Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rothaidheacht.

Title
Rothaidheacht.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Rothaidheacht.



Is móide is fiú an t-alt so a chur os comhair lucht
léighte an IRISLEABHAIR, forfhógartha do bheith dhá
dtaisbeáint againn ag baint leis an ngnó gceudna,
le rothaidheacht.



Is é an tAthair Peadar O Laoghaire do cheud-chuir i
gcóir an clár so thíos ag tabhairt garma ar gach ball
de'n rothar.



Rothar, bicycle, cycle.
Rothaidhe, cyclist.
Rothaidheacht, cycling.
Rothar trí roth, tricycle.
Cluas, handle.
Slat, handle-bar.
Muineál, handle-bar.
Gabhal, fork.
Beann, prong of do.
Roth, wheel.
Fearsad, axle.
Mul, hub.
Ga, spoke.
Ga láir, direct do.
Ga imill, tangent do.
Fonnsa, rim.
Bolg, air-tube.
Bonn, tyre.
Bolg-bhonn, pneumatic tyre.
Bonn cruaidh, solid do.
Bonn Bog, cushion do.
Iallaid, diallaid, saddle.
Cos iallaide, saddle-pillar.
Luasgán, spring.
Troighthín, pedal.
Guala, crank.
Fiacail, cog of wheel.
Slabhradh, chain.
Díon Lathaighe, mudguard.
Grán, ball, balls.
Ar Ghrán, on ball bearings.
Dealbh, cabhail, frame.
Cnó, nut.
Sgriú, sgriobha, screw.
Tnachair, wrench, spanner.
Deócán, valve.
Caipín, cap.
Teannaire, pump.
Teannadh, to pump.
Teann, pumped tight.
Priocadh, puncture.
Slaod, solution.
Cosgaire, brake.



Tá tuilleadh ann, acht ní beag linn an meud sin de'n
chor so. Níor ceapadh na focail sin mar dhlighthibh
Méideach agus Peirseach, gan athrughadh gan mhalairt choidche.
Má's féidir le duine ar bith ainm níos fearr do
cheapadh d'aon cheann acha, ní'l toirmeasg air.



Gan aimhreas ar domhan beidh an rothar 'na chabhruigh-
theoir chumasach do lucht chosanta na Gaedhilge uaidh seo
amach. Budh mhór an náire dhóibh gan a bheith i gcumas
dóibh gach uile bhall de d'ainmniughadh as Gaedhilg.



Dála na bhforfhógra, is í mo chomhairle féin do gach
aon atá ar tí rothair do cheannach, gan aon ní do
dheunamh nó go bhfeuchaidh sé a mhaithe agus a sháoracht agus tá
siad dá ndíol ag Mac-an-tSagairt i nAth-Cliath agus i
gCorcaigh. Is Gaedheal é féin nár labhair acht Gaedhilg
go raibh sé i n-aois a chúig mbliadhan deug. Maidir
leis na bonnaibh so d'a ngoirthear “Grapplers” is í
baramhail a láin nach bhfuil a sárughadh ar fagháil.
Deuntar iad go léir i nÉirinn ag Eireannchaibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services