DONEGAL GAELIC SONG.
Fan ar an Bhaile 'mo Chomhair.
I.
Chuaidh mé seal tamaill ar chuairt go
mbreathn'ainn féin uaim an speur,
Thart fá na hoileáin a' ruaig, mar bheidheadh
eilit a's cú 'n-a déigh;
Casadh dham cailín beag óg, 's má casadh, 's
í labhair go geur -
“Má 's duine thú bhain do mhnaoi óig, ní
mholaim go mór do thrade.
II.
“Chonnairc mé fear ar Thír Mhóir ag
imtheacht gan bhróig andé;
“'Sé mheasaim, gur tusa an fear óg a raibh
siad 'san tóir 'n-a dhéidh.”
D' fhreagair mé an ainnir, gan bhróid gur
ghlac mé go mór a sgeul,
“Stad do chuid beadaighe níos mó; ní duine
do'n tseórt sin mé.
III.
“Mur druidfidh tú anall dom' chomhair a's
leigean do ghlóir gan féidhm,
“Rachaidh mé os coinne mo shróna amach ar
Thír Mhóir ar léim.”
Thuit mise 'un tursa 's 'un bróin a's d'fhiaf-
raigh do 'n óg-mhnaoi chaoin,
“Cá bhfuighbheadh sinn glaine le hól, do
thógfadh an brón seo dínn?”
IV.
“Tá teach beag ar leath-taoibh an róid, a's
congbhuigheann sé i gcomhnaidhe braon;
“Gabh thusa agus rapáil an bórd, 'gus
díolfaidh mé an scór mé féin.”
'Nuair fuair mé go tigh mhic an óil, ba
faiteach go leór mé suidhe,
Ar eagla go dtiucfadh an tóir, 's go mbain-
fidhe an óig-bhean díom.
V.
'Nuair fuair mé gach cineál d'ár fhóir, 'sé
mheas mé nár chóir dam suidhe;
'Sé adubhairt sí, “Bí thusa gabháil cheóil, 's
ní thiucfaidh ort feóirling do dhíol.”
Ní raibh mise a bhfad ag gabháil cheóil, gur
chruinnigh an t-aos óg 'san tigh,
Gach duine 's a ghlaine 'n-a dhorn, le comhartha
thabhairt do 'n dís.
VI.
Bhí biotáille fairsing ar bhórd, 'gus beagán
dá ól 'san tír;
Dá n-ólainn-se galún Uí Dhomhnaill, b'
fhurus mo scór do dhíol;
'Nuair do shocruigheamar cothrom an scóir,
'sé d'fhiafraigh an óigbhean díom,
“Ca háit i mbíonn tú ag comhnaidhe, nó an
gcongbhaigheann tú cró dhuit féin?”
VII.
“'Nuair bhím-se seal i dtigh an óil, ní
dheanaim-se lón do 'n phighinn;
“An meud úd a shaothru(igh)im 'san ló,
caithim le spórt 'san oidh'e.”
“Ní fhóireann sé duine dod' seórt tosughadh
le buaidhreadh an tsaoghail;
“Is fearr dúinn-ne fanamhaint go fóil, go
ndeanfamuis lón araon.”
VIII.
“Le fanamhaint go ndeanfamuis lón, do
caithfidhe cuid mhór d' ár saoghal;
“Is fearr dúinn-ne toiseach go h-óg a's
beidh cuidiughadh d'ár gcobhair arís;
“Lean tusa mise 'san ród, 's ní heagal
duit buaidhreadh an tsaoghail —
“Mise bheith 'cruinniughadh an lóin, a's gheabha
tusa do lóistín saor.”
IX.
“Dá leanainn-se thusa 'san ród, budh ghoirid
go dtógfá dhíom,
“Go dtoiseóchthá ag imirt 's ag ól, 's budh
ghoirid budh lón thú féin;
“Acht fan ar an bhaile 'mo chomhair, 's beidh
mé ar an nós leat féin;
“Gheabha tusa talamh go leór agus mise go
deóidh mar mhnaoi.”
X.
Ní fheudaim í mholadh le feobhas; 'sí mhearaigh
go mór mo croidhe;
Ní 'l duine dá bhfeicfeadh an seód nach
dtuitfeadh go mór ag caoi.
Ní fhaca mé a leitheid go fóil i mbealach a
ghabhaim 'san tslighidh;
Dá bhfeicfidhe í i mBaile na Mór, bheidheadh
cailíní óga ar phighinn!
Gluais ar an Abhrán shuas.
Dob' é ughdar an abhráin so Peadar
Breathnach, táilliúir do bhí i n-a chomhnaidhe
leath-cheud bliadhan ó shoin i mBaile na Mór
i gCondae Dhúin na n-Gall, áit thar a dtig
sé 'san bhfearsa déidheanach. Fuaras ó
mhnaoi é darab ainm Máire Níc Conacháin,
chomhnaigheas i nAlt an Dois, i nGleann na
Suilighe, 'san gCondae gceudna. Dá mheud
dá mhaoidhtear filidheacht Mhumhan nó Chonnacht,
measaim féin nach gcualas riamh dán ba
bhinne briathra ná ba cheólmhaire clódh
ioná é so.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11