Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Middle Irish Lyric.

Title
A Middle Irish Lyric.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A MIDDLE IRISH LYRIC.



Cumthach labras in lon sa.
Int olc do fhúair d'fhetus-sa:
Cidbé do shélaig a theag,
Is fa énaib do háirgead.



Int olc fhúair-sean anossa,
Ní cían úaidh ó fhúarus-sa:
Maith m'aithne er dha labhra, a luin,
A haithle h'adba d'argain.



Do chridhe-si, a luin, do loisc
A n-derna in duine díchoisc:
Do nead gan én is gan uig,
Scél is beag ar an m-búachail.



Ticdís fad' gothaib glana
Do mhuinter núa anallana:
Én nocha tig as da thaig,
Tar bél do nid ba nenaid.



Do marbsat búachaille bó
Do chlann-sa uli a n-aenló:
Inand sod dam-sa acus duit,
Mo chlann-sa ní mó marait.



Do bi ac ingeilt co h'agaid,
Lethén in eóin allmaraig:
Do chúaid eri sás ar sin,
Co fúair bás lesin m-búachaill.



A fhir do chumm in cruinde
Doilig lind do lettruimme:
Na carait atá rer táib,
Marait a mná 's a macáim.



Tánic slúagh síd 'na side
Do marbadh ar muintire:
Gad cin co gabat ón guin,
Noca mó a n-ár ó armaib.



Cuma ar mná, cuma ar clainde,
Trén a immshním orainde:
Can a slige amuig 's amach,
Da fhuil mo chride cumthach.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services