Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanmhuin.)

Title
Seadhna. (ar leanmhuin.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 131


Seadhna



(ar leanmhuin)



Nóra. Seádh! — a Pheg — támaoid annso -
arís — tá saothar orm — bhíos ag rith — bhí
eagla orm — go mbeidheadh an sgeul ar
siubhal reomham, agus go mbeidheadh cuid de
caillte agam.



Peg. Am' bhriathar go bhfanfamaois leat
a Nóra, a laoigh. Ní'l i bhfad ó tháinig
Gobnuit.



Gob. Mar sin do bhí cuigion agam dá
dheunamh, agus b'éigin domh-sa dul siar leis
an im go Beul an Ghearrtha, agus 'nuair bhíos
ag teacht a bhaile an comhgar, do thuit an
oidhche orm, agus geallaim dhuit gur baineadh
preab asam. Bhíos ag cuimhniughadh ar
Sheadhna agus ar an ór agus ar an bhfear ndubh, agus
ar na spreachaibh bhí ag teacht as a súilibh, agus
mé ag rith sul a mbeidhinn déidheanach, 'nuair
thógas mo cheann agus cad do chífinn acht an
rud 'n-a sheasamh ar m'aghaidh amach — An
Gollán! ar an gceud amharc dá dtugas
air, do thiubhrainn an leabhar go raibh adharca
air!



Nóra. A dhiamhaise, a Ghobnuit, éist do
bheul, agus ná bí dár mbodhradh led' ghollánaibh
agus led adharcaibh. Adharca ar an nGollán!
Feuch air sin!



Gob. B'éidir, dá mbeidhtheá féin ann, gur
beag an fonn magaidh do bheidheadh ort.



Síle. Feuch anois! cia ata ag cosg an
sgéil? B'éidir go gcuirfeadh Cáit Ní
Bhuachalla orm-sa é.



Cáit. Ní chuirfidh, a Shíle. Táir ad'chailín
mhaith anocht, agus tá ana-chion agam ort. Mo
ghrádh í sin! Mo ghrádh am' chroidhe istigh í!



Síle. Seadh go díreach! Fan go mbeidh
fear ort! agus b'éidir ná déarfá “Mo ghrádh
í sin!”



Nóra. Seo, seo! Stadaidh, a chailínidhe.
Mise agus mo ghollán fa ndeár an obair seo.
Caith uait an stoca soin, a Pheg, agus sgaoil
chughainn an sgeul. An bhfuair Seadhna an
sparán? Is iomdha duine bhí i riocht sparáin
d'fhagháil agus nach bhfuair.



Peg. Chomh luath agus dubhairt Seadhna an
focal, “dar bhrígh na mionn!” do thánig
athrughadh gné ar an bhfear ndubh. Do
nocht se a fhiacla shíos agus tsuas, agus is iad
do bhí go dlúite ar a chéile. Tháinig sord
crónáin as a bheul, agus do theip ar Sheadhna a
dheunamh amach cia 'co ag gáiridhe bhí sé nó
ag dranntughadh. Acht 'nuair d'fheuch sé suas
idir an dá shúil air, ba dhóbair go dtiucfadh
an sgannradh ceudna air a tháinig air i
dtosach. Do thuig sé go maith nach ag
gáiridhe bhí an díolmhuineach. Ní fheacaidh
sé riamh roimh sin aon dá shúil ba mheasa
'ná iad, aon fheuchaint ba mhalluighthe 'ná an
fheuchaint do bhí aco, aon chlár eudain chomh
dúr, chomh droch-aigeanta leis an gclár
eudain do bhí ós a gcionn. Níor labhair sé,
agus do rin' sé a dhícheall gan a leigint air
gur thug sé fé ndeara an drann-
tughadh. Le n-a linn sin, do leig an fear
dubh an t-ór amach arís ar a bhais, agus do
chomhairimh.



“Seo!” ar seisean, “a Sheadhna. Sin
céad punt agat ar an gceud sgilling
thugais uait indiu. An bhfuilir díolta?”



“Is mór an bhreis í!” arsa Seadhna.
“Badh chóir go bhfuilim.”



“Cóir nó eugcóir,” ars' an fear dubh,
“an bhfuilir díolta?” agus do gheuruigh agus do
bhrosduigh ar an ndranntughadh.


L. 132


“Ó! táim díolta, táim díolta!” arsa
Seadhna, “go raibh maith agat-sa.”



“Seo! má 'seadh,” ar seisean. “Sin
céad eile agat ar an dara sgilling thugais
uait indiu.”



“Sin í an sgilling thugas do'n mhnaoi a
bhí cos-nochtuighthe.”



“Sin í an sgilling thugais do'n mhnaoi
uasail cheudna.”



“Ma ba bhean uasal í, cad do bheir
cos-nochtuighthe í, agus cad do bheir dí mo
sgilling do bhreith uaim-se, agus gan agam acht
sgilling eile i n-a diaidh?”



“Má ba bhean uasal í! Dá mbeidheadh
a fhios agat! Sin í an bhean uasal do mhill
mise!”



Le linn na bhfocal sain do rádh dho, do
tháinig crith chos agus lámh air, do stad an
dranntán, do luigh a cheann siar ar a
mhuineál, d'fheuch sé suas ins a' spéir,
tháinig driuch báis air agus clódh cuirp ar a
cheannachaibh.



'Nuair chonnaic Seadhna an iompáil lí
sin, tháinig iongnadh a chroidhe air.



“Ní fuláir,” ar seisean, go neamhghuiseach,
“nó ní hé seo an chéad uair agat ag
aireachtain teacht tháirsi siúd.



Do léim an fear dubh. Do bhuail sé
buille dá chrúib ar an dtalamh, i dtreo gur
chrith an fód do bhí fé chois Sheadhna.



“Ciorrbhadh ort!” ars' eisean. “Éist do
bheul no basgfar thú!”



“Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail!”
arsa Seadhna, go modhamhail, “cheapas go
mb'éidir gur braon beag do bhí ólta agat,
d'rádh 's gur thugais céad punt mar
mhalairt ar sgilling dam.”



“Thiubhrainn — agus seacht gcéad dá dtiocfadh
liom baint ó'n dtairbhe do rin' an sgilling
chéadna, acht 'nuair thugais uait í ar son an
tSlánuightheora, ní féidir a tairbhe do lot
choidhche.”



“Agus,” arsa Seadhna, “cad is gádh an
mhaith do lot? Ná fuil sé chomh maith agad
tairbhe na sgillinge úd d'fágbháil mar tá sé?”



“Tá an iomad cainte agat — an iomad
ar fad. Dubhart leat do bheul d'éisteacht.
Seo! Sin é an sparán ar fad agat,” ars'
an fear dubh.



“Ní héidir, a dhuine uasail,” arsa
Seadhna, “ná beidheadh daoithin na haimsire
ann. Is iomdha lá i dtrí bliadhnaibh déag.
Is iomdha bróg bheidheadh deunta ag duine i
gcaitheamh an mhéid sin aimsire, agus is iomdha
cuma i n-a n-oirfeadh sgilling do.”



“Ná bíodh ceist ort,” ars' an fear dubh,
ag cur smuta gáire as. “Tarraing as
chomh geur i nÉirinn agus is maith leat é. Beidh
sé chomh teann an lá déidheanach agus tá sé
indiu. Ní bheidh puinn gnótha agat de as
sain amach.



(leanfar de seo.)


L. 133


NOTES



1 Seadh, 'there, there now!' 2 Saothar, violent
breathing through exertion. 3 A Laoigh, my young dear,
my dear. 4 Mar sin, 'yes, because' … 5 Siar: the
points of the compass are very much used in ordinary
Irish conversation to indicate direction. Siar, shiar, in
reference to a house implies the inner parts. Dul siar
orm, going to the bad in spite of me. The primary
meaning of siar, backwards, is evident in all these idioms.
Do luigh a cheann siar ar an mhuineál, his head sank back
on his neck. 6 Comhgar: mh broad gives a strong nasal
sound to the vowel preceding - pronounce like cóng-gar;
cumhgach 'difficulty, a strait,' like cúng-gach. Comhangar
seems a nominative, or rather an accusative. Two
constructions are used, gabhail an bóthar, going the road,
and gabháil an bhóthair, going of the road. We must
regard an bóthar as used adverbially, as an infinitive or
verbal noun is never followed by a direct object in
Gaelic. We also find siar an bóthar, 'west, or back,
along the road,' and suas an chnuic or suas an cnoc 'up
the hill.' 7 Cuimhniughadh, 'remembering,' also 'reflecting;'
mh slender in the middle of a word is uaually silent in
Munster, but lengthens the foregoing vowel - pronounce
cuíniú; geimhreadh 'winter' pr. gíre;' sgeimhleadh, 'a
skirmish, a sally,' pr. sgíle; deimhin, certain, pr. like
English 'dine:' doimhin, 'deep,' as if doighin (like
English 'thine'). 8 An rud: this use of the definite
article is quite common in introducing some new object in
a story in Irish. 9 Mo ghrádh í sin: sin makes the pro-
noun both emphatic and demonstrative. 10 Seadh go
díreach, 'oh, yes!' ironically. 11 Fa ndeár 'caused,'
a remnant of an old Irish verb; cid fodera, what caused
it. 12 Díolmhuineach, 'fellow, lad.' Díolamhnach,a hire-
ling, a stout fellow (see O'Reilly). 13 Note pronoun
omitted. 14 Breis, here 'profit.' 15 There is a play on
the word cóir, which, in its literal sense, is objectionable
to the black gentleman. 16 Quickened. 17 Mnaoi uasail,
tranlated 'gentlewoman,' as 'lady' might be understood
in a depreciatory sense. 18 Do bheir, often in the sense
'makes,' 'causes to be or (followed by ar or do) to do,'
'induces;' Compare the folloowign from Aran Islands:



"Ceist agam ort, a chléirigh,
O's tú leughas an Bíobla,
Ceurd (creud) do bheit an amuid sona
'S do bheir dona an duine críonna?"



Do fhreagair an cléireach mar leanas:



"Roinneann Dia na subhailcidhe
Mar roinneann sé na gníomhartha;
Bheir sé cion duine do'n amadán,
A's cead soláthair d'fhear na críondacht.'"



19 Driuch, wretched aspect. 20 Ceannacha, features. 21 Iom-
páil (iompódh) lí, change of colour, pallor showing
itself on the face indicative of terror. 23 Go neamhghuiseach,
with assumed unconcern. 23 Teacht thar = talk about,
mention. 24 Do rádh 's gur, whereas, seeing that. 25 Bain
ó, take from, diminish; bain uait féin, deep down
your presumption, sing a bit lower! 26 An iomad - an
iomarca; in the north, an íomad = many. 27 Ní héidir,
of course … not, there is no danger; distinct from
ní féidir. 28 Ag cur smuta gáire as = with a chuckle,
a piece of a laugh. 29 I nEirinn: equivalent to, or more
emphatic than, ar domhan, ar bith; pé in Eirinn í, who-
soever she is.



Peadar Ua Laoghaire.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services