IV.
Is eagal liom gur labhair mé tuille 's
an chóir air Árainn cheana, acht tá punc nó
dó romham fós. Dar n-dóigh, bheidheadh mo
sgeul an-bheárnach gan focal a rádh air an
nGaedhilge atá dá labhairt ins na h-oileá-
naibh. Ní'l duine in ¦rainn, taobh amuig
de bheagán nach fiu caint orra, nach labhrann
an teanga dhúthchuis. Ní'l acht í aig furmhór
na m-ban agus na sean daoineadh. Na fir
óga bhidheas ag dul go Gaillimh, agus ag
caint le muintir an Bheurla, tá an dá thean-
gáin aca súd, acht má fhágann tú baile
Chille-Enda, casfar duit go leor de na
fearaibh aig nach m-beidh blas de'n teangain
ghallda. Tá na páisdidhe air an g-caoi
cheudna; d'fheudfá, mar adeirid féin, iad a
dhíol 's a cheannach i m-Beurla.
Mar sin, duine air bith ar mian leis an
ceart agus an blas do bheith aige, trialladh
se air Árainn — sí an scoil is feárr in
Éirinn í. 'Sí is feárr mar gheall gur feárr
oileán ná áit air bith eile. Dá ngabhthá go
h-áit eile, bheidheadh na daoine le n-a
n-obair agus le n-a ngnó féin; acht air
oileán, ní bheidh siad ag síor-imtheacht, acht
aig iasgach, ag cladóireacht, ag sníomh, nó le
gnó eile de'n t-sórt sin, air chaoi go
bh-fuighidh siad bheith ag caint leat gan a
n-obair a thabhairt suas. Arís, is daoine
fiafruigheacha iad i d-taoibh iongantus na
tíre móire chidheann siad uatha — Éire —
agus i d-taoibh na neitheadh nuadh do cumadh
agus do frith amach le goirid, an telegraph,
an telephón agus c., air nach bh-fuil aon eolus
aca acht an t-eolus neulach, neimhchinnte
fhaghann siad ó Árainnighibh eile nach bh-faca
na neithe so acht go h-anamh, agus sin féin
gan tuigsin do bheith aca orra. Agus arís
eile, táid féin an-tugtha do chaint air an
t-seanaimsir .i. an t-am do bhí ann le linn
a sean-aithreach feín, agus do bheith ag
tomhais agus ag cogar faoi'n doman neamh-
shaoghalta eile úd fosgailtear os coinne a
súl ins na sean-sgeultaib.
Tá sé ag luidhe le reusún, mar sin, go
bh-fuil Ára na h-áit fhíor-mhaith do'n dream
atá aig iarraidh sean-teanga na h-Éireann
d'fhoghluim agus do labhairt. Dar ndóigh,
tá lochta air Ghaedhilge na n-oileán — acht is
lochta bheaga bídeacha iad le h-ais na seach-
rán do chidhtear i g-canamhuintibh an Bheurla
ins gach ceárd de Shagsanaibh féin. Fagh-
muid foclóir fíor-shaidhbhir aca in Árainn —
focla as cuimse, go mór-mhór air na neithibh
bhaineas leis an bh-fairrge. Is binn, bog,
an chanamhuint atá aca, mar an g-ceudna,
cia gur binne liom féin an Ghaedhilge
labhairtear 'san taoibh ó dheas de chontae
na Gaillimhe.
An fad bheidheas ar d-teanga comh beo,
beathadhac, a's tá sí annso agus in áitibh
eile, ní feudfar a rádh gur teanga mharbh
atá innte. Adubairt duine éigin goirid
ó go grinn, greannmhar, nach raibh acht aon
teanga mharbh 'san domhan air marthainn,
agus is í sin teanga na h-Éireann. Ní'l
ar d-teanga básuighthe fós, ní'l, cheana.
Cluinimid trácht air an teángain mhairbh so
linn, agus téidhmid annsin go h-áit éigin
rud beag as an ni-bealach coitchionn, agus
ó dhúiseacht dhúinn air maidin, go bh-fágtar
an slán-chodlata againn ins an oidhche, ní
airighmid siolla acht an teanga mharbh.
Ní scarfaidh muintir Árann leis an
nGaedhilge go luath. Do réir cuimhne na
n-daoineadh is sine, tá an oiread Gaedhilge
dhá labhairt ins na h-oíleánaibh andiu a's
do bhí dhá fhithchid bliadhain ó shoin.
Ní'lmid ag taobh le h-Árainn, an oiread.
Feuch Dún-na-ngall, Cuannamara, Iar-
mhumha, agus ionaid eile mar a bh-fuil an
t-aos óg ag diul asteach na Gaedhilge le
bainne a máithreach. Ní bh-fuair ar d-tean-
ga aon chothughadh, congnadh, ná misneach
riamh; is iongnadh nár briseadh suas agus
nár cailleadh amach 's amach í fad ó, agus
nuair mhair sí tríd a bh-fuair sí de chruadh-
than, ní beag dhúinn dul in eadóthchus agus
an chluiche chaointe do thógbháil nuair bheidheas
sí marbh daríribh, sínte go docht 'san g-cré.
Acht go d-tí sin, nár chluintear an focal
eudóthchas againn.
“I g-cóimheas ceoil tá Beurla fann,
'S an teanga is tuiltighe fós gan bhrighe.”
Casamuis air an g-ceol atá aca anois.
Ní'l aca acht an ceol fuaradar ó nádúir, —
ceol a nguth féin. Ní cluintear aon ghleus
ceoil ann, acht go h-anamh. Níor bh'amhla
an sgeul fad ó, creidim. Bhí píobaire
'san oileán láir, i g-cás ais bith, agus do
dhíoladh muintir gach tighe sgillinn leis ins
an m-bliadhain, in éindigh le lóisdin do réir
uaine. Acht d'imthigh an píobaire leis, agus
níor lionadh a áit ó shoin.
Chomh maith leis an g-cuid eile de chloinn
na nGaedheal, cuireann siad dúil mhór ins
na sean-abhránaib, agus is minic eudtro-
miuigheann siad a n-obair le sean-fhonn
Gaedhilge. Air son na bh-fonn so, agus
na b-port ársa, do chaith Eoghan a'Comhraidhe
agus an t-Ollamh Petrie trí seachtmhaine
in Árainn, dá g-cruinniughadh agus dá
sgríobhadh síos, idir cheol agus focla.
Léighmid i m-beathaidh an Ollaimh, le Stoces,
mar righneadar an bailiughadh. Bhí an bheirt
ag fuireach air bhaile Chille-Rónáin, agus
d'fhuagair siad go m-beidheadh céad fáilte
aca roimh gach uile fhonnadóir ins na
h-oileánaibh. Le tuitim na h-oidhche thagaidis
ó gach uile cheárd, bhidheadh teine bhreágh
mhóna shíos air an teallach rómpa, an
t-Ollamh 'na shuidhe air thaoibh dhí agus a
bheidhlín 'na láimh aige, o'Comhraidhe air an
taoibh eile, réidh leis na focla do chur síos,
agus na daoine 'na bh-fáinne timchioll.
Annsin, ní gan tafan orra, thosuigheadh
duine aca, fear óg nó bean óg, nó sean-
duine críona ag tabhairt amach an abhráin
* Faoi ailltibh an oileáin, tá uamhainn mhór déanta
aig Nádúir ins an g-cloich aoil, agus creideann siad
go bh-fuil bealach o'n uamhainn síos, faoi'n Súnda
salach, agus aníos amach aig Carraig an phíobaire in
Inis-iarthair. Bliadhanta ó shoin, má's fíor dhóibh,
chuaidh píobaire asteach air dhorus na h-uamhann, agus
níor cualas aon tuairisg air o'n lá sin go d-tí andiu,
acht “Is dócha go bh-fuil sé asthigh i g-comhnuidhe.” Cualas
sgeul an-ghreannmar, lá, aig dorus na h-uamhann
ceudna, air dhuine chóir do chuaidh asteach ag lorg
coinín, agus bhí sé ag siubhal roimhe, roimhe, gur airigh
sé an ceol ba bhreághtha 'na aice. Do bhuail geite é,
nuair chuimhnigh sé air an b-píobaire úd, acht bhreathnuigh
sé go geur, agus creud do bhí ann acht coinín beag,
agus gleus beag ceoil le n-a bheul, agus é ag casadh
puirt as, agus nuair dho bhí sé réidh, chaith sé an fliut
air a ghualainn, agus d'imthigh leis.
nó an fhuinn do bhidheadh aige, sgríobhadh
o'Comhraidhe síos na focla, agus an t-ollamh
an ceol. Nuair bhidheadh gach uile nidh shíos
go ceart aca, bheireadh an t-Ollamh air a
bheidhlín, agus ní aithneochadh an t-abhránuidhe
a cheol féin ag sileadh ó na teudaibh. Is
dócha gur cailleadh cuid de na h-abhránaibh
so ó shoin, acht tá cuid mhór le fagháil fós,
go mór-mhór aig na mnáibh. Ní furus aon a
abhrán do bhaint as na fearaibh; b'fheárr
leo bheith aig éisteacht ná bheith ag gabhail
fhuinn iad féin. 'San Midhe, air tórthadh,
nuair cuirtear d'fhiachaibh air fhear abhrán
do ghabhail, is minic do chuireann sé a eudan
i bh-folach 'na hata sul do thosuigheann sé.
Ní'l fir Árann chomh cúthal leis sin, acht
táid náireach go leor. Rud eile thiubhradh
duine faoi deara, a mheud a's ghabhann siad
na h-abhráin tríd an t-sróin.
Dá m-beidhtheá air fairrge d'oidhche, do
b'iongadh leat, go minic, ceol do chloistin
ag teacht chugat ins an dorchadas — d'inn-
seochadh an t-árdughadh agus an tuitim obann
'san bh-fonn gur abhrán ársa Éireannach do
bhí ann, agus dá d-triallthá air áit an
cheoil, gheobhfá amach gur asduine aig iasgach
do bhí sé ag teacht. Nuair bhidheas na drogh-
anna gleusta 'san oidhche, fad ó chuan,
tagann na curraigh i ngar dá chéile, agus
eusguightear an oidhche le sgeul a's le
fonn.
D'airigh me an chaoine in Árainn faoi dhó.
An cheud uair, os cionn duine fuair bás
mar gach aoinneach eile. An dara h-uair, ó
mhnaoi do bhí ag fágbháil na n-oileán ag dul
go h-Americá, gan súil aici go bh-fillfeadh
sí go deo. Dearbhaim dhuit, nár mhaith liom
a léithéide do chloistin arís, a's do chulas
an mhaidin úd, nuair bhí an creutúir bhocht ag
fágbháil slán a's beannacht aig na h-oil-
eánaibh bochta, beaga, in ar chaith sí a saoghal,
in ar chuir sí a sinnsir, in a bh-fuair si an
oiread de shogh simplidhe — sogh nach bh-fui-
gheadh sí, b'fhéidir, ins an tír mhóir air a raibh
sí ag triall.
Do bhidheas in Árainn trí h-uaire. Bhí
aithmheula orm, air imtheacht dam, gach
uile uair. Aig an nGaedhilge, aig
an aer úr, folláin, aig na daoinibh cáir-
deamhail, bhidheadh an lá lán d'aoibhneas ó
ghlasadh na maidne go ceo na h-oidhche. Gheo-
bhaidh tú fáilte a's sláinte, na fir is laghaighe,
an Gaedhilge is feárr, ins na h-oileánaibh.
Bidhim-se féin ag breathnughadh romham, agus
is fada liom go rachfad ann air cuairt
arís. 'San am romhainn, is dócha go d-tioc-
faidh biseach saoghalta air Árainn; nach
m-beidh sí chomh bochtuighthe agus chidhmid anois
í; acht go g-congbhuighidh a daoine go deo an
intinn agus an t-anam glé, simplidhe, an
croidhe cáirdeamhail, teith, atá aca andiu.
E. O'G.
* Do chuir mhé i g-cló i Nuaidheacht Thuama, cuid
mhaith de na sgeultaibh, na paidreachaibh, na h-abhránaibh
do chruinnigheas in Arainn. Filidhe de bhunadh Connach-
tach do chum an chuid is mó dhíobh — ní feasach mé an raibh
file air bith aig muintir Arann dá g-cuid féin riamh.
Ba mhór an gar d'áitibh mar so dá n-déantaoi abhráin
maithe Beurla d'aistriughadh go Gaedhilge.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11