Crann Donóige.
Bhí fear ann aon uair amháin, agus is cuma
gá h-acú bhí no nach rabh, agus bhí sé ag obair
aige sgolóig. Thug sé bárr áite a bhaile,
agus dubhairt se le n-a mhraoi, agus “N'air a
éireacha tú ar maidin, fogh criathar, agus n'air
a bheidheas an mhin criathraiste, cuir isteach
'san usgáid í.” D'éirigh a' bhean, agus fuaidh
sí a' criathrughadh na mine. Chuir sí lámh i
n-a h-asgall 'chuartuighe míl. Thuit a'
míol 'sa min. Fuaidh sí a chuartughadh an
mhíl fríd a' min. Cha dtioc' léi a fhághail.
Thug sí amach ar a' chroc í. Thainic gaoth
mhór, agus thug se leis a'mhin, agus 'tea't a bhaile
do'n bhfear 'san oidhche, choinic se an talamh
geal. 'Tea't isteach dó chuige n-a bhean,
“Cha n-fheil 'fhios agam,” adeir se, “go dé
d'fhág a' talamh gá geal gan sioc ná
snea'ta.”
“Mise fuaidh a' criathrughadh na mine,”
ars' a bhean, “Thuit míol uaim. Chá dtioc'
liom a fh'ghail. Thainic gaoth mhór, agus thug sé
an mhin uilig uaim”
“Ó! Crann donóige bo't!” ars a' fear,
“anois ní'l againn ach' bútais óir, agus coin-
neáchamuid le h-aghaidh na coise tinne e.”
Lá ar n-a bháireach d'éirigh an fear go
moch ar maidin, agus fuaidh se 'un a chuid oibre.
Char bh'fhada go dtainic fear isteach 'rabh cos
fhríthir aige. Chuir an bhean fáilte roimhe.
“Céad fáilte dhuid,” adeir sí, “b'fhéidir
gur tú fear na coise tinne.”
“Ó, tá sí tinn go leor, a ghrádh,” adeir
se.
“Má tá, tá rud maith innseo 'fhéitheamh
ort,” agus leis sin, thug sí an bhútais óir dó.
Thainic a' fear a bhaile 'san oidhche o'n
obair. “Tomhais gá h-é bhí agam indiú,”
ars' a' bhean.
“Gá h-é bhí agat?” adeir se.
“'Fear eadaidh 'rabh an bhútais óir
agad a' féitheamh air.”
“Ó! Crann dona bo't! Chá rabh sin a'
féitheamh ar aon nduine agamsa, ach' 'a
choinneáil duinn fhéin go mbéidheadh grai-
theach againn leis. Well, feadfhamuid a
bheith 'siubhal ar fad as a' toigh. Ní'l
againn anois ach'crocán ime,” adeir se,
“coinneáchamuid e 'féitheamh ar sgríob liath
an eárraigh.”
Ar maidin lá ar n-a bháireach, d'éirigh
siad go moch go deachaidh an fear' un na
h-oibre. Thainic fear isteach 'rabh cionn
mór liath air.
“B'fheudfhaidhe gur tusa Sgríobh liath an
eárraigh,” adeir sí.
“Mh'fhíorc go bhfuil me liath go leor,”
adeir se.
“Ó! Ársaigh an fhírinne! Má's tú
Sgiob liath an eárraigh, tá rud maith innseo
a' féitheamh ort.”
Fuaidh sí síos 'un a rúim-sa, agus thóg sí an
crocán ime air. N'air a fuair se an
crocán, bhain sé amach.
Thainic a'fear a bhaile 'san oidhche.
“Tomhais cá h-é bhí agam,” adeir sí.
“Cá h-é bhí agat?”
“Sgríob liath an eárraigh, 'fear a rabh an
crocán ime agad a' féitheamh air.”
“Ó!” adeir se, “Crann donóige bo't!
Chá rabh 'féitheamh ar aon nduine againn.
Ní'l againn anois ach' a' mart a mharbhadh;
béidh sí 'n-a tarsainn do'n ghobáisde,”
adeir se.
Fuair sé búisdeáir ar maidin, agus dubh-
airt se leis a' mart a mharbhadh. Mharbh an
búisdeáir a' marta mharbhadh. Mharbh an
búisdeáir a' mart, agus chuir sé isteach 'sa
tobán i. D'imthigh an fear 'un na h-oibre.
Fuair a' bhean sgian, agus d'fhág sí píosa feola
ar gach aon ghas gobáisde 'a rabh 'sa ghárr-
dhaidh.
Thainic a' fear a bhaile fá choinfheasgar,
agus é claoidhte sáruigh'e. Chuaidh siad a
chodladh. Chár bh'fhada gur dhúisgigh an fear
'san oidhche. D'fhiostraigh sé do'n mnaoi,
“Go dé 'bheir a léa't seo 'mhadaidh' fá'n
toigh?” “B'fhéadfhaidhe go bhfeil aig an
fheoil,” adeir sí. D'éirigh an fear a's chuir
se a chuid éadaigh air.
“Imeácha me anois,” adeir se, “Béal mo
chinn!”
“Béidh mise leat,” ars a'bhean.
“Chá bhíonn!” ars a' fear. “Cá bhionn
tú liom,” adeir se, “Má bhíonn tú liom
tarrainn a' dorus in do dheidh.”
D'imthigh siad leobhtha go rabh siad ag 'ul
trasna cloidhe. N'air a fuaidh an bhean
trasna, rinn a' dorus tarann mór.
“Go dé siud?” adeir se.
“Ó, an dorus,” adeir sí, “Nár úbhairt
tú liom an dorus a tharrainnt 'mo dhéidh?”
D'imthigh siad leobhtha go rabh istigh 'sa
choill. Chuaidh sé suas ionna gcrann, 'is
lean a'bhean suas ins a' chrann e. Chár
bh'fhada go dtainic sgafta robairidh. Bhí
dreis mhór airgid agus óir leobhtha. Labhair a'
bhean leis a'bhfear.
“Caithfe me an dorus síos orrthú,” adeir
sí.
Chaith sí an dorus orrthú. N'air a thuit an
dorus ar na robairidh', dubhairt fear acú,
“Nár 'ubhairt me stad do'n obair seo bhí
againn? Sin na spéarthaidh 'tuitim or-
rainn!” D'imthigh na robairidh 'n-a ríth a's
thainic an fear 's a' bhean anuas as
a'chrann. Chruinnigh siad a' t-airgead 's a'
t-ór. Chuaidh siad a bhaile. Bhí dóigh mhaith
orrthú go dtí lá a mbáis.
Sin é mo sgéal-sa, agus brobh in do bhéal-
sa agus ceapaire fada buidhe in mo bhéal-sa.
Ceithre mná déag a thainic ó'n Earraidh,
Nár bhligh bó a's nár fhuin arán,
Nár shníomh dúisin caol nó garbh.
'Féitheamh ort fhéin a's tú 'do leanbh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11