Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Popular Irish Proverbs.

Title
Popular Irish Proverbs.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

POPULAR IRISH PROVERBS



From Skibbereen — Is fearr sgoil ioná
maighistir, acht i dteannta a chéile is fearr
iad. Is mairg nach dtaisgeann a chiall,
agus nach




cuireann srian lé n-a ghuth. Tigh
fuinneogach fionn, gan arán gan lionn
(Toigh fuar falamh, gan biadh gan bealadh,
nó baladh), Meath. Gach dalta mar oilthear.
Má's cam slighe, is réigh ród. Tagann an
t-iarmhar late season acht ní bhidheann sé
biadhmhar. An té nach gabhann comhairle
gabhann sé comhrac. Sé an té is mó ólann
is mó dúil ann. Tart deireadh an óil.
Bidheann cluasa ar na coillthibh. An té ag
a mbidheann long a's lón, geibheann sé cóir
uair éigin (here cóir = favourable breeze).
Fill orm, deir an droch-ghnó. Bidheann
múnadh ar fhear ó aois go bás, acht ní múin-
tear bean choidhche nó go bráth. An rud a
sgríobhann an Púca, léigheann sé féin é.
Moladh geach aon-ne (gach aoinneach) an t-Adh
mar a gheobhaidh é. Tuigeann fear léighinn
leathfhocal. Má's searbh is folláin. Is
iomdha duine bheidheadh ar meisge, muna
mbeidheadh leisge bheith ag díol as. Ní caid-
reamh go h-aon-tigheas. An rud do mhar-
bhóchadh duine do bheathóchadh duine eile.
Seachain an droch-dhuine agus ní baoghal
duit an duine macánta. Ní creidthear an
fhírinne ó'n té a bhidheann breugach. An té
atá tuirseach suidheadh, agus an té atá
bacach, bidheadh. Sé an té is ionmhuin le
Dia is mó chrádhann Sé. Is beag an mhaith,
an mhaith a maoidhtear, agus is beag an
mhaith an mhaith ná h-innsear (nach n-in).
Fuacht 'sa tsioc ort, má tá fuacht a niumh
(andiu) ort.



Comhairle chomhgarach neamh-chongantach. Ní
maith saor sár-bhuailtheach. Is maith lé Dia
cabhair fhagháil. Is báidheamhail iad lucht
aon anma. Is comh-uasal gach fear ag
muir. Sean-bhróg smeartha, bróg nuadh.
An t-Abrán bog braonach, chuirfeadh brigh i
gcluais sean-chaorach. Ní seirbhe an múnloch
ioná an umhluidheacht gan iarraidh. Ní tuir-


L. 210


sighthear fear na h-eudála. Dá mbiodh sé
tirm go Samhain, bheidheadh breall air dhuine
éigin. Comhairle thabhairt do mhnaoi bhoirb,
nó gabháil de ribe air iarann fuar. Is
eusguighe neoin ioná maidin. Ní bhidheann
duine air foghnamh t'réis ólacáin, agus ní
tais damhsa é (or, sé mo dhála é).



Connemara — Codladh fada spáideann
leanbh (s.) make stupid. Cnaigeann an
bocht gach alp = a poor man must chew hard
morsels. Bheith aig iarraidh olna air ghabhar,
nó abhras (yarn) air phuicide. 'Sé a locht a
laighead.



Waterford — An chaora mhór an t-uan i
bhfadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services