AN CHAORA BHEAG DHÍLEAS.
Donegal Song.
A chaora bheag dhíleas, fan shuas go cionn
míosa;
Ná bí thusa ag ísliughadh an gheamhair gach
lá;
Óir cuirfear ó'n tsaoghal thú, beidh díoghbháil
do bhídh ort;
Ná deun thusa an nídh sin a chuirfeas tú
'n báis.
Ní chodlaim 'san oidhche acht ag osnadh 's
ag smaoineadh
Go mbeidh tú sa' phríosún faoi chost a's
faoi cháin;
'S a chaora bheag dhíleas, nach truagh dhuit an
nídh sin
A chuirfeas an snaídhm ar do sgrea-
damán bán.
An Chaora:—
“Barraidheacht a ghlac mé, faraor, dod'
chomhairle!
Ní ghlacfad níos mó de,” 'sé dubhairt sisi
liom;
“Tá m' uainín gan deoch a's ní bheidh agam
deor dó,
Mur bhfaghaidh mise cead a bheith thríd a
bhfuil ann.
“'S a Cheallaigh, a stóirín, ná ceangal i
rópa mé,
A's cuirfidh mé cóta ort bheidheas deas ar
do dhruim;
“Ná cuirigidh 'n somhrughadh mé, 'nois go
dtí 'n foghmhar,
'S ní laoide do bhur ndornán mo shoc-sa
bheith ann.
“A Pheadair Uí Chiarain, mo bheannacht go
bráth leat,
'S cuir brocaighe na háite se suas go
Sliabh Ruaidh;
“Prátaidhe nó gráinín, ní féidir a sábháil,
Mur gceangalfaidhe a gcnámha 's a gcur
ins an uaigh.
“A Bhriain Uí Mhidheachain, má leigfidh tú 'n
na bpáirc mé,
Bheuraidh mé trian duit a bhfuil ar mo
dhruim,
“Bheuraidh mé sgríbhinn duit i bpeann a's i
bpáipéir
Nach dtéidhim-se go bráth thar an teorainn
anonn.
“A Mhichil Uí Cheannuigh, ar rómhair tú an
gárrdha?
'Bhfuil tomóg no gráinín ag gobadh
aníos?
“Mo mhallachg go bráth ar an tulach bhíos
árd!
Ní bhíonn uirri acht ciaplach a's tomó-
gaidhe fraoigh.”
Do thug sisi rása anuas ó na hárdáin,
Isteach 'un na bpáircidhe go ndearna sí
cuairt;
Bhí Micheál go fáillighe i gcoirneul an
ghárrdha,
A lámh i n-a lomraidh a's greim ar a
cluais!
Mharbh sé mo chaora, a's ghearr sé a sgórnach,
Bhain di a croiceann, a's stiall sé a
cnámh';
Tá a huainín ag meidhligh ag iarraidh a
mháthar,
Ag cuartughadh na bpáirc, acht ní'l sí le
fagháil.
Droch-rath ar an ghaduidhe a mharbh mo chaora
A's d'fhág thú 'do dhílleacht, m'uainín bhig
bháin!
A's mo chaora bheag dhíleas, gidh cruaidh na
sléibhte,
Is mairg nár fhan tú ar na tulaighibh tá
árd.
Nótaidhe.
1 Cionn .i. ceann. 2 Geamhar .i. arbhar glas sul a
mbíonn na diasa le feiscin. 3 'N báis .i. chum báis.
4 Sgreadamán .i. sgórnach no píob sgreadas. 5 Bar-
raidheacht .i. iomarcuidh. 6 Cuirigídh .i. cuirídh. 7 Cur
'n somhrughadh .i. cur chum sonnruighthe .i. tabhairt fá
deara. Sonnradh .i. gach a bhfuil speisialta; ionann
é agus sainred nó sainriuth sa' tsean-Ghaedhilg; sain .i.
neimh-ionann nó neamhchosmhail. 8 Laoide .i. lughaide.
9 Brocaighe .i caoirigh Albanacha le na haighthe dubha.
11 Gobadh .i. ag sáthadh
a ghuib nó a bháirr amach. 12 Ciaplach .i. feur garbh
cruaidh fhásas ar na sléibhtibh. 13 Fáillighe .i .fealltach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11