Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duan Mholta ar Shagart Éigin.

Title
Duan Mholta ar Shagart Éigin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Duan Mholta ar Shagart éigin.



Do bhí tuairim a's leath-cheud bliadhan ó
shoin ins an mBhaile nDubh i gConntae
Phortláirge. Tá dá bhaile 'san Chonntae
sin ar a nglaodhtar i mBeurla Ballyduff,
ceann aca i bhfír-iarthar na Conntae, idir
Lios Mór agus mainistir Fhear Muighe, agus an
ceann eile 'san oirthear, leath bhealaigh idir
Phortláirge agus Cill Mhic Thomáis. Acht dar
liom is é Baile Uí Dhuibh is ainm do'n bhaile
thoir, agus ní air so acht ar an mBaile nDubh i
n-aice an leasa Móir atáthar ag trácht 'san
dán so. Ní'l a fhios cia do rinne an dán.
Táid na litreacha so “E.S.K.” sgríobhtha
'na dhiaidh, acht ní dóigh linn gurab é an file
do sgríobh an chóib so againne. Luaidhtear
an cúigear so san dán .i. Wellington,
Stanley, Peel, Lyndhurst, Graham. Bhí
ceathrar aca .i. gach duine acht
Wellington, ins an gcabinet 'san mbliadhain
1841. Dar ndóigh is le linn a réime-se
do rinneadh an dán so. Ní hé a mhór-
mhaitheas acht a shimplidheacht fa deara dhúinn
a chur i gcló. Do bhí an sgríbhinn ag an
Athair Peadar Ó Cathasaigh (beannacht Dé
le n'anam), do bhí 'na shagart phobuil i
nDúin Garbháin, agus tar éis báis d'fhagháil dó,
fuair an tAthair Labhrás Ormond an
sgríbhinn, agus chuir ag triall orainne í.




Slán a's míle beannacht
ó thúaidh thar sliabh 'nois sagairt
atá lonnruighthe ó'n Sprid Naomh,
atá i gclú 's i gcáil mar aingeal,
'na chrann soillse 'nar measg-ne,
mar ch'róin ghlórmhair 'na taithneamh
i lár Pharrathais na reult.
Dá mbadh liom foghluim Horace,
bhí 'na ughdar mhór sa Laidin,
nó Virgil bhí lán d'eagna,
nó Homer ó'n nGréig,
leath ná trian a mhaithis
níor bh'fhéidir liom a chanadh,
acht go raibh buidheachas Dé ar gach baile
i n-ar chuir Sé chugainn é.



A's is dubhach an sgeul tá againn
ag an mBaile Dubh le tamall,
ó d'imthigh uainn ar sagart,
d'fhág dobrónach gach n-aon;
atá gach cailín áluinn cneasta
a's gach buachaill cródha tapa
a's gach seanduine aosda caithte
ag síor-ghol 'na dhéidh.
Ní hiongnadh liom 'nuair mhachtnaim
ar a mhóir-léigheann 's a theagasg
chum peacaigh dhona thabhairt
chum slighe cheart na naomh;
's dá mbeadh chruaidhe do chroidhe 'ná an
charraig,
shéansálfadh sé do bheatha,
a's do shilfeadh drúcht na bhFlaitheas
ann anuas ó Mhac Dé.



'S anois is méinn liom labhairt
ar mhóir léigheann a's tréithe ar sagairt, -
is é Father Meany mheasaim
bheith 'na phrionnsa do'n chléir;
Cia fada siar na haspail,
'sí a mbeatha is fíor do lean sé;
níor bhailigh ór chum caithte
acht le fíor-bhochtaibh Dé.
Tá na ceudta mná 'gus feara
go naomhtha ag iompur sgabuil
ó tháinig sé 'n-ar measg-ne
fa ghréin chirt na naomh (?),
A's an seachtmhadh lá de'n tseachtmhain
budh bhreág leat é 'na sheasamh
fa chlú na naomh 's na n-aingeal
ar altóir Mhic Dé.



Feuch na 'totallers in gach baile
thug do súd geallamhaint dhaingean
ól gach sóirt do sheachaint
go fóircheann a saoghal;
'nois ó d'imthigh uainn ar sagart,
atáid siad súd a'casadh
's a' luighe chum óil an leanna,
le hantoil dá gcraos.
Lá a mbáis 'na luighe ar a leabaidh,
beidh a bpeacaidh ar shliabh 'na n-aice;


L. 69


ní bheidh beoir le hól ag neach díobh;
is mo thruaighe iad lá an tSléibhe;
beidh a gcroidhe 's a dteanga tartmhar,
beidh Rí na gcumhachta i bhfearg,
agus imtheo'id uaidh fa mhallacht
go hoidhreacht na láimhe clé.



Stad go fóill 's déan machtnamh
ar rian a láimhe 'sa' bhaile
is seanda atá 'n-ar measg-ne -
is é Lios Mór na Naomh:
is ann do chífir convent
de nuns atá fa mhairg
atá 'tabhairt léighinn a's teagaisg
do fhíor-bhochtaibh Dé.
Atá sé annsúd 'na sheasamh,
mar theach Sheagháin Uí Dháithi, a'machtnamh
fa bhrón i ndiaidh an tsagairt
dob'fhearr ins an chléir;
'nuair bhí sé súd 'n-ar measg-ne,
ní easbaidh fhir ná chapaill
ná fós saoir chum clocha leagadh
ar thigh Bhainríoghn'na Naomh.



A's i nÉirinn mhóir, cia fairsing,
ní raibh a bharr le fagháil d'Ó Conaill;
do sháruigh sé súd Grattan
an Bhrianach a's Ó Néill;
'nuair bhí maithe Mumhan go neartmhar
i gCorcaigh thuas fa ghradam,
do thug sé an sway thar n-ais chughainn
ó'n mbuidhin mhóir go léir.
Má thráchtaim ar a ghaisgeadh,
ní bhfuighead i nÉir' a shamhail,
cia go bhfuil na milliúin fear ann
is áilne fa 'n spéir;
Duibhlinn do bhí fa bhrataibh
go cródha i gcath Cluantairbh, -
dá mbeith mo phrionnsa i n'aice,
ní thuitfeadh leis na Danes.



Cia Brian do bhí treun neartmhar
i gcath na sluagh i gCluain Tairbh,
a's Conn mór ceud-chathach
bhí tapa lúthmhar treun,
Maélseachlainn 's a thrúp fa arm
chuir Tuirgéis dá bhádhadh i Loch Aonon, (?)
Art mór, a's Ceallachán Caisil
do threasguir na Danes;
An méid sin 's mo phrionnsa sagairt
bheith i dteannta' a chéile fa arm,
do chrithfeadh c'róin na Sacson,
a's gheobhmaois Repeal'
bheidheadh Wellington a's Stanley,
Peel, Lyndhurst, agus Graham,
go tréith ar liost na marbh,
a's bheidheadh Éire againn féin.



'S anois atámaoid creachta,
ó d'imthigh uainn ar sagart,
athair na mbocht, 's a gcaraid
lá an gheimhridh chruaidh ghéir
's anois i dtúis an earraigh
ag innsint duit a n-easnamh,
do fhuaisgeoltá a mbearta
ód' chroidhe le truaighmhéul.
Rí na gcumhachta am' fhreagairt,
saoghal fada thabhairt dom' shagart,
a's Bainrioghain gheal na n-aingeal
ad' stiúrughadh go lá an éig;
a's go dtagaidh na mílte aingeal
's an Mhaighdean ghlórmhar 'd'aice,
a' tabhairt seilbh' dhuit ar na Flaithis
a' síor-mholadh Dé.



An Ceangal.



'S a Father Meany, mo leun a's mo mhairg
chruaidh thu,
a shagairt léigheannta ba naomhtha dá
bhfeaca tuaireasg;
anois táim réidh leat; ní fhuil éifeacht ná
maith im' dhuantaibh;
a's mo bheannacht léigim go n-eugfad thar
sliabh ó thuaidh leat.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services