EASY LESSONS IN IRISH.
EXERCISE XCIV. -(Continued).
542. Ní fhaca mé t'athair
ar an aonach indiu. Ní raibh sé
amuigh indiu, atá sé 'n-a luidhe, atá tinneas
mór air. Tinneas? mo leun, atá brón
orm anois. Atá biseach air anois, acht indé
bhí sé tinn, tinn. Cia an luach thug tú ar
an talamh so? Ní fhaca mé an fear úd ar
an aonach. Cia an fear? Cia mheud thug
siad ar an áit so? Thug siad ceud punt
agus atá cíos mór, trom, orra.
Rinne Eudhmonn agus Seaghan margadh
maith, cheannuigh siad an áit sin ar fiche
punt.
544. SOME COMMON PHRASES.
buidheachas le Dia!
glóir do Dhia!
in ainm Dé.
EXERCISE XCV.
TO NEED, WANT.
545.
Atá leabhar uaim.
Cad atá uait?
546.
uaim
uait
uaidh
uaithe
uainn uaibh
uatha
547. An bhfuil airgead uait? Ní'l; atá
airgead agam, dhíol mé bó ar an aonach
indé, agus fuair mé fiche punt uirri. Cad
'tá uait? Atá capall uaim. Atá sinn
ag obair indiu agus ní'l capall againn. An
bhfuair tú an fheoil mhaith úd ar an margadh?
Fuair mé; cheannuigh mé an t-arán agus an
fheoil so indé. An bhfaca tú an baile mór
atá ar an Muaidh? Chonnaic mé; Baile an
Átha - sin an t-ainm atá air.
549. Phrases - Slán leat!
Go dtéidh tú slán
Beannacht leat
Go soirbhighidh Dia dhuit
EXERCISE XVCVI.
551.
'tá mé
'tá tú
'tá sé,sí
'tá sinn
'tá sibh
'tá siad
552. The older and better form is atáim. And so with the
other parts.
atáim
atáir
atá
atámuid
atáthaoi
atáid
553. We may notice that (1) the form atáthaoi, you
are, is now confined to the South, atá sibh being always
used elsewhere;(2) in West Munster the form ataoi,
taoi(thee) is used for atáir in many phrases; as
sonn ataoi, here you are? ca'nnas 'taoi?
(3) The other forms
are in use, especially in answers to questions. The use
of atáim, atámuid, &c., for atá mé, atá sinn, is one of
the best tests of a good speaker of Irish. (4) In Munster,
atámuid (usually spelled atámaoid), is
used for atámuid, the last syllable being lengthened.
An bhfuil tú astigh? Atáim.
An bhfuil sibh go maith? Atámuid.
554. In the same way instead of
ní fhuil mé, an bhfuil sibh? it is better to
say ní fhuilim, an bhfuilimid? Thus -
fuilim
fuilir
fuil
fuilimid
fuiltí
fuilid
Fuiltí is only spoken in the South.
555. ní'lim, I am not
ní'lir, thou art not
ní'l, sé, sí, is not
ní'lmid, we are not
ní'l sibh, you are not.
ní'lid, they are not.
557. Cionnus táir? Ca'nnus 'taoi?
An bhfuilir go maith anois? Atáim go
maith, míle buidheachas le Dia. Cá bhfuil
Diarmuid agus Cormac? Ní'lid astigh,
atáid amuigh anois. Ní'lmid saidhbhir.
atámuid bocht, ní'l airgead againn, atá
ocras agus tart agus brón orainn. An
bhfuil lúthgháir ort anois? Atá lúthgháir
mhór orm, bhí cumha orm indé. Bhí
Maolmhuire astigh. Cad atá uaidh? Atá
an t-airgead uaidh, agus atá deifir mhór
air. An bhfuiltí tinn? Ní'lmid tinn;
ní'l tinneas ar bith orainn, acht atá fearg
orainn. Atá an bhean bhocht; an bhfuil
imnidhe uirri?
563. Ní'lim im' fhear shaidhbhir fós, ní'l
an t-airgead agam; acht atáir it
fhear láidir, atá an tsláinte agat, agus
ní'l brón ná imnidhe ort. Ní'l Nóra aosta
atá sí 'na cailín óg, láidir. Atá an capall
óg ag fás suas, atá se 'na chapall bhreágh,
láidir anois. Atáir id' chailín mhaith anois,
a Bhrighid, atá ciall agat.
564. Bhí Art 'na fhlaith uasal
Ní raibh Pádraig 'na shagart an uair sin.
Dún na nGall
EXERCISE XCVIII.
565.
Béidh
Ní bhéidh
An mbéidh sé?
I mbárach
Dia dhíbh! a Dhiarmuid agus a Thaidhg,
cionnus atáthaoi indiu? Atámuid go maith,
go raibh maith agat, a Phádraig. Atá aimsir
bhreagh againn anois, buidheachas le Dia.
Atá sé 'na lá bhreagh anois, bhí sé trom go
leor ar maidin. An mbéidh sé fliuch? Ní'l
'fhios agam féin go deimhin, ní bhéidh sé fliuch
indiu, acht béidh sé fliuch orainn i mbárach.
An mbéidh tú ag dul go Gaillimh i mbárach?
Ní bhéidh, bhí mé i nGaillimh indé agus
cheannuigh mé lár bheag ar fiche punt, ní
fhaca mé Láir mhaith eile ar an aonach. An
raibh sé 'na aonach mhaith? Atámuid bocht
anois, acht béidh airgead go leor againn
fós. Atá crudh nuadh ar an láir.
An mbéidh Eudhmonn 'na fhear mhór?
567. Ní'lmid in ar bpáisdibh.
Ní'l sibh in bhur bhfearaibh maithe.
Ní'lid ina mbuachaillibh maithe.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11