Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mo ghradh-sa mo Dhia.

Title
Mo ghradh-sa mo Dhia.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MO GHRADH-SA MO DHIA.
MY GOD IS MY LOVE.



Tadhg Gaodhalach ro can.
I.
Mo ghradh-sa mo Dhia,
Mo ghárda, mo liaigh,
Mo ghrádh geal mo Thighearna trócaireach;
Mo ghrádh milis Criost,
'S grádaim uile a chroidhe
Mo ghrádh ar fad tu a Rígh na glóire:
Mo ghrádh-sa do shúil
Mo ghrádh-sa do shiúbhal,
Mo ghrádh-sa do chlú 'sdo comhachta;
Mo ghrádh tú le fonn
Cidh táim bun-os-cionn(1)
'Sna dearnad(2) mo chúmha do do chomhairle.


L. 30


II.
Mo ghrádh-sa do naoimh,
A n-áildeachd 'sa ngnímh,(3)
Mo ghráin bearta-baois'(4) na hóige.
Mo ghrádh-sa do dhlígh,
A bhreághthacht 'sa bhrígh,
Mo ghrádh-sa thrí do shompla.
Ar bheárnas(5) ded' riaghail,
Le sglabhacht an diabhail,
D'fhág sin gan chiall me a stóir dhil.
'Sa mhaigistir na g-cliar
Go rábach do riar,
Slánuigh-se, a Dhia, mo mhór-luit.



III.
Mo ghrádh-sa go léir,
Do ráidhthe 's do réir
'Sdo Mháthair mo reultan eoluis;(6)
Bainríoghain na n-aingeal,
Bainríoghain na n-apstal,
Bainríoghain na b-flaitheas órdha,
Bainríoghain an t-sonuis,
Bainríoghain an t-soluis,
Bainríoghain na g-cros na g-cróinneach,
A's bainríoghain na n-grás;
I n-amh sgeimhle an bháis,
Mo crann-dín(7) 'smo ghrádh-sa an ógh glan.



IV.
Mo ghrádh tu-sa, athair,
Neamhdha(8) na n-aingeal,
A bhláth ghlain na bh-flaith 'sa n-aoibhneas;
Mo ghrádh-sa do leaca
Áluin gan aithis,
D'aitrigh do cheart lé caoineas,
Mo ghrádh-sa do theagasg,
T'árus a's t-aithris
Mo ghrádh-sa gach acht dod' dhlígh-sí
Mo ghrádh-sa gach aga,
Cráibhtheach do chaithim,
Adh ghradh 'gus ad ghairm Iosa.



V.
Mo ghrádh-sa na h-úird
Neamhdha so ad chúirt;
Mo ghrádh-sa do chom, do chlódh geal;
Mo ghrádh-sa do thréad,
Fáidhe a séad
Mo ghrádh-sa dé mheinn do mhórdhacht.
Mo grádh-sa do phearsa,
Ad pháis sinn do cheannuigh,
Mo grádh-sa do chathair cheolmhar
A Iosa na bh-feart,
Na daor me led' cheart,
'S gur tu mo shoillse, mo neart, mo dhothchus.



VI.
Minig si mhéirlig
Millteach an eirlig
An bhuidhean bhuile chraosach, cóisreach
Ná stríocann do bhreithribh
Naomhtha na cléire
Ach choidhche go faobhrach fórsach.
Fuil Iosa d'á spalpadh,
An t-saoire d'á stracadh,
A' shíor-sgrios 'sá creach na g-comharsan
Mo sgeimhle si an srian,
A d-teinnte na b-pian,
Chuir na mílte gach bliadhain fá bhrón-bruid.



VOCABULARY.



I. Liaigh, gen. and plur., Leagha, a physician. Clú, fame.
(1) Bun-os-cionn, wrong; feet (soles) above the head.
(2) ná dóárnadh, instead of nach n-deárnadh, is the
Munster idiom, i.e., nach is pronounced as ná, and the
eclipsing letter not sounded; as, nach bh-fuil is = ná
fuil. Before a noun or adj., nach is fully sounded,
and so is the word after it, as a deir sé nach fíor sin
agus nach fear tusa.



II. (3) ngimh, this is Munster colloquial pronunciation of the
pl. of gníomh. (4) Bearta - baois; bearta, deeds,
pl. of beart, and baois' = baoise, of folly, used here
as an adj. (5) Bheárnas, did violate.



III. (6) Reultan eoluis, guiding star. (7) crann-dín,
protecting staff.



IV. (8) neamhdha, heavenly.



Go raibh míle maith ag Felim Ua Tuathail;
cuirfimíd a litir mhuinnteardha is an Iris,
Uibhir, 35.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services