EASY LESSONS IN IRISH.
EXERCISE XCIX.
sean-athair
sean-mháthair
sean-fhear
sean-bhean
sean-chapall
sean-phíopa
572.
sean-duine
sean-tír
sean-diuidín
sean-teach
sean-toigh
sean-dún
573. Fuair mé sean-diuidín in mo phóca.
Ná fág an tsean-tír fós, béidh
mé ag dul leat. An bhfaca tú an sean-
duine shíos ar an aonach? Ní fhaca mé an
sean-fhear, acht chonnaic mé an tseanbhean.
Atá Eidhmonn aosta, atá sé 'na sheanfhear
anois. An bhfaca tú an sean-teach atá
shuas ar an sliabh? Ní'lid 'na bpáisdibh
anois, atáid 'na buachaillibh láidire.
Fuair mo shean-athair bás. Bhí an bád beag
agus an bád mór ar an oileán úd, atáid
'na mbádaibh maithe. Atá mac óg ag Niall,
agus atá sé 'na bhuachaill mhaith, láidir anois.
Béidh píopa agam i mbárach, ní'l agam
indiu acht sean-diuidín.
576. We can say either -
bidheann mé
bidheann tú
bidheann sé,sí
bidheann sinn
bidheann sibh
bidheann siad
or use the better form-
bidhim
bidhir
bidheann sé
bidhmid
bidhthí
bidhid
The form bidhthí is hardly ever used. Instead of
bidheann the older form was bí,
still used in Ulster.
578. Ní
bhidheann Nóra ag obair;
an mbidheann
tú ag obair?
Bidhe-
ann an púca 'na chapall ins an oidhche.
580. Ní bhidheann ciall ag na páisdibh
óga, agus ní bhidheann ciall ag na sean-
daoinibh, go minic. Bidheann sioc ar an
mbóthar ins an ngeimhreadh, acht bidheann an
bóthar tirim ins an aimsir so. Ní bhidheann Nóra
ag obair anois, atá sí aosta. An
mbidheann aimsir gharbh ar an bhfarraige?
Atá mo long ar an bhfarraige
anois, atá sí ag dul go tír eile. Ná cuir
an seol mór ar an mbád. Ní
bhidheann feur ar an gcnoc so, ata sé lom,
ní bhidheann tráithnín ag fás air. An bhfuil
tuirse ort? Ní'l acht ata tuirse ar an
mbuachaill so. Tabhair deoch
do'n láir, ní'l tart ar an gcapall
atá muirighin mhór ar an bhfear ó so
anois acht ata sé 'na fhear láidir, agus
bidheann sé ag obair. Ní bhidhim amuigh ins
an oidhche; bidhmid astigh ag an teine. An
mbidheann an aimsir fliuch ins an Oileán
úr? Bidheann sí fliuch go leor ins an
ngeimhreach.
581. A common case of eclipsis: Nouns
in the singular number, preceded by a pre-
position and the article an, suffer eclipsis o
the first consonant -
ins an ngeimhreadh
ar an mbóthar
ins an bpáirc
ar an gcnoc
ins an bhfíon
ins an bhfoghmhar
Atá poll ar tigh.
584. SOME SIMPLE PROVERBS, &c.
Bidheann ádh ar amadán
Bidheann an fhírinne searbh
Ní bhidheann treun buan
SAYINGS.
585.
Ní'l neart agam air,
Ní'l leigheas agam air,
Beannacht leat. Go n-éirighidh
ádh leat
go n-éirighidh an t-ádh leat.
586. Go meuduighidh Dia thú
Go meuduighidh Dia do stór
CII.
ECLIPSE - FURTHER EXAMPLES.
587. Ins an mbaile,
sa mbaile, as,
an bhfuil fear an tighe 'sa mbaile?
Ní'l
bean an tighe 'sa mbaile anois.
Distinguish between 'sa mbaile, or ag baile, at home;
a bhaile, homewards; ó bhaile,
from home.
Ins an gcúinne
588. We have already seen
Atáim mo(luighe)
Atáir 'do(shuidhe)
Atá sé 'na(sheasamh)
Atámuid 'nar(luighe)
Atáthaoi 'n bhur(suidhe)
Atáid 'na (seasamh)
We have now to add -
Atáim mo(chodladh)
Atáir 'do(chodladh)
Atá sé 'na(chodladh)
Atámuid 'nar(gcodladh)
Atáthaoi 'n bhur(gcómhnuidhe)
Atáid 'na (dtost, ndúiseacht)
Atá sí 'na luighe, 'na suidhe, 'na seasamh,
'na cómhnuidhe, 'na tost, 'na codladh,
589. An bhfuil tú 'do chodladh
fós? Ní'lim, atá mé 'mo dhúiseacht
níl codladh orm. Atá bean an
tighe tinn anois, bidheann sí 'na suidhe ina
an gcúinne. Bí 'do thost, a Phádraig, ní'l
ciall agat. Ní bhidheann bean 'na tost go
minic. Bidheann ciall ag amadán. Atá
Donnchadh 'na sheanfhear anois, agus ní
bhidheann se amuigh. Atá Pádraig agus
Seumus 'na gcodladh. An bhfuil
an bárd 'na thost?
focal
sean-fhocal
Atá an bhean úd 'na tost, ní fhuil focal
aici. Nuair tháinig Pádraig go h-Éirinn,
ní raibh se 'na thost. An raibh Dómhnaill 'sa
mbaile indé? Ní raibh, bhí sé as baile, bhí sé
ar an aonach. An bhfuil seanfhocal ar bith
agat? Go mbeannuighidh Dia dhíbh; tar isteach
a Dhiarmuid, agus suidh síos. An bhfuil fear
an tighe ins an mbaile anois? Atá capall
uaim. Bhí an seanduine 'na shuidhe ins an
gcúinne, agus bhí an páisde beag 'na sheasamh
shuas ar an stól. Bhí an Rí 'na luighe, acht
ní raibh sé 'na chodladh, bhí eagla air.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11