Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Fhir Eagair ion-urramtha

Title
A Fhir Eagair ion-urramtha
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Mí Féile Brighde, 1893



A fhir-eagair ion-urramtha,



Is adhbhal mhór an oiread-sin focal Sacs-bheurla
sgéithid amach na daoine, go mór-mhór i g-Connachta,
agus is measa ná sin, ní féidir a d-teagasg gur
Beurla iad.



Is ceanndána adeirid gur Gaedhilge iad. Is searbh
leo agus d'a saobh-uabhair, admháil, gur féidir do dhuine ar
bith, bheith níos ceart-mhúinte ná iad féin. Measaim-
féin gur glinne Gaedhilge Mhumhan, gidh nach maith


L. 187


liom an t-aslabhradh. Ann-so dhuit focla éigin do
chualas féin.



Bit of a bridle, spoka? nave, doubt or “doot“,
makreil, pota, poca, liosta list, stuff, etc..



Agus ni fhuil aca focla, Gaedhilge no Beurla, ar son
felloe, tyre, etc.. Do budh ceart do'n mhuintir sgriobhas
gan focal truaillighthe do chur síos, acht amháin na focla
fíor-Ghaedhilge do chur, lé n-a n-aithbheodhadh. Ní
cheadochainn-féin na h-iasfhocla mar “ocáid obligáid
etc.,” nuair atáid ann na focla cearta, mhar “siocair.”
Do chomhairleóchainn go h-umhal, cláirín na bh-focal-so
do chlodhughadh agus an cheart-Ghaedhilge ar a son.



Ann-so chugat mo chíos ar son na bliadhna,



Slán leat,



Dallán gan Eoluidhe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services