Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Popular Proverbs.

Title
Popular Proverbs.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Mc Cabe, Daniel
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

POPULAR PROVERBS



The following were sent by Mr. Daniel
MacCabe, Banteer, Cork: — Léig mé chum
an bhodaigh, acht ná léig an bodach chugham.
Tar éis na mionn 'seadh is fearr na mná.
Is fearr sioc ioná síor-bhaisdeach. Sult-
mhar an rud bolg lán. Is trom an t-ualach,
ualach do phutógaibh folamha. Cad do dhéan-
fadh mac an chuit ach luch do mharbhadh.
Canann meisge fíor. Is minic do bhidheann
an fhírinne searbh, ach ní fhaghann sí náire go
deo.



Dhá fhad a's bheidheas tú amuigh, ná beir
droich-sgeul a bhaile ort féin. Is sona an
té do ghní trócaire ar na bochtaibh. Is maith
an bhinéigre vinegar, appetiser an sliabh.
Nodlaig bhreagh, reilig mhéith. Fál an bhodaigh
d'éis na foghla. Ní rinn beul 'na thost a
aimhleas riamh. Is minic bhidheas mioscais agus
smigeadh. Eist lé fuaim na h-abhann a's
gheobhair breac. Ní thigeann rith a's abhas-
trach lé n-a chéile. An comhgar chum bidh a's
an timcheall chum oibre. Téidheann na
focail le gaoith, ach téidheann na builli go
croidhe. Tar éis 'seadh feicthear gach beart.
Ní thigeann rith maith do'n each i gcomhnuidhe.
Malairt oibre do ghnidheas sgíth. Mol an
sliabh a's ná taobhaigh é, cáin an mhín-tír a's
ná fág é.



Má's gasta an míol-bhuidhe gabhthar 'san
deireadh air (míol-bhuidhe, better míol-mhaighe,
“animal of the plain,” a hare). Cuirfidh an
ghaoth leath-s-tuaidh an bháisdeach ar g-cúl.
Gach dalta mar a h-oiltear, a's an lacha
chum an uisge. Tart deireadh an óil agus
brón deireadh an ghrádha. Triopall do
chnuasaigheas beart. Ní thig dá thráigh leis
an ngobadán (the “sand-piper“, a sea-bird
like a snipe, found on the S. W. coast).
Eugcóir ós cionn gach eug córa, eugcóir ar
dhuine mhaith. An té nach faghann an fheoil,
is mór an sogh leis an anbhruith. Sárui-
gheann gliocas an leimhe.



Iasgaireacht an chuit ar an tráigh (.i. is
leisge leis a chosa d'fhliuchadh). Sgoilteann
an bhreab (bribery) an chloch.



The following are from a young Gaedhil-
geoir in N. W. Cork:—



Ní fearr biadh iona ciall. Ní maith é an
t-athghilleadh relapse bidheann an rotha
ag casadh. Is deacair an girr-fhiadh chur as
an tor 'na mbéidh sé. Is fearr feuchaint
rómhat ioná dhá fheuchaint ad' dhiaidh. Ní
mar a shaoiltear a bhithear. Bidheann an
grádh i ndiaidh an tairbhe. Do dhuine gan
náire is fusa a ghnó a dhéanamh. Rud na'
bidheann leigheas air, foighne is fearr air.
Níor loit Dia aon rud riamh nach leigheasfadh
sé é. I gcosaibh na con bidheann a cuid.
Is mór buacach, iad adharca na bó tar lear.
Bí ag faire choidhche a's gheobhaidh uair na
faille ort (or uair nó faill?). Ní cheileann
meisge rún. An té go (ag a) mbidheann
leabhar aige, bidheann léigheann aige.
Variants: — gach dalta mar oiltear, agus an
lacha ar an uisge. D'órduigh Dia congnamh
fhagháil. Is binn beul 'na chomhnuidhe. Cuir
do chomhairle mar ghlacfar í. Is fearr rith
maith ioná droich-sheasamh. Is minic síos
droch-bhean-tighe (goes often to her own
store). Rud fhachtar go h-olc, imthigheann
go h-olc.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services