Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An t-Óig-fhear Cráibhtheach.

Title
An t-Óig-fhear Cráibhtheach.
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An t-Óig-fhear cráibhtheach.



An Craoibhín Aoibhinn cct.



Tabac ní chaithim, a's deoch ní ólaim,
(Is ag fagháil bháis tá mé le méad mo
mhaithis!)
Cártaidhe ní imrim, a's bean ní phógaim,
Ní oireann áit dam acht lár na
bhflaitheas!)



Leabhar ní léighim acht leabhar diadha,
Ní ghabhaim abhrán acht abhrán cóir;
(Adeir mo cháirde gur mór an t-iongnadh,
'S dar m'anam adeirim féin gu mór!)



Ní chaithim tabac — óir is nimhneach m'fhiacla;
Ní ólaim deoch — óir is tinn mo chroidhe;
Ní imrim cártaidhe — óir táim gan airgiod;
'S an bhean do phógfainn — is fad uaim í.



Fuair mé mé féin ar an mbóthar caol sin
Agus leanaim de le sásughadh mór,
Leabhar ní léighim acht leabhar diadha,
'S ní ghabhaim abhrán acht abhrán cóir!



An uair nach bhfeudann tú Gaedheilg
Do chur air, ná h-abhair “ochón!”
Acht labhair an focal i mBeurla
A's ceangail-se “áil“ le n-a thóin!



Sé troighthe beaga créafóige,
(Fad mo bhróige) sin do thuama,
Ceithre cláir agus dá chláirín
Sin do gháirdín a's do rúma.



'S mór an costas do bhíodh ort
Ag ceannach gort 's ag tógbháil tighe,
'S an áit seo ('nois ó tá tú innti)
Tá me cinnte 's fearr do sgíth.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services