Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra air an Sgolóig agus air an nGruagach Ruadh. (Air Leanmhuin.)

Title
Eachtra air an Sgolóig agus air an nGruagach Ruadh. (Air Leanmhuin.)
Author(s)
Ó Briain, Pádruig,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA AIR AN SGOLÓIG AGUS AIR
AN NGRUAGACH RUADH.



(Air Leanmhuin.)



D'fhan an Sgológ anns an riocht sin i
ngar d'uair an chluig, acht air mhúsgladh dho,
tháinic sé chuige féin arís ó'n g-criothnughadh
uathbhásach bhí 'n-a chroidhe le scanradh roimh
an m-breith ádhbhal d'fhógair an Gruagach
Ruadh do chur mar leathtrom air. “Ní
dhéanfad-sa aon dochair duit,” ar an
Gruagach Ruadh, air a raibh feuchain gruama.
“Preab ad' shuidhe go 'neosfad duit na
geasa chuirfidh me ort. D'eirigh an Sgológ
'n a sheasamh, agus dubhairt, “Má's áil
leat é, innis dam cread iad féin ó nach
bh-fuil dul uatha agam.” “Is fíor,” ar an
Gruagach, “go g-caithfidh tu stríocadh
dam reachd-sa anois; agus ná bidheadh aon
mhearughadh ná mearachuimhne ort gur b'iad
so m' orduighthe — fios d'fhaghail dam cia
ghoid an long óir, cia mharbh an t-Athach
Ó Dubhda, agus an cloidheamh soluis tá ag
an nGaisgidheach ag anns an Domhan t-Soir
do bheith agat romham air an láthaireach so lá
agus bliadhain ó n-diu. Slán leat. Is
iomdha bóthar cam agus díreach rómhat.


L. 27


Is le croidhe duairc chuaidh an Sgológ
a bhaile. D'aithin a bhean, gan mhoill, go raibh
brón éigin ag goilleamhuin air, agus bhí
amhrus láidir aici gur b'é gangaideacht an
Gruagaigh Ruaidh do thug fá n-deara dho gan
bheith níos meisneamhla. Do cheistigh sí é
air an modh 'nar chaith sé a aimsir ó d'fhág sé
an teach, no cread d' éirigh dho go raibh sé
chomh meata sin. Budh fhiosach do a bhean
bheith ceann-radharcach go leór, agus nách m-
beidheadh aon mhaitheas do an fírinne sheunadh
uirri. Do luaidh sé dhi cread do thuit amach
idir é féin agus an Gruagach Ruadh. “Is é
so,” ar sé, “fáth mo chráidhteachta.” “Dá
nglacfá mo comhairle-se,” ar sí, “ní
bheidheadh a leithéid sin de sgeul le innsin
agat, óir is maith do bhí fios agam gur beag
an fághaltas do gheabhfá air an nGruagach
Ruadh, agus nách raibh de ghnó air siúbhal
aige ó thosach go deire acht ag cur a líontán
air innil fád' chomhair. Is eólach dam-sa
slighe air a bh-feudfadh tu teacht saor ó n-a
gheasaibh, acht is ríachdanach duit bheith muinighi-
neach asat féin agus do dhithchioll do dheu-
namh go bríoghmhar.” Annsan do mhínigh sí
dho na cúrsaighe tré n-a g-caithfeadh sé
gabháil, agus 'n-a dhiaidh sin chuir sí 'n a
chodladh é le ceól sighe.



An lá air na mhárach, le fosgailt an lae,
bhí bean na Sgolóige go dúthrachtach ag
faghail lón ullamh d'á fear fá chomhair an
bhothair. Chuaidh sí amach air an bh-faithche, thóg
snáth fada as a póca, do leig leis an
ngaoith é, agus ghlaodhuigh go h-árd uair no
dhó. Budh gheárr go d-táinic chuice each
caol donn air a raibh srian agus diallait.
D' fhan an Sgológ air a shocracht go foi-
ghideach ag súil le n-a h-imtheacht. “Is mithid
duit bheith air siúbhal;” ar a bhean, “mo
bheannacht leat; go n-eírigh d'aistear leat;
agus go d-tigir air ais slán.” Do léim
an Sgológ air mhuin an chapuill, thug póg
d'á mhnaoi; le n-a línn sin thuit fras
deór ó n-a shúilibh, agus sgaoil sé chum an
bhothair. Do rioth an t-each chomh luath leis
an ngaoith, agus ní fheadar an Sgológ an
soir seacha siar do bhí sé ag dul go d-táinic sé
go bruach na fairrge; acht níor cuir sin aon
chosg leis, mar d'eitill an capall thar
thonntaibh na mara chomh luathmhar is do
sgeinfeadh fiolar air thaoibh cnuic, agus
budh ghairid go raibh an Sgológ a bh-fad ó
radharc chuain agus chalaidh. Lean sé de'n
choisidheacht sin go rug an trathnona déighe-
anach air, agus an ghrian ag dul fá. Uim
an am sin chonnarc an Sgológ talamh agus
chuaidh sé a d-tir, acht air a shon sin níor
sguir an t-each ó'n deithneas bhí aige d'á
dheunamh no go ráinic sé machaire farsaing ag
bun caisléin mhóir, leathain, úr-aolta, agus
chrom sé air sheitrigh. Bugh gheall le có-
mhartha é so do mhuinntir an chaisléin, óir
fosgladh na dóirse agus tháinic fá n-a dhéin
buidhean seirbhíseach do threoruigh é go
h-alla na cúirte. Do bé Righ na tíre bhí
'n a cómhnuidhe anns an tigh mór, agus
chuir sé féin agus an bhain-rioghan céad míle
fáilte roimh an Sgolóig. D'inniseadar
do gur b'iad féin athair agus máthair a
chéile. Tugadh biadh agus deoch oireamhanach
chuige, agus d'ith agus d'ól sé a dhóthain.
Chuireadar tuairisg i d-taobh a n-inghíne,
agus cionnus budh mhaith leithe maireachdain
in Éirinn. “Is geal leis an bh-fiach dubh a
gheárrcach, agus is ionmhuin liom inghean-sa
a máthair,” ar an bhain-rioghan air fheicsin
fáinne óir do leig an Sgológ tuitim
asteach i n-gloine as a raibh sé ag ól. “Tá
fios agam nách d-tabhairfeadh sí an taisge so
dhuit muna m-beidheadh go bh-fuil cion mór
aici ort.” Níor cheil an Sgológ aon chuid
d'á theagmhuis orra, agus do chríochnuigh le
rádh, “is air bhur sdiúradh-sa amháin tá mo
bheatha no mo bhás 'n-a sheasamh.”



Chuaidh sé a chodladh, óir bhí tuirse air i
n-diaigh a thaisdil fada, agus do chodail sé
go socair, sámh, go rug solus geal an lae
air. Do nocht an Righ do'n Sgolóig air
maidin tásg fírinneach na g-ceisdionna bhí ag
teasdáil uadh le réidhteach chum an Gruagach
do shásadh. “Ní fuláir dam innsin duit,”
ar an Rígh, “gur dearbhraithreacha sin-ne


L. 28


d-triur — an Gruagach Ruadh, an Gaisgídheach
Og, agus me fhéin; agus gidh b'é an Gruagach
Ruadh an té b'óige dhínn, bhí sé gusmhar,
glic. Shantaigh sé le h-aimsir fhada an
cloidheamh soluis tá ag an nGaisgidheach Og,
acht do bhí fios aige nach féidfeadh sé é fhaghail
gan mo chongnamh-sa. Is beag an fhonn bhí
orm-sa aon eugcóir do deunamh air mo dhear-
bhrathair, óir níor righne an fear grádhmhar
díoghbháil air bith riamh damh-sa, agus is
iomdha céim guis-bheartach chuir sé dhe air
feadh a shaoghail. Theagmhaigh an Gruagach
Ruadh ort-sa, d'imir sé díslighe leat, le
muinighin tré n-a chlaon choiribh go
m-b'féidir leis a dhúil d'agairt air an
nGaisgidheach Og, agus chum na críche céadna
d'fhuaduigh sé ár n-inghean uainn-ne. Tá an
Gaisgidheach ag 'n-a chomhnuidhe i n-Dún
láidir dhá mhíle as so, ag a bh-fuil ballaidhe
no múrtha árda d'á thimchiollughadh, agus
leath astigh díobh bidheann dragúin fiacal
fada ag faire, agus is uathbhásach an nidh
fearg do chuir orra. Má bheirid siad ort
íosfaidh siad ad' bheathuigh thu, acht má's féidir
leat teacht saor an chéad lá agus an dara
lá, ní'l baoghal ort as sin amach. Is ionad
tearmainn é so tá ag an Gaisgidheach Óg,
agus ní lamhadh aon duine dul anaice an
tighe nách bh-fuil aithneadmhuil do na dragúinibh.
Eirigh air dhruim an chapuill riabhaigh tais-
beanfar duit, agus bearfadh sé thar an
ngeata thu. Ná bidheadh aon teannta ort i
d-taobh a bh-feicfidh tu, acht abair i nguth
árd go d-teasduigheann an cloidheamh soluis
uait, agus fios d'fhaghail cia goid an long
óir, agus cia mharbh an t-Athach O'Dubhda.
An mhoill is lúgha nách déin 'n-a dhiaidh sin,
acht iompoigh air do chúl, agus brosduigh leis
an mhéid deithnis d'fheadfaidh tu thar n-ais.



Fá cheann beagáin laetheadh eile, air theacht
do'n am ceapuighthe, do ghluais an Sgológ, go
meisneamhuil gur tháinic sé go h-imiol na
bh-falaidhe do bhí timcheall an Dúin; chroth an
capull a cheann, agus thug go fonnmhar tus-
lóg tharsta asteach. Dubhairt an Sgológ go
borb teann an cloidheam soluis do thabhairt
chuige amach, agus innsin do cia ghoid an long
óir agus cia mharbh an t-Athach O'Dubhda.
Chuir na dragúin sgread fíochmhar asta, agus
gidh gur thugadar iarrachd buileamhuil air é
shlugadh, chas sé thar n-ais, do ghríosaigh a
chapull dá ríribh, agus chuaidh d'aon léim
amháin ós cionn an bhalla air an taoibh eile,
acht briseadh dhá chois deiridh an chapuill.
D'imthigh an Sgológ roimhe, agus bhí sé ag
caisleán athar a cheile le tuitim na h-oidhche,
gan leónadh ná gortughadh, lán d'áthas. Budh
luathgháireach bhidheadar go léir fá
tráthamhlachd na slighe 'nar righne sé a ghnó.
Thriall sé air Dhún an Ghaisgidhidh aig an dara
lá, agus ní luaithe bí sé air taoibh astígh do'n
fáil ná leig na dragúin béicidhe gráineamhla
budh mheasa go mór ná aon nidh do chualaidh sé
riamh roimhe sin, acht tháinic leis, air greim
an anma, teitheadh go cúirt muinntir a chéile.
“Beidh na dragúin uile 'n a g-codladh i
n-diu” ar an Righ leis an Sgolóig air mhaidin
an treas lae, “oir táid siad tnáithte
ó beith ag faire de ló agus d'oidhche an dá
lá cuaidh thart, agus ní moitheochaidh siad thu
ag dul asteach. Déan ceann air d'aghaidh air
an n-Dún, agus gheabhair gach nídh tá d'eas-
buidh ort. Lean sé comhairle athar a chéile,
agus níor cuireadh aon toirmeasg air. Bhí
suan trom air na n-dragúinibh, agus gidh gur
shatail sé air chois cín díobh, tré tionóisg,
níor cuir an t-ainmhidhe cor de.



(Le bheith air leanmhuin.)



PÁDRUIG Ó BRIAIN.



VOCABULARY.



Ceann-radharcach, adj., far-seeing, exact, particular. This
word is not given in any dictionary, but is used
amongst the people in West Munster.



Tháinic se chuige féin. An idiomatic expression signi-
fying that he recovered his (lost) strength or energy.



Scanradh, -raidh, and raighthe, pl. id., s.m. surprise, a
fright, confusion (pronounced scamhradh in Munster).



Agair, inf., agradh and agairt, v.a., revenge, reprove,
plead, challenge, beseech, claim. Nár agradh Dia
ort é, that God may not revenge it on you; a dhúil
d'agairt, to revenge his mind.



Greim an anma, on the pinch of death.



Tnáithte, adj., fatigued, worried (not found in dictionaries,
but spoken in West Munster.)



Go n-éirigh d'aistear leat, may you succeed in your
journey.


L. 29


Cread do thug fá n-deara dhuit e sin do dheanamh? Why
did you do that? The word fá ndeara is used in
this sense in some parts of Munster at the present
time.



Teannta, ind, p.p., joined, closely pressed or tightened
together; neach a d'teannta, one in a straight, or in
jeopardy.



Teagmhus, s.m., an accident, a chance, a venture, a meet-
ing, a contingency.



Ionad tearmainn, a place of saftey; tearmann, a
shelter, a protection, a sanctuary.



Gríos, -sadh, v.a., encourage, provoke, rake up a fire.



Guaisbheartach, -aighe, adj., perilous, enterprising.



Satail, v.a., to tread or stand upon; do shatalais air a
chois, you trod or stood on his foot.



Láthaireach. This word has different meanings: bhí sé
láthaireach, he was present; it is also used in this sense,
Is air an láthaireach so do fhágas é it is in this
place I left it.



Tionóisg, gen. -ge, pl. -gidh, s.m., an accident; is mór
tionóisg d'imthigh air, it was a great accident that
befel him. This word is not given in any dictionary,
but is in common use in West Cork.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services