TEANGA NA NGAEDHAL.
Ar n-a atharrughadh go Gaedhilig ó Bhéarla
I.M. Uí Raghallaigh, I. na G.
U. 45, ll. 203, 204
A Pháid, a mhaoin, ar fud an t-saoighil an
g-cualais a leithéid,
Gur teanga choigcríoch an Ghaedhilig bhinn ar
chuantaibh Éirionn féin,
Ní'l cion ag óg ná ag cailín deas do thean-
gaidh Ghráinne Mhaol,
Ní'l gábhadh anois le dlighthibh 'n-aghaidh tean-
gadh buicht' na nGaedhal.
O, casadh file Gaedhlach liom ar thráigh aona-
raigh imchéin,
A's dubhairt, cá sgeul ar theangaidh thréin
na bh-fileadh 'gus na bh-Féinn?
Mais', bhrisfidhe, a bháird, do chroidhe ad'
chliabh dá g-cloisfeá féin an sgeul,
Gur “chroch” ar bh-fir 's ar mná alig sean-
teanga shuairc na nGaedhal.
Och! an Beurla bradach breugach do la-
bhairt má's éigean dúinn,
Ní chuirfidh sé i n-dearmad dúinn mar
tháinig saoirse chughainn,
Ó choinghioll briste Luimnighe, ó dhlighthibh
diabhalta dúr',
An dúnmharbhadh thug feall Sacsan ar ar
Máthair a's ar g-cúis.
Ó, 'nuair thig le dligheadh cosg chur le céil-
eabhar fuiseog 'g éirghe 'n-áird',
'S 'nuair thig le reachdaibh Sacsanach' socht
chur ar fhraoch na bh-fág,
Is annsúd do dhéanfad malairt teangadh
tréitheach Inse Fáil,
Acht go d-tí súd leanfad, le cuideadh Dé,
de'n Ghaedhilig ghlé gan cháim.
Lorgaire na bh-fileadh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11