AN CHEARNÓG.
Uimhl. 1. Uimhir 11. EANAIR, 1924. Luach 3 Pinghne.
CUMANN LITEARDHA MHIC ÉIL.
Tá níos mó scríobhnóirí Gaedhilge againn, nó mar tá
ag Cúige ar bíth eile, agus in a dhiaidh sin, tá Gaedhilge
ár gCúige ag fághail bháis. 'Tuige? 'Tuige an bhfuil
Gaothluinn na Múmhan ag brúghadh amach ár nGaedhilge
féin as na sgoileannaibh? Is cuma faoi'n dtuige. 'Sé
an léigheas atá uainn. Agus tá sé againn faoi dheireadh.
Cumann Liteardha Mhic Éil an leigheas. Cuireadh an
Cumann so ar bun ag cruinniughadh de Dháil Chonnacht i
gClár Chloinne Mhuiris ar an 28 mhadh de mhí na Nodlag,
1923.
SOMPLAI.
Níorbh é seo an chéad Chumann de'n t-sórt a cuireadh
ar bun in Éirinn. Cuireadh Cumann ar bun cupla
bliadhain ó shoin in Ath Cliath chun leabhra a fhoillsiughadh.
Chuir sé leabhar amháin i gcló sul a thóg sé an claidheamh
in áit an phinn. Bhí Cumann aca i gColláisde Naoimh
Breandáin i gCiarraidhe cupla bliadhain ó shoin freisin.
Chuir an Cumann soin leabhar amháin i gcló freisin sul
a bhfuair sé bás. Cumann Liteardha Mhic Éil an threas
Cumann. An mbeidh an deireadh céadna leis?
AN OBAIR ATÁ ROIMHE.
Tá géar-ghádh leis an gCumann so. Buail isteach i
sgoil ar bíth, agus beidh fonn ort dul abhaile, thú féin,
chun leabhar sgoile a cheapadh, leis an sgéal brónach a
chloisfeas thú ó'n múinteóir, faoi easbaidh leabhar feil-
eamhnach i nGaedhilge Chonnacht. Cuir ceist faoi
Chúchullain nó faoi Fhinn agus na Fhiann, agus feicfidh tú
an gádh atá le Cumann a dhéanfas an obair céadna ar
son na Gaedhilge atá da dhéanamh at Ella Young, ins
an mBéarla. Agus céard faoi lucht léighte na Gaedh-
ilge atá fásta suas? Nach bhfuil siad-san tuirseach ag
glaodhach amach ar leabhraibh Gaedhilge, agus gan acht
corr-cheann le fághail aca? Nach mór an náire é sin
agus an liosda fada de scríobhnóiríb Gaedhilge atá
againn. Acht is gearr go mbéidh léigheas ar an sgéal
soin, nuair thiocfas an Cumann le chéile.
AN T-AIRGEAD.
Deirtear go mbéadh na leabhra le fághail dá mbeadh
an t-airgead le fághail, agus dá mbéadh glaodhach ar na
leabhraibh. Cuireadh Cumann Liteardha Mhic Éil ar bun
sa gcéad áit chun na sgríobhnóirí a thabhairt le chéile,
agus annsoin chun díol na leabhar a chur chun cinn, agus
chun an t-airgeadh a fhághail le íoc as cló-bhualadh na
leabhar. Béidh lucht scríobhtha na leabhar agus lucht a
léighte in aon Chumann amháin ag cuidiughadh le chéile —
na scríobhnóirí ag ceapadh leabhar, agus na léightheóirí
dhá gceannacht. Tá sé socruighthe go n-íocfaidh gach ball
de'n Chumann punt. Agus ní h-é an scríobhnóir amháin
a bhéidheas ins an gCumann acht gach duine a chuireanns
suim i litridheacht na Gaedhilge agus a íocanns a phunt.
Ar ndóigh, béidh gach Gaedheal ins an gCúige sásta
cuidiughadh ins an deagh-obair. Tá an Coisde scaptha ar
fud na tíre, agus béidh gach ball de in a thimthire in
a cheanntar féin. Cuideóchaidh gac Craobh de Chonnradh
na Gaedhilge linn le Cuirmeacha Ceóil, agus le Céilidh-
thibh. Tóig uaim-se é nach dtuitfidh an obair ar lár
d'easbaidh airgid. Má thuiteann sé ar lár, is ar an
gCoisde a bhéidheas a mhilleán. Chuir Dáil Chonnacht ar
bun é chun leabhra Gaedhilge Chonnacht a thabhairt do na
sgoileannaibh, chun litrigheacht Chonnacht a thabhairt do
Ghaedhilge Chonnacht, agus le breathnughadh in dhiaidh
Gaedhilge Chonnacht ar gach bealach. Muna n-éirighidh
leo, béidh sgéim eile ag Dáil Chonnacht, mar tá
sábháilt na Gaedhilge ar Dhail Chonnacht, agus sábháilfidh
sí í!
CLOCH SA MBEALACH.
Ní h-é an t-airgead a sheasfaidh i mbealach an
Chumainn, acht cloch níos mó ná soin — an litriughadh. Tá
a sgéim litirighthe féin ag gach scríobhnóir i gConnachtaibh
faoi láthair, mar tá ag gach scríobhnóir in Éirinn. Tá
sé in am an sgéal soin a leigheasadh. Ní'l acht aon chaoi
amháin chun Gaedhilge Chonnacht — nó Gaedhilge na
h-Éireann ba chóra dhom a rádh — a litriughadh. Is iomdha
chaoi atá chun an Bhéarla a labhairt. Tá Béarla na
h-Éireann ann agus Béarla Shasana. Ní'l acht aon
chaoi amháin chun i a litriughadh — sin litriughadh na leabhar.
'Sé an sgéal ceanann céadna leis an nGaedhilge é.
Bíodh litriughadh amháin ar an nGaedhilge mar tá ar an
mBéarla. Agus cé an litriughadh é soin? Sin ceist le
réidhteach ag Cumann Liteardha Mhic Éil. Tá na
scríobhnóirí is mó cáil i gConnachtaibh ar an gCoisde
faoi Uachtarántacht An Chraoibhín. Ní'l le déanamh aca
acht teacht le chéile, agus gléas litrighthe a cheapadh do'n
Chumann. Tá sé fuar againn a bhéith ag súil go gcuirfidh
an Riaghaltas Acadamh Gaedhealach ar bun. h-Iarradh air
é dhéanamh. Ní dhearna sé é. Déanamaois é, sinn
féin, do Chonnachtaibh!
Céim ar aghaidh an Cumann so. Tá súilí Gaedheal
Chonnacht ar an gCoisde — agus súilí na Múinteóirí
Sgoile. Tá súil againn go léir gur gearr go mbéidh
sgéala againn uaidh — agus sgéalta!
MAC DARA.
AN FÁINNE.
GASNA ATHA CLIATH
ÁRUS… 25 CEARNÓG PHARNAIL.
Bíonn an t-Árus ar oscailt gach trathnóna agus cuir-
tear fáilte roimh gach Fáinneach pé as é.
Léigheacht agus Díospóireacht — Gach Oidhche Luain.
Ceól — Gach Céadaoin.
Scoruigheacht — Gach Sathairn.
Ó 8 a chlog go dtí 10.30 a chlog.
Cártaí, Fíthcheall, agus Spórt i gcómhnaidhe.
Buail isteach ann nuair a bhíonn tú ins an gCathair.
MAC-GHNÍOMHARTHA TAIDHG UÍ
GRÁDAIGH
I DTIR NA BHFATHACH.
CAIBIDIL A CHÚIG (Ar leanamhaint).
"A mhainicín droch-mhúinte!" ars' an ollpheist. "Cé an
áit in a bhfaca tusa mise cheana? Innis dom go deif-
reach, nó cuirfidh mé tríd an talamh thú?"
"Ní fhacas ariamh roimhe seo thú," arsa Tadhg go dána.
"Agus cé an chaoi ar thárla gur aithnigh tú mé?" ars' an
Fáthach go fíochmhar.
"D'aithnigheas tú le dath do Shúl," arsa Tadhg, "Agus
is uatha sin fuair tú d'ainm. Is tusa Ollpheist na Súl
nGlas, dearbhráthair do Fáthach na Spág Mór, a bhí…"
"Fáthach na Spág Mór, a bhí!" ars' an Fáthach. "Céard
do chialluigheann tú leis sin?"
"Cialluighim leis sin," arsa Tadhg. "Go bhfuil do
dhearbhrathair marbh."
"Marbh!" sgread an Fáthach, "Marbh, adeir tú?"
"Seadh go deimhin!" arsa Tadhg, "Caillte agus
cuirthe."
"Ce an áit?" ars' an Fhathach.
"Annsoin," arsa Tadhg ag síneadh a láimhe ar an uaigh.
"Cé mharbhuigh é?" ars' an Fáthach.
"Mise," arsa Tadhg go neamh-eaglach.
"Tusa, a mhainicín óig!" ars' an Fáthach. "Ná bhí ag
imirt do chuid cleas orm-sa, nó meillfidh mé idir mo
chuid fiacal thú. Freagair go fírinneach mé."
"D'fhreagras go fírinneach thú," arsa Tadhg, "Ní amháin
gur mharbhuigheas é, acht gur adhlacas é chómh maith. Agus
an fóir scríobhnóireacht a fheiceanns tú annsoin, sin é
obair mo lámh."
Bhí an Fáthach béal-bhalbh ar feadh móiméid. Annsoin
bhéic sé arís: "Tusa a bheith ábalta ar mo dhearbhráthair a
adhlacadh gan cainnt ar a mharbhughadh! Abair é sin arís
agus déanfaidh mé smidiríní díot."
Chuir Tadhg a láimh ar dhorn a chlaidheamha agus dubhairt:
"Is mise do mharbhuigh agus do chuir Fáthach na Spág
Mór."
Nuair chualaidh an t-ollpheist na focla sin, thóg sé a
loirg-fhearsad agus ghlaoidh sé:
"Is bréag é, agus fágh bás leis an mbréag ar do
bhrúasaibh."
Tháinig an loirg-fhearsad anuas le fórsa nimhneach, acht
léim Tadhg go h-éasgaidh as a bhealach. Chuir sin cuthach
feirge ar an bhFáthach. Do luasgadh a chuid súl go
fíochmhar, agus cheapfá go rabhadar ag cur splanncanna
glasa asta.
"Ní theipfidh sé orm an uair seo," ar seisean, agus
thóg sé an loirg-fhearsad mór arís.
"Anois tá an t-am tagaighthe le congnamh mo chlaidh-
eamha d'fhághail," arsa Tadhg. Tharraing sé amach an
claidheamh as a thruaill in ainm agus i gcúis na cirte,
agus ar an móiméad, bhí lann gheal lonnrach in a láimh.
Chuaidh se ar aghaidh go dána le cath a thabhairt.
CAIBIDIL A SÉ.
Do leath a shúile ar ghnúis ghruamdha "Fáthach na Súl
nGlas," nuair thug sé faoi deara an chosmhalacht dhána
a bhí ar Thaidhgín.
"Céard is ciall leis seo?" ar seisean, agus leig sé
béic as agus d'ísligh sé a fhearsad ag an am céadna.
"Sé is ciall leis gur mian liom mé féin a chosaint,"
arsa Taidhgín ag crothadh a chlaidheamha ghil.
"Há! há!! hó! hó!!" ars' an Uill-pheist agus é ag
gáiridhe go magamhail, a chliathanna, agus a bholg mór
ag craitheadh le neart gáiridhe. Nuair bhí a sháith gáiridhe
déanta aige, dubhairt sé:
"Is mian leat thú féin a chosaint! Béidh fhios agat nach
ionann crothadh claidheamha agus cómhrac. Céard déarfá
dá mbuailfinn isteach trid an talamh thú?"
"Ní misde liom," arsa Taidhgín. "Má tá tú in ann é
dhéanamh." Chuir sin fearg mhór ar an bhFáthach.
"In ann?" ar seisean. "An amhlaidh a cheapann tú nach
bhfuilim ábalta é a dhéanamh?"
"Bhoil, is maith an sgéalaidhe an aimsear," arsa
Taidhgín. "D'fhéach do dhearbhrathair leis an gcleas
céadna, acht theip air."
"Theip ar mo dhearbhrathair, ar theip?" agus thóg sé a
fhearsad mór. "Má theip ar Chosaibh Móra, ní theipfidh
sé orm-sa. Glac an méadsin." Anuas leis an bhfear-
sad le fuinneamh mór, acht do léim án laoch beag ar
leath taoibh.
"D'eile, ar chlis m'urchar orm?" ars' an Fáthach ag
leigint scread as.
"Is cosmhail gur chlis," arsa Taidhgín.
"Íocfaidh an treas iarracht gach rud," ars' an Fáthach ag
agus leig se sgread uathbhásach eile as. Thóg se a
fhearsad mór arís. Chraith sé thart timcheall a chinn
mhóir é ag féachaint le deis d'fághail ar bhuille cinnte a
thabhairt, acht bhí sin ní ba deacra ná mar cheap sé, mar
bhí Taidhgín ag damhsadh anonn is análl os a chómhair ag
craitheadh a chlaidheamha ghil. Bhí sé chómh luath le hiolar ag
athrughadh ó áit go h-áit. Faoi deireadh thug Taidhgín
léim ar uaigh "Fáthach na Spag Mór," agus bhí deis ag
an Uill-pheist buille do bhualadh.
"Anois nó ariamh," do ghlaodh "Súile Glasa," agus
anuas leis an bhfearsad leis an méid nirt a bhí ar a
chumas. Léim Taidhgín ar leath taoibh arís agus leig sé
sgairt gáire as.
Acht céard so a thárla do fhearsad an Fháthaigh? An
rud díreach a raibh Taidhgín ag súil leis. Chuaidh an fhear-
sad síos ar fad beagnach ins an gcréafóig bhuig.
"Béidh lá eile ag an bPaorach, a mhainicín ghlic," ars
an Fáthach, agus chrom sé síos leis an bhfearsad a thógáil
a bhí greamaighthe go daingean ins an talamh. Bhí deis
ag Taidhgín anois, agus ní or leis do bh'faillighe air. Chómh
éasgaidh le gaoith Márta léim sé ar aghaidh, agus sul a
raibh fhios ag an bhFáthach céard do thárla, thug Taidhgín
buille leis an gclaidheamh draoidheachta ar cheann de na
dornaibh móra, agus ghearr sé a chuid rúitíní treasna.
"Hoo! hoo!! hoo!!" do sgread an Fáthach le péin, agus
sgaoil sé a ghreim ó'n bhfearsad agus d'fhéach sé go
fíochmhar ar Thaidhgín a bhí siar uaidh achar gearr. Bhí
cúthach feirge ar an bhFáthach gur leig se deis do mhaini-
cín mar so é ghortughadh chómh mór soin. Fuair sé greim
ar chrann mór daraighe, agus tharraing sé as na fréamh
acha é, agus chaith sé i le Thaidhgín é, acht bhí Taidhgín
ro-éasgaidh dó. Tharraing "Súile Glasa" ceann eile,
agus chaith sé leis é, acht d'éirigh le Taidhgín léimniughadh
as an mbealach arís, agus thosuigh sé ag gáiridhe. Chuir
sin fearg ar an bhFathach.
"A Mhainicín dhroch-mhúinte," ar sé, "Bruigheóchaidh mé
idir mo mhéir agus m'ordóig thú," agus brisfidh mé gach
cnám in do cholainn," agus leis seo léim sé go fíochmhar
ag Taidhgín, acht bhí mí-áireamh air arís, mar do bhain
ceann de na crannaib do tharraing sé tuisleadh as.
Thuit sé de phlimp ar an talamh. Sul a raibh am aige
éirghe, ríth Taidhgín chuige, agus thug sé buille claidheamha
dhó ar rúitíníbh an duirn eile agus d'fhág sé trom-ghoin
ann.
"A dheamhain nimhneach," do sgread sé, agus léim sé
in a sheasamh, agus é ar buile agus fíochmhar le péin.
"Béidh do cholann agam fós. Ná ceap gur féidir
leat éalódh uaim."
Thosuigh sé ag gleamaisg a choda fiacal go fíochmhar
agus bhí a shúile móra ag iontóghadh agus ag deallrughadh
mar sgóláil teinntrighe.
"Is fusa cainnt a dhéanamh ná casóg. Ní mór duit
breith orm ar dtoiseach," arsa Taidhgín, gan pioc sgann-
raidh air.
"Béarfaidh mé ort fós, chómh cinnte is tá gob ar
phréachán. Gheóbhaidh mé líon agus ceapfaidh mé thú mar
cheapfainn iasg san abhainn."
"Bí aireach," arsa Taidhgín, "Nach tú féin a bhéidheas
ceaptha ins an líon."
"Bhéarfaidh mise aire do soin," arsa Súile Glasa,
"Béidh tú agam chómh cinnte is tá Tadhg Ó Grádaigh mar
ainm ort. Ní choinneóchaidh mé i bhfad thú acht go dtí am
bricfeasta. Táim cinnte go mbéidh béile so-leaighthe
agam."
"Ná bhí ag áireamh do choda sicíní roimh an gorad,"
arsa Taidhgín ag gáiridhe. "Fan go raibh mé san
líon sul a leagaidh tú amach céard a dhéanfas tú liom.
Má cheapann tú gur féidir leat sgannrad nó faitchíos
a chur orm le do chuid cainnte baoise tá dul amugha
mór ort. Ní'l ionnat acht buailim sgiath."
(Ar leanamhaint.)
CORÓIN NA GRGHINE.
LE linn urdhubhadh a bheith ar an ngréin le goirid, chuir
lucht réalt-eolais suim mhór i "gcoróin na gréine"
a sgrúdughadh go cruinn. Is é rud é sin .i. luisne
aisteach timcheall na gréine atá le feiceál i n-aghaidh
na spéire duibhe ar mbeith urdhuibhthe do'n ghréin ar fad
ag sgáile na gealaighe. Sílfidhe gur mong mhór shoill-
seach a bhéadh timcheall na gréine, na ribí na milliúin
míle ar fad agus iad d'á séideadh le gaoith. Le linn
an urdhuibhthe san mbliadhain 1878 bhí "ribe" ann a bhí
10,000,000 míle ar fad agus ceann eile 5,000,000 míle.
Tá lucht eolais in a mbambairne i dtaobh na coróna
seo. Ní bhíonn sí le feiceál acht ar feadh cúpla móiméad
nuair a bhíos éadan na gréine dubh. Cé is moite de'n
tamall beag sin, bíonn an choróin do-fheiceála de bhárr
a ghile is bhíos solus na gréine. D'á bhrígh sin is beag
é ár n-eolas uirthi.
Bíonn dath glasamhail uirthi. Bíonn a solus ag fuaid-
readh agus athruigheann sé ó am go ham. Bíonn an
chosamhlacht taidhbhseamhail chéadna uirthi is bhíos ar an
tuadhsholus a chítear anois agus arís i spéir an tuaiscirt.
Tá gléas tomhaiste ag lucht eolais a nochtuigheas an
teas sgaptha d'á laige acht, leis an ngléas sin féin, do
chlis ortha a dhéanamh amach go sgaipeann an choróin sin
teas ar bith.
Thaisbeánann an solsgarachán go bhfuil aon dúil
amháin ar a laghad sa gcoróin — "coróinium" is ainm dhi
— nach bhfuil le fágháil ar an domhan sagainne cé gur
dóigh le dúil-eolaidhthe Eadálacha go bhfuair siad foracún
beag bídeach dhe san ngail a brúchtuightear amach as an
sliabh teineadh Vesuvius.
Bíonn líne ghlas i solsgartha na dúile sin nach cosa-
mhail le líne ar bith eile a bhaineas le aon dúil ná
susmaid atá ar eolas againn ar an domhan. Acht, le
linn an urdhuibhthe san mbliadhain 1914, is beag má bhí an
líne ghlas le feiceál agus bhí líne dhearg in a leabaidh,
líne nár facthas roimhe sin. B'iontuigthe uaidh sin go
dtáinig athrughadh damhna eicínt ar an gcoróin an
bhliadhain sin.
Tá tuairim ag lucht eolais gur cineál damhna coróinium
atá chomh tanaidh sin is gur do-thuigthe ag duine a thanaidh-
eacht agus go bhfuil toirt ádhbhal-mhór dhe ag éirghe go
millteach árd timcheall na gréine.
Acht, má's damhna é, is cosamhail go bhfuil tarraing na
gréine air curtha ar ceal ar chaoi eicínt nach dtuigtear.
Má bhíonn aon chineál gaile comh-dhlúthuighthe, mar ta aer
an domhain, taisbeánainn an solsgarachán sin, acht ní
féidir a thaisbeáint go bhfuil an coróinium timcheall na
gréine comh-dhlúthuighthe ar chor ar bith.
Má tá coróinium ann d'á ríribh píre agus é a bheith
chomh tanaidh is ceaptar, is baoghal nach mór do lucht
eolais a gcuid teoir i dtaobh fusaidheachta d'ath-dhéanamh
as an nuadh. Ní'l aon áit do choróinium ar chlár na
ndúl atá déanta cheana ag lucht dúil-eolais. Do
cheapadar gur ab é an t-údraigein an dúil is éad-
truime agus gur cuid de gach uile chineál damhna eile é.
D'á chionn sin is tábhachtach an tuarasgabháil a bhéas
againn ó lucht réalt-eolais i dtaobh an urdhuibhthe a thárla
le goirid.
(Urdhubhadh, eclipse; Coróin, Corona; Tuadhsholus,
Aurora Borealis; Solsgarachán, epictroscope; Solsgartha,
spectrum; Damhna, matter; Tarraing na gréine, force of
gravity; Comh-dhlúthuighthe, compressed; Teoir, theory;
Fusaidheacht, physics; Údraigein, hydrogen.)
SEAGHÁN PH. MAC ÉNRÍ.
AN FÁINNE, CAISLEÁN RIABHACH.
Tá lucht an Fháinne i gCaisleán Riabhach le teacht le
cheile aríst gan ró-mhoill. Deirtear go mbéidh a lán
daoine ag cur isteach ar an sgrúdughadh le haghaidh an
Fháinne. Tá an Gasra seo ag dul ar aghaidh go breagh
ó cuireadh ar bun é. Béidh an chéad chruinniughadh eile
de'n Ghasra seo i Sgoil na mBráthairí ar 26adh de
Eanair ar an 3 a chlog.
REACHTAIRE.
CEISTEANNAI LE FREAGAIRT.
CEIST AGAM ORRAIBH, A GHAEDHEALA.
Cé mhéad craobh de Chonnradh na Gaedhilge i gCon-
nachtaibh, agus céard a bhíonn dhá dhéanamh acú?
Bhfuil craobh ar bith beó i gCondae Mhuigheó?
Cé mhéad ranng Gaedhilge ar siúbhal faoi chraobhachaibh
an Chonnartha i gCondae na Gaillimhe?
Ca bhfuil na timthirí a toghadh le déigheannaighi agus ca
mbíonn siad ag obair?
Tuige nach raibh síad ag an dá chruinniughadh de Dháil
Chonnacht?
Taobh amuigh de Thobair a Choire cé mhéad craobh de
Chonnradh na Gaedhilge, agus cé mhéad ranng Gaedhilge
i gCondae Shligigh?
Céard a thárlaidh do CÓMHAIRLE CHONDAE MHUIGHEÓ?
An amhlaidh nach dteastuigheann an Ghaedhilg uatha feasta,
ó's rud e go ndeachaidh siad siar ar an RÚN a cuireadh
i bhfeidhim ag an gcéad chruinniughadh de'n CHÓMHAIRLE
sin san mbliadhain 1918? An bhfuil an Chómhairle le
leigint do Choisde an Airgid an rún sin a chur ar
neimhnidh? Má tá béidh ceist eile faoi amach annso.
Cá fháide ó bhí cruinniughadh ag Múinteóiribh Gaedhilge
Chondae Mhuigheó? 'Tuige nach bhfuil siad cómh-chean-
gailte leis an Árd-Choisde, agus ainmneacha na
múinteóirí cláruighthe ag an Árd-Rúnaidhe? Ce air a
bhfuil an locht faoi nach raibh díoluidheacht páirte, no
síntiús na bliadhna íocta?
Céard a bhíonns dhá dheanamh ar son na Gaedhilge i
gCo. Liathdroma taobh amuigh de Cara' Drom' Rúisg?
Ní chluineadh soin suim bliadanta ó soin. Freagruigheadh
Peadar Mac Eanna.
DEARMUD!
Ar dhearmud, fágadh cuid de Mhála Chaitlín gan chur
faoi chlódh in Uimhir na Nodlag de'n "Chearnóig," acht
gheobhaidhear in Uimhir na míosa seo an sgéal a gheall sí
dá clainn.
A SCRÍOBHNÓIR!
AN BHFUIL TÚ AG CEAPADH LEABHAR?
AGUS AR LORG FEAR A CHLÓ-BHUAILTE?
SCRÍOBH CHUGAINN AR DTÚS.
CLÓ-BHUAILFIMID DHUIT É
CÓMH MAITH AGUS CHÓMH SAOR
LE DUINE AR BÍTH I N-IÉRINN.
GACH EÓLAS Ó
BAINISTEÓIR
"AN CHEARNÓG"
BÉAL ATHA H-AMHNAIS,
CO. MHUIGHEO.
AN CHEARNÓG.
EANAIR, 1924.
AN BÓTHAR SO RÓMHAINN.
Bóthar cruaidh corrach an bóthar so rómhainn, a
Ghaedheala, agus tóigfidh se daoine láidre spioradha-
mhala módh-oibreamhala le 'nár gcuspóirí' a chur i ngníomh
agus 'un cinn.
NA CUSPÓIRI.
"Agus céard iad na cuspóirí atá agaibh?" a dearfas
tusa, a léightheóir chroidhe. — Sean-chanamhaint Chonnacht a
choinneál beó, agus a shábhailt, — litridheacht a sgríobhadh
san gcanamhaint sin, — Muinntir Chonnacht a aontughadh
sa mbaile agus i gcéin le haghaidh na hoibre ceadna, —
agus fos chúis Connartha na Gaedhilge a buanughadh, agus
a neartughadh ar fúd na Cuige' seo.
AN TOISEACH.
"Toiseach maith leath na hoibre," agus tá an toiseach
sin déanta againn. "Ar aghaidh, ar aghaidh feasta," sin
e an fair-fhocal nó an rosg catha. A Ghaedheala Chon-
nacht, cabhraigidh linn. Tá bhur gcabhair agus bhur
gcongnadh ag teastáil uainn. Murab fhuil sibh le
cabhrughadh linn — bhoil, fágaigidh ár mbealach!
Ní theastuigheann uainn bogai a dúara, ná fallsgóirí,
ná lucht neamh-shuime, na lucht seasta ar an gclaidhe,
ná cáirde mar dhóigh dhe!
AN CHAOI LE CABHRUGHADH LINN.
Is féidir le cáirdibh cuidiughadh linn ar a lán bealach.
Má's sgríbhneóir thú, sgríobh le haghaidh na sgoileannaí
no le haghaidh litridheachta i gcanamhain Chonnact .i. i
BHFÍOR-CHANAMHAIN NA hÉIREANN. Má's múinteóir
thú, féach le beirt chainnteóir Gaedhilge a theagasg no
a dhéanamh in aghaidh gach cinn a rinnis go dtí anois.
Má's ceannuidhe thú, agus gan feith na sgríbhneóireachta,
ná na múinteóireachta ionnat, fuagair do chuid ear-
raidhe sa "gCEARNÓIG," no sa "STOC." Má's sagart,
no bráthair thú déan timthireacht imeasg na sagart, agus
na mbráthair dhúinn. Má's breitheamh, nó dlíghcadóir,
nó múinteóir thú, déan an timthireacht céadna dhúinn,
imeasg do chómh-oibrightheóirí stóir," cuir síos do
láimh, agus cabhruigh le do shíntiúis Dáil Chonnacht, agus
Cumann Liteardha Mhic Éil, agus bí í do bhall, nó í do
chómhalta dé'n dá chumann roimh-ráidhte; agus na déanadh
aon Ghaedheal dhá chuid dh'á dhíthcheall go raibh sean-
chanamhaint a chuige' slán sábhailte.
Ná síltear go bhfuilimid anúas ar lucht sábháilte
chanamhain eile! Níl. Agus ní bhéidh. Acht ná síltear
'na dhiaidh sin 's uilig, gur daoine sinn a d'fhanfadh go
sócamhail, agus dóchamhail dhá dheanamh orainn. — Ná síl-
tear nach ndeanfamuid ár gcion féin — ar ndíthcheall
báis agus beathadh le n-ár gcanamhaint féin a chur ar a
cosaibh aríst.
AN CANAMHAINT IS STAIREAMHLA.
"Agus 'tuige?" Adearfas an té nach dtuigeann. —
'Sí canamhaint Chonnacht an chanamhaint is fearr, is
staireamhala, is lúachmhara, agus is goire do chruth, agus
leaganaibh na Sean-Ghaedhilge, agus na Meadhon-
Ghaedhilg agus don chéim liteardha.
Smaointear ar an méid seo. — Nuair a dhíbir na
Sasannaigh, na hUlltaigh, agus na Laighnigh, agus na
Mumhainigh as a gCuígthibh féin, cár dhíbriughadh iad? No
cá ndeachadar?
AN DÍBRIUGHADH GO CONNACHTAIBH.
Nárbh í an Ghaedhilg a bhí dhá labhairt ag Gaedhilibh na
hÉireann an uair sin? Nárbh iad na taoisigh, na
hollamhna, na báird, na sagairt, na múinteóiri, agus na
h-uaisle a díbrigheadh treasna na Sionainne go Con-
nachtaibh. Nárbh í an Ghaedhilg a bfearr, agus ba fhógh-
luimthe a bhí acú so? Nár shocruigheadar annso i
gConnachtaibh — an chuid ba mhó acú; agus bí cinnte
dearbhta gur fhágadar rian a bhfoghluima, ar chanamhain
Chonnacht. Nárbh beag duine acu a d'fhill ar ais ar a
Chúige féin aríst? Nárbh í Gaedhilg na sgol. — AN
GAEDHILG LITEARDHA a bhí acú? Agus nach bhfuil an
Ghaedhilg sin fighte fuighte leis an gcanamhaint seo
'gainne. Ar an ádhbhar sin ta plúr-sgoth Gaedhilge na
hÉireann ag muinntir Chonnacht.
AR SON NA hÉIREANN.
Féachfamuis le canamhaint Chonnacht a shábháil ar ais
nó ar éigean. Agus ní ar son Chonnacht amháin — ó thár-
laidh go bhfuil baint ag na trí Cúigthibh eile léithí. — ACHT
AR SON NA hÉIREANN.
AN GAIRM SGOILE.
Anois a Connachtacha, má tá sibh le cabhrughadh linn —
"i líne!" Ar bhur n-aghaidh! Siúbhalaigidh! Sibh-se nach
bhfuil toilteannach tígheacht — fanaigidh! Acht na
habruighidh nach bhfuair sibh an GAIRM SGOILE!
DÁIL CHONNACHT, AGUS CUMANN LITEARDHA
MHIC ÉIL.
Tá an Dáil Chonnacht curtha ar bun, agus ag obair
go dian dúthrachtach. Tá Cumann Liteardha Mhic Éil aith
bheódhchaidhthe. Tá sgribhneóirí Chonnacht ar fad sa
gCumann, seasadh, bás, no beatha Gaedhilge
Chonnacht. Léighfidhear go fóill i Stair
Litridheachta na hÉireann céard do rinneadar — An
ndearnadar a ndúalgas nó nach ndearnadar. Ar
thuilleadar moladh nó cáineadh, beannacht nó mallacht
mhuinntire Chonnacht go bruinn an bhráthacha.
P.
NÁ DÉANAIGIDH DEARMAD AR:-
ÁRUS NA nGÁBHADH
(AGUS SGÉALTA EILE).
LEÓN Ó BROIN DO SGRÍOBH.
Áilneacht Cainnte! Smaointe ar Fheabhas!!
Togha agus Rogha Gaedhilge!!!
Ba cheart cóip de'n leabhar so a bheith ag gach
fíor-Chonnachtach.
LUACH, 1/6. TRID AN BPOST, 1/8.
Le fághail ó:-
Siopa na Leabhar nGaodhalach, Sráid Dhásúin, Ath Cliath;
Máire Ní Raghallaigh, 87 Sráid Uachtar na Driseóige,
Ath Cliath; ón Úghdar, 39 Cearnóg Pharnaill, Ath Cliath;
nó ó Eagarthóir nó Bainisteóir An Chearnóg, Béal Atha
h-Amhnais, Co. Mhuigh Eó.
LIOSTA AN AIRGID.
Tá ár mbuidheachas ag dul do na daoinibh seo a lean-
anns mar gheall ar a síntiusaibh do Dháil Chonnacht, agus
do'n "Chearnóig":-
An tAthair Ó Dómhnaill, Séiplíneach, Caisleán
Riabhach £1 0 0
Séamus S. Ó Dómhnaill, O.S., Caisleán an
Pluingcéadaigh 1 0 0
An Cléireach Oird L. Ó Colgáin, M.E., Baile
an Locha 0 12 0
AN CHEARNÓG.
Duine ar bith a dteastuigheann AN CHEARNÓG uaidh,
nó ar mhaith leis Fógra a chur ins AN gCEARNÓIG
scríobhadh sé go dtí:-
BAINISTEÓIR, "AN CHEARNÓG,"
Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigheó.
Trid an bpost — 3/6 sa mbliadhain.
1/9 sa leath-bhliadhain.
Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theigheann ins an
bpáipéar, cuirtear sgéala go dtí
PILIB Ó BHALDRAITHE, Eagarthóir,
An Druim Bán, Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigheó.
ROINN NA SGOILEANNA.
MÁILÍN CHAITLÍN.
Fuaras beart de na leitreacha ba ghleoite d'á bhfaca
tú ariamh ó na cailíní i Sgoil Bhaile 'n Mhuilinn. Ag
cur síos ar a mbaile dúthchais a bhí na cailíní do sgríobh
chugam, agus ba dheas uatha a dhéanamh. Shíleas go raibh
beagán eolais agam féin ar Bhaile 'n Mhuilinn, acht
b'fhíor-bheagán é i gcomórtas leis an méad do fuaras
ó na cailíní beaga. Leitir mhaith chliste a beadh an leitir
do sgríobh Máire Ní Longáin, agus níl na cailíní eile i
bhfad in-a diaidh Molaim go hárd na leitreacha do
sgríobh Eibhlín Ní Reachtagáin, Eilís Ní Mháinín, Aine
Ní Raghallaigh, Sorcha Ní Chathail, Maireád Ní Ghreacháin,
agus Eibhlín Ní Mhaolmhuaidh. Béidh sgríobhnóirí i mBaile
'n Mhuilinn fós, agus ár ndóigh, níorbh iongnadh é agus
na múinteoirí agus na sagairt atá ann ag cabhrú leis
an nGaedhilge.
Tháinig leitreacha chugam ó Chó. an Chláir, áit a bhfuil
sgríobhnóirí d'á n-oileamhaint, chomh maith; ó Cho. Chilldara,
in-a bhfuil togha oibre d'á dhéanamh ag na mná riaghalta,
de réir cosamhlachta; ó Cho. na hIar-Mhidhe; agus ó Bhaile
Átha Cliath, ag cur fáilte rómham ann. Tá creidea-
mhaint mhór ag dul do Chaitlín Nic Ghiollabhuidhe, do
Mháire Nic Ghabhann agus do Shinéad Ní Chearbhaill mar
gheall ar na leitreacha ciallmhara cliate do sgríobhadar.
Acht cad chuige nach sgríobhann na buachaillí sgoile
chugam? — ár ndóigh, ní féidir go gcuireann na cailíní
níos mó spéise i nGaedhilge ná na buachaillí? Ní hamh-
laidh gurbh iad is fearr ag sgríobhadh na Gaedhilge?
Táim-se chomh ceanamhail céadna ar na buachaillí a's
táim ar na cailíní — bhíos ag múnadh rannga buachaillí
uair, agus ní raibh ranng ariamh agam ba mhó a thaithnigh
liom. Bhíomar an-mhór le n-a chéile, agus an leitir a
chuir na gasúir chugam ag gabháil buidheachais liom tá sí
agam fós, agus a n-ainmneacha ar fad léi; agus coin-
neóchad go bráth í, le congnamh Dé.
Béidh comórtais againn feasta. An t-é a bhéarfas
leis, nó léi, an Chraobh, cuirfead bonn airgid chuige, nó
chuici — Bonn na Cearnoige — do'n sgríobhnóir is fearr.
Sgríobhadh gach duine cúnntas ar aon áit staireamhail
atá in-a Chonndae féin — an méid a léigh sé, nó a
d'airigh sé faoi aon áit a bhfuil trácht air i Seanchas ar
dtíre, nó i mbéalaibh na ndaoine fós. Do feadfaidhe
aiste ar bhfiu suim a chur ann do sgríobhadh faoi Theamhair
na Ríogh, faoi Chathair Chonroí, faoi Aileach agus Éamain
Macha agus Dún Gheannáin, "Almhain Leathain
Laighean," faoi "Rásaí Chaisleáin a' Bharraigh," faoi
Ceann Coradh agus Brian Bóirmhe, faoi Cruachán
Mhéidhbhe, faoi Mhuirtheimhne agus Cuchullain, faoi Bheann
Eadair nó Fionntráigh agus na Feanna, faoi Uí Mháil
agus Micheál Ó Duibhir, faoi Luimnigh agus an Sair-
séalach, faoi Dhun na Masc agus Ruaidhrí Ó Mórdha,
faoi Loch nEachac agus an sgéal a bhaineas leis, faoi
áiteacha is lugha le rádh, b'fhéidir, ná iad súid, acht a
bhfuil sgéalta ag baint leo ar bhfiu cuimhne a choinneál
ortha. Cuirtear na haistí chugam roimh Lá Fhéile Pádhraic
agus cuirfear an chuid is fearr aca ar an gCearnóig
agus cuirfear " Bonn na Cearnoige" chuig sgríobhnóir
an aiste is fearr. Ní mór do gach iomaidhtheoir nóta
a chur chugam ó n-a athair nó máthair nó an t-é atá m-a
chúram ag dearbhughadh gur sgríobhadh gan congnamh é. Tá
cead ag buachaillí agus ag cailíní faoi bhun sé bliadhna
dhéag d'aois bualadh faoi Chraoibh na Sgríobhnóirí a bhaint
amach.
Buailigidh faoi'n eolas a bhailiughadh anois, a chlann ó,
agus cuirigidh na haistí chugam i dtreo go mbéid agam roimh
Lá Féile Pádhraig. Go gcuiridh Dia rath agus beannacht
oraibh. — Mise, agus grádh agam daoibh,
CAITLÍN.
F/c na hÁrd-Chraoibhe,
39, Cearnóg Phárnail, Áth Cliath.
Seo é an sgéal a labhair mé faoi i n-uimhir na Nodlag.
Ní raibh áit ag an gclódóir dó an uair sin.
CUARTÚ NA SEACHT gCATHRACHA.
Nuair a baineadh An Mheiriocá Iar amach de'n chéad
uair, tugtaoi An Nua-Spáinn uirthi, mar ba ó'n Spáinn
a ghluais an cabhlach ba thúisge a bhain amach í, faoi
stiúiriú Chriostóir Columbus.
I lár na sémhadh haoise déag do bhí Goibheirnear de
mhuintir de Gúsmán i mbun na tíre do Riaghaltas na
Spáinne. Bhí mogha Indianach, darbh ainm Téisiós, ag an
nGúsmánach seo, a raibh sé an-cheanamhail air, thar é bhí
sé ní ba mhíne agus ní b'oilte ná na moghtha eile. Bhí
árd-chion ag Téisiós ar a mháighistir, freisin, acht thuig
sé cé'n t-urraim a bhí ag dul dó, agus cé gur mhinic a
bhaineadh an Goibheirnéar caint as, ní dhéanadh an mogha
aon ró-dhánaidheacht air d'á bharr, rud a thaithnigh go mór
leis an nGúsmánach.
"Ó Théisiós," ar seisean leis, lá "ba mhaith liom rud
eicínt do chloisteál i dtaoibh do bhaile dhúthchais agus do
mhuintire, agus do shaoghail nuair a bhí tú i do ghasúr."
Níor labhair Teisiós go ceann tamaill.
"A mháighistir," ar seisean, sa deire, "ní ins an tír seo
a bhí mé agus mé i mo gasur. Agus ní sglábhaidhe a bhí
ionnam, acht an oiread. Bhí mo bhaile dhúthchais i dtír
i bhfad bhfad ó thuaidh uaidh seo. Tír mhór shaidhbhir a bhí
innti. Taobh thall de'n tír sin m'athar, bhí tír eile ba mhó
agus ba shaidhbhre ná í. Sa tír sin bhí seacht gcinn de
chathracha móra, agus an ceann ba lugha ortha, ba mhó í
ná'n chathair seo Mheacsacó. Bhí muintir na tíre chomh
saidhbhir sin 's go ndéanaidís rinn a ngatha d'éamarail,
agus sgríobaidís an t-allus d'á gcneas le sgríobáin
óir. Chuiridís clocha luachmhara os cionn a ndoirse agus
b'árd áirgeamhail a dtighthe. Bheireadh m'athair chuca na
cleití a chaithidís ar a gcinn, agus thugaidís dó, mar
mhalairt ortha, ór agus túrcuais agus éamarail. Thug
m'athair leis faoi dhó mé, a mháighistir, agus é ag triall
ar na cathracha sin le n-a chuid cleití, agus cé nach raibh
ionnam acht malrach an uair sin, is maith is cuimhneach
liom na sráideanna fada leathana, ar a raibh stóir na
seódóirí a dhíoladh na clocha uaisle seo, agus a dhéanadh
ornáidí díobh do na daoine."
Ní bréag nár chuir an sgéal seo iongantas ar an
nGúsmánach.
"Agus cá bhfuil an tír sin?" d'fhiafruigh sé, nuair fuair
sé a anál leis.
"Tá sí i bhfad i gcéin, a mháighistir," arsa Téisiós, go
cumhamhar. "Aistear dachad lá a thóigfeadh sé le n-a
sroichint. An tír tré n-a ngluaisfidhe, is fásach fiadháin
idir dhá fhairrge é, áit nach bhfuil féar ag fás, na uisge
ag rith."
B'ar éigin a d'fhead an Gúsmánach fanamhaint go
maidin, go mbailigheadh sé sluagh le dul ar lorg na tíre
sin na n-ionghantas. Sgaipeadh an sgéal a bhfad 's
ingioracht, agus ní cloistí ar aon taobh acht trácht air.
TÍR NA SEACHT gCATHRACH.
Ghluais an Gúsmánach ó thuaidh ó Mheacsacó, agus
ceithre céad Spáinneach, agus cúpla míle Indianach leis.
Iad súid a d'fhan sa mbaile bhíodar ag fanacht, ag súil
gach lá le n-a chloisteál go raibh Impireachta Móire
bainte amach aige sa Tuaisceart.
De réir mar ghluais an Gúsmánach ar aghaidh chloiseadh
sé iomrádh faoi na Seacht gCathracha.
An mhuintir a bhí leis chuireadar dúil agus sannt a
gcroidhe i saidhbhreas na tíre úd. B'ar éigin a thugadar
uain codlata dóibh féin ar an turas. Rinneadar tais-
teal ar feadh roinnt laetheannta fonnmhar go maith ag
dréim le tír na Seacht gCathracha do shroichint gach aon lá.
Acht i n-a ionad sin, b'amhlaidh a bhí an tír ag dul i
bhfiadháine, agus na sléibhte i líonmhaire agus i méad,
agus na bóithre i n-aimhréidhe; agus na Seacht gCathracha,
i leabaidh iad bheith ag teannadh leo, samhluigheadh dóibh
iad bheith ní b'fhuide uatha gach aon lá.
Annsin, thoisigh na hIndianaigh ghá dtréigint. Thosuigh
na Spáinnigh ag ceasacht agus ag clamhsán.
"Támuid meallta," ar siad-sin, "agus gheobhmuid
uilig bás sa tír uaignigh seo, mara bhfuil ag Dia. Fillimís
ar Mheacsacó."
D'éirigh leis an nGúsmánach misneach a choinneál ionnta
go ceann sgathaimh, ag trácht ar an luach-saothair a bhéadh
rómpa ag ceann cúrsa. Sa deire de bhárr a gcuid
gearáin, theip ar an misneach agus ar an alluaiceacht
ann féin chomh maith leo. Chasadar, agus thugadar aghaidh
ar Chathair Mheacsacó.
"Caithimid dul a bhaile," ars an Gúsmánach leis
féin, "acht lá eicín, chomh luath a's bhéas comrádaí de'n
mhianach ceart le fághail, tiocfad andeas arís. Téisiós
féin a dhéanfas treorú dhúinn an uair sin. Bainfead
amach na Seacht gCathracha úd fós, agus glacfad seilbh
ortha."
Acht nuair a d'fhill sé ar Mheacsacó, bhí Téisiós t'réis
báis. Sgéala an turais mí-ádhmhair úd, cuireadar mí-
mhisneach ar dhaoine eile bhéadh ag brath ar bhualadh faoi
na Seacht gCathracha a bhaint amach, agus ní dheachaidh
éinne ar a lorg go ceann sé bliadhna eile. Tuairisg
iongantach do fritheadh annsin i n-a dtaoibh do dhírigh aire
an phobail ar an gceist an ath-uair.
(Tuille i gceann míosa.)
OBAIR LE H-AGHAID NA SCOILE.
SCÉILÍN: AN COINÍN.
Bhí coinín beag 'na chómhnuidhe i bpáirc ghlais. Bhí poll
faoi chloich aige innti. Bhiodh se amuigh ins an bpáirc
go minic ag ithe an fhéir ghlais. Lá amháin bhí se amuigh
i bhfad ó'n bpoll. Chonnaic se madadh mór ag teacht
chuige. Bhí faitchios air roimh an madadh agus rith se
isteach ins an bpoll. Annsin bhí se slán.
CEISTEANNA:
Thá raibh an coinín 'na chómhnuidhe? An raibh sé 'na
chómhnuidhe 'san mballa? Ce'n dath a bhí ar an bpáirc?
An raibh carraig 'san bpáirc? Céard a bhí faoi'n gcar-
raig? An ar an gcarraig a bhí sé? Céard a bhíodh an
coinín a dhéanamh amuigh? An ag ithe aráin a bhiodh sé?
Féachaidh! Bhfuil se ag ithe anois? Bhfuil mé ag ithe? —
ag ithe féir?
A' MÚNLÚ AS DÓIB.
Ádhbhar Oibre: Dóib no Márla (Plasticine).
A Thomáis; Tabhair amach an dóib. Céard a dhéan-
faimid indiu? Déanfaimid coinín. Tá go maith. An
raibh rud ar bith eile sa' sgéal? Bhí madadh: Ce an sórt
madaidh? Madadh mór. Tá go maith. Déanfaimid an
madadh freisin. Ach déanaidh an coinín ar dtús. Ce
mhéad cos a bhíonn ar choinín? Cuirfimid amach píosa
le h-aghaidh gach coise. Bhfuil ceithre cinn mar seo
agaibh? Tá go maith. Anois fághaighidh píosa mór mar seo
le haghaidh an chuirp. Cuirigidh na cosa ar an gcorp.
Tá rud eile uainn nach bhfuil? Céard é? Seadh an
ceann. Déanfaidh píosa mar seo le h-aghaidh an chinn.
Cuirigidh an ceann ar an gcorp ar an nós seo. Anois a
Shéamus! Bhfuil an coinín críochnuighthe agam? Níl;
caithfidh tu chlúasa a chur air. Ce mhéad clúas? Dhá
chlúais. An mbíonn clúasa an choinín fada no geárr?
Bíonn síad fada. Bhfuil síad fada go leór? Tá síad
ro-fhada. Tá go maith; bainfidh me giota de gach clúais.
Anois! nach deas an coinín atá agam? Ó! dhearmad tú
an t-iorball. Ce an saghas iorbaill a mbíonn air?
Iorball geárr, teann. Anois féuchaidh! An ag siúbhal
nó ag rith atá sé? Ag rith.
AGALLAMH.
(Tomás ag fanacht ag an gcros-bhóthar ar Sheán agus íad
ag dul ar scoil.)
Tomás: Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Sheáin.
Seán: Dia's Muire dhuit, a Thomáis.
Tomás: Ce'n chaoi bhfuil tu indiu?
Seán: Go maith, slán a bhéas tú.
Tomás: A' raibh tú i bhfad a' fanacht (orm) liom?
Seán: Ní raibh; anois díreach bhúail mé bóthar.
Tomás: A' meas' tú a mbéidhimíd i n-am?
Seán: Measaim go mbéidh. Chonnaic mé Séimín Tom
ag dul síar ar ball beag.
Tomás: Ó! tá bróga nuadh agat. Go mairidh is go
gcaithidh tu íad.
Seán: Go mairidh tu do shlainte, a Thomáis. An maith
leat íad?
Tomás: Is maith; tá síad go h-áluinn. Nach deas
éadtrom íad?
Seán: Ni'l síad ro-éadtrom; b'fheárr liom fhéin go
mór íad gan táirnidhe, ach ni bheadh m'athair sásta gan na
táirnidhe a bheith ionnta.
Tomás: Ce'n uair a fúair tu íad?
Seán: Inde; bhí m'athair 'san mbaile mór agus chean-
nuigh se dhom íad.
Tomás: Ce mhéad a thug se ortha?
Seán: Ocht sgilleacha deúg a dubhairt sé liom-sa, ach
seárd a dubhairt sé le Maimi i gcogar go bhfúair se
leath-choróin de lasgaine as.
Tomás: Cár cheannuigh sé iad.
Sean: Sa siopa núadh i Sráid an Mhargaidh.
(Tuilleadh le teacht.)
CLUICHE: NA CUINNEÓGA.
Suidheann na páisdí sna suidheacháiní le linn imirthe
na cluiche seo. Cuireann gach duine aca a dhorna os
cionn a cheile ag déanamh aithrise ar chuinneóig. Seasann
se os comhair an chéid leinbh. Féachann se isteach 'san
gcuinneóig agus cuireann se ceisteanna mar leanas:
Ceistneóir: "Ca bhfuil an bainne bhí sa' gcuinneóig
seo?"
Páiste: "Tá se sa' gcuinneóig eile."
Ceistneóir: "Cá bhfuil an bainne bhí sa' gcuinneóig
seo?"
Páiste: "D'ól an cat é."
Ceistneóir: Ca bhfuil an cat?"
Páiste: Tá sé faoi'n sop."
Ceistneóir: "Ca bhfuil an sop?"
Páiste: "Dhóigh an teine é."
Ceistneóir: "Ca bhfuil an teine?"
Páiste: "Mhúch an abha í."
Ceistneóir: "Ca bhfuil an abha?"
Páiste: "D'ól an bullán í."
Ceistneóir: "Ca bhfuil an bullán?"
Páiste: "Mharbhuigh an búisteír é."
Ceistneóir: "Ca bhfuil an búistéir?"
Páiste: "Sin é thall é."
Síneann an freagarthóir a mhéar chuig duine de na
páistíbh. Annsin caithfidh an páiste seo teacht 'un
urlair agus an cluiche a choinneál ar siúbhal.
CEACHT CAINNTE "UBH CHIRCE."
Adhbhar Oibre: Ubh chirce agus blaosc (follamh) uibhe.
Céard í seo? Sin ubh. Ce'n saghas uibhe í? Ubh chirce.
A' bhfeaca tú ariamh ubh ar bith eile seachas ubh chirce, a
Sheán? Chonnaic mé ubh lachan, ubh ghe agus chonnaic mé
ubh spideóige anuraidh. An raibh an ubh lachan cosmhail
leis an uibh seo? Ni raibh. Innis duinn fuithi! Bhí an
déanamh céadna uirthi ach bhí dath gorm uirthi agus bhí sí
níos mó agus níos toirteamhla. Ce'n dath atá uirthi?
Tá sí bán. Ainmnigh rudaí eile atá bán? Cailc,
sneachta, aol, páipeár.
AN BHLAOSC:- Bhfuil fhios 'at ce'n t-ainm a tugtar
ar an gcuid seo de'n uibh? Níl. Bhfuil fhios ag duine
ar bith? B'fhéidir nach bhfuil. Tugtar "blaosc" ar sin.
Féachaidh? Tá blaosc follamh annseo agam. Féach í, a
líam.
CRUADH, MÍN, TANAIDHE, BRIOSC:- Bhfuil sí cruadh
no bog? Tá sí cruadh. Bhfuil sí mín no garbh? Tá sí
mín. Féach! bhfuil an chloch mín? Níl, tá sí garbh. Tóg
tusa an bhlaosc anois, a Shéamuis, bhfuil si tanaidhe no
tiugh? Tá sí an-tanaidhe. Bhfuil sí roighin no briosc?
Tá si briosc. Féachaidh! bhfuil an páipeár briosc? Níl,
tá sé roighin.
AN BUIDHEACÁN:- Féachaidh anois: brisfidh me
blaosc na h-uibhe agus dóirtfidh me amach a bhfuil istigh
san mhéis. Bhfuil fhios ag duine ar bith ce'n t-ainm a
tugtar ar an gcuid de'n uibh atá buidhe? Níl. Sin an
"buidheacán." Ce'n dath atá air? Buidhe. Ainmnigh
rudaí eile go bhfuil an dath ceadna ortha?
AN GEALACÁN:- Tugtar "gealacán" ar an gcuid
seo de'n uibh.
OBAIR NA LÁIMHE:- Déanadh na páistí "múnlú na
circe" "múnlú sicín" "múnlú na h-uibhe" agus "nead
na circe" le "dóib" no le "márla."
M.O.R.
CONNRADH NA GAEDHILGE DÁIL
CHONNACHT.
TOGHADH OIFIGEACHA AGUS COISDE.
Tionóladh cruinniughadh de Dháil Chonnacht i gClár
Cloinne Mhuiris Dia hAoine seo ghabh tharainn. Bhí
teachtairi sa láthair as gach Condae i gConnachtaibh.
Mac Dara a bhí i gceannas an chruinnighthe, agus bhí i
láthair:-
Aine Bean Uí Ghrádaigh, O.S., Cill Móidhbhi, Bealach
an Doirin; Brighid Ní Chléirigh, O.S., Béal Átha na
Sluagh; Pádhraic Ó Grádaigh, O.S., Cill Móidhbhí; Seamus
Ó Gríobhtha, O.S., Baile An Daingin; Brighid Béan Uí
Naoidhneáin, O.S., Teach Mhuire, Baile na Gaedhilge;
Caitlín Ní Chúanaigh, O.S., Cill Bheidhin; Caitlín Ní
Naoineáin, O.S., Muileann Tirim; Tomás De Brett,
Clár Cloinne Mhuiris; Séamus Ó Duigneáin, Baile na
Gaedhilge; Éamonn Mhag Fhionnáin, M.I., Muileann
Cearr; An Paorach, O.S., Baile Uí Fhiadhcháin; Aine Níc
Stíbhín, O.S. Bealach a' Doirin; Seán Ó Ceallaigh,
B.C.C., Cill Mhíodhna; Mártan Ó Gacháin, Dúngar, Ros-
comáin; Pádhraic Ó Caomhanaigh, O.S., Baile an Róba;
Tomás Mac Oirghiolla, M.G., Roscomáin; Micheál Ó
Cinnéide, M.G., Cros Mhaoil Fhiona; Micheál Ó Rudaigh,
O.S., Cill Móidhbhí; Hannraoi Ó Beirn, O.S., An Cnoc;
S. Ó Flannagáin, O.S., Achadh Mór; Aodh Ó Nualláin,
M.G. Doire Mhacna; Pádhraic Ó Gabhláin, M.G., Achadh
Mór; "Mac Dara," Baile Mhuilinn, Co. na Gaillimhe;
Liam Ó Maolagáin, Ceann-Catha, Roscomáin; Mártan
Ó Flannagáin, O.S., Cill Cheallaigh; Eibhlín Ní Fhlaitile,
O.S., Cúl na Feárna; Seósaimín Ní Fhlaitile, O.S., Cúl
na Feárna.
Fritheadh a lán litreacha ó Dhaoinibh nach bhféadfadh bheith
ag an gcruinniughadh. Iad seo cuid de na daoinibh a
sgríobh chuig an Rúnaidhe:- "An Craoibhín Aoibhinn," Áth
Cliath; Máirtín Ó Tréasaigh, O.S., B'l'á'n Ríogh; Micheál
Ó Murchadha, Coillte Mach, Condae Mhuig Eó; L. Ó
Saoruidhe, T.D., Ath Cliath; Máire Bean Uí Chuinn, O.S.,
Cill Alaidh; Seaghán Ó Cuinneáin, Béal Átha hAmhnais;
Liam Ord. Ó Colgáin, M.E., Baile an Locha, Ros-
comáin; An Dr. S. P. Mac Enrí, M.E., D.L., Gaillimh;
An tAtair Ó Ciaráin, S.P., Tobar a' Choire, Co. Shligigh.
Sgríobh an Dr. Dúbhglas de h'Íde mhar leananns:-
21adh Mí Nodlag, '23.
A Philib a chara, — Tiucfaidh mé má's féidir liom, acht
ní dóigh go mbéidh sé ar mo chumas. Tá mé go dona le
piantaibh cinn, agus tá faitcíos orm roimh an turas
muna dtagaidh biseach orm.
Budh chéir dhaoibh rud eicínt a dheanamh i dtaoibh an
droch-litrighthe a bhíos ar siúbhal na hAmannta so. Deich
mbliadhain ó shoin bhí aon teanga amháin againn. — Act
anois! Tá súil agam go bhfuil tú féin go maith. Go
dtugaidh Dia Nodhlaig aoibhinn duit. — Mise, do chara,
"AN CRAOIBHÍN."
Ag seo litir ó'n Athair Ó Ciaráin, M.E., Tobar a'
Choire:-
Tobar a' Choire, Co. Shligigh,
29adh lá go mhí na Nodlag.
A Chara, — Maidin indiu 'seadh fuaireas an cuireadh
'un chruinnighthe Dála Chonnacht. — Lucht an Phosta a bhí
ró-ghraitheach faoi Nodlaig is dóithche. Ní mheasaim-se
gur feileamhnach an tam e, am so na Nodlag 'un oibre
dá shórt mar is iomdha sin beart ga'n gcineamhaint a
fhéadanns mí-rath a imirt uirthí. Sílim gur feasach tú
féin an méid sin. Bfearr dhuinn fanacht go dtí lár an
Eanair go mbeadh fuadar agus cruadhóg oibre na
Bliadhna Núa thart. Rud eile dhe má theastuigheann
uainn na sagairt a bheith i láthair, ní mór lá a thoghadh i
lár na seachtmhaine nuair nach mbéidh faoisdin na obair
speisialta ar bith eile ag cur as dóbhtha.
Is fada an turas é do chuid acú ar a laigheadh go
Clár Cloinne Mhuiris, no go Caisleán a' Bharraigh, no
dá leithide mar sin féin 'sí mo bharamhail go mba chóir
do na cruinnighthibh coitcheannta móra bheith i gClár
Cloinne Mhuiris, mar feicthear dhom gur'b e lár-bhall is
feileamhnaighe é
Ba mhaith an rud e na cheann sin cruinnighthe speisialta
a thionóladh ins na príomh-bhailtibh eile ag a mbéidh cúpla
teachtaire o'n Lár-Choisde i láthair.
Is an-ghéar atá an méid sin ag teastáil i gCondae
Shligigh ar chaoi ar bith. Taobh amuigh de Shligeagh féin,
agus an ceanntar thart thimcheall air, níor dearnadh
Cruinniughadh Seachtmhaine na Gaedhilge acht amháin an
ceann a rinneas féin annso i dTobar a' Choire, agus
b'é an chéad cheann e le bliadhaintibh anúas. Tá na
Craobhacha ar lár, agus taobh amuigh de na sgoileannaibh,
níl spiorad na spéis i gCúis na Gaedhilge.
Ce'n mhaith go mhbeadh an Ghaedhilg dá múnadh ins na
sgoileannaibh mura gcleachtuighthear focal dí taobh
amuigh diobhtha? Dá gcuireadh Dáil Chonnacht roimhe
aéridheachtanna a chur ar bun ins gach áit ar fud Chon-
nacht i rith an t-Samhraidh seo chugainn, agus cleasa luath
(peile, agus a leithide) Agus iad a bheith go maith, in
éinfeacht leóbhtha, agus na Gaedhil a chruinniughadh ácu
ar gach láthair (geall eicínt a bheith acú mas fogas dóbhtha
an áit sin a dhéanamh) bféidir go ndeanfadh sé maitheas
eicínt.
Tá "an Chearnóg," duisiún coipeanna dhe, "An Stoc,"
"Eire Óg," agus "An Sguab" ar díol annseo, acht ní
cheannuigeann iad acht duine eile na múinteóirí agus
me féin.
Tá rannganna (trí cinn acu san bparáisde) faoi an
mBord Teicniceach ar siúbhal againn. Bíonn céad no
timcheall sin i láthair. Taobh amuigh de'n pharáisde, tá
dhá ranng eile faoi'n mBord — ceann i dTuar Loiscreáin,
agus ceann i na gCurraigh.
Is fearr sin na bheith díomhaoin ar fad. Ach' tá am na
Seóiníneachta tagtha aríst ins na bailtibh móra. Meas-
ann siad go bhfuil faoiseamh acú aríst. Níor mhisde
dhúinn a nduiseacht gan mhoill.
Mhaidir leis an gCumann Liteardha ba mhaith liom baint
leis má's féidir é. — Mise do chara sa gCúis,
A. UA CÍARÁIN, M.E., Séip.
I.S. — Maidir le ceist na timthireachta — módh núadh ar
fad ata uainn. Na Gaedhil a thabhairt le chéile, agus
clár oibre a cheapadh in gach áit, agus a chur in gníomh,
agus fanamhaint san áit go bhfuil toiseach maith deanta
ar chaoi ar bith. — A. Ua C.
Glacadh le mion-túirisgibh an cruinnighthe ba deighean-
naighe.
Mhol an Rúnaidhe, agus chuidigh An Paorach, O.S.,
leis:- "Go gcuirfidhe Dáil Chonnacht ar bun le Cúis na
Gaedhilge a neartughadh, agus a chur chun cinn, i gCon-
nachtaibh."
Cuireadh an rún i bhfeidim d'aon ghuth.
Annsin toghadh an coisde seo a leananns:-
Úachtarán — An tAthair M. Mac An Mhilidh, Séip.
Leas-Úachtaráin — Brighid Bean Uí Naoineáin, O.S.;
Áine Bean Uí Ghrádaigh, O.S.; Seán Ó Ceallaigh, Cill
Mhíodhna; Padraic Ó Caomhanaigh, Baile 'n Róba.
Cisdeóir agus Rúnaidhe — Pilib Ó Bhaldraithe.
Coisde — Tomás De Brett, Micheál Ó Rudaigh, O.S.;
An Paorach, O.S.; Seósaimhín Ní Fhaitile, O.S.; Pádhraic
Ó Gabhláin, Riobárd Ó Conaill, O.S.; An Canónach Ó
Searcaigh, S.P.; An tAth. M. Mac Branain, Séip.; An
Athair Ó Ciaráin, S.P.; An tAth. Ó Críocháin, S.P.;
Padhraic Ó Fathaigh, Gort Inse Guaire; Peadar Mac
Eanna, Clúainín.
Mhol an t-Úachtarán, agus chuidigh An Bhaldrach leis:-
"Go gcuirfidhear Cumann Liteardha Mhic Éil ar bun."
D'aontuigh a raibh i láthair leóbhtha; agus cuireadh ar bun é.
Ann sin toghadh oifigeacha agus coisde mar leananns:-
Úachtarán — "An Croibhín Aoibhinn."
Leas-Úachtaráin — Tomás Ó Máille, M.E., D.LL.;
Seaghán P. Mac Enrí, M.E., D.L.
Coisde — Tomás Bán Ó Concheanainn, An tAthair Ó
Críocháin, Sagart; An tAtair Ó Cíaráin, M.E., S.P.;
An Canónach Ó Searcaigh, S.P.; An tAthair Mac Bran-
ain, Séip.; Eóin O Neachtain; Pádhraic ó Conaire,
Pádhraic (Óg) Ó Conaire, Pádhraic Ó Dómhnalláin,
Caitlín Níc Ghabhann, Seamus Ó Maoildhia, León Ó
Broin, Peadar Ó Mearáin, Eamonn Mhag Fhionáin,
Tomás Mac Dómhnaill, A.C.BH., D.L.; Pádhraic Ó Gabh-
láin, Séamus Ó Murchadha, Micheál Ó Maoláin, Tomás
Ó Raghallaigh, O.S.; Micheál Ó Rudaigh, O.S.; Eibhlín
Bean Mhic Coisdealbhaigh, An Dr. O.L. Mag Uidhir,
Liam Ó Briain, M.E., agus Dr. Ó Dómhnalláin.
Runaidhe agus Cisdeoir — Pilib Ó Bhaldraithe, Druim
Bán, Béal Átha hAmhnas.
Fágadh faoi'n rúnaidhe an Cumann a thabairt le chéile
in áit eicínt faoi cháisg.
Rinneadh tagart do cheist an airgid, agus na timthir-
eachta i gConnachtaibh, Labhair S. Ó Ceallaigh faoi'n
mbailiughadh le haghaidh Seachtmaine na Gaedhilge, agus
molodh go ndeanfaidhe bailiughadh mór do'n Chonnradh
mbliadna.
Ar mholadh an t-Úachtarán, agus ar chuidiughadh An
Paorach cuireadh an rún seo i bhfeidhim: "Go gcuirfeadh
gach craobh airgead Seachtmhaine na Gaedhilge chuig
cisdeóir Dála Chonnacht; acht go mbeadh se de chead ag
gach craobh an tríomhadh chuid de'n iomshlán a choinneál
dhóibhthe féin."
D'aontuigheadh go gcuirfidhe buidheachas na Dála i
gcuimhne do lucht "An Gaedheal," mar gheall ar an
gcongnadh a thug siad duinn.
Moladh "gan cunntas cruinnighthe na Dála a chur chuig
na páipéiribh acht as Gaedhilge amháin."
Ainmnigh Mícheál O Rudaigh, O.S., agus An Paorach,
O.S., mar thosgaireacht do'n Chómhairle Condae, faoi
cheist na Gaedhilge.
Socruigheadh go gcuirfidhe Coláiste Gaedhilge ar bun
do leanbhaibh dá bhfeadtaoi múinteóirí, agus áit feileamh-
nacht a fhágháil. Mhol an rúnaidhe Gaedhealtacht Chille-
Bheidhin mar ionad Choláiste. Tiucfaidh an cheist seo
ós cómhair an chéad chruinnighthe eile. D'iarr an t-úach-
tarán ar na múinteóiribh Gaedhilge, cunntas cruinniughadh
na gcraobh, agus na Ranngannughadh Gaedhilge a chur chuig
an "gCearnóig," agus go raibh se cinnte go gcuirfeadh
an Eagartóir i gclodh iad.
Thug coisde na "Cearnóige" chunntas do'n Dáil ar
an gcaoi a raibh an Irishleabhar beag sin ag dul ar
aghaidh. Agus bhí lucht na Dála go lán t-sásta leis.
Socruigheadh go dtionólfaidhe an chéad cruinniughadh
eile de'n Dháil i gClár Cloinne Mhuiris Diardaoin Na
Deasgabhála ar an 3 a chlog.
AN RUNAIDHE
31-12-23.
ÁIREAMH CINN (NO MEABHRACH).
(Ar leanamhaint.)
11. Cé mhéad punnt i ndachad sgilling (i dhá sgór
sgilling, i gceathracha sgilling)?
12. Cé mhéad páisde a bhféadfainn punnt a thabhairt
dhóibhthe as ceithre ficid sgilling (as ochtmhogha sgilling)
13. Cé mhéad a chuirfinn le ceithre fichid sgilling (le
ochtmhógha sgilling) le chuig phunnt a dheanamh dhe?
14. Tá leath-choróin agam, cé mhéad píghinn agam?
15. Cé mhéad sgilling in deich-píghinne fichead (i
dtríocha píghinn)?
16. Ceannuighim luach leath-shabharin de leabhraibh ar
leath-choróin an ceann, cé mhéad leabhar a cheannuighim?
17. Má gheibheann cearthar buachaill, agus seisear cailín
leath-choróin an duine, ce mhéad airgid a tugtar?
18. Cé mhéad airgid a bhéarfaidhe ar fad, ar seacht
leabhraibh, ar leath-choróin an ceann?
19. Táim leath-choróin gearr de phunnt, agus cean-
nuighim leabhra leath-choróinneach ar a bhfuil d'airgead
agam. Cé mhéad leabhar a cheannuighim?
20. Saothruigheann cailín sgilling sa ló, agus saoth-
ruigheann a máthair ocht bpíghinn' deag. Ce mhéad a
shaothróchas an bheirt in ocht laetheanntaibh (lá)
21. Cé mhéad a íocfas mé ar naoi shlait (shlatracha)
éadaigh ar leath-choróin an t-slat?
22. Má chostnuigheann ocht leabhra punnt. Ce mhéad a
chostnóchas ceann amháin acú?
23. Tá leath-choróin agam, agus ceannuighim stampaí
leith-phíghinne léithi. Cé mhéad stampa a gheibhim?
24. Cé mhéad punnt caoir-fheóla a dtig liom cean-
nacht ar leath-shabharn?
25. Tá punnt agam — agus sin ocht n-uaire níos mo na
mar tá ag mo dheirbhtiúir. Cé mhéad airgid ata aicí?
26. Cé mhéad leabhar shé-pighinne, a dtigh liom fhághail
ar leath-choróin? — ar leath-shabharn?
AN FÁINNE
GASRA, NÓ CUMANN CHIARRUIGHE LOCH NA nÁIRNE'
.i. BÉAL-ÁTHA-hAMHNAS.
Cé go raibh cruinniughadh de'n chumann seo fúagartha
le mí, agus go raibh 's ag 'chuile bhall de'n Chumann, nó
Gasra é sin; níor tháinig chuig an gcruinniughadh ba
déigheannaighe acht sgata beag daoine! Níorbh í an chéad
uair a thárlaidh sé mar sin! Bféidir gurbh íad laeth-
eannta saoire na Nodlag ba chion-t-siocar leis an
gcruinniughadh beag a bhí againn ar an 6adh lá d' Eanair,
má budh éadh, maithfidhear dhóibhthe e!
Tá obair thábhachtach riachtanach le déanadh ag lucht an
Ghasra seo le fada, agus mar ndeantar gan mhoill í
caithfidhear deireadh a chur leis an nGasra ar fad.
Ná deantar dearmud anois go mbéidh an chéad cruin-
niughadh eile againn i Sgoil an Chlochair i mBéal Átha
hAmhnas ar an 3adh lá de Fheabhra ar an dó a chlog.
Ní bhfuighidh duine ar bith acht an gairm sgolb seo. Ní
mór do na daoinibh nach dtig leobhtha tigheacht, litir a
chuir chuig an Reachtaire 'ghá innseacht cad chuige nach
dtig leóbhtha bheith i láthair.
AN AODHAIRE.
FÚAGRADH!
Ó FIONNÁIN AGUS Ó SÍODA
(Fannon and Silke)
CANDÁLAIDHE AGUS LÚACHADÓIRÍ
(Auctioneers and Valuers)
CAISLEÁN RIABHACH
(Castlerea).
A Ghaedheala, cabhróchaimid libh má chabhruigheann sibh
linn! Tá cleachtughadh againn ar 'chuile chinéal
chandálachta. Déanfaimid do chuid oibre ar fheabhas fág
fuinn í!
Cian-Sgéalta… Candálaidhe, Caisleán Riabhach.
Deanfaimid do chuid oibre in Gaedhilg más áil leat.
Ba chóir do gach Gaedheal i gConnachtaibh Urradhais a
dhéanamh ins an
GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDE UM URRADHAS
NÁISIUNTA, Teó.
30 Fáithche an Choláiste, Ath Cliath.
THE ONLY IRISH LIFE AND GENERAL
ASSURANCE COMPANY.
Urradhas Beatha, Urradhas Dóighteán agus gach sort
Urradhas eile.
'Sé an Comhlucht so an Comhlucht is fearr agus is saidhbhre
in Éirinn.
Scríobh anois chuig —
AINDRIAS Ó FAOLÁIN. Cígire,
Clár Chloinne Mhuiris, Conndae Mhuige Eó.
A Gaedheala! Ná déanaighidh dearmad ar
MÍCHEÁL Ó CEALLAIGH, CRIOGAI, ROSCOMÁIN.
An t-aon fhear ionad amháin i gConnachtaibh ag
Príomh-Dhéantóiribh na h-Éireann.
Geóbhair lucht-liostaí ar fhilleadh an phuist
Má chuirir fios orra.
CÚPÓN "AN CHEARNÓG."
EANAIR, 1924.
Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig an
"Telegraf Connacht" i gCaisleán a' Bharraigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11