh
acht munab éigin dó, agus guth inmhedhónach gan a bheith ard iná íssiol;
agus dá raibh neach ag dul a nduibhe agus a cróchdhacht is maith an comharrdha
sin, agus bídh agad ina chaomhthach agus ina chompánach; agus ní dhénuimsi
annso acht begán éigin do mhíniughadh do réir mh'intlechta dhuid, agus derbh
pféin do réir do thuicsena.


L. 272


Itim dá raibh folt mín buidhe ag neach foillsighidh sin connlacht
agus intinn daingen. Dá raibh mórán finnfaidh ar chluassuibh duine
foillsighidh sin diúidiocht agus burba agus grádh uaignis agus égcóra agus
mórán feirge agus ceilge; agus foillsighidh an finnfadh dubh duine fírindech
intaobha agus grádh don chert aige; agus dá raibh inmhedhónach idir an dá
dhath sin is grádhach foighidnech hé.



Item dá raibh súile móra ag neach is formadach mórtusach hé.
Gidhbé agá mbíd súile dubhghlassa is gér a radharc agus a thuicsi agus is
innruic hé. Gidhbé agá mbíd súille tenda agus aghaidh thend is mailísech
eisionnruic hé. Gidhbé gá mbíd súile a cosmhailes shúl assail is
cruadh-intindech é. Gidhbé gá mbídh súile luatha agus féchain ghér is gaduighi
mailíssech eisionnruic hé. Dá rabhuid súile derga ag neach is menmnach
agus is láidir agus is cumhachtach agus issíad an drong agá mbíd boill dhubha
nó dherga nó dhubhghlassa nó gheala nó bhuidhe ar a súilibh daoine
is messa intaobha dona huile dhaoinibh.



Dá raibhe mórán finnfaidh ar mhailghibh duine foillsighidh sin
leisce labhartha air; agus dá raibh ardmhailghech ag dul dochum na harach
siar, is nemhghlan na daoine sin. Dá rabhuid mailghe tana ag neach
gan a mbeith rofhada ná rogherr, agus bann leithne ionnta, is comharrdha
sin ar a bheith inntlechtach deghmheabhrach.



Gidhbé gá mbí srón tanaidhi is fergach; gidhbé gá mbí srón fhada
agus a barr ag dul dochum an chruimbeoil, is duine amhnáirech é. Gidhbé
gá mbí srón ghengcach, is fergach coinntindech cendairrcech é. Gidhbé
gá mbí srón fhairsing, is buainfhergach hé; agus an uair is lán an
tsrón ass a lár agus sí ag fáss tríd amach, is brégach an duine sin; agus gidhbé
gá mbí srón inmhedhónach idir fhad agus ghirre, agus gan phuill mhóra innti,
issé sin duine is ferr intaobha agus is innraca dhíbh.



Gidhbé gá mbí aghaidh inmhedhónach gan a beith rolom, is
carthanach tuicsech umhal.


L. 273


Gidhbé gá mbí bél lethan, is ámhnáirioch brégach aithrissech é.
Gidhbé gá mbí iomarcaidh fheola ar a aghaidh is nemhthuicsech brégach é.
Gidhbé gá mbí aghaidh thanaidhe is inntlechtach foighidech hé. Gidhbé
gá mbí aghaidh ag dul a mbuidhecht, is drochdhuine
agus is mealltóir mailíssech agus lochtach agus is mescamhail.



Gidhbé gá mbídh cluassa bega is aimhlesach ainbhfessach suirghech,
agus is gadaighe é.



Gidhbé gá mbí guth inmhedhónach edir chaoile agus reimhre is
egnaidhe agus is innraic agus is comhailtioch. Gidhbé gá mbí guth remhar
is brégach aithrisech hé. Gidhbé gá mbí luathbhriathra remhra gothacha
is fergaighe é ná an tí gá mbí guth caoilbhriathrach, agus bídh drochbhéssai
aige leis. Gidhbé gá mbí comhrádh iomshlán, is formadach agus is
áibherseoir hé.



Gidhbé gá mbí mórán gluassachta an uair bhíos ag comhrádh (agus gluais)
agus gluaisios a lámha go menic, (agus) is duine dhár dual bheith 'na
mhealltóir bhrégach aithrisech é. Gidhbé chongmhus a lámha ar a ghlún
an uair bhís ag comhrádh, is tuicsech agus is foirfe do gach ealadhna é.



Gidhbé gá mbí muinél caol fada is ainbhfiossach agus is mailíssech.
Gidhbé gá mbí muinél gerr is dual dó bheith bedaighe agus bheith 'na
mhealltóir bhorb neimhnech. Gidhbé gá mbí muinél remhar is dual dó
bheith ainbhfessach mórtusach.



Gidhbé gá mbí medhón mór is neimhdheisgréidiuch agus is borb agus
bídh 'na mhealltóir agus is inmhain bheith ag mnáibh. Dá raibhe
medhón inmhedhónach ag neach, foillsighidh menma ard do bheith aige,
agus a bheith 'na chomhairlech mhaith; agus dá raibh corp lethan agus slinnéin
remhra ag neach, foillsighidh sin duine intlechtach deghealadhanta,
agus is dú dhó fós bheith anbhfann coinntindech. Dá raibh corp tanaidhe
uile ag neach agus coimpléx inmhedhónach iomshlán, is comharrdha sin
ar dhuine do bheith gníomhach derbhthai deghchoinghill. Dá raibh
guaille arda agus slinnéin arda ag neach foillsighidh sin a bheith eisionnruic
garbh.


L. 274


Dá rabhuid lámha fada roichfes a ghlúine ag neach, foillsighidh
sin amhnáire agus deinmhne agus daonnacht an duine. Dá rabhaid
lámha gerra ag neach, is comharrdha sin ar a bheith ainbhfessach,
agus mian cendairce air.



Dá rabhuid dernonna fada agus meóir fhada ag neach, foillsighidh
sin a bheith ullamh dochum móráin d'ealadhnachaibh ceolmhura do
dhénamh, agus is egnaidhe tuicsech deghriaghalta an té gá mbí.



Dá rabhaid cossa remhra feolmhura ag neach, foillsighidh sin
diúidecht agus grádh na hégcóra aige. Dá rabhaid cossa bega ag neach,
foillsighidh sin cruass agus édtroma intinne aige. Dá rabhaid cossa caola
ag neach foillsighidh sin ainbhfhios. Dá rabhuid cossa remhra
ag neach foillsighidh sin foirtillecht agus amhnáire. Dá rabhuid luirgne
lethna agus troighthech lethan fada ag neach, foillsighidh sin croidhe
láidir. Dá raibh mórán ainbhfeola ar a ghlúinibh nó ar a luirgnibh,
foillsighidh sin maoithe chroidhe agus anbhfainde bhríghe.



Gidhbé gá mbí coiscéim lethan mhall, is comharrdha sin ar
a bheith sona 'na oibhrighthibh dhó; agus gidhbé gá mbí coiscéim gherr
luath, is daor agus miscnach a inntind.



Gidhbé gá mbí feoil bhog agus gan a bheith robheg iná romhór acht
a bheith inmhedhónach, is maith an comharrdha sin do réir
nádúire, agus is maith a chuimhne. Adeir "pissinomía" gurab éigin mórán
do thiomarguin dochum aithenta na comharthadh sin, agus drong dhíbh do
ghabháil le chéli .i. a luirgne feolmhura agus a nglúine agus ngotha messarrdha
edir a bheith remhar agus caol agus dernonna agus meoir fhada aca, agus a roinn
re chéli, agus gáire inmhedhónach agus toil inmhedónach nemhsgaoilte agus a
bheith fáilidhe subhaltach agus reliqua.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services