Peg. Pé duine aco badh rogha leis, a
Nóra, is dóigh liom go raibh cathughadh a
dhaoithin air féin nár dhein sé mar dhéanfá-
sa.
Nóra. Do dhein sé go haiféiceach é, agus go
botúnach. Níor bh' fhurus' do trí ghuidhe
d'iarraidh badh neamh-thairbhighe 'ná na trí
ghuidhe d'iarr sé. Ní fheadar 'an tsaoghal cad
do bhain do. Trí ghuidhe le fagháil aighe ar a
thogha agus ar a thuigsint féin, iad le fagháil aige
gan choingheall gan chol, agus níor bh'fhuláir do
gabháil de chosaibh ionta, agus annsain sparán
do ghlacadh ar an gcoingheall ba chruadha
dar cuireadh ar aon duine riamh. Níor bh'
iongnadh codladh na hoidhche dá bhaint de, agus
droich-fheuchaint ag teacht 'na shúilibh!
Síle. Agus an é sin do chuir an droich-
fheuchaint 'na shúilibh? Ó! Tuigim anois é.
Níor bh'iongnadh liom dá mbáithfeadh sé é
féin, agus a leithéid de chrann do bheith air.
Peg. Ní deirim ná go ndéanfadh sé rud
éigin dá shord, acht ná tiubhradh mar shásamh
do'n Fhear Dhubh é. Deireadh sé go minic i
n-a aigneadh féin, “Is liom na trí bliadhna
déag gan buidheachas do, agus caithfead iad go
cúil.”
Nóra. Is truagh nár fhán sé mar bhí aige
ar dtúis, i dtaoibh le n-a chrann abhall agus le
n-a mhealbhóig agus le n-a chathaoir shúgáin.
Gob. Agus dar ndóigh, dá bhfanadh sé mar
sin, a Nóra, ní bheidheadh aon bhean uasal ag
feuchaint 'na dhiaidh.
Nóra. Mhaise ní móide gur bh'fhearra dho
riamh é. Ní fheicim féin d'uaisleacht i n-a lán
aco acht mór-chúis agus doithigheas agus tarcuisne.
Gob. Á! a Nóra, tá a fhios agam-sa cad
fé ndeár é sin uaireanta. 'Nuair chíd
cailíní beaga ná bíonn uasal agus bhíonn
níos maiseamhla 'ná iad féin, bíonn éad
ortha. Tá eagla orm, dá mbeinn-se uasal,
go mbeidheadh éád orm chughat-sa.
Nóra. Airiú, cad 'na thaobh, a Ghobnuit?
Gob. Fiafruigh de Shíle cad 'na thaobh.
Síle. Ní fhiafróchaidh sí de Shíle cad 'na
thaobh. Innseadh Gobnuit féin anois é, ó
tharraing sí an cheisd uirthi.
Peg. Is mór an bhean suilt Gobnuit, a
Nóra, acht bíonn an ceart aici uaireanta.
Cáit. Agus dar ndóigh, ní ceart do chailín
uasal éad ná mór-chúis do bheith uirthi, má
b'é toil Dé an sgiamh ainglidhe do chur ar
chailín bheag íseal.
Síle. Ní fheadar, a Pheg, na daoine atá
gránda ar an saoghal so, an mbeidh siad
breaghdha i bhFlaitheas Dé?
Peg. Ó a Shíle a chuid, ní bheidh aon-ne'
gránda i bhFlaitheas Dé, ach gach aon-ne'
níos breaghdha agus níos maiseamhla 'ná an
té is breaghdha dá bhfeacaidh súil duine riamh
ar an saoghal so.
Síle. Ní gadh dhóibh éad ná mórchúis do
bheith ortha, má 'seadh.
Peg. Ní bheidh éad ná mór-chúis ann, a
Shíle, acht chomh beag le haon nídh gránda
eile.
Síle. Nach truagh nár ghlac Séadna comh-
airle an aingil, i n-ionad bheith ag cuimhneamh
ar a mhealbhóig agus ar a chathaoir shúgáin agus ar
a chrann abhall agus ar na dailtínibh a bhíodh ag
imirt air!
Peg. Feuch féin ná ghlac. Acht is dócha
dá bhfaigheadh sé an dara hiarracht go
nglacfadh. Ní bhfuair sé an dara hiarracht.
Dhein sé a mhargadh. Dhein sé fé bhrígh na
mionn é, agus do bhí air é sheasamh. Bhí a fhios
aige go dian-mhaith, chomh luath agus thiocfadh an
lá deireannach de na trí bliadhnaibh déag,
go dtiocfadh an t-éiltheoir agus ná beidheadh
aon bhreith ar dhul i bhfolach uaidh.
'Nuair thug sé tamall maith 'na shuidhe ar
Charraig na gCearrbhach ag feuchaint 'na
thimcheall ar an radharc breaghdha, do lean
sé dá mhachtnamh:
“Nach mór a bhí mo chás ag déanamh buadh-
artha dho! D'airigh sé mé dá rádh go rabhas
'gan biadh gan deoch gan airgead.' Is iomdha
duine nach mé bhí gan biadh gan deoch gan
airgead, agus nach maith do sgaoil sé
thairis iad! … 'Níl an margadh ann
fós,' ar seisean. 'Bíodh 'na mhargadh' arsa
mise. Ní bheidheadh sé sásta leis an méid
sin. Níor mhór do na greamanna dubha do
chur ann. 'Dar bhrigh na mionn!' ar
seisean. 'Dar bhrígh na mionn!' arsa mise.
Dubhairt é gan amhras. Ní'l dul uaidh agam.
Má 'seadh, ní déarfainn é muna mbeidheadh
an chuma i n-ar mheall sé mé. Ní fheaca
riamh im'shúilibh cinn dath ba bhreaghdha 'ná an
dath a bhí ar an mám óir do thaisbeáin sé
dhom. Tháinig dúil mhalluighthe agam ann.
Tug sé céad punt dom mar mhalairt ar aon
sgilling amháin. 'Thabharfainn,' ar seisean,
'agus seacht gcéad, dá bhféadain a maith sin
do lot.' D'admhuigh sé nár bh'fhéidir a maith
do lot, toisg mé dhá tabhairt uaim ar son
an tSlánuightheóra ? … A maith do
lot! Cad chuige an lot? Cad ba ghádh é?
Má theip air maith na sgillinge úd do lot,
nár chóir go bhféadfainn tuilleadh maitheasa
do dhéanamh, go dteipfeadh a lot air. Tá
an sparán agam. Badh mhór an sult a chuid
airgid féin do chur ag déanamh staincín
air. Dar fiadh, 'sin mar dhéanfad é!
Thabharfadh sé seacht gcéad punt ar mhaith
aon sgillinge amháin do lot. Tá deich
mbliadhna agam. Is iomdha sgilling agus
pinginn agus punt fhéadfadh so thabhairt ar
son an tSlánuightheóra i gcaitheamh deich
mbliadhain. Beidh saothar air ag casadh le
lot na maitheasa go léir. Seadh! Tá an
lámh uachdair agam air sa' méid sin ar aon
chuma. Bainfeadh ceol as an sparán fós,
bíodh a's nach ar an gcuma i n-ar cheapas ar
dtúis é. An cladhaire bitheamhnaigh!”
Do bhí sé ag déanamh amach ar eadarthra
um an dtaca go raibh a mhachtnamh críochnuighthe
agus a aigneadh socair aige. Do éirigh sé 'na
sheasamh agus d'fheuch sé 'na thimcheall ar an
radhairc breaghdha.
“Tá deich mbliadhna agam, pé i nÉirinn
é,” ar seisean, agus thug se aghaidh ar an mbaile.
(leanfar de seo.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11