Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Hymn of St Thomas.

Title
Hymn of St Thomas.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Meehan, Rev. Michael.
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926





HYMN OF ST. THOMAS



Translated by the late Rev. Michael Meehan, P.P.



Faoi ghné aráin onóirim thú, mo Thighearna,
a's mo Dhé,
Atá ag lonnughadh go séimh a n-diú a d-
taoibh astigh mo chléibh.
Gach a bh-fuil agam do bhronnaim ort ó
iomlán mo chroidhe,
Fíor Dhia annso cómh fíor a's táir air dheas-
láimh an árd-Righ.


L. 186


Ná géill do'n t-súil, ná géill do'n mhéar,
ná géill ní mó do'n blas,
Ní'l athrughadh bealaigh chum ár g-croidhe do'n
chreideamh acht tré'n g-cluais.



Admhálaim-se gach focal binn do thuit ó
bheul mhic Dé
'Sé Dia mór geal na fírinne, sé grian ár
n-anam É.
Bhí colann Chríost air uair a bháis le feic-
sint air an g-crois:
An slánuightheoir tá suidhte annso ní fheici-
míd anois.
Feuch orainn-ne, a Tighearna, 'nuas cómh
trócaireach, cómh séimh
A's d'fheuch tú air an ngaduidhe bocht do
ceusadh air do thaobh.
Go bh-feicfeadh sé na dearg-luit, ní chreid-
feadh naomh Tomás,
Acht fuil a's feoil mo Shlánuightheoir admhó-
chadh go lá mo bháis.
Las creideamh láidir ann mo chroidhe, las
dóthchas agus grádh,
Go m-beidheadh agam leat, Íosa Críost, mór
charadas a's báidh.
Is tusa, Thighearna, togha an aráin, chong-
bhuigheas ár n-anam beo;
Aráin na n-aingeall, beathuigh sinn a's
neartuigh sinn go deo.
Éan áluinn, Íosa, glan led' fhuil ár g-croidhe
ó'n uile cháin,
D'fheudfá saoradh thabhairt do'n domhan air
fad le fiú aon bhraon amháin.
Ní chidhim annso thú, Thighearna Dia; acht
bronn, O! Righ na Ríogh,
Go b-faghainn ort fós radharc súl go deo
shuas anns an t-saoghal síorruidhe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services