Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ní ar Dia a bhuidheachas. (Leanta.)

Title
Ní ar Dia a bhuidheachas. (Leanta.)
Author(s)
Ó Laoghaire, Pádruig,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NÍ AR DIA A BHUIDHEACHAS.



(Leanta.)



D'fhan na daoine go léir i n-a suidhe go
ceann sealaid, agus ar an bhfeadh so bhí an múr
ag druidim leis an dtráigh go bog sith.
Tháinic aon tonn amháin i ndeiriodh na dála,
do líon an cuan suas go baic le múr
sgothógach fada dearg. Do phreab Dómhnall
i n-a choilg-sheasamh agus do chaith é féin ar a
ghruga anuas ar charn do'n mhúr agus do bhí ag
a réitioch le fuirse, 'nuair seo isteach tonn
eile, do chuaidh lea'stuas de agus sul ar fheud
seision cuimhneamh ar aon-nídh (acht ar an
múr) do scuab sí léi amach é idir futh feadh.
Do bhéic agus do sgread ar chobhair, acht ní raibh
breis deabhaidh ar aonne' — nídh nár bh'iong-
nadh — dul i bhfiúntar a chaillthe chun eision
do shaoradh.



“Cuirimis iarraidh ar théid suas go tigh
Dhiarmuda Léith,” arsa Piaras Paor.



“Bheidheadh se báithte sul a sroichfidhe leath-
shlighe suas,” arsa Pádruig Buidhe.



“Cuir an raicín amach agus b'feud go ngrea-
móchadh sé é,” arsa Micheál óg.



Le n-a linn sin do liuigh an báithteachán
agus do ghlaoidh i n-árd a chínn 'sa ghutha ag


L. 154


iarraidh cabhra, ag rádh, “Ar son Dé agus saor
mé! saor mé! a dhaoine, saor mé! ó a Dhia,
táim báithte! saor mé, saor mé órú!”
Níor stad sé do bheith ag callairiocht mar
sin mar do bhí uchdach maith aige.



“Raghad agus snámhfad amach chuige,” arsa
Diarmuid Mac Amhlaoibh.



“Ná teighrigh,” arsa na daoine go léir i
n-aon bhéal.



“Raghad,” ar seision. “Ní bheidhead a
thuilleadh ag feuchaint air annsan amuigh, ag
faghbháil bháis as ár gcómhair.”



Rug Mícheál Meata suas ar bhrollach a
léineadh agus dubhairt, “Mhaise, go deimhin ní
raghair, is fada fuar go gcuimhneóchainn ar
thú liogaint amach chuige.”



“Bog díom,” arsa Diarmuid, “bog do
ghreim díom.”



“Ní bhogfad,” arsa Mícheál Meata, “ní
beag a bhfuil caillthe agus fain-se istigh.”
Díreach donn do bhéic Domhnall de chaol-
sgread amuigh. “Ní'l aonne' caillthe fós,”
arsa Diarmuid. “Bog díom, a deirim
leat, bog díom;” acht ní bhogfadh. Do strac
seision é féin uadh agus do chaith de a chuid
éadaigh agus do léim isteach 'san mhuir agus 'san
mhúr; do shnáimh amach chun Domhnaill do bhí
beag nach tabhartha agus do strac isteach leis é
ar chuma éigin go dtí an tráigh. Thuit
Domhnall i laige mar as go dtáinic ar an
dtalamh tirm agus d' fhan innti go ceann i bhfad.
Nuair tháinic sé chuige féin, dubhairt duine
éinig leis gur cheart do buidheachas do
bhreith le Dia i dtaobh nár báthadh é.



“Ná bí im bhodhradh,” ar seision; “má táim
sábháltha, ní ar Dia a bhuidheachas, mar ní
mór do bhí sé im chúram; d'fhágfadh annsan
amuigh mé go mbeidhinn báithte, múchta, agus is
beag an gearrabhuaic do chuirfeadh sé air
aileis, geallaim-se dhuit; acht beidhead
buidheach do Dhiarmaid MacAmhlaoibh, an
fear glan g'lánta, chuaidh i n-eineach a
chaillthe chun mé shaoradh. A! a dhuine, má
táim sábháltha,



Ní ar Dia a bhuidheachas!”



(Críoch).



Nótaidhe.



1 sith = go réidh; tarrai(n)g an túinte go sith. 2 i
ndeiriodh na dála = i ndeiriodh thiar thall. 3 coilg-
sheasamh = cirt-sheasamh, lán-díreach mar duine i gcolg
no i bhfeirg. 4 ar an ghruga, led cheann fút agus do dhrom
lúbtha. 5 i bhfiúntar a chaillthe = i ndóghrainn a anama
chailleamhain. Is dóigh nach bhfuil i bhfiúntar acht an
fhrancais aventure (feic N. 8). 6 uchdach = anál fada nó
guth fada (feic foclóir Ui R.) 7 mar as = chómh luath
as. 8 éinig = éigin: cloistior iad so araon i mBéara.
9 eineach a chaillthe : ionann eineach agus aghaidh.



Pádruig O'Laoghaire.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services