Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mayo Gaelic. An Bóithrín Buidhe.

Title
Mayo Gaelic. An Bóithrín Buidhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAYO GAELIC



AN BÓITHRÍN BUIDHE.



Tá mé tinn
agus ní'l mé slán
ní mór nach gcomhnuidheann
an croidhe in mo lár
ag cuimhniughadh ar an uair
bhí mé 's mo ghrádh
guala ar ghualainn
agus lámh ar láim.



Chuaidh mé siar
an bóithrín buidhe
ar shúil go bhfeicfinn
rún mo chroidhe
ba dhearg í a gruaidh
's ba gheal a dhá chích
ag seoladh na bó
's ag dealughadh an laoigh.



Go ndiongantar fíon
do'n tsruth so shiar
luachair ghlas
do'n rannaigh chrín
páirceannaidhe bána
do bharr an fhraoich
páirt do do ghrádh-sa
ní fhagfaidh mo chroidhe.



Tá tuile 'san abhainn se
nach dtráighfidh go lá
tá imnidhe ro-mhór orm
nach bhfeicfidh mé mo ghrádh
tá arraing in mo thaoibh
ní bheidh mé mí beo
mur dtigidh sisi ar cuairt agam
uair nó dhó.


L. 92


Ólaim, ólaim,
ólaim dram,
íocaim, íocaim,
íocaim dhá cheann
tá sgiling ar an mbeoir
agus feoirling ar an lionn
's cé fearr le Dia 'do chomhnuide thú
ná thidheacht liom?



O Mhicheál Mac Rudhraighe, ógánach as
condae Mhuighe Eó, fuair mé an t-abhrán
so Dia Domhnaigh an dara lá fichead do mhí
Iúil, 1894.



Eoin Mac Néill.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services