Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imtheachta.

Title
Imtheachta.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 127


IMTHEACHTA



Connradh na Gaedhilge i n-Ath Cliath.



27-9-95. Oidhche againn ag socrughadh le haghaidh na
léigheachta do bhí le tabhairt ag an Athair Peadar Ua
Laoghaire. Do bhí an sagart fíor-Ghaedhealach sin 'nar
measg. D'fhearamar fáilte roimhe, agus thug sé comhrádh
tadhbhachtach agus comhairle ar leas dúinn.



4-10-95. Léigheacht dá léigheadh go poiblidhe do'n
Athair Peadar Ua Laoghaire san halla dá ngoirthear
Leinster Lecture Hall, Molesworth-street. An liaigh
léigheannta, Seorsa Sigerson, 'na chathaoireach ann.
Tá an léigheacht sain dá moladh ag gach duine dá raibh
ag éisdeacht léi, ar a céill agus ar a clisteacht, ar a
brígh agus ar an breaghdhacht, ar gach ionsamhail agus ar gach
deismhireacht lán-oireamhnaigh léirmheasta dá dtug
an leughthóir ag nochtadh bríghe a rúin agus a aignidh dhúinn,
.i. mór-mhaitheas agus áilneacht do bheith i bhfilidheacht na
Gaedhilge nach féidir do dhuine do thuigsint gan lán-
taithighe do bheith aige san nGaedhilg; agus fós an
maitheas agus an áilneacht sain dá milleadh agus dá cail-
leamhaint, ar mbeidh aisdrighthe do'n fhilidheacht sain go
teangaidh eile. Do dheimhnigh sé dhúinn gur mór an
eugcóir a rádh gur ceol gan céill í an fhilidheacht
sain. Tá súil againn go bhfeicfimíd an léigheacht fá
chló gan ró-mhaill.



11-10-95. Na comhdhála ar siubhal mar is gnáthach.
Dhá aicme de lucht foghlama ag obair ann. Brabach
maith airgid de bhárr leigheachta an Athar Peadar Ua
Laoghaire againn.



18-10-95. Daoine dá n-ainmniughadh dhúinn do réir na
riaghal, chum go rachaidís chum togha, go dtoghfar fiche
duine aca 'na lucht ghnótha i gcomhair na bliadhna so
chugainn.



Seo mar labhair an fear cathaoire Seaghán Mac a'
Bháird ag an chruinniughadh bhí ins na Ceallaibh Beaga,
i gConda Dhúin na nGall.



“A dhaoine uaisle agus a cháirde. 'Sé bhur mbeatha go
mór 'un na gCeall! Tá súil agam nach mbíonn bhur
n-aisdear gan tairbhe, agus i ndiaidh ar gcinn a chur le
chéile go mbeidhmid i n-innimh rud éiginteach a dheanadh
leis an ghaedhilic a chongbháil beo. Mar támuid ins
an chonda so, sgapuighthe anonn agus anall, is doiligh
dhúinn mórán maith dheanadh, acht deanfamuid ar
ndícheall. Is mór an truaighe teanga ar sinsear, an
teanga do labhair Pádraic agus Colum Cille, a leigint a
dhíbirt as an tír. Dá mbeidheadh meas go leor ag na
hEireannaigh ortha féin agus ar a dtír, ní leigfeadh siad
do'n Ghaedhilic bheith 'ga sgrios as ar n-oilean mar atá
i n-áiteachaibh nach bhfuil Gaedhilic go coitcheann ag
na daoinibh tá i bhfad níos mó measa aca uirri 'ná tá
annso, agus tá sgoltacha ar bun aca, agus iad ag foghluim
teangadh dúthchais ar dtíre chomh cruaidh agus tig leo.
Ní hé sin é amháin, acht téidheann mórán díobhtha amach
thríd an tír, ag feuchail leis an chanamhuin fhoghluim agus
le bheith i n-innimh í labhairt. Dá nglacadh daoine na
Condae seo leath-oiread saothair, ní bheidheadh baoghal
ar an Ghaedhilic gan mairsteann dá labhairt i n-ar
measg. 'Siad na haithreacha agus na máithreacha go
háirithe na máithreacha is ciontaighe leis an droich-mheas
atá ar an Ghaedhilic. Thig liom so a chinntiughadh,
mar is minic a bhí páisdidhe agam ar an sgoil nach rabh
an-fhocal Gaedhilice 'na bploic, gidh nach rabh an-fhocal
Beurla ag na máitreachaibh.



Tugaimuid iarraidh ar Ghaedhilic a labhairt. Tuga-
muid fios nach bhfuil droich-mheas ar bith againne ar an
dteangaidh dhúthchais, acht go bhfuil droich-mheas mór
againn ar an dream a dtig leo a labhairt agus nach
labhrann í. Má théidhmid ún margaidh nó ún aonaigh,
labhramuid Gaedhilic leis na daoinibh a castar orainn
ar an bhealach. Agus anois eadrainn féin, nach deise
“Go mbeannuighidh Dia dhuit” agus “go mbeannuighidh
Dia 's Muire dhuit” 'ná na focla neamh-chiallmhar
adeirtear i mBeurla?



Sílim go bhfeudaim a rádh i dtaoibh na maighistridhe
sgoile, go bhfuil siad réidh le rud ar bith atá i n-a
gcumas a dheanadh do'n Ghaedhilic, agus ní orainne
bheidheas an locht, muna gcongbhaighthear beó í. Rud
eile adeirim libh, má leigeann an geinealach so do'n
Ghaedhilic bás fhagháil, i n-áit a bheith ag beannachtuigh
orainn agus ag guidhe ar son ar n-anam, bheidh ar sliocht
ag mallachtuigh agus ag easgcaoin orainn, agus is é ar
n-airidh é. Cuireann sé lúthgháir orm a chluinsteann
go bhfuil cuid de na sagartaibh ins an chonda so
ghnídheas seanmóir go coitcheann i nGaedhilic, agus tá ar
mbuidhechas go mór aca agus ag gach duine eile a
fheuchas taisbeaint go bhfuil grádh aige do'n Ghaedhilic.”



Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.



Oidhche an seiseadh lae de'n mhí seo do tosnuigh ar
mbuidhne a n-obair do dhéanamh arís. Do roinneamar
a raibh againn de sgoláiridhibh ar dhó, dá bhfágbháil
cuid aca i seomra ar leith leó féin faoi chúram an
Mhonachánaigh agus dá gcur an chuid eile aca i seomra
eile cois teineadh breaghdha i bhfochair an Stúndúnaigh.
Do leanadar d'á n-obair go dúthrachtach gan sgara-
mhain le chéile go dtí a deich.



Oidhche an deachmhadh lae, do lean buidhean an Mhona-
chánaigh d'á n-obair ghnáthaigh, agus do bhí sgoruidheacht ar
siubhal ag na cumanntóiribh eile. D'innis Seoirse
Seártan sgeul ar Chath Chéime an Fhéidh as Gaedhilg,
dá innisin dúinn gur chuir na “Buachaillidhe Bána”
na saighdiúraidhe chum reatha ann agus thug uaidh cuid
d'amhrán do chum Máire Bhuidhe, mar bhí sí ag feuchain
ar an gcath dá mbrosdughadh na buachaillidhe.



D'innis an Stúndúnach sgeul dúinn do b'fhiú a chur i
dteannta' na dTrí dTruaighe Sgeulaidheachta. Sgeul
do b'eadh é ar shagart dar bh'ainm Peadar Ó Cramh-
laigh — dearbhráthair sean-athar Pheadair Niallaigh Uí
Chramhlaigh, do marbhuigheadh i bhfogus do Choill Chille
Cluana i gcondae Chorcaighe aimsir na bhFiann — do
cuireadh ar an triangle san mbliadhain “ocht gceud
deug acht a dó,” ó nach inneósadh sé a raibh d'eolas ó
na saighdiúraibh dóibh um dhaoinibh éigin Gaedhealacha do
mharbh fealltóir do bhíodh ag iomchar feasa umpa chum


L. 128


muintire na coróine. Sgeul fada is eadh é agus atá
críoch iongantach air. Do sgríobh an sagart féin
cuntas air, agus atá macsamhail dá chuntas ag an Stún-
dúnach. Gheall sé dhúinn go ndeasóchadh sé é chum a
chlóbhuailte.



Oidhche an tríomhadh lae deug, do bhíomar go léir ag
obair arís. Bhí na tosnuightheoiridhe atá faoi chúramh
an Mhonachánaigh ag léigheadh leabhair de leabhraibh an
Athair Eoghan Ua Gramhna. Do bhí an bhuidhin eile ag
léigheadh an Irisleabhair.



Oidhche an seachtmhadh lae deug, do bhí sgoruidheacht ag
cuid againn, agus bhí na tosnuightheoirí ag leanmhuin dá
n-obair ghnáthaigh. Bhí an sgoruidheacht “thar bárr.”
D'innis an Stúndúnach sgeul sultmhar um ghníomhar-
thaibh a óige féin. Thug Domhnall Ua Seaghdha sean-
abhrán uaidh. Bhí gach re líne de i nGaedhilg agus i
mBeurla. D'innis Mac Uí Cheannfaolaidh sgeul ar
Mholaga agus ar an mainisdeir do chuir sé ar bun, agus ar
an uíde d'imthigh ar na manchaibh bhí innti le linn an
Chromaeligh do bhí i nEirinn, agus ar chailís óir do
fuaradh le déidheanaighe i bhfogus do'n áit i n-a raibh
an mhainisdir, agus go bhfuil an chailís sin i n-úsáid anois,
gach am adeirtear Aifreann i Seipéil Chlanna
Caoilthe i gContae Chorcaighe. Thug Cormac
Ó Conaill sgeul uaidh. Thug Donnchadh Pléimionn
ceann eile, agus do sheinn duine eile abhran. Bhí sluagh
mhór cumanntóir i seomra na dtosnuightheórach gach
oidhche, agus bhí na daoine seo i measg na sgoruidheachtórach
.i. Tadhg Ua Murcadha, Eoin Ua Murchadha, Osborn Ua
hAimhirgin, Domhnall Ó Birn, Conchubhar Ó Crimín,
Conchubhar Ó Ceallaigh, Pádruig Ua Loingsigh, Mac Uí
Laoiléis, agus daoine eile. Atá gach nídh ag dul chum
cinn go láidir.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services