Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Easy Lessons in Irish. Part II.

Title
Easy Lessons in Irish. Part II.
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 66


233. Atá bóthar cam ag dul go Baile
Atha Cliath. Fág stól ag an túirne, agus


L. 67


cuir cathaoir ag an teine. Atá Diarmuid
O'Cathail in Éirinn anois, níl sé ag dul go
tír eile. Níl an bóthar glan. Atá an
bád leathan, láidir.



237. Atá mo láir óg. Níl do sheamróg
glas anois. Ná fág do thír. Ná cuir do
shál ar an stól. Atá uisge in mo thobar. Ná
cuir fód móna ar mo theine. Níl mo shúiste
ins an sgioból. Fuair mé do shúiste ins
an eorna anois. A Nóra, ná fág do thír.



243. Atá Cathal in Éirinn anois. Níl
sé in Éirinn fós, ní tháinig sé fós. Níl
flaith in Éirinn anois. Tug mé sgilling
do Nóra, agus atá sgilling eile ag Nóra.
Atá coirce maith ins an sgioból ag Art
O'Tuathail. Ní thug an reult solas mór
do'n tír. Níl srian agam anois; fuair
Cathal capall agus srian uaim.


L. 68


249. Dia dhuit, a Pheadair! Dia agus
Muire duit, a Sheumuis. Cionnus atá tú?
Ná fág do phíopa ar an stól, cuir do phíopa
Cuir an sgilling in do phóca. Atá Conn óg,
agus atá píopa agus tobac aige. Níl
páirc ag Pádraig. Atá tobar in mo pháirc,
agus atá uisge fuar ins an tobar. Ní
tháinig an capall do'n tobar fós. Atá
Conn shíos ag an sáile.



254. Níl olann ar bith ar m'uan fós.
Níl, atá d'uan óg. Fan in d'áit, ná fág
d'áit. Ná cuir salann ins an im, atá d'im
milis. Ní thug tú dór do Niall.
Atá d'olann trom. Níl crann ar bith ag
fás ag an tobar. Níl fíon ar bith agam,
atá uisge go leor agam. Atá arán agam,
níl im ar bith ar an arán. Atá an bóthar
glan, leathan; níl tráithnín ag fás ar an
ród anois.



259. Ní fhuil sgilling ag Peadar, ní
fhuair sé sgilling ó Niall. Ní fhaca an
capall an tobar, agus ní tháinig sé suas
do'n tobar. Ní fhuil Diarmuid ag obair
ins an leuna, agus ní fhaca mé Art ar an
ród. Ní fhuil reult ar bith ins an spéir
anois. Ní fhuil mo phíopa in mo phóca, atá
mo phíopa agat, a Sheumuis. Ní fhaca mé do
phíopa.


L. 69


264. Atá an feur tirim ins an sgioból,
atá m'fheur úr ins an móin-fheur fós. Ní
tháinig m'fhear ó'n Oileán Úr fós. Thug mé
an fíon do Niall, agus thug m'fhear an
speal do'n duine uile. Ní fhuil an fíon ins
an siopa. Ní fhaca mé d'fhíon in
áit a bith. Atá do shúiste shíos in an
sgioból.



273. Ná fág do bhreac ag an doras.
An raibh Cathal libh ag dul go Gaillimh?
Bhí, agus fuair sé capall ar an ród, agus
tháinig sé go Gaillimh linn (with us). Bhí
Art tinn, agus fuair sé bás fós. An raibh
capall agaibh? Ní raibh , bhí bó agus asal
againn. Atá fuinneóg leathan ar an dún.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services