Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Easy Lessons in Irish. (Continued.)

Title
Easy Lessons in Irish. (Continued.)
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 18


108. WORDS



áit (aut), a place
cáibín (kaub'-een), a
"caubeen"
crúiscín (droosh'-keen)
a pticher
failte (faul-te), welcome
fód (fodh), a sod
folláin (fuL'aun), sound,
healthy, wholesome
láidir (Laud'-ir), strong
míle (meel'-e), a thou-
sand
móin (mon), turf
móna (mon'-a), of turf: fód
móna
páisde (paush'de), a child
sláinte (sLaun'-te), health



109. Míle fáilte. Fáilte agus sláinte.
Crúiscín lán. Atá an áit folláin. Níl
mé tinn, atá mé slán, folláin. Fág
crúiscín ag an tobar. Fág móin ar an
urlár. Ná fág móin ag an doras fós.
Atá an páisde bán. Níl sé bán; atá sé
donn. Atá an caibín cam. Fág fód eile
ar an urláir.


L. 19


116. Arán, im, agus cáise. Atá cáise
folláin. Atá cáise gann in Éirinn. Níl
Conn O'Flannagáin in Éirinn; atá sé ag
Cill-dara fós. Atá an túirne ar an urlár.
Níl an túirne láidir. Níl Peadar ag dul
ó áit go h-áit, atá sé in Éirinn. Súiste
agus túirne. Atá súiste ar an urlár.
Atá an sáile láidir. Níl sé ag dul go
Cill-dara.



122. Ceud míle fáilte go h-Éirinn.
Fáilte agus sláinte. Níl an tír folláin.
Atá an feur tirim. Lá te. Níl an lá té,
níl an feur tirim fós. Atá Nóra agus
Úna ag dul síos do'n tobar. Seumas, Art,
Flann, Conn. Ná díol an láir óg fós. Díol
an olann agu sdíol an líon in Eirinn. Atá
an líon glan agus bog. Olann, líon, agus
síoda. Atá an láir agus an capall óg ar
an leuna. Níl an leuna glas fós, atá an
feur tirim.


L. 20


135. Ná lean an capall ar an ród.
Atá Peadar ag dul go Doire; agus níl
mé ag dul leis. Atá an fear sean, lag.
Seas ag an doras. Níl tú sean fós; atá
tú óg agus slán. Atá bean agus fear ag
an doras. Fág an túirne ag an dún. Fág
an capall ag an tobar, níl sé ag dul go
Cill-dara. Lean an capall óg do'n ród.
Fáilte go Doire.



140. Atá an fear donn. Níl Tomás
donn, atá an fear eile donn. Atá capall
ar an ród. Atá an tír uile glas agus úr.
Atá an tír áluinn. Bean óg, áluinn.
Atá bád mór, áluinn, ar an linn. Uisge
te. Atá long úr, áluinn ar an uisge.
Atá teine ar an urlár. Ná fág an teine
ar an urlár. Díol an capall ins an áit
eile.


L. 21


144. Fosgail an doras mór, agus dún
an doras eile. Ná fosgail an doras fós.
Atá Conn O'Floinn agus duine eile ag an
doras, agus atá an doras dúnta. Atá ar
obair trom. Carraig árd. Atá carraig
árd, áluinn ag an tobar. Atá an fear óg
ag obair. Atá Peadar sean, agus atá an
duine eile tinn. Atá carraig ag an linn.
Uisge, linn, bád, long.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services