Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Domhnall O'Laoghaire agus na Mná Sídhe.

Title
Domhnall O'Laoghaire agus na Mná Sídhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DOMHNALL O'LAOGHAIRE AGUS NA MNÁ SIDHE.



Do bhí gaol ag Micheál a'Conchubhair agus
a bhean le beag-nach gach uile dhuine 'san
bparáiste — do bhí, mar adeireadh na comh-
arsain, earball fada aca — agus ar maidin
lá ar n-a bhárach do bhí coimhthionól mór
bailighthe timchioll an tighe, réidh chun dul
'san tsochraide. Do bhí siad go léir ag cur
síos agus ag bíodán mar gheall ar an
“sgairt” do leig Domhnall as ag an
tóramh an lá roimhe sin; acht níor bh'fhada
gur tháinig sé féin ar an bhfód. Do shiubhal
sé isteach i measg na ndaoine agus do chong-
bhaigh sé suas a cheann, mar do bhí 'fhios aige
go raibh siad ag á ghearradh chomh mín le
tobac. Do bheannuigh cuid aca dho, acht do
bhí doicheall ar chuid eile aca, agus d' iom-
puigh siad a gcúl air; acht níor bhac sé leo.



“Cad d'éirigh dhuit indé nó cad do dhein
tú?” ar Peadar Bacach, “Nach mór an
díchéille do bhí ort, a Dhomhnaill? Tá tú fá
dhroch-mheas annso indiu.”



“Nach cuma dhuit anois, a Pheadair?” ar
Domhnall. “Fá dhroch-mheas adeir tú? Tá
'fhios agut go maith go bhfuil mise annso gan
spleadhachas dóibh. Acht fan go fóil agus
feicfidh tú go mbeidh an-bháidh aca liom ar
ball: ná bí as an tslighe. B'fhéidir go
mbeidh sé i gcumus duit congnadh do thabh-
airt dom.”



D'imthigh Domhnall isteach 'san teach ann-
san, agus d'fhág sé Peadar ag seasamh
amuigh ag beinn an tighe, ag feuchaint 'n-a
dhiaidh agus ag crathadh a chinn.



“Congnadh do thabairt do, an n-eadh? cad
'n-a thaoibh airiú? Ó, tá an diabhal shiar air
indiu; buaileann sé an “dá 'Liam Dacson”
amach 's amach; go bhfóiridh mo Thighearna Dia
ort, a Dhomhnaill!”



Nuair do chuaidh Domhnall isteach, do bhuail
se a dhruim leis an teine agus d'fheuch sé go
géur ar an “nghaisgidheach,” acht an t-am so
do bhrúigh sé an gáire faoi le hobair mhóir,
agus do chongbhuigh sé istigh í; acht ar a shon
sin féin, do bhí smigeadh ag briseadh amach
ar a shúilibh.



D'iarr sé ar shean-bhean do bhí 'n-a suidhe
ar a gruga ag an teine cia an t-am do bhei-
dheadh an leanabh réidh chun dul 'san chomhra,
agus dubhairt sí, i gceann leath-uaire eile
nó mar sin.



“Tá sé i n'am domhsa tosnughadh, is dóigh
liom,” ar Domhnall agus do chaith sé súil
isteach ar an gcliabhán.



Do chuaidh sé amach annsan agus do thug
sé isteach cliabh mór móna, agus chidh go raibh
teine mhaith shíos cheana, do chuir sé síos an
mhóin agus níor bh'fhada go raibh na daoine
ag cur alluis leis an meud teasa do bhí
aisti. Níor chuir Micheál suim ar bith ann,
mar do bhí sé dearg-cínnte go raibh Domhnall
bocht éadtrom, acht dubhairt sé leis na
mnáibh do bhí istigh, an leanabh do chur i
gcóir le haghaidh na sochraide.



D'fhosguil Domhnall an dá dhóirse agus


L. 169


tharruing sé amach an teine ar nós go raibh
poll mór taoibh shiar de, agus annsan, dubh-
airt sé leis na daoinibh do bhí ag déanadh
iongantais de:



“tá sibhse go léir 'am' mhaslughadh agus
ag bíodán orm-sa ó mhaidin indé. Tá sibh
cinnte go bhfuilim imthighthe as mo chéill, acht
ní'lim, buidheachas le Dia! Agus anois a
Mhichíl Uí Chonchubhair, feuch ar an rud atá
fá thóramh annso agut!”



Leis sin do thug sé iarracht chun greim
d'fagháil ar an “ngaisgidheach” acht do bhí sé
sin ro-thapaidh dho, agus ar dúnadh do shúl,
do dhein sé gearrfhiadh dubh dhe féin, agus le
sgread uathbhásach d'airigh na daoine míle ó
bhaile, do léim sé as an gcliabhán, agus
amach leis ar an ndorus mar sídhe gaoithe
agus an madradh 'na dhiaidh agus na bua-
chaillidhe óga 'na dhiaidh sin aríst. Acht do
thug an gearrfhiadh na cosa uatha go léir
agus ní fhaca siad ní ba mhó é. Is dócha gur
chuir sé leithead an chúntae idir é féin agus
Domhnall go háirighthe.



Níor airigh aonduine riamh a leithéide
gleó a's do bhí, nuair léim an gearrfhiadh
imeasg na mban. Thosnuigh siad ag sgrea-
daoil agus do chuaidh cuid aca i luige. Do
shaoil na daoine amuigh go raibh Domhnall ag
éirghe níos measa, agus go raibh sé ag
marbhadh na mban; agus nuair do rith siad
isteach chun réitigh do dheanadh, fuair siad an
cliabhán follamh agus Micheál agus greim
aige ar Dhomhnall agus é ag iarraidh air ar
son anama a athar, cá raibh a leanabh.



“B'fhurusd' aithint',” adubhairt Peadar
Bacach, “go raibh níos mó eolas aige ná
leig sé air i dtaoibh an ruda gránna sin do
rith amach ó chianaibh. Agus anois, a Dhomhnaill,
má tá aon tuaraisg agut ar leanabh Mhichíl
Uí Chonchubhair, tabhair uait é agus beannacht
Dé ort! 'Bhfuil 'fhios agut cá bhfuil an
leanabh?”



“B'fhéidir go bhfuil agus b'fhéidir ná fuil.
Acht fan go socair anois go bhfeicfidh mé.”



D'imthigh sé amach agus do chuir sé teach-
taire fá dhéin a mháthar agus an leanaibh
agus tháinig sí gan mhoill. Do thóg Domhnall
an leanabh ó n-a mháthair ag an dorus, agus
do thaisbeán sé dos-na daoinibh é. Do thug
an mháthair bhocht léim as a corp le háthas,
agus is iongantach na'r mhúch sí an créa-
tuirín; agus ar an taoibh eile, do bhí
Micheál ag pógadh agus ag crathad lámh le
Domhnall agus ag tabhairt buidheachais do
agus leith-sgeul i dtaoibh na droch-bharamhala
do bhí aige air.



B'éigin do Dhomhnall annsan an sgeul
do innsint ó thus go deireadh, agus 'nuair
do bhí sé críochnuighthe, i n-ionad tóraimh
agus sochraide, is bainfheis do bhí aca.



D'fhás an leanabh suas agus deineadh
fear breagh láidir dhe, agus do bhí sé chomh
ceanamhail ar Dhomhnall a's do bhí sé ar a
athair féin. 'Nuair do tháinig an droch-
aimsir, do briseadh Micheál O'Conchubair as
a chuid talmhan agus d'imthigh sé féin agus a
bhean agus Micheál Óg — sé sin an mac —
anonn go h-Americá, agus bliadhain nó dhó
'na dhiaidh sin, 'nuair do chuir sé an bhean
aosda do lean Domhnall iad agas do thug
siad congnadh d'á chéile chun marachdáil 'san
tír sin. Do bhí an t-ádh ortha. Tá Micheál
Óg indiu agus é gan uireasbhuidh an tsaoghail
air. Tá sé chomh saidhbhir le prionnsa agus
ní'l greim ar bith ar an airgiod aige. Níor
iompuigh sé a chul riamh ar aonduine ó chúntae
an Chláir agus bídheann céad míle fáilte
aige roimh na daoinibh a théigheann anonn ó'n
taoibh so. Deir siad go mbeidh sé ag teacht
abhaile an bhliadhain so chugainn chun aon
radharc amháin d'fhagháil, sul a bhfaghadh sé
bás, ar an áit ann ar bhain Domhnall é de na
mnáibh Sidhe.



Níor phós Domhnall riamh. Tá sé curtha
le tamall maith anois, agus ar an leacht do
chuir Mícheál Óg ós a cheann tá na focail
so le feiscint:



Domhnall O'Laoghaire



An fear do bhuail na Daoine Maithe.



(Críoch).


L. 170


NOTES.



Ag cur síos, "talking about;" lit., "putting down."
Bíodán, "calumny, falsehood, lies."
Doicheall, "churlishness."
Báidh, "affection, friendship."
An dha 'Liam Dacson, two fictitious characters who
bore an unenviable reputation in West Clare.
Ar a gruga, "on her hunkers."
Dearg-cinnte, "positively certain."
Le h-aghaidh na socraide, "in order to, with a view to."
See note on "Aghaidh," Trí Bhior-Ghaoithe, page 301.



sidhe gaoithe, "a fairy wind." Often applied to a
sudden gust of wind, which, on a calm summer day,
sends the dust on the road, or the hay on an meadow,
whirling up into the air.
réiteach, "harmony, reconciliation."
an droch-aimsir, "the bad times," referring to the
years '47-8.
uireasbhuidh, pron, urusa in Clare; "want, need,
indigence."



Tomás O'h-Aoda.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services