Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Auld Lang Syne. An t-am fad o.

Title
Auld Lang Syne. An t-am fad o.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
O'Growney, Father Eugene
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AULD LANG SYNE



AN T-AM FAD O.



I.



Ar chóir sean-cháirde 'leigean uainn,
Gan cuimhniughadh 'rra go deo,
Ar chóir sean-cháirde 'leigean uainn
'S an t-am bhí ann fad ó?
Air son an am' fad ó, a ghrádh,
Air son an am' fad ó
A's ólfamuid deoch mhuinteardha
Air son an am' fad ó.



II.



Bhíodh mise a's tu 'baint nóinínidh,
'S aig imirt dh' oidhche 's dhe ló,
Acht is iomdha cos a shiubhlamar
ó d' imthigh an t-am fad ó.
Air son an am' fad ó, a ghrádh, etc.



III.



Ó d'éirigheadh grian bhidhmís araon,
Ag rith 'san sruth le gleo,
Acht bhí tonnta treuna eadrainn
O d'imthigh 'n t-am fad ó.
Air son an am' fad ó, a ghrádh, etc.



IV.



A's so mo lámh dhuit, chara dhil,
A's tabhair dham lámh go beo,
A's ólamuis aon ghloine mhaith
Air son an am fad ó.
Air son an am' fad ó, a ghrádh, etc.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services