Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Specimen of Literary Irish of the Seventeenth Century.

Title
A Specimen of Literary Irish of the Seventeenth Century.
Author(s)
Stapleton, Fr. Theobald,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A SPECIMEN OF LITERARY IRISH
OF THE SEVENTEENTH CEN-
TURY.



Ar dTeanga Dhúthchais.



[Teabóid Galldubh, Sagart Éireannach,
1639]



FR. THEOBALD STAPLETON. -- PREFACE
TO HIS CATECHISM.



Ní fhuil náisiún ar feadh an domhain nach
onórach leis bheith ceanamhail ar a theangain
féin, agus a leughadh agus a sgríobhadh.
Tugadar na Rómhánaigh an oiread sin do
chion agus d'uaisle do' n teangain Laidne,
biodh go rabhadar go ro-eólgasach 'san tean-
gain nGreugaigh, do bhí go ceanamhail 'san
am san — tar a cheann sin, níor bh'fhiú leó
teachtairí na leitreacha na nGreugach do
fhreagra acht 'san teangain Laidne; agus
fós, tar éis na nGreugach do bheith fútha
agus fá n-a smacht, do leigidís orrra féin
nach tuigidís an teanga Ghreugach, biodh
go dtuigidís í go ro-mhaith. Óir ní 'san
Róimh amháin do bhí so, acht ar feadh na
hAisia go hiomlán, agus fós i n-iomlán na
Gréige; agus sin, chum móír-chion do bheith
ar an teangain Laidne. Fós, dá dhearbhadh
sin, (mar do sgríobh Diónisius Cassius,) is
ro-gheur do smachtuigh an tImpire Claudius


L. 243


senator Rómhánach tré gan Laidean do
labhairt, biodh gur thaithnigh leis an Impire
fearsaidhe, sean-ráidhte, agus sean-fhocail
Ghreugacha.



Ins na haimsearachaibh so, mar an
gceudna, na hambasadúirí, .i. teachtairí na
ríghthe, ní labhraid a ngnóithe acht i dtean-
gain nádúrtha a ríogh fein; tar a éis sin,
is le fear teangan dobheirid re, thuigsint a
n-intinn. Is ró-mhilleánach do bhí Cicero ar
an druing do bhíodh taitneamhach ar an dtean-
gain Ghreugaigh, agus ar theangthaibh comhaigh-
theacha eile, agus do tharcaisnigh a dteanga
nádúrtha féin Laidne, ag rádh: “Ní féidir
liom gan a bheith i n-a iongnadh ró-mhór orm,
nídh chomh neamh-ghnáthach sin agus atá i
n-aghaidh an uile reusúin .i. gan cion do
bheith ag gach neach ar a theangain ndúthchais
nádúrtha féin.”



Ar an adhbhar sin, is cóir agus is iomchu-
bhaidh dhúinn-ne, na hÉireannaigh, bheith ceana-
mhail grádhach onórach ar ar dteanain
ndúthchais nádúrtha féin an Ghaedhealg, noch
atá chomh folaightheach, chomh múchta sin, nach
mór ná deachaidh sí as cuimhne na ndaoine:
a mhilleán so — is féidir a chur ar an aois
ealadhan noch is ughdair do' n teangain, do
chuir í fá fhór-dhorchacht agus cruas focal, dá
sgríobhadh i modhaibh agus i bhfoclaibh diamhara
dorcha do-thuigseant ; agus ní fhuilid
saor mórán d'ár ndaoinibh uaisle, dobheir
a dteanga dhúthchais nádúrtha(noch atá foir-
till fuirithe onórach foghlamtha geur-chúiseach
innti féin)i dtarcaisne agus i neamh-chion,
agus chaitheas a n-aimsir ag saothrughadh agus
ag foghlaim teantha comhaightheach eile.




NOTES



Teanga, here declined - g.m. -an, dat. -ain. Better
gen. -adh, dat. -aidh.



Re = le : re 'thuigsint = re a thuigsint towards its
understanding = to be understood.



Ná deachaidh, Old and Munster form = nach ndeachaidh.
Teangtha, nom. pl. form for gen. pl. teangad. In like
manner teachtairí na ríghthe for na ríogh. This tendency
(to use one form throughout all plural cases) is very strong
in modern colloquial Irish, as fataidhe, potatoes;
glanadh na bhfataidhe, weeding the potatoes; baint
fhataidhe, digging potatoes; cliabh fataidhe, a hamper of
potatoes, agus c.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services