Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Táim mo shuidhe ar árdán gainmhe...

Title
Táim mo shuidhe ar árdán gainmhe...
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Connacht Telegraph

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CHEARNÓG



Uiml. 1. Uimhir 6. IÚL, 1923. Luach 3 Pinghne.



RADHARC ÁLUINN IN-INIS EISCIR
ABHAINN.



Táim mo shuidhe ar árdán gainimhe séidhte cois na
fairrge. Cluinim ologán na dtonn ar mo
dheasóig. Agus nach aoibhinn é an ceól sin! Tá na
caiple bána ag sodar go deas ríoghdha mánla chugamh
isteach. Ach cuirtear stop le na sodar sul a dtagann
siad chómh fada liom i gcómhnuidhe; cuirtear faoi iad;
agus 'sdócha go ritheann siad amach faoi'n uisge; mar
sin iad na sodairí céadna isteach arís le bás fháil mar
na cinn a tháinig rómpa. Nach bhfuil sgéal an t-saoghal
sa radharc sin? Sin é an saoghal corrach, fíochmhar, ciúin
arís, ag fáil bhais agus arís chómh dalbha is bhí sé ariamh.



Ar mo chiotóig tá cúpla páirc agus bóthar Bhéil an
Átha ag déanamh casáin thríotha. Feicim tighthe thaobh thuas
de'n bhóthair suidhte go deas i bhfasgadh na gcnoc. Sin
íad, go deimhin "CNUIC AN DÁIMH" (Sliabh Gáimh).



SLIABH GÁIMH.



Sliabh Gáimh faoi na gcultacha ngorma. Tá
siad sa bhfaisiún chómh maith leis na daoine.
Feicim Beárna na Gaoithe agus cuireann sé
Bliain na bhFranncach i gcuimhne dhom agus
stair na tíre freisin (gidh nach shin é an Beárna — ach an
ceann taobh thall — a ndeachaidh na Francaigh thrídh). Ach,
a léighteóir, eadrainn agus na cnuic tá dhá pharóiste —
Caisleán Chonchubhair agus Muine Conalláin. Béidir
gur chuala tú trácht ortha cheana. Béidh trácht ortha go
fóill i stair na tíre. Ní sheo é an áit leis an sgéal sin
a sgríobhadh ach déarfad go mb' fháilteamhail, fhlaitheamhail
Ghaedhealach fhial a sagairt, a mná agus a bpáisde agus
go mba tréanmhar neamh-eaglach a bhfeara.



FÓ-CHOILL AGUS NA PÁISDE.



Breathnuighim siar taobh na láimhe deise treasna na
fairrge agus feicim tráigh beag ó Cheann Cille Caimín
go Cill Alaidh. Sin dhá shean-spuaic (spíre) Thúire Cill
Alaidh ag breathnú suas san spéir go h-árd-mhaordha.
'Sdócha, a léightheóir, gur chuala tú trácht ar na h-áiteacha
seo cheana, mar tá cur síos futha sa stair. Ach, fan, a
léightheóir dhíl! Chím Fó-Choill timpeall leath-bhealaigh idir
Cill Chaimín agus Cill Alaidh. Fó-Coill! Naomh Pádh-
raich! An Creideamh! An Eaglais! Na Páisdí! Na
naoimh agus na mairtirigh! Teanga na h-Éireann! Sean-
Éire na nGaedheal! Seo iad na focla atá ag rith thrí
m'intinn anois. Is iongantach na smaointí a thaganns
duit ag breathnú ar an áit simplidhe seo.



Go mbeannuigheadh Dia dhaoibh, a pháisdí agus na céadh-
taí mílte maith chugaibh. Go deimhin, b'aoibhinn bhur nglór
agus nach agaibh a bhí an draoidheacht a mheall Pádraic
ó na ghaolta, a cháirdí agus ó na thír dhúthchais féin go
dtí an t-oileán seo. Faríor! nach rabhas nbur measg
le bheith ag caint libh nár dteanga ársa féin agus freisin
le fáilte a chur roimh Teachtaire Dé. Bíonn na daoine
maithe simplidhe; na páisdí maithe simplidhe agus na
h-áiteacha féidhmeamhla simplidhe. Slán libh a pháisdí
agus a Choillte na h-Éireann agus a dhaoine uaisle
leacain.



BÁRR TRÁGHA.



Tagaim ó Cill Alaidh go h-oileán Bhárr Thrágha ag
Béal na Muaidhe. Seadh! Is oileán é seo — oileáinín
beag bídeach. Tá sgéal faoi mar tá faoi gach áit san
tír iongantach seo. Chualas nach raibh oileán ar bith ann
fadó shin san am a raibh an Mainistir i Máine. Bhí troid
eicínt idir na Manaigh agus an Tighearna agus gheárr
siad-san sruthán síos go dtí an fhairrge san áit a bhfuil
Bhéal na Muaidhe anois. Tá sé ráidhte freisin gur píosa
de Phároiste Chaisleáin Chonchubhair é an t-oileán. Tá
an abhainn anois ar gach taobh de'n oileán, ach ní féidir
le báid a dhul ach san sruthán a gheárr na Monaigh.



ABHAINN NA MUAIDHE.



Tagann sean agus óg anuas an abhann ar bháid rámha
sa samhradh ó Bhéal an Átha go dtí an t-oileán seo, agus
bíonn seilg acu ann. Turas é. Nach deas an radharc
é fiche bád dá rámhadh, ar an abhann seo ag dul abhaile
sa tráthnóna. Nach deas é an tormán agus an glór
ata uatha! Nach deas iad na bheidhlíní ar an uisge
tráthnóna ciúin ag déanamh cómh-bhinnis le fuamán na
maidí agus le h-amhráin an t-sluaigh. Sin é an fáth a
bhíonns an oiread sin daoine ag siubhal cois abhainne
síos is aníos bóthar Inis Eiscir Eóin. Go mbadh fada
bhur saoghal, a lucht na mbád, le dhul go luthmhar éasgaidh
go Barr Trágha agus le teacht abhaile go h-aoibhinn
aerach síamsamhail "mar bhíomar fadó." Agus, a
thighearna, téigheann daoine go Londain, do'n Fhrainnc,
do'n Iodáil agus go tíortha eile i gcéin nach bhfaca céad
troigh taobh amuigh dá dteach féin ariamh, is nár bhac le
radharc ar bith 'na dtír féin (nó san tír seo ba chóir
dom a rádh!). Níl radharc áluinn ann, ar siad, roimh-ré.
Go deimhin, ní bhfuighidh tú peictiúirí, soillsí móra, púdar
agus gliondair an t-saoghail i mBárr Trágha agus i
n-áiteacha eile mar é, ach geallaim duit nach mbéidh siad
ag teastáil uait ar an oileáinín áluinn sheo.



Sin abhainn na Muaidhe atá ag teacht anuas ó Bhéal
an Átha. Nach leathan an abhainn í? Sin galtán ag dul
suas le plúr. B'fhéidir go dtiocfaidh an lá nuair a bhéas
cloig 'ghá mbualadh, gluaisteáin ghá n-oibriú agus
traentacha 'ghá rith Cois na Muaidhe fós. Ar mhaith leat
an lá sin, a léightheóir?



LORG NA NAOMH.



Sin é Mainistir Máine thíar cois Muaidhe in-aice Cille
Alaidh. Níl fágtha ach na ballaí de'n Arus áluinn a bhí
ann tráth. Tá a sgéal onórach sgríobhtha cheana agus ar
chaoi ar bith, níl fúm-sa anois tráchtadh air annseo. Sin
Ros Earca leathbhealach thuas cois Muaidhe taobh na láimhe
deise ag dul suas duit go Béal an Átha. Níl fágtha de
ach na ballaí. Treasna na h-abhainne uaidh tá sean-chais-
leán Uí Dhúbhda. Tá sé sgríobhtha go raibh Mainistir
bhreágh in-áit eicínt idir an t-sean-chaisleán seo agus an
bóthar, ach níl a lorg ná a comhartha (rian) le fáil anois.
Go deimhin, b'iongantach agus b'áluinn an tír í seo an
tráth a raibh na Mainistre seo, 'na seasamh go maordha
i n-Éirinn. B'fhéidir go mbéidh a ndoirse fosgailte go
fóill agus glór glé-ghlinn a gclog le cloisteáil, maidin
agus trathnóna, ag fuagairt síothchána, suimhnis agus


L. 2


aoibhnis do mhuintir na tíre. Ach tá súil le Dia agam
go mbéidh ár Riaghaltas féin againn agus nach mbéidh na
manaigh maithe agus na siútracha uaisle agus na fíor-
Ghaedhil ag síleáil faoi dhlighthe píonamhla ach go bean-
nachtach buidheach ag méadú i maitheas, i nglanacht, in-
aondacht, i measamhlacht i bhfeidhm agus i dtréithre uaisle
Gaedhealacha faoi shúilí ghrádhmhara agus congnamh iomlán
Riaghaltais Onóraigh Uasail ár dTíre. Go mbadh geárr
an lá sin uainn! Sin é mo shean-ghuidhe agus guidhe gach
fíor-Ghaedhil.



CNOC NÉIFIN MHÓR.



Sin é Cnoch Néifin Mhór siar díreach treasna na
Muaidhe uaim. Nach árd reamhar láidir atá sé ag
breathnú faoi na chulaith dhubhghorm freisin. Thíos faoi'n
gcnoc seo bhí troid mór eidir buachaillí Mhuigheó agus
na Sasanaigh san mblian 1921. Fad saoghal agus sláinte
chuig an Taoiseach cródha tréan a sheas san mBearna
Baoghail ar son a thíre.



INIS EISCIR ABHAINN.



Ag mo chúl tá an baile deas seo 'sagainne, Inis Eiscir
Abhainn. Baile ciúin é anois óir thréis fuamáin agus
gliondair an t-samhraidh tá sé ag dul chun suain mar
pháisde tuirseach gan smeach as. Is aoibhinn deas é go
deimhin sa ngeimhreadh gan puth as ach ag síor-éisteacht
le h-ologán na dtonn agus le fuamán na mion-dtonna.
Tá cumha thrathnóna the shamhraidh ag baint leis agus
siothcháin na bhfíor-neamh-eaglach thart air. Le teacht na
maidne dúiseóchaidh sé as an trom-shuan seo le h-éirighe
gréine agus oibreóchaidh sé go breágh neartmhar láidir
stuamdha tairbheach go h-oidhche arís. Deirtear go
mbíonn a cheird féin ag gach éinne agus bhíonn ag na
bailtí freisin.



San bpáirc taobh thuas de'n bhaile seo tá ballaí shean-
chaisleáin Uí Dhubhda. Bhí féachaint maith aige ar
fhairrge agus ar thír le na linn féin agus 'sdocha go raibh
fáth aige leis.



DUBHALTACH MAC FIRBISIGH.



Timpeall míle síos ó'n gcaladh chois na fairrge tá
Lios Mhic Fhirbisigh, an saoi a sgríobh Leabhar na nGein-
ealach. Do sgríobh Donnchadh agus Giolla Íosa Mac
Fhirbisigh Leabhar Buidhe Leacain sa mblian 1390 agus
sgríobh Giolla Íosa Mór Mac Firbisigh Leabhar Leacham
sa mblian 1416.



Ó thárla gur thrácht mé ar Dhubhaltach Mac Firbisigh
caithfead beagán a rádh faoi gidh nach bhfuil fúm a bheatha
a sgríobh féin. Tá beatha dhubhaltaigh sgríobhtha ag Eoghan
Ó Neachtain agus gidh nach bhfuil cúntas iomlán féin ann
tá sé go maith. Ba chóir do mhuintir an larthair go
h-áirid saoghal agus beatha Dhubhaltaigh a léigheamh ionnus
go gcuirfeadh sé in-iúl dúinn an obair mhór thabhachtach
a rinne "an scólaire éachtach, an máighistir líomhtha
déidheanach do fuair oideas sunradhach riaghalta i
bhféineachas, i seandacht, i ndlighe agus i dteangaidh na
h-Éireann."



Rugadh dubhaltach sa mblian 1585 i Leacain i nIbh
Ghiachrach Muaidhe — baile leacain taobh thios de Inis Eiscir
Abhainn — agus ba géag de chrann na seanchaidhthe agus
na bhfile é, "do shíolraigh anuas ó dháithe Árd-rí
Éireann." Ba mhaith go deimhin crann Mhic Firbisigh.
Thugadar Leabhar Buidhe Leacain, Leabhar Leacain (Giolla
Íosa Mór), Leabhar na Geinealach, agus c., dúinn agus a
lán leabhar eile freisin.



Is truaigh nach bhfuil a sgéal iomlán ar an margadh;
ba chóir cuimhniú ortha feasta.



Bhí Dubhaltach ag Cólaiste Aodhagáin Mac Aodhagáin
i gCuige Mumhan, i gCólaiste eile i gConndae an
Chláir agus sa deireadh i Sgoil S. Niocláis i nGaillimh.
Bhí an Loingseach 'na oide ná na Uachtarán ar an sgoil
seo agus bfheidir go raibh an flaithbheartach agus laochra
calma léigheanta eile ann freisin. Sgríobh Dubhaltach
Leabhar na nGeinéalach san gcolaiste seo. Leabhar in-
eadh? Naoi leabhair naon cheann amain agus obair fir
i ngach ceann acu. Tá trí cóip de'n leabhar féidhmeamh-
ail seo thart sa gceanntar seo. Ní féidir liom a luadh
cá bhfuil siad oir níl mé cinnte bhfuil cead agam. Is
féidir liom íad fheiceáil am ar bith ach ní fhuighinn ar
Eirinn mhóir agus ar Eirinn bhig" iad ar íasacht.



Sgríobh ár laoch a lán eile — gidh go raibh saighdiúirí
Chromaill ag ropadh thart. Sgríobh sé "Chum glóire Dé
agus onóra na h-Éireann." Dubhairt sé go raibh sé
"D'fhiachaibh ortha faoi phéin smachta agus a n-onóra do
chailleamh." "Seanchus na h-Éireann d'fhíorchoiméad."
Faríor! nach bhfuil an spríd sin i gcomhnuidhe sa tír.



Bhí dubhaltach ag dul go Blá Cliath go bhfeicfeadh sé
Ribeart Mac an Mhaoir — mac a shean charad — a chur fios
air. Fuair sé lóistín oidhche i nDún Floinn i gConndae
Shligigh. Tháinig saighdiúir isteach agus thosuigh sé ag
deanamh grádha le cailín an tsiopa. Bhagair sí air go
bhfeicfeadh an sean-fhear a bhí sa seómra íad. Rug an
saighdiúir ar sgein agus chuaidh go dtí an seómra agus
sháith sé in dubhaltach í agus mharbhuigh sé é. Sin é an bás
a fuair an saoi onórach uasal, Dubhaltach Mac Firbisigh
Leacain san bhlian 1670. Agus ní dhearna faic ar an
saighdiúir faoi'n dúnmharbhú sin.



Bhí Baile Leacain "faoi chlú agus faoi réim ar fhoghluim
agus ar sheanchus" le linn muintir Mhic Fhirbisigh ach níl
sgoil féin ann anois.



CNUIC DHÚN NA nGALL.



Síos uaidh seo ag bun na fairrge feicim Cnuic Dún
na nGall. Nach iongantach dubh-ghorm atá siad an tráth-
nóna áluinn seo!



AN GHRIAN AG DUL FAOI.



Anois, a cháirdí Gaedheal, tá'n ghrian ag dul faoi agus
ag fágáil a beannacht' agam-sa. Nach deas atá sé!
Féach an leath-chearcall lonnrach dhearg-bhuidhe órdha sin
in-Íar-Chonnacht agus nach gleóite íad na gathanna sin
atá sáighte sa talamh ag coinneáil suas na gréine. Dá
dtógaidhe na gathanna nó na maidí sin uaidh 'sdócha go
dtuitfeadh an ghrian mar campa nó teach. Anois ta'n
leath-chearcall ag laghdú agus ag laghdú mar bhéadh duine
eicínt ghá ghoid go réidh ciúin in-Iarthtar Mhuigh Éó. Seadh!
Tá duine eicínt 'ghá ghoíd nó tá sí féin ag éalódh uainn
agus a h-éadan ar lasadh (le náire nó le bród?). Ó!
Féach an béal dearg atá air agus na pluca dearga
sin níos dearga na ubhla na gcrann nuair is feárr is
aibidhe atáid. Ha! tá coinfeasgair na h-oidhche ann
anois agus sinneáinín fuachta ag ropadh thart. Tá crith
orm féin go deimhin. Á! a Thighearna, cá bhfuil an ghrian
anois? Imighthe!! agus béidir nach bhfeicfinn
arís go deó í. Seadh, ta an ghrian éaluighthe uainn agus
tá daoine beó anois nac bhfeicfidh arís go deó í.
Smaoineadh iongantach ach smaoineadh fíor. Beannacht
leat, a ghrian, ó "Éirinn mhaordha na maoilinn mbán"
agus go bhfeicead do phluca dearga agus do shúile
gheal-gháireacha lonnracha arís. Mo bheannacht chugaibh a
léightheóirí agus geal-gháire fáilteamhail fíor-chneasta
carthannach aoibhinn Dé go bhfeicidh sibh sa ugréin go lá
bhur mbháis.



EAMONN NA h-AILLE.



AN FÁINNE



Gasna Atha Cliath.



Árus… 25 Cearnóg Pharnail.



Bíonn an t-Árus ar oscailt gach trathnóna agus cuir-
tear fáilte roimh gach Fáinneach pé as é.



Léigheacht agus Díospóireacht — Gach Oidhche Luain.



Ceól — Gach Céadaoin.



Scoruigheacht — Gach Sathairn.



Ó 8 a chlog go dtí 10.30 a chlog.



Cártaí, Fíthcheall, agus Spórt i gcómhnaidhe.



Buail isteach ann nuair a bhíonn tú ins an gCathair.


L. 3


MÁILÍN CHAITLÍN.



Seólaim mo bhuidheachas chugaibh, a pháisdí dhílse, mar
gheall ar na seódanna deasa a chuir sibh chugam. Grían
an t-samhraidh, ciúineas an trathnóna te agus éirghe
gléigeal maidne guidhim ar bhur son le Rígh na nGrás.
Sibh-se Gile na Gile in Éirinn an cheóil bhinn agus an
bhróin mhóir. Sgaipighidh bhur nGileacht agus bhur soilse
ar fud na tíre agus bhéidh Éire glórmhár beannuighthe
buidheach. Sead! scaipfidh "An Chearnóg," Gileacht ár
bpáisdí ar fud na tíre; sólás na mBrón imeasg
craidhthe briste; solus na Saoirse imeasg na
sghlábhuighthe, agus na nDall; sonas agus séan imeasg
ár slóighte agus — Siothcháin Iosa agus Muire imeasg
Clann na h-Éireann.



AS CORCAIGH.



Na mílte míle fáilte rómhaibh, a leitreacha as Corcaigh.
Cia'n chaint atá orm, seo giota beag as leitir Eibhlín
Ní Chárthaig, Clochar na Trocaire, Ros Cairbre, Co.
Corcaighe:



A Chaitlín Dhílis, — Bhí sé mar rún agam sgríobhadh
chugat le tamall ach bhí sórt sgátha orm; níl anois, cia'n
fáth go mbheadh.



Tagann "An Chearnóg" chugainn gach mí agus is deas
an páipéar é. Ní gádh a rádh go mbíonn súil i n-áirde
againn féachaint an mbéadh sé ag fear an phuist nuair a
bhíonns coinne agam air. Ach nuair a tháinig sé indé a
leitheadh de spórt ní fhácais riamh. Bhíomar ag caint le
céile ag cur síos ar gach rud i Roinn na bPáisdí. Sa
deireadh fuair gach cailín a peann agus do sgríobh sí an
t-ainm ba deise leí bheith ar an gcumann. Táim ag cur
an liosta ag triall ort."



Tá giota ag Eibhlín faoi Ros Cairbre agus béidh sé
againn arís.



CUIREADH.



"Ní fhéadar an dtiocfá annseo nuair bhéidh laethe-
annta saoire agat. Geallaim duit go mbéidh céad míle
fáilte rómhat aon uair is maith leat theacht."



Sílim, a Eibhlín, a chara, nach mbéidh faill agam dhul
síos chugaibh go ceann tamaill ach tá rún agam Corcaigh
fheiceáil chómh luath agus is féidir liom. Tá sean-aithne
agam ar a lan daoine i gCorcaigh agus béidh áthas orm
sibh-se a fheiceáil cois na Laoi.



Fuaras leitir an dheas freisin ó Mháire Ní Murthuille,
Ros Cairbre, agus deir sí go bhfuil sí le sgríobhadh
chugam an t-seachtmhain seo chugainn le cabhair De."



SEAN-AMHRÁN CHORCAIGHE.



Tagann sean-amhrán Chorcaighe im Chluasa — nó im —
intinn — anois — an t-amhrán a d'fhoghluim mé sa
gColáiste Gaedhilge agus a bhí againn ag Ranganna
Gaedhilge le fada.



Mo chúig céad slán leat a Chorcaighe cháidh
Nó an bhfeicfead go bráth thú arís.



Do b'aoibhinn tráth linn fiadhach ar bhántaibh
Nó ag íoscach, i lár na Laoi, agus c.



Ach "ní mar a síltear a bítear" agus saoghal fada le
seán dár bpáisdí cois Laoi.



LIOSTA CHORCAIGHE.



Seo é an liosta teachtairí a chur Corcaigh roimhe:-



Máire Ní Murthuille, Máire Bríd Ní Donnabháin,
Bríd Ní Cárthaigh, Máireád Ní Donnabháin, Máire Ní
Caoimh, Cáit Ní Carthaigh, Cáit Ní Coileán, Deóra Ní
Cathaláin. Tá súil agam, a theachtuirí, go dtiocfaidh
arm mór in bhur ndiaidh.



PÁISDÍ AN IARTHAIR.



A pháisdí, an Iarthair, cuirigidh fáilte roimh bhur ngaolta
as Corcaigh. Clann amháin, Clann na h-Éireann, teanga
amháin, teanga na h-Éireann, agus cúis gach aon cúis
na h-Éireann.



Tá sibh go han-mhaith, a pháisdí agus d'réir cosamhlachta
tá sgríobhnóirí nbhur measg.



CUIREADH EILE.



Agus tá cuireadh eile agam ó pháisdí i gConnacht.
"Bhfaca tú an áit seo riamh, a Chaitlín?" "Tá súil agam
go dtiocfaidh tú annseo ar feadh na laedtheanta
saoire."



Seo giota as leitrín Sheósaimhín Ní Gruagáin, Sgoil
Cúl na Feárna, Béal Átha hAmhnais:-



"Bhfuil do driotháireacha beó, a Chaitlín? Tá súil agam
go bhfuil síad go han-mhaith. Tá mé OCT MBLIADNA
d'aois. Cia'n aois thú féin, a Chaitlín? An bhfuil teach
deas agat? An bhfuil ceann "slinne" air." Nach fiosrach
atá tú, a Sheósaimhín, ach tá gach cailín mar sin ach ní
abrann siad é. Bhail, tá driotháireacha agam, agus teach
deas agus níl mé sean go fóill.



"THÁINIG BISEACH ORM."



Deir Bríd Ní Floinn, as an sgoil céadna. Anois, a
chara mo chroidhe, innséochaidh mé dhuit cia'n fáth nár
sgríobh mé chugat an mhí seo caithte.



Nuair a fuair na cailíní an "Cearnóg" bhíos tinn agus
níorbh fhéidir liom eirghe as mo leabaidh. Tháinig cailín
isteach le m' fheacáil aon lá amháin, bail ó Dhia uirthi,
agus d'innis sí dhóm gach rud a bhí ins an gCearnóig,
agus, ndómhnach, tháinig biseach orm. Thosuigh mé ag
cuimhniú ar na rudaí deasa a bhí inntí agus a bhéas inntí
agus tháinigh bhiseach iongantach orm. Bail ó Dhia ort, a
Chaitlín," agus saoghal fada chugat-sa, a Bhríd.



Chuir Hannraoi Ó hAodha, Oileán Éadaigh, leitir deas
cugam freisin.



Seo leitir eile ó Mháirtaín Ó Ciothnaigh, rúnaire an
cumainn, Sgoil Buachaillí, Cúl na Feárna, Béal Athá
hAmhnais. Maith thú, a Mhártaín, agus fad i saoghal
chugat féin agus do chumann.



MO PHICTIÚR.



Bhail, bhail, a cháirde bheaga, táim i sáinn agaibh sa
deireadh.



"Is truaigh linn go léir nár tógadh do phictiúr nuair
a bhí tú ag léigheamh leitreacha na bpáisdí. Teastuigheann
sé uainn, go mór-mhór san scoil seo. Ba mhaith linn dá
gcuirfeá do phictiúr san gCearnóig."



Anois, a Mháire Ní Cuanna, is iongantach an cailín thú
ag caint mar sin. Agus tá daoine eile are aon intinn
leat, 'sdocha. "Great minds think alike," meadh?



Bhail, a cháirdedh níor tógad mo phictiúr riamh, ach
cuirfead sgéala go dtí Pádraic Ó Gabhláin faoi agus
ní féidir liom aon rud eile a dheanamh. Ach béidh
pictiúirí eile ag teastáil uaim se.



CURTHA AR GCÚL.



Ní féidir liom a rádh anois díreach cia'n t-ainm a
bhéas ar an gcumann óir níl gach leitir annseo agam
faoi láthair agus freisin caithfear an páipéar a chur
amach go luath an mhí seo. Mar sin, a pháisdí, le cothrom
na féinne a dheanamh caithfead na duaiseanna achur ar
gcúl go dtí an mí seo chugainn.



NA LAETHEANTA SAOIRE.



Béidh TRÍ DUAIS le fáil ar na trí aisí is feárr i
dtaoibh na laetheanta soire. Cuir síos go cruinn beacht
deas ar do chuid laetheanta saoire — chéibí áit na raibh
tú, ag an bhfairrge, sa mbaile mór nó ag sábháil fhéir
agus mána — ach chuir síos gach rud GREANNMHAR. Bíod
sé mar sgéilín pháisde.



TROSGAN SA TEACH.



Tá teach nua againn agus caithfidh gach páisde píosa
trosgáin a chur ann innis dom sa chéad leitir eile céard
a chuirfeas tú ann.



AN CHÉAD LEITIR.



"Sí seo an chéad leitir a sgríobh mé chugat agus nach
mór an truaigh sin." Is feárr go deireannach ná go
bráth, a cháird ebheaga, agus tú bhéidh sin le ráth agam
arís go deo.



A bhuachaillí, go raibh maith agaibh, chuir sibh 'beart deas
chugam. Ar aghaidh libh anois mar clann mhac fear
larthair.



Agus a bhuachaillí, agus a chailíní, beidh sibh buidheach go
fóill do'n céad lá a sgríobh sibh leitir Gaedhilge.


L. 4


AN CHEARNÓG.



IÚL, 1923.



AN CHEARNÓG



Cia'n fáth a thug tú an Chearnóg ar an bpáipéar?



Sin í an cheist atá rómham i ngach áit.



Seo é an fáth. B'fhacas dom go mbadh chóir ár léigh-
theóirí agus ár sgríobhnóirí a thabhairt le chéile in-aon
chumann amháin ionnus go mbéidir réidhteach a dhéanamh
ar na ceisteanna a bhéas 'ghár ndalladh; i dtaoibh ais-
triúcháin agus téarmaí agus freisin go mbéadh stiúradh
maith ar bhádh na Gaedhilge a bhéas faoi lán seól feasta.



Bhí cómhradh agam le daoine faoi'n gceist seo agus
bhíodar ar aon intinn liom.



Ní dheanann an Fáinne an obair seo; tá a chúram féin
ar an gcumann sin. Má thagann na daoine atá in-ann
sgríobhadh agus léigheamh le chéile i gcómhairle béidh
toradh thairbheach de bhárr a gcuid ndíospóireacht; múna
dtagaidh n i rachaidh Cúis na Gaedhilge ar aghaidh chómh maith
is badh mhian linn. "Níl neart go cur le chéile," agus
ní bhéidh an neart ceart againn go dtagaidh on lucht seo
le chéile.



Léigheamh, sgríobhadh (agus labhairt go deimhin) a mholl-
fainn mar coingheallacha agus is éasgaidh riaghallacha a
cheapadh. Béidh ortha gach cúis Gaedhilge a phléid; leabhair
a léar-mheasadh; aistriuchán a cheartú, agus c. Go deimhin
Sgoil Léighinn a bhéas ann acu.



Ba chóir Árd-Oifig a bheith i mBláth Cliath agus
cómhairlí ar fud na tíre.



I gceann tamaillín d'fheicfeá fhéin, a léightheóir, an
fuinneadh a bheith faoi chúis na Gaedhilge agus nach mbéadh
claidheamh ag teastáil uainn le teangain bhinn bhlasta
ár dtíre a léiriú ar gach siopa, ar gach doras, ar gach
stáisiún, ar gach páipéar agus ar gach fógra, agus íad
sin a bheith na múinteóirí ag teangain na nGaedheal chómh
maith is bhíodar ag teangain na nGall le fada fada.



Sé an comhartha a mhollfainn do lucht an chumainn seo
ná' An Chearnóg — Cearnóg óir ar mhéid an Fháinne.
Béidh bród orm bharamhail ár leigteoirí agus ár
sgríobhnóirí a fhail faoi'n gcumann seo.



AONTAS.



Rud eile. Béidh aontas ameasg sgríobhnóirí agus in
áit a bheith ag cur ár n-ama amugha a' tolladh a chéile
agus ag leibideacht san "Independent" agus "Free-
man" agus "Times" béidhimíd in aon dream láidir
glórmhar cumhachtach amháin; in-ann an freagra ceart a
chur ós cómhair an t-saoghail i dtaoibh teangan na
nGaedheal.



"Easaontas, éad a's fuath,
Go feannta fuar go deó
Múna mbéadh an triúr úd,
Bhéadh "Gaedhilge" 'naois faoi shógh."



Is leór an méid sin, tuigeann fear-léighinn leath-
fhocal.



COMHAIRLE
DO'N MHÚINTEÓIR
SGOILE.



TÉIGH GO COLLÁISDE GAEDHILGE INIS EISCIR EÓIN
COIS NA FAIRRGE



agus



GHEOBHAIDH TÚ GAEDHILGE AGUS SLÁINTE ANN
AR OSCAIL ANOIS.



LEABHRA — Stair na h-Éireann, M. Breathnach; Laochra
Gaedheal, T. Ó C.; Sgéalta aniar, P. Ó Conaire; Solus
an Ghrádha, P. Óg Ó Conaire; Gut na mBárd, Tórna.



II. — Teacht Aniar; Seanchus.



CEÓL — Fúinn na Smhól.



Gach eolas le fághail ó



ÉAMONN MAG FHIONNÁIN,
Inis Eiscir Eóin,
Béal an Atha, Co. Mhuigh Eó.



FEIS MHUIGHEÓ,



MEADHON FHÓGHMHAIR,
1923.



TÁ AN CLÁR LE FÁGHAIL
ANOIS.



CUIR FIOS AIR GO DTÍ



RÚNAIRE,
FEISE MHUIGHEÓ,
CAISLEÁN A' BHARRAIGH, CO. MHUIGHEÓ.



AN CHEARNÓG.



Duine ar bith a dteastuigheann AN CHEARNÓG uaidh,
nó ar mhaith leis Fógra a chur ins AN gCEARNÓIG
scríobhadh sé go dtí:-



BAINISTEÓIR, "AN CHEARNÓG,"
Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigheó.



Trid an bpost — 3/6 sa mbliadhain.
1/9 sa leath-bhliadhain.



Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theigheann ins an
bpáipéar, cuirtear sgéala go dtí:-



ÉADHMONN MAG FHIONNÁIN, Eagarthóir,
Innis Eisgir Abhann, Béal An Átha, Co. Mhuigheó.



Cuirtear airgead nó sintiúisí go dtí:-



MÁIRE BEAN UÍ CHLÉIRIGH, M.N., Cisteóir,
Innis Eisgir Abhann, Béal An Átha, Co. Mhuigheó.


L. 5


ROINN NA SGOILEANNA



CEACHTANNA AR THÍR EÓLAS NA h-ÉIREANN.



LAIGHIN — (CUIGE LAIGHEAN).



5 (CÚIG) CONDAETHE MARA.



Condaethe.



Bailte Móra.



Co. Lúghbhaidh — Sráid Bhaile Mhic Bhuain (Dún
Dealgan), Droichead Átha, ar an
mBóinn, Át Fhirdiadh, agus Cáirlinn,
cois cuain Cháirlinn.



Co. na Midhe — Baile Átha Truim (Ath Truim Uí
Laoghaire), An Uaimh, agus Ceanannas.



Co. Bhaile Átha Cliath — B'l'á'cliath, ar an Life, Dún-
Laoghaire, agus Bail eBreacáin, cois
cuain Átha Cliath.



Co. Chille Mantain — Cill Mantain, an t-Inbher mhór,
agus Brí Chualann ar an gcósta Ráth
Droma.



Co. Loch Garmáin — Loch gCarmáin, Ros Mhic Treóin ar
an mBhearbha, Inis-Córthaidh, agus Guaire.



CONDAETHE TIRE. (7) SEACHT GCINN.



Condaethe.



Bailte Móra.



Co. Chille Dara — An Nás, Baile Átha Ní, Mágh
Nuadhat, Cill Dara, An Droichead
Nuadh.



Co. Cheatharloch — Ceathar Loch, Muine Bheag, Tulach-
ó bhfeidhlim (an tulach), Droichead an
Leith ghlinn.



Co. Chille Coinnigh — Cill Choinnigh, Calainn, Caisleán an
Chomair, Baile Mhic Anndáin.



Co. Laoighse — Port Laoighse, Móinteach Mílic, Cúl
an tSúdaire.



Co. óbhFailghe — An Tulach Mór, Biorra, Eadon
Doire, Beannchar.



Co. na h-Íar Mhídhe — An Muaileann Cearr, Béal Átha
Luain, Móta Gráinne Óige, Cill
Bheagáin.



Co. Longphuirt — Longphort (Uí Fhearghail), Gránard,
Meathus Truim (Edgeworthstown).



ARD-BHAILTE NO PRÍOMH-BHAILTE PUIRT.



B'l'á' Cliath, Dún Laoghaire, Droichead Átha, Sráid
Bhaile Mhic Bhuain (Dún Dealgan), Loch Garmáin, Cill
Mhantáin, Baile Bhreacáin, Bri-Chualann an tInbhear-mór.



'Sé B'l'á' Cliath, príomh-chathair na hÉireann. Tá cáil
mhór ar a fhoirgneamh puiblidhe — ar a mbreagacht, agus a
mead. Tá cáil mór ar chuid dá déantusaibh — go mór
mór ar a dhéantóireacht, phoiplín, uisge beathadh, leann
dubh, gloine, fígheadoireacht, olna snaidhmtheóireacht — no
tógail long.



Tá dhá Ollsgoil ann. An Ollsgoil Náisiúnta, agus
Ollsgoil Bh'l'athá Cliath, agus go leór leor coláiste.



Sí Páirc an Fhionnuisge an pháirc phuiblidhe is breághtha,
sa tír, agus tá sí ar cheann de na pairceannaibh is fearr,
agus is deise sa domhan mór.



Is baile puirt litreacha an phosta le haghaidh Sasana
Dún Laoghaire.



Ta Droichead Atha ar bhun na Bóinne. Tugadh cath mór
in aice an bhaile mhóir seo san mbliadhain 1690 .i. "Bris-
eadh na Bóinne."



Ghníthear roinnt bheag fígheadoireachta ann.



Bíonn tráchtáil mhór loingseóireachta ar siúbhal i Sráid
Bhaile Mhic Bhuain, ghníthear tobach toitíní agus snaoisín
ann. Tá oibreacha mhór-bhóthair Iarainn an tuaiscirt ann.
Tá árd-chail ar an mbaile mór seo de bhárr iasgair-
eachta.



Siad deantusai, iarrain is mó a bhíonns ar siúbhal i
Loch Garmán ghníthear 'chuile cineal gleás feilméireachta
agus cuireadoireachta ann.



Áiteacha cáileamhala le haghaidh fághmuireachta atá i
gCill Mhantáin, brí Chualann, agus Sgéirí.



Bíonn deantúsaí stocadóireachta agus cniteál, ar
siubhal i mBaile-Bhreacáin; agus cor leóbhtha sin bíonn
iasgaireacht ar siúbhal ann.



PRÍOMH BHAILTE TÍRE.



CILL CHOINNIGH, AN UAIMH, ÁTH TRUIM, MUILEANN
CEARR, BAILE ÁTHA-LUAIN, MÁGH NÚADHAT, CILL
DARA, BIORRA, AN TULACH MÓR.



Baile mór staireamhail ata I GCILL CHOINNIGH. Bhí
parlaiméid na hÉireann (?) ann uair amháin. Is ann a
cuireadh "Reacht Cill Choinnigh," i bhfeidhim! Tá mianaigh
gúail agus marmair san gceanntar.



Tá cliú mór ar BHAILE ATHA LUAIN mar gheall ar an
ionnsuigh, agus troid an droichid. Tá deantúaisi olna
ann.



Ghníthear fígheadóireacht olna SAN UAIMH, agus bíonn
tóir mhór ar na deantusaibh céadna.



Se an buadh ata ag MUILEANN CEARR — na h-aon-
taigh móra agus an margadh olna a bhíonns ann.



Budh í mágh nuadhat priomh ionad cómhnaidhthe na
ngearaltach le suim mhóir blidhanta. Is ann atá Coláiste
Mhór na hEaglaise Coithilichighe i nÉirinn .i. Colaiste
Naoimh Phádhraic.



Tá fothracha Eaglaise, agus cloigteach mór, i gCill
Dara, Naoimh Brighide. Is i bhfoisgeacht do'n bhaile mór
seo ata an Currach — Churrach Cille Dara — an fhaithche is
fearr, agus is breagachta da bhfuil i Roinn na hEorapa
bféidir.



I mBiorra atá dearcadán no amharcadán, an tíghearna
rois — an agus an áit a bhfuil an ciandearcán is mó, agus
is láidre dá bhfuil le fághail nach mór.



Gheóbhaidhear Ceisteanna an Ceachta seo shúas i
"gCearnóig" na Lúghnasa.



PILIB.



CLUITHCHE.



"Cnugaide cnagaide
I lár do dhroma-sa
Isteach i bpoll adhairce
Amach i bpoll adhairce
Cé mhéad adharc ar an bpocán poic."



Annsoin mur a dtamhasuighthear "cé mhéad"
Adharc (na méaracha) leantar mar
Seo shíos an chéad uair eile, agus bféidir aríst
Eile go dtí go dtamhasuighthear ce mhéad.



"Trom trom os do chionn
Rud nach mbaineanns dhuit
Ná bain dhó"



PILIB Ó BHALDRAITHE (a fuair e seo).



CLUITHCHE.



Imrighthear an cluithche seo mar leananns:- Cruinnigh-
eann sgata beag buachaillí, agus cailíní cois na teal-
laighe. Suidheann buachaill amháin i lár an sgata bhig.
Gheibheann se amach an buachaill is cleasaighe san sgata.
Cuireann se dallóg ar a shúilibh cromann se a cheann ar
ghlúnaibh an "Imrightheóir." Toisigheann an imrightheóir
annsoin ag radh an ranna seo shíos agus ag búaladh
droma an "chleasaigh" le na uailinn agus le na dhorn-
gach le buaille — de réir a chéile, go dtí go dti go
dtagann se go dtí an línc deiridh de'n rann .i. "Cé
mhéad adharc ar an bpocán poic?" Annsoin cuireann
sé cúpla na trí cinn dhá mhéaracha na seasamh — mar
adharca — agus má thamasuigheann an cleasaidhe i gceart
cé mhéad méar ata na seasamh. Sgaoilfidhear an dallóg
dh'á shúilibh, agus leigfidhear saor e. Agus mur a
dtamhasuidh déarfaidh an "Imrightheóir" an dara chuid
de'n rann ghá bhúaladh le na uailinn agus le na dhorn ar
an gcaoi céadna. Agus mara dtig leis a thamhasughaidh
i gceart an dara uair, coinneóchthaidhear annsoin e go
dhtamhasaidh se faoi dheiread e.



Nuair a bhéas se tamhasuighthe aige i gceart gheibhthear
duine eicínt eile agus coinnighthear an spórt ar siúbhal
ar feadh cúpla uaire mar sin.



PILIB Ó BHALDRAITHE.


L. 6


MAC-GHNÍOMHARTHA TAIDHG UÍ
GRÁDAIGH



I DTÍR NA BHFATHACH.



CAIBIDIL A IV. (Ar Leanamhaint).



BH'UATBHASACH millteach mór an uiphéist "Fathach
na spag mór." Bhí a cheann i bhfád níos airde na
an crann b'airde sa bhfaorais. Bhí a chuid gruaige
ruadh garbh gioblach comh dearg le fuil, bhí lasrach mar
leathróidí teineadh i n a chuid súl, bhí a srón fada geann-
tach. A chuid fíacal fada-géar, agus a bhéul. Go
sabhalaidh Dia sinn — bhí sé sathach mór le fear a caitheamh
isteach ann.



Bhí báinín de líon-éadaigh garbh air agus bríste glún
fairsing scaoilte, cosmhail leis na bríste a bhíonns ghá
caitheamh ag na baothainibh i nÉirinn an lá atá indiu ann,
bhí crios mór leathan timcheall a chom bhí a chuid luirgne
feithleógach, clúduighthe le stocaí garbh-chniotalta, agus
a chuid cos. Bhoil ní cosa go dtí iad, an raibh spaga
ariamh chómh mór leó sa domhain ní nar iongnadh tugtar
fathach na spag mór air. Bhí sé ar leath bhróg, agus bhí an
bhróg eile in a laimh agus gurabh é sin an bhróg ceadna
in a raibh Tadhg a snamh, agus an stuaidh dion-aluinn a
chuir athas agus aoibhneas ar a chroidhe bá é leathair uach-
táir na bróige a bhí ann.



Bhí iongnadh ar an bhfathach nuair a chonnaic se gur
dhoirt sé gasur beag nochtuigh as a bhróig. Cé a chaoi ar
tharla gur tháinic sé isteach sa bhfaorais. Gan bácaint
le bhéith isteach in a bhróig. Ach bhí iongnadh níos mo air
nuair do léim Tadhg ar a cosaibh, agus cosmhalacht dana
air…



Cé hé Tusa, arsa Fathach na spag mór. Le glór garbh a
craith an fhaorais ar fad beagnach…



Is mise Tadhg Ó Grádaigh, agus cé hé thusa a thaganns
chómh droch múinte sin, is a cuireanns tú buaidhreadh
agus trioblad ar teastailidhe nuair a bhíonns sé a
deanamh folcadh na maidne.



Ba gearr no go mbeidh a fhios agat cé hé mise a
dháiltin dána, cé a chaoi ar tharla go rabhais a snamh i mo
bhróig, cé thug an cead sin dui, innis dom go tapaidh nó
deanfaidh mé smidiriní dhíot. Bhí Tadhg i gcruaidh chás,
bhí sé lom nochtuighthe agus bhí an talamh fliuch sleamhnac
thart timcheall air leis an uisge a bhí 'sa mbróig, beir-
feadh sé an méid a bhfhaca sé ariamh ach a chlaidheamh a
bheith aige an móimeid sin, mar gan dobht sa domain bhí
deagh-chúis aige .i. Bhí neart a claoidh an cheart, ach
faroir bhí a lánn thuas ar chrann, agus b'éigin do cleas
a ceapadh, mar ní théid dligh ar an riachtanas da
mhbféidir leis suile an fháthaigh a choingheall uaidh fiú
móimtid amháin, ionnus go mbéidh seans aige ealad,
agus dubhairt sé, nach raibh tairnge i do bhróig aríam —
sin é tairnge a teacht tríd an bonn arsa Tadhg go
tuigsionnach. Tairnge do sgread an fáthach a thógail
bróige go bagarthach.



Tairnge a bheitheamnaigh óig. Ceard is ciall leis sin,
labhair nó báinfidh mé an tanam asat níl ciall leis cor
a bith ach tairnge a bhí ghortuigh do moise arsa Tadhg gan
sgath gan eagla. Bhí iongnadh ar an bhfathach. Is dócha
gur bhuail Tadhg an tairnge ceart ar a cheann, muise
d'eile. Bhí tairnge i mo bhróig go cinnte, sin é an fath
gur bhaineas an bhróg díom sul ar thugas mo leabadh
orm féin, ach goide sin do'n té sin nach mbantann sé
leo, tuige ar ndearnadh tú ionad folcadh de mo bhróg
sa —



Bféidir go ndeachas isteach leis an tairnge a thar-
raing as duit, arsa Tadhg. Há, há, ars an Fáthach, agus
rinne sé a dicheall gáire a déanamh. Há, ha an mar
sin atá…



Chaoch sé isteach sa mbróig ga fiosrughadh comh luath is
fuair Tadhg an deis, d'ealodh sé leis go t-apaidh, ní
raibh ach monneidín amhain no gur thug an Fáthach fa deara
gur imir Tadhg cleas air leig sé sgread uathbhasach as a
chrith on talamh timcheall. Chaith sé a bhróg go fiochmair i
ndiaidh Taidg. Níor buail sé é, ach leis an deifir a bhí
ar Tadhg. Chuaidh a chos faoi fraoimh chrainn agus bháin
tuisleadh as. Thuit sé i ndiaidh a chinn agus táinic sé
anuas le plinp.



Thug an fathach fá dheara gur buaidhreadh Tadhg leis an
tuisleadh a bhfuair sé, chuaidh sé i gcoinnt a bhróige. Chuir
sé ar a chois í, thug sé coiscéim thall go dtí an áit in a
raibh ar laoch bheag in a luidhe, chrom sé anuas agus
dubhairt sé, a dhailtín ghlic, tá an tairnge go mo phriocadh
chomh dona is bhí ariamh. Annsoin tirm uirthe agus
dubhairt glach uaim é seo, agus bhuail sé a chos le fuin-
neamh mhillteach anuas ar Thaidgin.



Múinfidh mise na moncaí óga seo gan a bheith ag imirt
cleasa orm-sa ar seisean agus coinnigh sé a chos go
daingean ar an talamh.



Bhí an t-ádh ar Thadhg. Go raibh sál árd ar an mbróig.
Bhí Tadg ins an spás idir an sál agus an bonn, bhí
neart áite aige le iompaigh thart ann. Chomh fada is bhí
fáthach na gcos mór ag gairidhe le athais, mar chreid dé
go raibh sé ag Brughadh Tadg chomh cotroimé le císte
míse bhí an laoíchín (no laoch beig) a laimhseail go ciáin
ó n áit in a raibh sé…



D'eile. Saoilim go ndeanfaidh sé cúis anois. Sgread
an fáthach, fán go bhfeicfidh mé cé an cuma atá air anois,
thóg fáthach na spag mór a chos ach ní raibh riáin Tadhg le
fóghail. Chrom sé síos sgruduigh sé an talamh thart le
'na lamhaibh móra feithighe is cosmhail nar creid sé amharc
a súl, is dócha gur chuireas síos tríd an talamh é.
Sgriobh sé an talamh le ingne a mhéir, ach ní raibh Tadhg na
luairisg Tadhg le fághail. Sin é, é go cinnte, tá an
talamh an-bhog agus bhuaileas é síos isteach ann, mar
táim cinnte dearbhtha gur bhuaileas mo chos anuas air go
trom, ach is gearr nó go mbéidh a fhios agam, ní bhéidh
gonc orm gán a chorp brúighte a fheiceal. Geobhadh me
mo láighe agus romharfaidh me aníos é, ar a rádh an
meid sin do. D'imthigh sé le deifir mór a tógail cois-
chéime fada agus a deanamh torann uathbhasach le na
spaga mora, agus cá raibh Tadhg ar feadh an am seo,
muis. Bhí sé in a shuidhe ar a sháimhin sógh treasna geag
an chrainn céadna in ar fhóg sé a cuid éadaigh, bhí sí ga
tiormughadh é féin leis anngrían, agus greann mór aige
faoi achran an fháthaigh. Ní'l a fhios agam an mbéidh sé
i bhfád sul a thaganns sé ar ais leis an láighe, arsa
Tadhg. Bféidir go mbéidh sé chomh maith agam mo chuid
éadaigh a chuir orm, ní mhaith liom go dtiocfaidh sé orm
chomh aimhléasach aris.



Tá sé sathach dona fáthach mar fathach na spag mór a
casadh ar duine agus a chuid éadaigh air gan bócail
air é a bheith nochtuighthe. Chuir sé a chuid eadaigh air gan
mórán moille, ní raibh sé i bhfád a chuir a chuid éadaigh
air agus bhí sé ar tí an claidheamh rúndiamhrach, a crochadh
ar an crios (.i. an claidheamh a thug a mhathair do mar
bronntanas) chonnaic sé fathach na spag mór a teacht ar
ais agus láighe mhór thar a ghualainn.



(Ar Leanamhaint.)



CUMANN NA BPÁISTÍ.



AN CHÉAD LIOSTA.



Go raibh míle maith agat, a Pheig Ní Mhódhráin, rúnaire,
Sgoil Cúl na Feárna, faoi liosta do chumainn.



Uachtarán — Mairéad Ní Ruadháin.
Leas-Uachtarán — Máire Ní Cuanna.
Rúnaire — Peig Ní Móráin.
Cisteóir — Áine Ní Brúin.



A rúnairí, céard tá oraibh, cuirigidh bhur liostaí chugam
an mhí seo más féidir.



CEISTEANNA.



1. Cia'n greann is feárr leat?



2. Cia'n duan (Hymn) is feárr leat?



3. Cia'n dán (Poem) is feárr leat?



4. Cia'n t-amhrán (Song) is feárr leat?



5. Cia'n giota is feárr leat sa "gCearnóig."



6. Cia'n fáth a dheanann cat crónán?



7. An feárr leat tae ná bainne?



8. An feárr leat ór na taltaí?



9. An feárr an samhradh ná an gheimhreadh?



10. Bhfaca tú fear na méaracán riamh.



11. Abair hab bab is na buail do dhá chab ar a chéile.


L. 7


SEILBH AR THALMHAIN FÁ SHEAN-
REACHT NA NGAEDHEAL.



"AN PUNCÁNACH TRÉAN" DO SCRÍOBH.



AN DARA ALT — Ag Leanamhaint.
CÉILÍ — COINGHEALL NA GCÉILÍ.



Bhí sé d'iallach ar na daoir-chéilibh an taoiseach do
choinmheadh, sé sin le rádh, thugadh an toiseach cuairt
ar na daoir-chéile agus a chuideachta leis, agus do réir
na ndlighthe, bhí cead aige fanacht ó aon lá amháin go dtí
mí dá dtógróchadh sé é, agus chaithfeadh an daor-chéile
tearmann, biadh, agus dighe a thabhairt dhó. Bhain comó-
radh an daoir-chéile le méid a stoic, sé sin le rádh, má
bhí tréad mór daor-stoic aige bhíodh an chuideachta mór
mar an gcéadna, agus dá mbadh árd-taoiseach a bhéadh
leis an gcuideachta bhéadh a mbiadh daor agus sultmhar
agus a gcuairt fada. Dá mbadh fó-thaoiseach a thiocfadh
ní bhíodh an comóradh chomh costasach le comórad an árd-
taoisigh.



I n-amannaibh ní fhághadh cuid de'n arm páidhe féiltea-
mhail, is dá bharr sin théidheadh siad i measg na gcéilí
agus chaithfeadh siad-san airgead, biadh agus gach uile
chineál tionóladh dá réir a thabhairt dhóbhtha. Tugadh
buannacht ar an gcleachtadh sin agus is minic a tugadh
an t-ainm céadna ar na fearaibh, na Gall-Ghaedhil a
throid i n-aghaidh a dtíre ar thaobh na Sasanach i n-Éirinn
ar son an ghreim a d'ith siad. Ghlaoidh na Sasannaigh
"bonnaghts" orra mar ainm-sé sin an focal Gaedhilge
"buannachta."



Bhíodh a lán nidhthe eile le n-íoc ag an daoir-chéile ó
am go ham, agus in aimsir cogaidh go háirithe níor
sgrúd an taoiseach gan íocaíocht na gcéilí a dhaoir-
siughadh le fairsingeacht costais a bheith aige le n-a arm
a bheathughadh. Anois agus arís bhí sé d'iallach ar na
saoir-chéilibh coinmheadh a thabhairt, sé sin, nuair a thugadh
an taoiseach agus a chuideachta cuairt ortha, agus bhí
riaghal i bhfeirm do réir an tSeanchais go raibh eaglaiseach
fá chumaoin i riocht go gcaithfeadh sé taoiseach a choin-
mheadh uair sa ráithe nó mar sin. I gceann an méid sin
chaithfeadh fó-taoiseach árd-taoiseach a choinmheadh nuair a
théidheadh sé ar a chuairt i n-a measg, agus uair ar bith
a mbeadh righthe, taoisigh, easbuig, ollamhain agus eile ar
a dturas ó dhúithche go dúthaigh gheobhadh siad coinmheadh i
n-aisge.



B'éigean do na céilibh, idir daor agus saor, coinmheadh
a thabhairt do dhaoinibh áirithe nuair a thiocfaidís i gceann
a chéile le gnóthaibh na tíre a chur i bhfeirm. Dá dtigeadh
sé ar chrann taoisigh nó céile a dhul i nganntanas níor
fhéad ceachtar aca a bheith dian ar a chéile. Ní mar sin
atá sé anois. Muna bhfuil an tionónta i n-ann a chíos
a íoc tá sé caithte amach mar chaithfeá sean-sguab gan
aon mhaith.



Ba líonmhaire go mór na daoir-chéilí ná na saoir-
chéilí, agus ar an ádhbhar sin is mó an daor-stoc a bhí
na toisigh a thabhairt uatha ná saor-stoc, agus tig linn
an gnás sin a shamhlughadh le nós atá ins an bhFrainnc
agus ins an Spáinn, fé sin, go dtugann an tighearna
talmhan stoc agus airm do na tionóntaibh le slighe
bheathadh a bhaint amach, agus fághann siad mar gaimbín
ar ais leath an toraidh.



Níl fios barainneach againn an t-ádhbhar a raibh saoir-
chéilí agus daoir-chéilí ann, mar na riaghalta a bhain leo
ins an tSeanchas tá siad chomh cas-bhriathrach agus nach
féidir bun-ughdar na ceiste a réidhteach go soilléartha;
ar an ádhbhar sin de níl againn acht buille do réir
thuairme agus 'sé mo bharramhail gur mar seo a bhí. Ins
an tsean-saoghal ní raibh mórán meas le fághail ag fear
sgaithte, agus mar gheall ar sin bhí na daoine saothrach
sanntach le maoin shaoghalta agus talamh a sholáthar
dhóbhtha féin, mar is do réir a n-acmhainne a fuair siad
gradam, agus bhí cuid aca seo a raibh acmhainn aca an
tráth thóig siad talamh, 's ar an ádhbhar sin de ní raibh
siad ag gabhail taobh le stoc an taoisigh ná an bhó-aire,
agus cuid aca, b'fhéidir, ar theastuigh beagáinín stoc
uabhtha, fuair siad é gan bannaidhibh ar bith acht a bhfocal
féin, sé sin le rádh, an méid aca nach raibh a dtréad
eallaigh mór go leor le h-aghaidh a gcuid talmhan, agus
'sé sin an aicme a fuair an t-ainm saoir-chéile. I dtaobh
an dara aicme badh iad sin na daoine a thóig talamh le
bun-suidheachan a chur ortha féin, agus tar éis an talamh
fághail níorbh 'fhéidir leobhtha cíos a íoc gan stoc a bheith
aca mar ba iontuigthe dhó é sin nuair do bhí sé ag tógáil
a chuid talmhan, agus mar gheall ortha a bheith gan bun
sgreas an tráth a d'fhághadh siad an talamh chaithfeadh siad
bannaí fhághail nuair a bhíodh siad ag tógáil stoic, agus
ar stoc na mbannaí tugadh an daor-stoc, is na daoine
a thóig é badh in iad na daoir-chéilí.



Bhí cumhacht agus urraim an taoisigh ag baint leis an
méid stuic a thugadh sé ar ghaimbín, mar ní hé amháin go
raibh sé ag carnadh saidhbhris dhó féin, acht bhí modh, meas
agus onóir le fághail aige ó na céilibh a bhí i n-a thuil-
leamaigh, agus thairis sin is minic a d'éirigh na taoisigh
ró-uaibhreach le mhéad a gcuid saidhbhris agus b'áin
leobhtha a gcumhacht a theasbáint do na daoine a bhí fubhtha
i riocht nar ghéilleadar go fábharach do'n dlighidh a bhí i
bhfeirm, agus is minic a chothuigh an obair seo mí-stainnt
idir na taoisigh agus na céilí, mar fághann sinn gur chuir
na breitheamhain mórán riaghalta i bhfeirm ag baint le
íocaidheacht nach leomhfadh na taoisigh a shárughadh.



Trachtadh ar choinmheadh cheana agus fághann
sinn go raibh dlighthe go cúramhach ag baint leis ins an
tSeanchas agus is mór a bhí sé ag teastáil mar is minic
a bhí na taoisigh agus a gcuideachta níos rachmullaighe ná
ba chóir dóbhtha bheith i dtighthibh na gcéilí, agus acht beag
go raibh an riaghal sin i bhfeirm ní bhéadh ríomh ná seasamh
leobhtha. Tá sé againn do réir na n-ughdar gur thoisigh
na ceannphuirt gallda ag déanamh aithrise ar an gcleach-
tadh seo, sé sin le rádh, nuair a bhíodh ganntanas airgid
ag cur ortha ní bhíodh siad i n-ann a gcuid saighdiur a
íoc agus thugadh siad cead dóbhtha a dhul amach ar fud
na mbailte thríd an ngall-tórainn agus na daoine a
chreachadh le faobhar a gclaidheamh agus sainnt an ocrais.
Breathnuigh thrídh d'intinn ar sluagh saighdiur gortach a
gheobhfadh cead a gcinn ar fud tíre ag éiliughadh airgid,
bidh agus beatha le n-a n-ocras a chosg agus a n-intinn
borb a shásughadh. Ar ndóigh ní raibh rud ar bith ar
thalamh an domhain ba mhilltighe ná ba domáistighe ná a
leitheide sin mar nár ghéill siad do dhuine ar bith a
thainic i n-a líona agus tugadh ar an gcleachtadh sin
"Coyne agus Livery." Is ionann "Coyne" agus coin-
mheadh, agus is ionann "Livery" agus beatha do chaiplibh,
mar is focal Fraincis é. Chreach siad an tír chomh mór
sin is gur cuireadh go mion 's go minic dlighe dian i
bhfeirm i n-aghaidh "Coyne" acht níor ghéill na gall-ridirí
do'n dlighidh mar bhí siad ag leanmhaint do'n obair sin
ar feadh bliadhanta móra fada. Deirtear go raibh an
coinmheadh dona agus an-dona acht dá dhonacht dá raibh
sé ní raibh baoghal ná guais é bheith leath chomh dona leis an
gCoyne mar ghéill na Gaedhil do dhlighthibh na mbreithea-
mhan i riocht nach féidir le éinne a rádh gur bhagair siad
géardas a gclaidheamh ar na céilibh.



Bhí mogha agus moghaidheacht i n-Éirinn san aimsir i
n-allód, agus lean sé mar gnás ins an tír go dtí seal
tar éis teacht na nGall, mar tá sé dearbhtha ag Giraldus
Cambrensis go mbíodh na Sasanaigh ag díol a gclann
leis na h-Éireannaigh i n-a moghaibh, agus deir sé gur i
mBristol a bhíodh aonach na mogh. Cuireadh cosg leis an
gceannuidheacht sin seal gearr tar éis na Normannaigh
a theacht mar d'aimhdigh na h-easbuig ag comhairle bhí
eatorra i n-Árd Macha sa mbliadhain 1171 gur chuir Dia
na Gaill chum na tíre mar pláigh nó píonós mar gheall
ar an moghaidheacht. Acht bhí níos mó mogha againn ins an
tír ná iad seo a cheannuigheadh i Sagsanaibh mar bhí cuid
mhór de na Gaedhealaibh féin i n-a moghaibh.



(Ar leanamhaint.)



A Gaedheala! Ná déanaighidh dearmad ar



MÍCHEÁL Ó CEALLAIGH, CRIOGAI, ROSCOMÁIN.



An t-aon fhear ionad amháin i gConnachtaibh ag



Príomh-Dhéantóiribh na h-Éireann.



Geóbhair luach-liostaí ar fhilleadh an phuist



Má chuirir fios orra.


L. 8


GLEÓ NA GCLOG.



Leath-cheud bliadhain ó shoin ann do cuireadh sagart
paráiste nua go Lag na Ladhra i n-áit sean-shagairt a
d'imthigh ar shlighe na bhfíréan. Bhí sé seo thar éis seacht
mbliadhna do chaitheadh mar séiplíneach i bparáiste mhóir
shlachthmhair i gconntae eile agus, nidh nach iongnadh, bhí
sé faitchíosach nach bhfeicfeadh sé an slacht céadna ar a
pharáiste nua choidhche. 'Sé an chéad rud do chuir sé faoi
deara ann nó nach raibh an tsean chlog sgoilte feileamh-
nach don tseipéal ar aon chuma, agus rinne sé suas a
intinn gurbh mhaith an toisiughadh dhó clog úr d'fhagháil i
n-a ionad a cluinfidhe in gach cúinne den pharáiste.



An chéad Domhnach i Lag na Ladhra dhó rinne sé sean-
móir bhríoghmhar nár fhág súil thirim i dteach a' phobail,
agus nach bhfuil dearmadtha go fóill ann. Tharraing sé
anuas i dtaobh an tsean chluig agus dubhairt sé nár chóir
a leitheid a bheith ag daoinibh cheannárdacha Laig na Ladhra.
Thainic sé anuas go te agus go trom ortha, agus nuair
shíl sé go raibh croidhthe na n-éistightheórí corruighthe aige
d'órduigh sé dá bhuachaill aimsire, Páid, a hata síoda
fhéin do thógáil agus do dhul thart i measg na ndaoine
agus bailiughadh do dhéanamh ar áit na mbonn.



Ní i Lag na Ladhra do rugadh is do tóigeadh Páid agus
níor bheag a ghrám ar gach a raibh ann, ach rinne sé mar
d'órduigheadh dhó. Níor fhág sé fear ná bean sa tseipéal
nár chuir sé hata an tsagairt ós a gcomhair, ach sin a
raibh dhá bhárr aige. Thainic sé ar ais go dtí an sagart
agus an hata chomh folamh is bhí sé ag toisiughadh dhó.
Shín sé an hata chuige.



"Seo dhuit é, a Athair," ar seisean, "agus ní gheobhaidh
tú bás le hocras an fhaid bheas tú ag comhairmheadh a
bhfuil ann."



Ghlac an sagart a hata agus do sgrúduigh sé taobh
istigh is taobh amuigh é.



"Mo choinsias, a Pháid," ar seisean is ádhamhail mé
agus mo hata d'fhagháil ar ais."



"Na h-abair é," arsa Páid.



Do chríochnuigh an sagart a sheanmoir annsin, agus chuir
se i n-umhail don phobal go mbéadh bailiughadh airgid ag
doras an tseipéil an Domhnach dár gcionn, agus go
mbeadh sé riachtanach ar gach fear tighe ins an bparáiste
sgilling ar a laighead do thabhairt, i riocht is go mbeadh
clog úr aca gan mórán maille a bhéarfadh creideamhaint
don tsagart agus don phobal.



Tráthamhail go leór thainic an Dmnach 'na lá bhreágh,
agus bailigheadh cuid mhaith airgid ag doras tighe an
phobail. Gidh gur beag comhartha féile a bhí ortha an
Domhnach roimhe sin chruthaigh cuid de na daoinibh go rí-
mhaith agus ní go holc chruthaigh an chuid eile aca, ach
amháin feilméir saidhbhir ó Mhachaire Rúisg. Glaodhadh
Seán an Cráidhteán ar an bhfear seo, agus ní gan cúis
do baisteadh é. D'fhág seisean síos giota trí pighne ar
an mbord ag dul isteach dó. Bhí an sagart ag dearcadh
air ach níor dhubhairt sé focal, óir bhí sé an-tsásta le
fiúghantas na ndaoine go léir.



I n-am is i dtráth thainic an clog úr go Lag na Ladhra,
agus do crochadh suas sa gcloig-theach é. Ar an gcéad
Domhnach a bhuaileadh é ní raibh duine, óg ná aosta ins an
bparáiste i n-ann cos do chur faoi nach raibh ag an
Aifreann 'un an chluig úir do mhothuigheastáil. Bhí Seán
an Cráidhteán go moch ar an mbóthar chor le duine, agus
bhí sé ag sgaitheadh gach a raibh ar a bhealach leis an deifir
do bhí air ar fhaitchíos go gcaillfead sé an chéad chling
den chlog úr. Bhí cailín péacach ag teacht an bhóthair
chéadna, le na comrádaí fhéin, agus níor leig sí Seán
thairste gan gearradh do thabhairt dó.



"Ara a Sheáin," ar sise, "goidérd atá ag cur as
duit indiu agus an chaoi a bhfuil tú ag tabhairt an bhóthair
leat?"



Thug Seán súil chrosta uirthi, agus ach a beag go raibh
carthannas mór eadar é fhéin agus a hathair ba shearbh an
freagairt a bhéarfadh sé dhi, mar ba bheag a mheas ar a
leitheid.



"Nach bhfuil fhios agat go mbuailfear an clog úr ar
maidin indiú?" ar seisean, "agus nach mbéinn mall ar
an ócáid seo ar a bhfaca mé riamh?"



"Muise gráin ort," arsan cailín péacach, "is beag
fuadar a bhí fút an lá bhí an bailiughadh airgid ar bun,
agus is beag congnamh a thug tú chuige."



Bhí Seán achar maith tharsta faoi seo, agus níor leig
sé air má mhothuigh sé í.



Ba mhór an tionól a bhí thart timcheall ar Pháid bhocht
an Domhnach sin nuair thosuigh sé ag bualadh an chluig úir,
agus badh é Seán an Cráidhteán 'na dhuine ba fhiusge dhó,
agus cluas air. Sul go raibh deich mbuillí buailte ag
Páid, thionntódh Seán ar a shál agus bhí an sagart díreach
taobh thiar dhe. B'fhurus d'fheiceáil go raibh glionndar ar
Sheán.



"M'anam dho Dhia, a athair," ar seisean, "ach is é mo
bharamhail go bhfuil gligín ann chor leis an tsean cheann.
Agus tuilleadh leis sin," ar seisean, "is beag le rádh
an fuaim atá aige ach an oiread."



"A Sheáin," ars an sagart agus miongháire air, "ní
dhéanfadh giota trí pighne mórán fuaime cébí sgéal é."



Má bhí aon locht eile le fagháil ag Seán an Cráidhteán
ar an gclog úr i na dhiaidh sin ní dheárna sé móran
gliadair faoi i Lag na Ladhra.



PEADAR Ó MEARÁIN.



CÓMHAIRLE NA NDÚL.



(Ar Leanamhaint.)



"Ní teanga balbh bhí 'g an talamh ndíaidh sin
Ag trácht ara sléibhthibh aereacha, saora,
A cnocaibh, a gleanntaibh a beannaibh 'sa críochaibh,
Nár umhlaigh d'aon bhall de Ghallaibh aríamh fós.



"Táim-se chómh saor, 'r sí le tiórthaibh na cruinne,
Ní raibheas ariamh fós i ndaor-bhruid claoidhte,
Tá mo chnuic 's mo shléibhte go haereach saor 'gam
Ní mé tá cráidhte acht mo sglábhuidhthe de mhuínntir.



"Má táim-se cráidhte faoi sálaibh dianghaill,
Is gan me chomh bláthmhar le gathaibh gréine,
Níorbh mé ba chionntaighé leis an donas céadna,
Acht lucht an tsiosgaighthe gan misneach béim 'nnta.



"Teanam aníos ar thaoibh Cnuic Néifin
Is breathnuigh soir is siar más féidir,
Ní dheárnaidh Dia ár dtír do sgléabhthaibh,
Acht fá laochraibh saora fíora tréuna.



"Dó labhair Crúach Padraich go láidir léanmhar,
Is chabhruigh an t-Eirgeal go feirgach léití,
Lasaigh Sliabh Dúin-Ard is chuidigh cnoc Néifin,
Is dheimhnigh gach árdh-bheann de ghar-ghuth a sgeul-san.



"Mura bhfuil sibh saor bígídh meisneamhail,
Ná cromaigidh glún roimh thútaibh (Eilise) choigcríche;
Seasaigidh díreach dílis fuinneamhail,
Is bainighidh 'úr dtír ghlas ó dhían-ghallaibh íasachta.



(Ní críoch.)



PHILIB Ó BHALDRAITHE DO CHUM.



FÚAGRADH!



Ó FIONNÁIN AGUS Ó SÍODA
(Fannon and Silke)



CANDÁLAIDHE AGUS LÚACHADÓIR
(Auctioneers and Valuers)



CAISLEÁN RIABHACH
(Castlerea).



A Ghaedheala, cabhróchaimid libh má chabhruigheann sibh
linn! Tá cleachtughadh againn ar 'chuile chinéal
chandálachta. Déanfaimid do chuid oibre ar fheabhas fág
fuinn í!



Cian-Sgéalta… Candálaidhe, Caisleán Riabhach.



Deanfaimid do chuid oibre in Gaedhilg más áil leat.



CÚPÓN "AN CHEARNÓGH."
IÚL, 1923.



Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig an
"Telegraf Connacht" i gCaisleán a' Bharraigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services