Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maynooth Manutianum

Title
Maynooth Manutianum
Author(s)
O'Ruorke, Manus,
Compiler/Editor
Mooney, Canice
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Manutiana version:



I dtaobh Alban is feasach dhom gur thréig sí i bhfeall
an leanbh sin nár admhaigh is nár ghlaodhaigh sí i n-am,
nár sheasaimh i n-am chagaidh is nár shaor sí ar namhaid;
ar an aiste sin is dearbh liom gur shéan sí an crann.



Muna seachnadh an fhairrge mar a réin Maois abha
an leanbh sin ar Shasana le héachtghníomh amhail,
dob anacra dho an chealg chun a gclaontaoi meang,
mar a sheanathair gur scaradh dhe le daorgníomh ceann.


L. 298


Má dhearbhaim, ní deacair dhom, cé dhíobh dream
le macnais do bhanaltraigh den chéidrí an chlann;
mar Shalomon 's eadh mheasaim-se le réimdhlighe an crann
do Bhanbain do sheasaimh ar gach éintslighe an ball.



B 1818ls 19T
Maynooth version:



A ttaoibh Alaban is feasach mé gur shéan sí a bhfeall
an leanabh san nár adaimh is nár ghlaedhidh a n-am,
nár sheasaimh a n-am chatha do 's nár shaor sí air namhuid;
air an adhbhar san is dearbhtha gur shéan sí an crann.



Mun seachanadh an fharraige mar réin Maois abhadh
an leanabh san air Shasana 'na ndéintí an feall,
dobudh aimhireach do cealggoin a cclaontaoi meainn,
mar a sheanathair dár bhaineadar le daerdhlíghe a cheann.



Dá ndearabhainn, ní deacarach damh, cé dhíobh dream
le macanais do bhanaltraigh don chéidrígh an chlann;
's mair Sholomon do mheasaim-si re réimdhlíghe an crann
do Bhanaba do sheasaimh do ann gach aentslíghe an ball.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services