Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mo Thír Ghlas Féin.

Title
Mo Thír Ghlas Féin.
Author(s)
Ua Séaghdha, Seumus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Mo Thír Ghlas Féin.



Séamus Ua Séaghdha ro-chan.



Ar shliocht na laoidhe Sacs-bheurla úd ag
Bernard Barton,
“My own Green Isle“



Cidh árd cnuic Alban coímh'thighe
I n-aoibhneas fíodhbhadh fiadhain,
cidh geal iad toibre mílse
Fiail-tíre Shasan shéimh,
Ag tasdal ann 'nuair bhím-se
'Seadh smaoinighim ort, mo mhéin,
A's fásann grádh mo chroidhe dhuit,
Mo thír ghlas féin!



Cidh mór d'ar fhág do thír ghlas
Ná cuímhnigheann ort, mo leun!
Níor dheil do spéis lem' chroidhe-se
I gcríochaibh fada i gcéin,
Am' lonnadh i dtriuchaibh coímh'theacha
Pé íseal árd dom' chéim,
is tú mo mhúirnín díleas,
Mo thír ghlas féin!



Comh geal im'shúil le tuínn ghlais
Do nigheann do bhánta réidhe
Gach caoin-bhean bhúidh d'inghin duit
Gach fíor-mhac tá 'na laoch.
Tá croidhthe fear id'thír-se
Ná smaoinigheann feill-bheart claon,
'Siad thuilleann ceannas groidhe dhuit,
Mo thír ghlas féin!



Is dóibh-sean grádhaim a's guidhim thu
Tar tuínn, mo mhúirnín chaomh,
Gurab glas do sheamróg choidhche,
Agus aoidheas id'spéir le gréin!
Nár thaobhuighid smúit na sgíos tu,
Nár ghnídh tú dubh ná breun,
Acht bail ó Dhia do shíor ort,
Mo thír ghlas féin!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services