Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Proverbs.

Title
Proverbs.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Galvin, D. J., Glashakinleen N. S., New
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 78


PROVERBS — (Continued)



From D.J. Galvin, Glashakinleen N.S.,
Newmarket, Co. Cork.



14. Ní'l aon-ne' gan a shlighe bheag ghránda
féin aige.



There is nobody without his own ugly
little way.



15. Grása Dé chughainn, agus bás i nÉirinn.



The grace of God towards us, and
death in Ireland.



16. Is dána gach madradh 'na dhorus féin.



Every dog is bold in his own doorway.



17. Dá mbínn-si agad' thigh-si, mar thaoi-si
agam' thigh-si,
Ní stadfainn de'n rith sin go righfinn
a-bhaile;
Ó thaoi-si agam' thigh-si, fan go lá,
'S dá mbínn-si agad' thigh-si, ní fhanfainn
go lá.



Were I at your house, as you are at
my house,
I would not stop of that race till I
reached home;
As you are at my house, stay till day,
And were I at your house, I would not
stay till day.



18. 'Chonách-san ar na daoine go bhfuil na
ba aca, mar adubhairt an fear 'nuair
d'fheuch sé amach maidin fhuar shneachta.



“Such luck attend the people that have
the cows,” as the man said when he
looked out on a cold snowy morning.



19. Is rí fear aon-tsúile i measg lá intighe
de dhaoinibh dalla.



A one-eyed man is king among a
houseful of blind people.


L. 79


20. Ní'l peacadh ar bith ar do mháthair, do
thóg sí amadán.



There is no sin on your mother, she
reared a fool.



21. Is gearr go mbeidh an mhinnseach níos
measa 'ná an sean-ghabhar.



Is it not long till the kid will be worse
than the old goat.



22. Nuair imthigheann t'airgead, imthigheann
do cháirde.



When your money goes, your friends
go.



23. Is minic nach é an capall is fearr
thógann an rás.



Often it is not the best horse that wins
the race.



24. Dá bhfeiceadh duine é féin, mar chídheann
daoine eile é, ní bheidheadh leath an
mheasa aige air féin.



If a man saw himself as others see
him, he would not have half the
opinion of himself.



“Tiocfad,” adubhairt fear le cailín,
“ad' fheuchaint arís -



'Nuair rithfidh na haibhne i gcoinne
an chnuic,
'Nuair bhéarfaidh na muilt na
huain,
'Nuair imtheochaidh na bric as an
abhainn
Ag piucadh na gceann 'san
uaigh.”



“I will come,” said a man to a girl,
“to see you again -



When the rivers run against the
hill,
When the wethers bring forth
the lambs,
Whe the trout leave the river
To nibble the skulls in the
grave.”



26. 'San áit a leagthar an crann,
Is ann a bhíonn na slisneacha;
'S an uair a thráigheann na leamhain,
Is sleamhan a bhíonn na leacacha.



In the place where the tree is felled,
It is there that the chips are;
And when the rivers (?) run shallow,
The flat stones are slippery.



From Cork City: —



Ag so cuid de na sean-ráidhtibh fuaramar
ag Connradh na Gaedhilge. — Osborn Ó
hAimhirgin.



1. Muna smachtuighir do dhailthín
Agus e choimeád go híseal,
Is measa é le beathughadh
'Ná coileán mac-tíre.



2. Gabháil de'n tuaigh seo
I mbaic a mhuiníl
Do'n té thabharfadh a chuid go léir
Do mhac ná d'inghin.



3. Ná tabhair cúl le comhairle ar mhaithe
leat,
Agus ná tréig an bhuidhean bheidheadh ar
tí do mhaitheasa,
Agus ná dóigh an athchuaille, ar eagla
gur gádh dhuit casadh uirri.



4. Ní cara gach bladaire.



5. Cailín ag Móir agus Móir ag iarraidh
déirce.



6. Mac-tíre i gcroiceann na fóisge (.i. na
caorach: oisg, Ó'R.)



7. Bíonn blas ar an mbeagán.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services