Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Popular Gaelic. (Armagh.)

Title
Popular Gaelic. (Armagh.)
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
MagUinnseachain, Frainc
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 184


ALLAIDH BEIRNEACH



(Frith an t-abhrán so i Liosliath Chondae
Árda-mhacha, mar ar sgríobhadh síos é le
Frainc MagUinnseachain ó bhéal sean-mhná
darb sloinneadh Beirneach).



I.



A phlúir na m-ban óg is deise (dh'a) bh-fuil
beo,
A's, a Dhé, gan mé pósta ó'n chléir leat,
A's neimhchead d'a bh-fuil beo go meallfainn
mo stór
Ar leabaidh 's mé (ag) cómhrádh léithí;
A ghruaidh mar an rós, a bhéil tanaidh mar
bhród!
'Sí sgathan na fóille an mhaighdean;
Dá m-béidheadh mo cháirde-se beo go n-
ársachainn dóibh
Gur bhárruigh mo stór ar Éirinn.



II.



A bhruinneall gan smúid le'r leig mé mo
rún!
Nach d-tuigeann tú an chúis a bhuaidhir me?
A's gur tusa mo rún <dh'>a g-creidfidh uaim
súd,
A's go siubhailfinn gan chumha an saoghal
leat;
Go Cúige Mumhan a's go Contae an Dúin,
A's go Corcaigh na g-cuan dá bh-feudfainn,
A's a chuisle a's a rúin, nár thuirseach mo
shiubhal,
Amar (muna) bh-feicfinn i d-tús gach lae
thú!



III.



A chuach bheag na nGaedhal, má tá tú ar do
léim,
Go Coillidh Dhúinréimhe anonn uaim.
Tabhair beannacht agus ceud uaim go Baile
na g-cléireach,
Is ann a chodlas sí, geug na bh-frainnsidh;
Agus ársaigh do'n ghéig go bh-fuil mé
'n-a déigh,
A's go bh-fuilim i b-péin 'na timchioll,
A's nach bh-fuil ar an t-saoghal a dhéanfadh
mo léigheas,
Acht Allaidh de fhréimh sgoith' Bheirneach!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services