Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cormac Óg. (Fuighleach.)

Title
Cormac Óg. (Fuighleach.)
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 87


Cormac Óg.



(Fuighleach.)



“Seasaimh!” ar guth binn uasal ó chúinne
na coille, agus le cumhachta an fhir dhraoidheachta
so d'fhan an bhean bhuaidheartha socair.



“Misi Domhnall na nGeimhleach. Sid í
fúm stail bhán Locha Léin. Maireann t'
inghean agus do chliamhain.



“Thugais d'éitheach,” ars an bhean, a súile
ar lasadh le feirg, “táid siad araon báidhte
'sa bhfhairrge choimhighthigh.



“Ná labhair mar sin, a bhean gan chéill,”
ar seisean. Chonnarcos an reacht i n-a


L. 88


rabhadar, mar chualas sgread ó'n bhfaoi-
leann sin, agus thángas ó Loch Léin i nós na
gaoithe. Ba mhór an truagh grádh chómh
fírinneach 's tá eatorra do ghearradh chomh
hobann. Do theasduigh iománuidhe treun
mear uaim le fada 'nuair a chonnarcas
cumann Chormaic Óig dá ghrádh, agus a chomhrac
le tuinn 's anfadh ag iarraidh í thabhairt slán
leis air tír, do phreab mo chroidhe am' chliabh
le hiomad onóire dhó, agus chaitheas mo bhrat i
n-a dtimcheall. Mairfid siad,” ar seisean,
agus d'fheuch sé suas air spéir na hoidhche, “chum
go mbuaidhidh an mhuir air an dtír agus go
mbeidhidh caisleán Áird Aodha faoi uisge.”



“Is dóigh liom ná hinneósfá breug,” ar
sisi;
“Ta scáil na fírinne id' rosgaibh glasa,
'S do leaca shéimh shleamhuin le greann ar
lasadh
Ta do chéim ríoghamhail, 's do phearsa calma,
Do chraobh-fholt óir air do ghuailnibh
leathna, -
Comharthaidhe an tréith, a mhéin 'sa mhaitheasa.
Tabhair maitheamhnas do mhnaoi bhoicht atuirsigh,
Nár chuir muinighin ad' ghnaoi chaoin cheanna-
saigh.
Tabhair marcuigheacht dam fé dhéin mo chaithise,
'S guidhfead go deo' chum Ríogh na bhflaitheas,
Trócaire thabhairt duit a bhí ad' fhear cúil
di,
'Nuair a chífead go dúlmhar lán mo shúl di.
“Ní fheadarais cad d'iarrais, tá uisgí
Locha Léin fuar.” “Fuilingeochad a bhfuar-
acht; tá mo leanbh le feicsint beo.”



“Tá Bran agus Sgeolán, cuin ríogh na
Féinne, faoi dhraoidheacht ann, níor bh'fhéidir
leat dul 'sa bhruidhin gan fhios dóibh.”
“Deunfad iarracht, tá mo leanbh le
feicsint beo.”



“Tá íochtar an locha lán do spallaibh
geura agus do chuasaibh sleagánacha, mar a
ngnáthuigheann péiste uathmhara, craos-
ocracha.”



“Triallfad thríotha air fad; tá mo
leanbh le feicsint beo.”



“Cionnus a thógfainn-si thu; ní raibh bean
riamh fós air chúlaibh Uí Dhonnchudha an
Ghleanna.”



“Thángas ó shíol Uí Shuilliobháin Bhéara;
air son grádha do mháthar tóg mé.”



D'feuch Domhnall air an spéir agus chruinnigh
deór 'na shúil ghlais. “Cuir ort an brat
sróil so, a bhean cheann-dána,” ar seisean,
“agus seasaimh air mo throigh, cuirfead mo lámh
faoi d'chaol; ní baoghal duit tuitim.” “Ní
fhuil pioc faitchis orm,” ar sisi. Ní túisge
bhí an brat uirri, 'ná gur chuir an stail ghlé-
geal siutar aisdi, do chrap sí suas a cluasa
agus d'fheuch sí air an mnaoi. As go bráth leo.
Níor labhair an bhean gíog eile, agus ní mó
labhair Domhnall. Soir leo tré na gleann-
taibh i nós gala gaoithe, soir fós fé scáil
na gcnoc, tarsna cnocán Chill Gharbháin go
bárr Ghleanna Fleisge; má chualaidh fear
tuatha torainn-chruidhte na staile glé-gile,
rinne sé fíoghar na croise air féin agus
dubhairt, “Ta Domhnall na nGeimhleach
amuigh.” Bhí an doineann imthighthe agus an
uain go ciuin. Síos leo cois na Mangarta
mong-ruaidhe, thré Mhurcros na gcraobh, agus fé
dheireadh chonncadar Loch Léin thrídh na
crannaibh, agus reulta na hoidhche dhá dtomadh
féin innti. Chualadar mac alla Chnoic
Tuirc a'magadh fé fhuaim bhúirfidhe an charr-
fhéidh ruaidh ó Ghleann Ádh. Chuir Domhnall
fead fhada as agus d'fhreagair an ceol sídhe ó
Ros an Chaisleáin é. Bhí an fiadh 'na thost,
choisg an sionnach a chuid uaille, agus chan
srotháin na sléibhte geoin bhinn ghlórach,
chuaidh beiriughadh agus fiuchaigh Easa Uí
Shúilliobáin i méid, mheasg an ceol sídhe
leis na ceoltaibh so, nós cur-fá na n-
aingeal, ghabh sluaighte Dhomhnaill na
nGeimhleach leath-bheann de rosg catha i
n-aoin-fheacht, agus níor chualaidh riamh
roimis seo ball de'n chineadh daonna ceol
budh chosmhail leis so.



“Fáisg ort an brat sin,” ar Domhnall
leis an mnaoi, “'nuair a chífir do leanbh, tar
air tír, caith uait an brat agus imthigh a bhaile;


L. 89


ní fheicfead-sa thu go fóill, ó tá báire le
himirt eadrainn agus dream ó Loch Rí.”



“Bhfuilid ag teacht, a cheann-urraidh?”
ar fear dá shluagh le Domhnall. Bhí seisean
fós air mhuin na staile gile, chuir se bas
chum a shúl agus d'fheuch sé eidir a mheuraibh air
an spéir thoir thuaidh. “Táid siad i Luimneach
anois, agus beidh siad annso fá chéadóir, ar
sé.” Tamall beag eile agus chualaidh an sluagh
fothrom. Sul a raibh aimsir acu ar feuchaint
timcheall, bhí an dream ó Loch Rí i n-a
measg. Chroth Domhnall lámh le gach duine
acu agus go mór-mhór le n-a gceann-urraidh, Ua
Conchobhair Roscomáin. Do ghleusadar iad
féin gan mhaill i gculadhaibh eudtroma sróil
agus síoda. Bhí fonnsaidhe óir air bhasaibh a
gcamán fuinseoige, i n-ionad fonnsaidhe
iarainn do bheidheadh ag fearaibh an tsaoghail
so, agus bhí feach nó cos gach camáin cumhduighthe
le croiceannaibh leasuighthe eascon.



“Cia bheidh i n'fhear cúil againn?”



“Beidhead-sa,” ar Domhnall, “agus beidh
Cormac Óg i n-a fear aimsighthe ag an
mbogha eile.”



“Teilg an crann-chur,” ar Ua Concobhair.
“Deas nó clé?” leis sin ag caitheamh a
chamáin i n-áirde. “Deas,” ar Domhnall.
“Deas is eadh é. Beidh an cúl theas agam.”
“Suas leis an liathróid,” ar siadsan. Thug
Domhnall na nGeimhleach poc do'n liathróid,
agus do thiomáin sé 'sa n-aer í, nós p'léir as
gunna. Thosnuigh an cluiche. Bhí trí fichid
fear, agus a gcamáin i n-áirde, ag faire air
an liathróid sin. 'Nuair a tháinic sí anuas,
do phreabadar uirri. Air feadh noimid, bhí
an ghasradh threun i n-achrann dá chéile, an
liathróid annso agus annsúd, sé no seacht
d'fhearaibh ar lár, an liathróid anois i gcrobh,
air ball ós cionn a gcinn, arís ag rith air
sgreamh an locha agus fiche camán air tí í
thógaint. Do fhair Domhnall iad go geur.
Fá dheireadh bhris fear amach as na hiomán-
uidhibh leis an liathróid. “Mo cheud greann
tu, a Chormaic Óig!”



Bhí liúgh 's gáir ag an mbuidhin, na
hiománuidhthe go léir i ndiaidh Chormaic, agus
Ua Conchobhair air cheann na tóire. Iarracht
fír-dhíreach fé dhéin an bhogha. Bhí fear cúil
Loch Rí clisde, dána, do choisg sé an liath-
róid, agus bhí sí arís ag leath-shlighe 'na measg.
Fuair ua Conchobhair poc fiochmhar, cruinn,
agus chuir sé í a bhfhogus de'n bhogha theas. Anois
a Dhomhnaill na nGeimhleach! Sgiob sei-
sean an liathróid ó dheichneabhar fear agus le
hárd-iarracht chuir sé í le fuinneamh a gheug
go dtí an bogha thuaidh. Thuit sí ag cosaibh
Chormaic Óig. Le prap na súl, do sgiob
seisean í ó'n gcosantóir agus chomh díreach le
gáinne i n-aimhdheoin an fhir chúil do bhuail
sé thríd an mbogha í. “Tá an báire leat, a
Dhomhnaill na nGeimhleach,” arsa Ua Concho-
bhair; “níor bhuail a leithéid sin d'fhear
riamh liom.”



Bhí bualadh bas, agus lúthgháir air gach taobh,
agus Cormac ag air ghuailnibh fear. Chonnairc
a máthair Úna ag briseadh croidhe ag gáirídhe
le háthas. Do dhein sí air a hinghin agus rug
sí barróg uirri. “An tu sin, a laoigh? —
shaoileas go rabhais báidhte, mo ghrádh go
deo' tú!”



“Táim go sásta suairc, a mháthairín ion-
mhuin; a bhfanfair-si i n-aoinfheacht liom?'
“Ní fhágfad go deo' thu, a chroidhe,” ars' an
mháthair. Do sheinn an ceol sídhe arís agus bhí
cogarnaigh agus suaimhneas i dTír na nÓg.



Mathghamhain Chinn Mhara.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services